|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6881 |
28.11.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Maoiniú don aeráid: treochlár nua chun torthaí a sheachadadh maidir le huaillmhianta arda i leith na haeráide agus na SDGanna
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2024/6881)
Rapóirtéir:
Antje GERSTEINComhrapóirtéir:
Kęstutis KUPŠYS|
Comhairleoirí |
Phoebe KOUNDOURI (thar ceann an rapóirtéara) Marina OLSHANSKAYA (thar ceann an chomhrapóirtéara) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
18.1.2024 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.9.2024 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.9.2024 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
590 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
141/1/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Molann CESE go n-aithneofaí an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide mar shásra sofaisticiúil arb é is aidhm dó acmhainní a shlógadh agus an t-aistriú chuig todhchaí ísealcharbóin athléimneach a éascú. Áirítear leis sin acmhainní airgeadais a leithdháiltear ar iarrachtaí maolaithe agus oiriúnaithe i dtaca le gníomhú ar son na haeráide, iad fite fuaite le cúiteamh (caillteanas agus damáiste) agus le maoiniú um Aistriú Cóir. |
|
1.2. |
Leagann CESE béim ar an ról tábhachtach atá ag an airgeadas poiblí san oiriúnú. Murab ionann agus tionscadail mhaolaithe inar féidir rath a chainníochtú i dtéarmaí laghduithe astaíochtaí agus torthaí airgeadais, is deacra meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail oiriúnaithe agus tá gá le sásraí faireacháin tiomnaithe agus sonraí casta ina leith. Ach oiread le tionscadail mhaolúcháin, is iondúil go mbíonn gá le hinfheistíochtaí fadtéarmacha i réitigh dhúlrabhunaithe, i mbonneagar, i dteicneolaíocht agus i bhfothú na hacmhainneachta chun bearta oiriúnúcháin éifeachtacha a dhéanamh. Chun cistiú a fháil do na tionscadail sin, tá gá le gealltanas ó ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon thar thréimhsí fada, rud dúshlánach b’fhéidir i bhfianaise na dtosaíochtaí iomaíocha agus sruthanna éiginnte cistiúcháin a bheidh ann amach anseo. |
|
1.3. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil rochtain ar mhaoiniú don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide do thionscnaimh áitiúla, do ghluaiseachtaí pobail agus do chomhpháirtithe sóisialta ríthábhachtach chun dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide, rud is léiriú ar an taithí atá ag an Aontas ar athrú tathagach a chur chun cinn agus athléimneacht an phobail a fheabhsú. |
|
1.4. |
Cuireann CESE in iúl go bhfuil tairbhí suntasacha ag dul le maoiniú cumaiscthe, agus ról mór ag an earnáil phoiblí leis an riosca a bhaineann le hinfheistíocht phríobháideach a mhaolú. Tá géarghá le réitigh a ionchorprú lena ndreasófar an earnáil phríobháideach (1) chun úsáid a bhaint as a cuid acmhainní airgeadais agus as an rannpháirtíocht ghníomhach a bhíonn aici i bpleananna oiriúnaithe agus maolaithe náisiúnta agus réigiúnacha. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh sé sin ualaí díréireacha ar an airgeadas poiblí ná ar oibrithe. |
|
1.5. |
Tacaíonn CESE leis an ról tábhachtach atá ag BCE i gcothú na gcleachtas airgeadais atá feasach ar an aeráid, sin agus i gcothú na hathléimneachta agus na bithéagsúlachta, go háirithe maidir le hinfheistíochtaí san oiriúnú don athrú aeráide a éascú agus lena áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras. |
|
1.6. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach i leith faoiseamh fiachais chun deireadh a chur le timthriall an fhéichiúnais agus na tearcinfheistíochta san oiriúnú (inter alia), rud arb é an leochaileacht mhéadaithe an toradh atá air, agus chun feabhas a chur ar ról na mbannaí atá nasctha le SDGanna. |
|
1.7. |
Aontaíonn CESE leis na tograí a rinne an tAontas le déanaí gur cheart é a bheith d’aidhm ag an Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann (NCQG) maidir leis an Maoiniú don Aeráid na hathruithe a leanas a dhéanamh i dtaca leis an maoiniú don aeráid: 1) é a bheith níos oiriúnaí don fheidhm agus níos neamhdhíobhálaí don bhithéagsúlacht (2), 2) níos mó tionchair a bheith aige – trína áirithiú go bhfuil sé a) níos cuíchóirithe, níos éifeachtaí agus níos inrochtana, b) go bhfuil níos lú maorlathais ann, agus c) go bhfuil sé níos freagrúla ó thaobh inscne de – agus 3) é a dhíriú níos fearr ar na tíortha agus ar na pobail is leochailí. |
|
1.8. |
Dar le CESE gur cheart do mheon choincheap an Aistrithe Chóir leithdháileadh na sreafaí maoinithe uile don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide a threorú i gcomhréir le Comhaontú Pháras maille le béim ar an ailíniú le teorainneacha oibríochta sábháilte agus córa an domhain mhóir agus le cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha níos leithne, rud a mbeadh na SDGanna ina cheartlár. |
2. Ceithre cholún i gcomhair mhaoiniú na haeráide
|
2.1. |
Tá iarmhairtí tubaisteacha na géarchéime aeráide le brath laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain araon. Ba í an bhliain seo caite (2023) an chéad bhliain a taifeadadh go raibh an teocht 1 chéim Celsius nó níos teo ná na leibhéil réamhthionsclaíocha gach lá den bhliain. Chomh maith leis na héifeachtaí róthubaisteacha ar an tsláinte agus an bhithéagsúlacht, tá caillteanais ollmhóra airgeadais ar luach USD 16.3 milliún in aghaidh na huaire nó mar sin mar thoradh ar an athrú aeráide, de réir an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda (3), agus is baol go bhfásfaidh an costas domhanda go dtí os cionn 30 trilliún dollar in aghaidh na bliana faoi 2050 (4). |
