|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6907 |
25.11.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia e Instrucción no 3 de Arucas (an Spáinn) a taisceadh an 22 Iúil 2024 – Investcapital Ltd v M.H.S.
(Cás C-509/24, Investcapital)
(C/2024/6907)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de Primera Instancia e Instrucción no 3 de Arucas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Investcapital Ltd
Cosantóir: M.H.S.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
An bhfuil Airteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13/CE (1) le léiriú sa chaoi gurb ionann sásra athbhreithnithe bhreithiúnaigh, nach ndéanann ach na míreanna sin atá bunaithe ar théarmaí éagóracha a eisiamh ó éileamh an trádálaí nó an ghairmí, i gcás ina bhfuil an trádálaí nó an gairmí in ann na míreanna sin a éileamh trí imeachtaí eile, agus ‘modh leordhóthanach agus éifeachtach’ chun cosc a chur ar an tomhaltóir nó ar an úsáideoir a bheith faoi cheangal ag téarmaí éagóracha den sórt sin? |
|
2) |
An bhfuil Airteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13/CE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an fhoráil atá in Airteagal 815.3 den Ley de Enjuiciamiento Civil [‘an Dlí um an Nós Imeachta Sibhialta’], lena dteorannaítear iarmhairtí an athbhreithnithe ar éagóir – i ndáil leis an nós imeachta brostaithe um ordú aisghabháil fiacha – do na míreanna sin atá bunaithe ar théarmaí éagóracha a eisiamh ón éileamh arna dhéanamh ag trádálaí nó ag gairmí, gan na hiarmhairtí go léir a eascraíonn, de réir an dlí náisiúnta, as an dearbhú sin maidir le héagóir a bheith anna bhaint as an scrúdú sin, amhail dearbhú neamhbhailíochta? |
|
3) |
An bhfuil Airteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13/CE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an fhoráil atá in Airteagal 815.3 den Dlí um an Nós Imeachta Sibhialta, nach ndéantar foráil inti do rannpháirtíocht an tomhaltóra nó an úsáideora san athbhreithniú breithiúnach ar éagóir arna dhéanamh ag an gcúirt? |
(1) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993, L 95, lch. 29).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6907/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)