|
2.2. |
Áirítear sna trilliúin an bhearna idir na hacmhainní atá tiomnaithe do ghníomhú ar son na haeráide agus na riachtanais phráinneacha chun dul i mbun gníomhaíochta ar son na haeráide. Na ceanglais faoi dheireadh na ndeich mbliana seo, is rud idir USD 6 agus 12 thrilliún (gach bliain) atá iontu, agus léirítear sna sonraí comhiomlánaithe agus meánaithe is déanaí le haghaidh 2021/2022 gur shroich na sreafaí bliantúla maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide beagnach USD 1.3 trilliún (5). |
|
2.3. |
Tá scála na hinfheistíochta is gá chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide i bhfad níos mó ná na leibhéil mhaoinithe atá ann faoi láthair, rud a éilíonn iarrachtaí comhbheartaithe ó rialtais, ó ghnólachtaí agus ón tsochaí shibhialta chun acmhainní a shlógadh go héifeachtach. Tugann CESE dá aire go bhfuil méadú tagtha ar na hiarrachtaí chun sásraí airgeadais nuálacha a fhorbairt chun infheistíocht ghlas agus nuálaíocht ghlas a chothú. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta san iarracht dhomhanda maidir le huirlisí agus fothú acmhainneachta a chur chun cinn, taighde agus nuálaíocht a éascú agus sineirgí trasearnála a aimsiú i réimse an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide. |
|
2.4. |
Rinneadh formhór na n-acmhainní airgeadais atá ann cheana a dhíriú ar iarrachtaí maolaithe, agus ní raibh i gcistí a bhaineann go sonrach le hoiriúnú ach USD 63 bhilliún (níos lú ná 5 % den mhaoiniú iomlán don troid i gcoinne an athraithe aeráide) a tháinig ó chistí poiblí go príomha. Teastaíonn suas le USD 387 mbilliún in aghaidh na bliana ó thíortha i mbéal forbartha le haghaidh tionscadail oiriúnaithe má táthar chun na spriocanna aeráide a bhaint amach (6). Tá ceann de na cúig Mhisean de chuid an Aontais tiomnaithe ag an Aontas don oiriúnú don athrú aeráide; mar sin féin, d’infheistigh rialtais fhonáisiúnta an Aontais EUR 8,3 billiún san iomlán in 2022, nuair a mheastar go seasann riachtanais oiriúnaithe don Eoraip ag EUR 18-36 bhilliún in aghaidh na bliana go dtí 2030. |
|
2.5. |
Tá ró-ualach fiachais ar na gníomhaithe is tábhachtaí agus is infheicthe i rialachas an athraithe aeráide – náisiúnstáit – agus níl sé de neart sna hinstitiúidí chun na leibhéil fiachais a laghdú agus fás a chothú. De dheasca iliomad géarchéimeanna, laghdaítear an spás le haghaidh ‘solúbthacht’ fhioscach agus airgeadaíochta. Mar sin féin tá paradacs ann, rud a léiríonn na sonraí ó 170 tír, tíortha a chaith USD 1,3 trilliún ar fhóirdheontais fhollasacha do bhreoslaí iontaise, agus USD 5.7 trilliún ar fhóirdheontais intuigthe (e.g. ar chostais sláinte gan tásc de dheasca truailliú a bhaineann le breoslaí iontaise) in 2022 (7). |
|
2.6. |
Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ollmhóra sin, tá gá le comhaontú domhanda lena ndéanfar sreafaí an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide a ailíniú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) chun éifeachtaí na n-acmhainní airgeadais poiblí teoranta a uasmhéadú. |
|
2.7. |
Tá béim i ndioscúrsa aeráide an lae inniu ar an dá sprioc a bhaineann le maolú (astaíochtaí a laghdú) agus oiriúnú (ullmhú do na hiarmhairtí), rud atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide. Tá faitíos ar CESE nach leor an cur chuige reatha maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a chur sna catagóirí maolaithe agus oiriúnaithe amháin i bhfianaise na ndúshlán domhanda atá le sárú. Sa dioscúrsa maidir leis an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, ní mór díriú ar na sineirgí idir oiriúnú agus maolú, sin agus aghaidh a thabhairt ar ghnéithe amhail cúiteamh, an t-aistriú cóir, agus réimsí trasearnála amhail meath na bithéagsúlachta, an truailliú agus cúrsaí neamhionannais. Ba ríthábhachtach na gnéithe sin a chomhtháthú i straitéisí ní ba leithne maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun gníomhú ar son na haeráide agus iarrachtaí forbartha inbhuanaithe a athbheochan chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghéarchéim na haeráide. |
|
2.8. |
Tar éis an coincheap ‘an tAistriú Cóir’ a thabhairt isteach ar bhealach tábhachtach, léirigh Comhdháil na bPáirtithe (COP) agus Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras (CMA) príomhchomharthaí breise dul chun cinn trí shocruithe cistiúcháin nua a bhunú chun cúnamh a thabhairt do thíortha atá i mbéal forbartha atá an-leochaileach ar an athrú aeráide nuair is gá dóibh freagairt do chaillteanas agus do dhamáiste. Sin díospóireacht atá nasctha leis an iarracht níos leithne chun cistiú a fháil, ní hamháin do thíortha leochaileacha a bhfuil tionchar tromchúiseach á imirt acu ar an aeráid (rud a chuireann an marthanas fisiceach féin i mbaol uaireanta), ach freisin don chúiteamh i gciall is leithne ná sin. Leis an gcur chuige breise sin, d’fhéadfadh gá a bheith le plé cuimsitheach agus d’fhéadfadh sé bheith ina colún nua sa chreat maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide. Bheadh coinníollachtaí maithe ag teastáil chun tacú le tíortha, le réigiúin agus le pobail i ndiaidh thréimhse an oiriúnaithe, chun na daoine is géire a bhfuil an t-athrú aeráide ag goilleadh orthu a tharrtháil. D’fhéadfadh gur snáithe ar leith a bheadh ann sa Chiste Caillteanais agus Damáiste. |
|
2.9. |
Ionas go bhféadfaí tuilleadh sochair a bhaint as coincheap an cheartais aeráide, ní mór ról ar leith a bheith ag maoiniú an aistrithe chóir i réimse an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide. An ceart a dhéanamh ar son na ndaoine a bhfuil tionchar caol díreach ag beartais aeráide orthu, agus sin a cheangal le maoiniú do thionscail an aistrithe, ós minic dearmad ar an ngné sin den mhaoiniú don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide i gcreataí ‘traidisiúnta’ maoinithe don aeráid. Ainneoin forluí idir an maoiniú um aistriú agus an cistiú um maolú agus oiriúnú atá ann faoi láthair, bheadh ciall le béim ar shreafaí caipitil le haghaidh ‘aistriú cóir’ chun béim a leagan ar athrú tionsclaíoch agus ar chlaochlú an lucht saothair ghaolmhair. |
|
2.10. |
Tá dea-chleachtais flúirseach, agus tá gá leis an iarracht agus an comhordú breise chun iad a scaipeadh. Tá béim ag CESE ar na tionscnaimh a fhaigheann tacaíocht ó líonra Chomhghuaillíocht Barr Feabhais an Taighde agus na Nuálaíochta maidir le Aephoria (AE4RIA) (8) mar Pathways2Resilience, ARSINOE agus mapáil na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar ghníomhaíochtaí tuairiscithe maidir leis an timpeallacht chorparáideach, an tsochaí agus an rialachas (ESG) trí úsáid a bhaint as ardmhéadrachtaí, lena gcuirtear bealaí a bhfuil gealladh fúthu ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. |
|
2.11. |
Tá rochtain ar mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide do thionscnaimh áitiúla agus do ghluaiseachtaí pobail ríthábhachtach chun gníomhaíocht ar son na haeráide a shlógadh ar scála. Mar a léirítear le taithí an Aontais, tá ról lárnach ag na cineálacha cur chuige sin ón mbun aníos maidir le hathrú fóinteach a chur chun cinn agus athléimneacht an phobail a chothú. Mar sin féin, ní mór rochtain éasca a thabhairt ar uirlisí agus ionstraimí airgeadais sonracha, lena n-áiritheofar go sroichfidh acmhainní airgeadais leibhéal an phobail gan constaicí neamhriachtanacha. Léirítear le taithí an Aontais ar ghníomhaíochtaí aeráide sluachistiúcháin a éifeachtaí atá sé pobail áitiúla a chumhachtú chun úinéireacht a ghlacadh ar iarrachtaí inbhuanaitheachta. Trí rochtain ar mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a éascú do ghluaiseachtaí an phobail, is féidir gníomhaíocht chlaochlaitheach ar scála níos mó a spreagadh freisin. Faoi mar a aithníodh i dtuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe (9) le déanaí, dá ndéanfaí cistiú na haeráide a dhílárú, ba chúnamh sin do chothú na hathléimneachta ón mbunsraith aníos, rud a chuirfeadh le conairí forbartha inbhuanaithe ní ba logánta. |
3. Ról an airgeadais phoiblí
|
3.1. |
Cuireann airgeadas poiblí giaráil mhaith faoin oiriúnú. Murab ionann agus tionscadail mhaolaithe inar féidir rath a chainníochtú i dtéarmaí laghduithe astaíochtaí agus torthaí airgeadais, is deacra meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail oiriúnaithe agus tá gá le sásraí faireacháin tiomnaithe agus sonraí casta ina leith. Ach oiread le tionscadail an mhaolaithe, is iondúil go mbíonn gá le hinfheistíochtaí fadtéarmacha i mbonneagar, i dteicneolaíocht agus i bhfothú na hacmhainneachta le haghaidh bearta oiriúnúcháin éifeachtacha. Chun cistiú a áirithiú do na tionscadail sin, tá gá le gealltanas ó ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon thar thréimhsí fada, chomh maith le peirspictíocht pleanála fadtéarmaí, rud a d’fhéadfadh a bheith dúshlánach i bhfianaise tosaíochtaí iomaíocha agus sruthanna éiginnte cistiúcháin amach anseo. |
|
3.2. |
Ní nach ionadh, tá an t-oiriúnú i dtíortha leochaileacha gann ar acmhainní agus déantar dearmad air freisin. Is féidir bearnaí sa rialachas agus sa dearadh, sin agus cur chun feidhme iarbhír tionscadal a mhaolú trí iarrachtaí idirnáisiúnta chun acmhainneacht a fhorbairt, ach tá teorainneacha ag baint leis an gcur chuige sin. Measann CESE gur bealach é cur chuige an dá thairbhe (maolú agus oiriúnú araon) chun deireadh a chur le timthriall an drochrialachais, rud a laghdaíonn spéis na ndeontóirí i gcistiú an oiriúnaithe le hairgead poiblí. |
|
3.3. |
Feictear do CESE go bhfuil fiúntas ag baint le hiarrachtaí éifeachtúla a chomhroinnt maidir le sreafaí an mhaoinithe oiriúnúcháin, agus sásraí comhair feabhsaithe ann idir foinsí atá caipitlithe ar bhealach níos fearr agus foinsí nach bhfuil chomh costasach céanna ar leibhéal an Aontais agus faighteoirí deiridh an tsochair deiridh ar an leibhéal fonáisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag an loighic sin ar an scála domhanda freisin, i gcás ina bhfuil fadhb leanúnach na gcostas agus na tearcinfheistíochta cosúil leis an deighilt inmheánach san Aontas idir na tíortha agus/nó na réigiúin atá níos fearr as agus iad siúd atá ag titim ar gcúl. |
|
3.4. |
Tacaíonn an Coiste freisin le hiarrataí ar ghníomhaithe idirnáisiúnta i réimse na haeráide na táirgí airgeadais agus na réitigh airgeadais atá idir lámha a oiriúnú agus a fhorbairt i dtionscadail oiriúnaithe (10), atá iontaofa ó thaobh brabúis agus éifeachtúil, gan ualaí díréireacha a chruthú ar airgeadas poiblí ná ar oibrithe poiblí. Sa chomhthéacs sin, is cur chuige tábhachtach é an maoiniú cumaiscthe, maoiniú a bhfuil ról an-mhór aige san earnáil phoiblí chun riosca na hinfheistíochta príobháidí a mhaolú. |
|
3.5. |
Chun sásraí laghdaithe riosca a bhunú go héifeachtach le haghaidh infheistíocht phríobháideach i réitigh aeráide i dtíortha atá i mbéal forbartha, ba cheart do lucht ceaptha beartas a fhaigheann tacaíocht ó institiúidí domhanda maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide, pacáistí cuimsitheacha d’idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe a chur chun feidhme. Ba cheart go ndíreofaí sin go straitéiseach ar na rioscaí maicreacnamaíocha a bhaineann le hinfheistíochtaí den sórt sin a laghdú, a aistriú nó a chúiteamh. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta chun rioscaí a laghdú ráthaíochtaí nó árachas i gcoinne luaineachtaí airgeadra nó éagobhsaíocht pholaitiúil a sholáthar. D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist le rioscaí a aistriú ionstraimí nó comhpháirtíochtaí airgeadais speisialaithe a chruthú le hinstitiúidí iltaobhacha chun an t-ualach a roinnt. Ina theannta sin, d’fhéadfaí leas a bhaint as dreasachtaí cánach nó fóirdheontais chun caillteanais ionchasacha a fhritháireamh mar chúiteamh ar rioscaí. Trí na hidirghabhálacha sin a ailíniú ar bhealach costéifeachtach, is féidir le lucht ceaptha beartas próifíl tharraingteach riosca agus toraidh a chruthú a spreagann infheistíocht shuntasach ón earnáil phríobháideach i ngníomhaíochtaí aeráide i dtíortha i mbéal forbartha. |
|
3.6. |
Léiríonn na sonraí maidir le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise agus an caiteachas gaolmhar go bhféadfaí an gníomhú ar son na haeráide a mhaoiniú le cistí poiblí: trí dheireadh a chur le fóirdheontais, scaoilfí láithreach bonn le buiséid stáit, rud a chruthódh níos mó den ‘spás fioscach’. Rud eile a dhéanfadh sé an phraghsáil do ghnólachtaí agus don tsochaí a léiriú go soiléir. D’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfí deireadh go hiomlán le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise (11), agus thug astaíre mór eile, is é sin Stáit Aontaithe Mheiriceá, le fios go bhfuil sin ar intinn aige, cé nach ndearna sé beart de réir a bhriathair go fóill (12). Ba cheart deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais shainráite agus intuigthe do bhreoslaí iontaise, sin a dhéanamh ar bhealach cothrom, agus éifeachtaí cúlchéimnitheacha a sheachaint mar aon le líontáin sábhála a chur ar fáil, Ciste Aeráide Sóisialta an Aontais, cuir i gcás, chun cabhrú leis na teaghlaigh is leochailí atá fós ag brath ar bhreoslaí iontaise dá gcuid bunriachtanas. |
|
3.7. |
Fiú má slógadh na trilliúin cheana féin sa mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, tá fiachas seachtrach ainmheasartha sa mhullach ar na tíortha is lú forbairt (13), USD 570 billiún san iomlán. Caitheann na náisiúin sin cúig oiread an airgid ba ghnách leo a chaitheamh deich mbliana ó shin ar íocaíochtaí ar ús fiachais. Rud is díol alltachta, ó 2018 i leith is mó airgead atá caite acu ar fhiacha ná ar oideachas. Tharlódh do na costais seirbhísithe fiachais i roinnt de na tíortha is boichte a bheith chomh hard le 53,4 % de bhuiséad iomlán an rialtais (14) . Is deimhin le CESE gur féidir le bannaí atá nasctha le SDGanna an t-ualach sin a mhaolú agus tacú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht san am céanna. |
|
3.8. |
Tá gá le cur chuige cuimsitheach i leith faoiseamh fiachais chun deireadh a chur le timthriall an fhéichiúnais agus na tearcinfheistíochta san oiriúnú (inter alia), rud arb é an leochaileacht mhéadaithe an toradh atá air, agus chun feabhas a chur ar ról na mbannaí atá nasctha le SDGanna. Tá tábhacht le faoiseamh ón bhfiachas chun spriocanna maoinithe aeráide a aimsiú arae cuireann sé acmhainní airgeadais ar fáil i dtíortha atá i mbéal forbartha, rud a chuireann ar a gcumas breis airgid a infheistiú in obair an mhaolaithe agus oiriúnaithe. Dá bhrí sin, molann CESE clár athmhaoinithe fiachais ar scála mór do thíortha atá i mbéal forbartha. |
|
3.9. |
Tá údar le sásraí saincheaptha chun fiachas iomarcach tíortha atá i mbéal forbartha a athstruchtúrú e.g. fiachas le haghaidh babhtálacha aeráide, áit a maitear codanna dá bhfiachas mar mhalairt ar ghealltanais chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail athléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide agus i dtionscadail inbhuanaitheachta. A bhuíochas leis an gcur chuige sin, maolaítear an brú fioscach, dreasaítear maoirseacht an chomhshaoil, agus tacaítear le spriocanna domhanda i leith na haeráide. Chomh maith le béim ar ghealltanais atá bunaithe ar thorthaí (rud a chuirtear in iúl de réir spriocanna feidhmíochta réamhshocraithe aeráide agus inbhuanaitheachta), ba cheart an fiachas le haghaidh babhtálacha aeráide a bheith ina chuid lárnach den tírdreach domhanda um maoiniú don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus de NCQG. |
|
3.10. |
Is éard a bheadh i gceist leis sin fiachas ceannasach gan íoc de chuid tíortha i mbéal forbartha, agus ar bhonn níos teoranta dliteanais earnála príobháidí, a thiontú ina mbannaí atá nasctha le SDGanna i gcomhréir leis an gclár oibre leathan inbhuanaitheachta (bunaithe ar na SDGanna, agus béim ar leith ar SDG13 – gníomhú ar son na haeráide) agus sin a bheith comhoiriúnach le ‘Caighdeáin Tionchair SDG d’Eisitheoirí Bannaí’ de chuid Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe agus i gcomhréir freisin le spriocanna Pháras agus Kunming-Montréal, spriocanna arb í an eolaíocht is bunús leo. |
|
3.11. |
Is geimheal ar chaolta na ngníomhaithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a bheidh i rialacha fioscacha dochta, agus tá deireadh leis an tréimhse inarbh fhéidir iasachtaí a fháil ar chostas íseal de dheasca rátaí úis méadaithe. Chun caipiteal fiachais don aeráid a chruinniú ar bhealach éifeachtúil, ba cheart ról ceannasach a bheith ag institiúidí fornáisiúnta agus ilnáisiúnta a bhfuil rátálacha creidmheasa láidre acu. |
|
3.12. |
Tá géarghá le réitigh a ionchorprú lena mbaintear leas as acmhainní airgeadais príobháideacha agus lena ndreasaítear rannpháirtíocht phríobháideach i bpleananna oiriúnaithe agus maolaithe náisiúnta agus réigiúnacha. Ní hamháin go ndéanann úsáid an airgid phoiblí i gcomhair ghiaráil na hinfheistíochta príobháidí na costais a fhritháireamh, ina measc sin na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann, ach d’fhéadfadh sé cabhrú freisin le hinbhuanaitheacht fhioscach gníomhaithe stáit agus fostáit amach anseo a áirithiú. Ba cheart é a bheith mar aidhm caipiteal príobháideach a dhíriú ar infheistíochtaí lena gcothófar nuálaíocht ar mhaithe le buntáiste iomaíoch, lena mbeidh éifeachtaí dearfacha fadtéarmacha ar an bhforbairt áitiúil agus réigiúnach agus lena rannchuideofar le leas sóisialta agus comhshaoil sochaithe agus oibrithe d’fhonn aistriú cóir a bhaint amach. |
4. Rannpháirtíocht na hearnála príobháidí agus ról an mhaoinithe chumaiscthe
|
4.1. |
Is rómhithid infheisteoirí a dhreasú ar scála mór chun infheistíochtaí a dhíriú ar thionscadail a dhéanann dochar don aeráid, agus athchóiriú agus caomhnú an dúlra a fheabhsú san am céanna. Tá muid fós ag maireachtáil i staid ina n-úsáidtear an iomarca infheistíochtaí príobháideacha le haghaidh infheistíochtaí a dhéanann dochar don aeráid. Faoi mar a tugadh faoi deara i dtuarascáil amháin le déanaí, tá USD 6,9 trilliún infheistithe ag na 60 banc príobháideach is mó i gcuideachtaí breosla iontaise ó glacadh Comhaontú Pháras in 2016 (15), in ainneoin ‘rabhadh ó shaineolaithe go mbeidh anord aeráide agus eacnamaíoch mar thoradh ar aon leathnú breise ar bhreoslaí iontaise’ (16). Is é tuairim na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh ar an staid reatha, má éiríonn leis an domhan an t-éileamh ar iontaise a laghdú tapa go leor chun glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, go mbeadh rioscaí móra tráchtála ag baint le tionscadail nua [i limistéir neamh-inbhuanaithe] (17). Príomhspreagadh i ndáil leis sin is ea an earnáil athárachais a thosaigh ag cur rioscaí aeráide san áireamh ina bpunanna (18). |
|
4.2. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí straitéisí laghdaithe rioscaí a fheabhsú agus a chur chun cinn. Áirítear leis sin:
|
|
4.3. |
Iarrann CESE ar cheannairí gnó agus ar lucht déanta tuairimí glacadh leis an insint dhearfach agus aird a tharraingt ar na deiseanna a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, go háirithe nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le caillteanais ollmhóra mar gheall ar ‘neamhghníomhaíocht aeráide’. Tríd an insint a athrú ó ‘athrú aeráide mar bhagairt’ go ‘an t-athrú aeráide, an truailliú forleathan, agus meath na bithéagsúlachta, trí ní is cúis imní do chách, trí fhadhb arbh é an leanúnachas i gcúrsaí gnó an toradh a bheadh orthu’, cuideofar leis an aistriú is gá a bhaint amach, agus sócmhainní tréigthe agus an cliseadh eacnamaíoch is baol i ndeireadh báire a sheachaint. |
|
4.4. |
Tacaíonn CESE le cur chuige nuálach Avinash Persaud (23) maidir le ceithre dhúshlán, mar atá: rioscaí maicreacnamaíocha a fhágann nach féidir tionscadail aeráide a mhaoiniú i dtíortha i mbéal forbartha; an gá atá leis na tionscadail sin a mhaoiniú ar mhórscála chun spriocanna domhanda aeráide a bhaint amach; áibhéil á déanamh faoi na rioscaí sin ag margaí, go háirithe le linn tréimhsí deacra; agus na gnóthachain ó idirghabháil oifigiúil a bheith níos mó ná na costais mar gheall ar a thábhachtaí atá an scéal. A bhuíochas le réiteach Persaud, chuirfí maoiniú príobháideach chun cinn le haghaidh tionscadail bhrabúsacha, rud lena gcumhdófaí thart ar 60 % de na hinfheistíochtaí is gá, le haghaidh maolaithe go príomha, trí ráthaíocht pháirteach riosca airgeadra a sholáthar agus ar an gcaoi sin costas na n-infheistíochtaí i réigiúin ar leith a ísliú (mar shampla, meánchostas úis feirme gréine sin 10.6 % in aghaidh na bliana i dtíortha ceannródaíocha atá ag teacht chun cinn, costas is ródheacair a ghlanadh, le hais 4 % san Aontas). |
|
4.5. |
Tá ról ríthábhachtach ag nochtadh astaíochtaí agus tuairisciú an loirg agus na hiarrachta inbhuanaitheachta níos leithne ar leibhéal corparáideach maidir le héileamh infheisteoirí a shlógadh le haghaidh maoiniú claochlaitheach maidir le gníomhú ar son na haeráide agus maidir le sreafaí airgeadais a dhéanamh comhsheasmhach le conair i dtreo astaíochtaí ísle de gháis ceaptha teasa agus forbairt atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, dá bhforáiltear in Airteagal 2.1(c) de Chomhaontú Pháras. Is dhá eintiteas ar leith iad an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta (ISSB) agus an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) a bhfuil baint acu le caighdeáin tuairiscithe a fhorbairt agus a mholadh, ar féidir leo a bheith comhlántach. Tá sé seo tábhachtach go háirithe do chorparáidí ilnáisiúnta nach mór dóibh an dá shraith caighdeán a chomhlíonadh. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh comhar éifeachtach breise ann idir an dá chomhlacht chun na caighdeáin a ailíniú le chéile agus chun féith na hidir-inoibritheachta a áirithiú. |
|
4.6. |
Le prionsabal na hábharthachta dúbailte, a ionchorpraítear go sainráite sa chreat rialála maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta san Aontas, tugtar an deis é a bheith ina threoirphlean a ghlactar go forleathan le haghaidh caighdeáin a fhorbraítear ar fud an domhain, go háirithe maidir leis an obair a dhéanann an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta. D’fhágfadh sé go mbeadh cothrom iomaíochta ann toisc go mbeadh sainordú ag cuideachtaí ar scála domhanda tuairisciú a dhéanamh ní hamháin ar an tionchar a bhíonn ag saincheisteanna inbhuanaitheachta orthu, ach freisin ar an tionchar a bhíonn ag a ngníomhaíochtaí ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol i gcoitinne. |
5. An t-ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta agus rialachas an ollstruchtúir sin a athchóiriú
|
5.1. |
Is mian le CESE béim a chur ar an tábhacht mhór atá le slógadh agus le stiúradh na n-acmhainní airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar thionchair thubaisteacha ilghnéitheacha an athraithe aeráide. Ba ríthábhachtach chun na críche sin an t-ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta agus rialachas an ollstruchtúir sin a athchóiriú. I measc na bpríomhghníomhaithe i dtimpeallacht dhomhanda an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus Bainc Forbartha Iltaobhacha eile (MDBanna), mar aon le bainc phríobháideacha ag gníomhú mar chomhpháirtithe giarála. |
|
5.2. |
Is é BCE an t-údarás baincéireachta ceannais don limistéar euro, agus tá tionchar mór aige ar an mbeartas airgeadaíochta, ar rialacháin bhaincéireachta agus ar bhearta cobhsaíochta airgeadais. Tacaíonn CESE le ról BCE maidir le cleachtais airgeadais atá feasach ar chothú na haeráide, rud lena n-áirítear infheistíochtaí san oiriúnú don athrú aeráide agus an t-ailíniú le spriocanna Chomhaontú Pháras a áirithiú. |
|
5.3. |
Feictear do CESE go bhfuil acmhainneacht mhór sa ról is féidir le bainc phríobháideacha a imirt i maoiniú na troda i gcoinne an athraithe aeráide ach a gcomhoibreoidh siad le hinstitiúidí airgeadais poiblí chun creataí agus dreasachtaí a ghiaráil chun infheistíocht mhéadaithe ón earnáil phríobháideach a spreagadh i dtionscadail atá gan díobháil don aeráid. |
|
5.4. |
Is bealach eile é Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Comhar Idirnáisiúnta Cánach (24) chun maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a fheabhsú trí chleachtais chánach idirnáisiúnta atá trédhearcach agus cothrom a chur chun cinn chun na SDGanna a bhaint amach. Is i mí na Nollag 2023 a bunaíodh an Creat-Choinbhinsiún. Is cúnamh atá sa chomhar sin le hacmhainní náisiúnta a shlógadh, le himghabháil na cánach a chomhrac, agus lena chinntiú go bhfuil níos mó cistí ar fáil don fhorbairt inbhuanaithe. |
|
5.5. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar an ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta agus ar rialachas an ollstruchtúir sin chun creat láidir a chruthú d’fhonn sreafaí airgeadais a dhíriú i dtreo spriocanna aeráide domhanda agus d’fhonn tacú leis an aistriú i dtreo todhchaí inbhuanaithe athléimneach (25). Is é an moladh atá ag CESE go mbeadh rannpháirtíocht láidir ag an Aontas sa phróiseas athchóirithe, go háirithe i gcomhthéacs Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí agus maidir leis an 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta (26), sin agus an obair leantach a dhéanfar orthu. |
6. Ról na sochaí sibhialta i maoiniú na haeráide agus sa mhaoiniú inbhuanaithe
|
6.1. |
Is mian le CESE béim a chur ar an ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta i maoiniú na troda i gcoinne an athraithe aeráide, agus molann sé go ndéanfaí cistí aeráide a dháileadh go cothrom chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i dtaobh le leochaileacht, le neamhchosaint agus le hacmhainneacht na freagartha do thionchair na haeráide. Ba ríthábhachtach na próisis sin a thabhairt chun daonlathais le rannpháirtíocht láidir ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó phobail áitiúla chun leithdháileadh cothrom agus úsáid éifeachtach a áirithiú, le tacaíocht ó thionscnaimh amhail Comhchiste na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is é is aidhm do na hiarrachtaí sin éiceachórais mhaoiniúcháin chuimsitheacha a chruthú le hinfheistíocht straitéiseach caipitil phoiblí agus phríobháidigh a spreagadh chun na Spriocanna Domhanda a aimsiú faoi 2030. |
|
6.2. |
Molann CESE go mbeadh creat maoinithe ann i gcomhair na troda i gcoinne an athraithe aeráide, rud a thabharfaidh tús áite do náisiúin agus do phobail leochaileacha, agus rud dá réir sin a chuirfidh na hacmhainní riachtanacha ar fáil don oiriúnú don athrú aeráide agus don aistriú chuig forbairt ísealcharbóin. Tugaimid chun suntais go bhfuil gá le sásraí cúitimh (‘caillteanas agus damáiste’) laistigh den phlé ar an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun leithdháileadh cothrom agus úsáid chothrom na n-acmhainní a áirithiú don Domhan Theas. |
|
6.3. |
Is láidir a chuireann CESE i bhfios a thábhachtaí atá an chuimsitheacht i gcinnteoireacht agus i gcur chun feidhme an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide lena áirithiú gur éifeachtach inbhuanaithe na hinfheistíochtaí a bheidh ann. Aithníonn CESE go bhfuil an-acmhainneacht ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta le cistiú na haeráide a dhíriú go héifeachtach ar an sprioc trí eolas agus taithí áitiúil a ghiaráil. Cuireann CESE i bhfios go láidir fós gur ríthábhachtach an ról atá ag na mná a ndéanann an t-athrú aeráide difear díréireach dóibh, na mná óga san áireamh, fad a bhaineann le cur chun feidhme straitéisí aeráide ar an láthair a áirithiú, agus is mian leis béim a chur ar an tábhacht atá le feabhas ar an oideachas chun rannchuidiú leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach (27). |
7. Rannchuidiú le clár oibre ad hoc UNFCCC maidir le NCQG i ndáil le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide.
|
7.1. |
Tacaíonn CESE le seasamh an Aontais (28) maidir le roghanna braislithe chun NCQG a fhorbairt go héifeachtúil, agus formhuiníonn sé an togra chun NCQG a struchtúrú timpeall ar cheithre bhraisle, mar atá: 1) raon feidhme; 2) struchtúr; 3) candam; 4) torthaí a bhfuiltear ag súil leo. |
Maidir le raon feidhme NCQG:
|
7.2. |
Tá CESE i bhfabhar raon feidhme leathan a bheith ag NCQG, rud a ionchorpraíonn foinsí idirnáisiúnta poiblí, príobháideacha agus nuálacha, ina measc sin bannaí glasa agus cistí aeráide, chun acmhainní airgeadais éagsúla a ghiaráil don ghníomhú ar son na haeráide. Mar sin féin, níor cheart go ndéanfaí beag is fiú den ghá atá le gealltanais mhóra don maoiniú poiblí mar gheall ar chuimsiú na bhfoinsí príobháideacha agus nuálacha. |
|
7.3. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá le sásraí láidre rianaithe chun an trédhearcacht agus an t-ailíniú le cuspóirí aeráide a áirithiú. Mura mbeidh forfheidhmiú dian ann, d’fhéadfadh easpa cuntasachta a bheith ann ainneoin na sásraí sin. |
Maidir le struchtúr NCQG:
|
7.4. |
Tá CESE i bhfách le tráthchlár oibríochtúil a mhairfidh 10 mbliana (2025–2034 nó 2026–2035), clár a bheidh ailínithe leis na spriocanna glan-nialasacha faoi 2050 chun soiléireacht a chur ar fáil do na geallsealbhóirí. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh gá le spriocanna níos gearrthéarmaí chun gníomhaíocht phráinneach a áirithiú. |
|
7.5. |
Dá bhrí sin, is éard atá á mholadh ag CESE go ndéanfaí athbhreithniú uair sna cúig bliana ar an scéal, athbhreithniú a bheadh á chomhordú go hiomchuí leis na Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun oiriúnú do na riachtanais agus na tosaíochtaí de réir mar a bhíonn an dá rud sin ag éabhlóid leo. |
|
7.6. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur tábhachtach spriocanna agus fo-spriocanna téamacha a ionchorprú i gcreat NCQG d’fhonn tagarmharcanna soiléire i maoiniú na troda i gcoinne an athraithe aeráide a leithdháileadh agus a chur chun feidhme. Mar sin féin, tharlódh gur mhithid spriocanna a thabhairt i gceist a bheidh níos sonraí agus níos uaillmhianaí fós, go háirithe i ndáil le hobair an oiriúnaithe agus an mhaolaithe. |
|
7.7. |
D’fhéadfaí fo-spriocanna a áireamh i gcreat NCQG, fo-spriocanna i réimsí téamacha, fo-spriocanna i gcomhair faighteoirí, cainéil, earnálacha, fo-spriocanna eile fós i gcomhair mheadú na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide, sin agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, le feabhas a chur ar an acmhainneacht chun rochtana ar acmhainní airgeadais, le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise a laghdú agus sreafaí airgeadais a thabhairt i gcomhsheasmhacht le hastaíochtaí ísle de gháis ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de (29). |
Maidir le ‘candam’ NCQG:
|
7.8. |
Molann CESE gurbh é sprioc a leagfaí síos cothromaíocht chóir idir an chumhacht eacnamaíoch agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as an truailliú (30) chun gealltanais agus ranníocaíochtaí na dtíortha forbartha a léiriú go comhréireach. Tharlódh go mbeadh gá le céatadáin níos airde nó le méideanna absalóideacha chun cistiú leordhóthanach a áirithiú don ghníomhú ar son na haeráide agus chun cothromaíocht a choinneáil san am céanna chun ualaí airgeadais iomarcacha a sheachaint. |
|
7.9. |
Molann CESE riachtanais agus tosaíochtaí na dtíortha atá i mbéal forbartha a chur san áireamh nuair atá méid iomlán an mhaoinithe i gcomhair an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide á chinneadh, rud a bheidh bunaithe ar thuarascálacha náisiúnta chuig UNFCCC. |
|
7.10. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá le raon leathan ranníocóirí agus ionstraimí a chur san áireamh, faireachán a dhéanamh orthu sin nuair atá an méid iomlán á ríomh, méid lena n-áirítear deontais, iasachtaí lamháltais, scéimeanna faoisimh fiachais agus infheistíochtaí príobháideacha (lucht daonchairdis san áireamh), chun acmhainní breise a shlógadh d’fhonn an tionchar is mó is féidir a imirt. Molann CESE san am céanna na deontais a chur i gceartlár an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun tuilleadh fiachais ar na náisiúin leochaileacha a sheachaint, agus molann sé scéimeanna faoisimh fiachais a chur san áireamh (e.g. trí bhíthin bannaí atá nasctha le SDGanna (31)), ráthaíochtaí maidir le laghdú riosca an ráta airgeadra, infheistíocht phríobháideach, etc. |
Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir le NCQG:
|
7.11. |
Maidir le haighneacht an Aontais Eorpaigh, is éard atá á mholadh ag CESE gurbh iad na haidhmeanna seo a leanas a bheadh leis an gcaibidlíocht NCQG i leith mhaoiniú na haeráide 1) an maoiniú a dhéanamh níos oiriúnaí don fheidhm agus níos neamhdhíobhálaí don bhithéagsúlacht, 2) níos mó tionchair a bheith aici – trína áirithiú a) go bhfuil sí níos cuíchóirithe, níos éifeachtaí agus níos inrochtana, b) nach mbeadh oiread maorlathais ag dul leis agus c) é a bheith freagrúil ó thaobh inscne de, agus 3) é a bheith dírithe ar na tíortha agus na pobail is leochailí ar bhealach ní ba chruinne. Tá an Coiste ag iarraidh go mbeadh gníomhaíochtaí ní ba nithiúla á ndéanamh, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh gealltanais cheangailteacha ann lena áirithiú go n-aimseofar na spriocanna sin. |
|
7.12. |
Ba cheart gur i gcomhréir le Comhaontú Pháras a dhéanfaí leithdháileadh na sreafaí maoinithe uile don troid i gcoinne an athraithe aeráide a threorú de mheon an Aistrithe Chóir, agus béim ar an ailíniú le teorainneacha sábháilte agus córa oibriúcháin an domhain mhóir, sin agus ar chuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha ní ba leithne, rud a mbeadh SDGanna ina cheartlár. |
An Bhruiséil, 19 Meán Fómhair 2024.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Lena n-áirítear éagsúlacht na hearnála príobháidí faoi mar a tugadh ar aird i mír 35 den Tuarascáil ón 3ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú na Forbaíochta, 2015, https://documents.un.org/doc/undoc/gen/n15/241/03/pdf/n1524103.pdf.
(2) Tuairim ó CESE Straitéis chuimsitheach don bhithéagsúlacht ag COP16: na hearnálacha uile a thabhairt le chéile chun sprioc chomhchoiteann a bhaint amach (IO C, C/2024/6880, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6880/oj).
(3) Cosnaíonn an t-athrú aeráide USD 16 mhilliún in aghaidh na huaire ar fud an domhain.
(4) Mark Z. Jacobson, 2023: No Miracles Needed: How Today’s Technology Can Save Our Climate and Clean Our Air .
(5) Maoiniú na hAeráide 2023 go domhanda.
(6) Keeping the promise – Tuarascáil Bhliantúil Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe 2023.
(7) Sonraí faoi fhóirdheontais do bhreoslaí iontaise an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta: 2023 - nuashonrú.
(9) https://sdgs.un.org/publications/inter-agency-policy-briefs-accelerating-progress-2030-agenda-local-global-levels.
(11) COP28; is mian le Feisirí Pharlaimint na hEorpa deireadh a chur le gach fóirdheontas do bhreosla iontaise ar fud an domhain faoi 2025.
(12) Ordú Forghníomhaithe maidir le Dul i nGleic leis an nGéarchéim Aeráide sa Bhaile agus san Iasacht, an Teach Bán.
(13) Tuarascáil 2023 ó UNCTAD maidir leis na Tíortha is Lú Forbairt.
(14) Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide: dúshláin, status quo agus peirspictíochtaí beartais.
(15) Banking on Climate Chaos Fossil fuel finance report 2024 .
(16) Banking on Climate Chaos 2023 .
(17) Net Zero Roadmap: A Global Pathway to Keep the 1,5°C Goal in Reach .
(18) Climate change and its consequences , Munich RE.
(19) An Ciste Glas don Aeráid, cuir i gcás.
(20) Sampla: tolláin dhá fheidhm le haghaidh bainistiú tuilte uirbeacha, e.g. sa Mhalaeisia.
(21) Sampla: feirm ghaoithe Gemini san Ísiltír.
(22) Sampla: Banc Forbartha na hAfraice, Ciste do thionscnaimh ghlasa i Ruanda.
(24) Féach an ráiteas is déanaí ón Aontas maidir leis an ábhar sin.
(25) D’fhéadfaí a áireamh leis sin gníomhaíochtaí amhail níos mó urraime a thabhairt do ghuthanna na dtíortha is leochailí i leith an athraithe aeráide in G20, in CAI agus in institiúidí airgeadais eile; tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Sciath Dhomhanda i gcoinne Rioscaí Aeráide i dtíortha atá leochaileach ó thaobh na haeráide de; tuilleadh comhair idir MDBanna a neartú le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach maidir leis an aeráid, cómhaoiniú agus nithe comhchosúla; aghaidh a thabhairt ar rioscaí airgeadais agus rioscaí eile ón athrú aeráide, leochaileachtaí arda a bhaineann le fiachas agus rioscaí comhchosúla i ndoiciméid agus i ngníomhaíochtaí; creat comhchoiteann a fhorbairt le haghaidh ailíniú maidir le spriocanna forbartha inbhuanaithe, etc.
(26) FFD4 | Oifig Maoiniúcháin um Fhorbairt Inbhuanaithe.
(27) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An óige a chumhachtú chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach tríd an oideachas (IO C 100, 16.3.2023, lch. 38).
(28) Dearcadh an Aontais maidir le plean oibre 2024 do NCQG leis an troid i gcoinne an athraithe aeráide a mhaoiniú.
(29) De réir mar a shonraítear in Airteagal 2(1)(c) de Chomhaontú Pháras.
(30) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (COM(2023) 420 final — 2023/0234 (COD)) (IO C, C/2024/888, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/888/oj).
(31) Féach na pointí faoin bhfaoiseamh fiachais (3.7-3.10).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6881/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)