European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6877

28.11.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Conas an Comhaontú Glas a oiriúnú don fheidhm atá aige

(tuairim féintionscnaimh)

(C/2024/6877)

Rapóirtéir:

Alena MASTANTUONO

Comhairleoir

Petr ZAHRADNÍK (thar ceann an rapóirtéara)

 

 

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

15.2.2024

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

An rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

5.9.2024

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

19.9.2024

Seisiún iomlánach Uimh

590

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

173/9/10

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go hiomlán leis an gComhaontú Glas. Cé go bhfuil sprioc théagartha ag gabháil leis an gcomhaontú Eorpach seo go fóill, tá forbairt tagtha ar an raon feidhme , ar an luas agus ar an struchtúr a ghabhann leis le himeacht aimsire. Ní mór é a mheasúnú ionas gur féidir leis freagairt do thurraingí eisigineacha, don staid gheopholaitiúil, don éabhlóid theicneolaíoch, shóisialta agus eacnamaíoch mar aon leis an dul chun cinn a rinneadh go nuige seo, gan dearmad a dhéanamh ar na cuspóirí a bhí ann ag an tús. Rinneadh oiriúnú ar an ar an gComhaontú Glas den chéad uair mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin; leagadh béim ansin ar a riachtanaí atá sé slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú. Cruthaíonn sé sin nach mór an Comhaontú Glas a athbhreithniú chun cothromaíocht a bhaint amach idir na gnéithe comhshaoil, sóisialta, slándála agus eacnamaíocha, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair bia.

1.2.

Tá an rath a bhainfidh leis an gComhaontú Glas ag brath ar an dearadh réalaíoch atá air, ar a chur chun feidhme cuí, ar a mhapáil chuimsitheach, ar an bhfaireachán agus ar an measúnú rialta a dhéanfar air. Go dtí seo, ní raibh an faireachán ná an measúnú ar na bearta á ndéanamh go córasach ná go rialta. Ní dhearnadh oibleagáidí, bearta ná cearta a eascraíonn as reachtaíocht an Chomhaontaithe Ghlais, ná i dtaobh idirghaolmhaireacht spriocanna éagsúla a bhaineann le hearnáil shonrach agus le teicneolaíocht shonrach a chur in iúl go cuimsitheach go poiblí. Bíonn tionchar aige sin ar an tuiscint atá ag daoine ar rialacha, ó thaobh na comhlíontachta agus ó thaobh an rialaithe araon. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach mapáil a chur ar bun maidir leis na bearta arna nglacadh laistigh den Chomhaontú Glas d’fhonn forluí, coinbhleachtaí agus ualach carnach a sheachaint agus chun deais ar líne a chur ar taispeáint go poiblí ina ndéanfar taifead ar dhul chun cinn gach Ballstáit.

1.3.

Cuireann CESE i bhfáth gur gá faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sin, anuas ar mhapáil níos fearr a dhéanamh orthu. Anuas ar fhreagracht faireacháin an Choimisiúin Eorpaigh, ba cheart CESE a chumhachtú agus na hacmhainní is gá a thabhairt dó chun ról faireacháin neamhspleách a imirt ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais. Ina ról mar theach na sochaí sibhialta, is féidir leis léargas fíricbhunaithe a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh laistigh de cholúin éagsúla an Chomhaontaithe Ghlais agus aird a tharraingt ar na cúiseanna atá le heasnaimh nó, os a choinne sin, sonrú a dhéanamh ar na deiseanna féideartha a ghabhann leis chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.

1.4.

Tá an phráinn a bhaineann leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide le brath ag saoránaigh an Aontais, rud a chiallaíonn gur den ríthábhacht é go n-íoctar as damáiste agus as truailliú ar bhonn cothrom cóir. Cuireann CESE i bhfios gur cheart an t-aistriú cóir a bheith i gcroílár an chéad chláir oibre pholaitiúil eile a bheidh ag an Aontas trí chreat daingean a fhorbairt le haghaidh aistriú cóir a bheidh in ann geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a chothú, gan deiseanna socheacnamaíocha daoine agus réigiún leochaileach a chur i mbaol a thuilleadh.

1.5.

Cuireann CESE i bhfios nach bhfuil mór-roinn na hEorpa taobh thiar de bhallaí gloine agus go gcaithfidh gach aon chéim a ghlacann an tAontas rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar an leibhéal domhanda. Sa chás go n-aistreofaí an tionscal chuig áiteanna lasmuigh den Aontas, ní chuideodh sé sin leis an laghdú domhanda ar astaíochtaí agus, go deimhin, is dócha go mbeadh sceitheadh carbóin mar thoradh air, go háirithe in earnálacha áirithe. Ciallaíonn sé sin go mbeidh gá le tionchar níos leithne na ngníomhaíochtaí arna nglacadh laistigh den Chomhaontú Glas agus na bearta cearta atá ag dul sa treo eile a chur san áireamh i sainordú nua an Aontais. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí pháirt a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta, do chomhlachtaí trádála, do chónaidhmeanna fostóirí agus do chomhlachais tráchtála, chun beartais a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas na bhfiontar a n-iomaíochas a neartú trína lucht saothair a choinneáil ar bun.

1.6.

Ar an gcúis sin, molann CESE sraith de bhearta ceartaitheacha. Le bearta den sórt sin d’fhéadfaí forluíonna, forálacha codarsnacha agus ualaí iomarcacha riaracháin nach bhfuil gá leo a bhaint nó sprioc-amanna nó rialacha nach féidir a chomhlíonadh mar gheall ar theicneolaíochtaí nó bonneagar atá in easnamh a oiriúnú.

1.7.

Ós rud é go mbíonn ar aon eintiteas déileáil le gníomhartha iomadúla agus ní le haon ghníomh amháin, cruthaítear castacht ó thaobh gníomhaíocht a fheidhmiú san Aontas. Dá bhrí sin, liostaítear sa tuairim samplaí d’fhorálacha nach bhfuil oiriúnach don réaltacht agus a mbeidh de thoradh orthu go gcruthfaí tuilleadh castachta agus éiginnteachta d’oibreoirí margaidh. Tá méadú suntasach ag teacht ar rialacha agus oibleagáidí nua a eascraíonn as gníomhartha dlí éagsúla agus, in ionad a bheith ag infheistú san aistriú glas, tá baill foirne bhreise á bhfostú ag gnólachtaí chun déileáil leis an ualach riaracháin. Anuas air sin, tá rómhaorlathas ann de bharr tairseacha agus critéir éagsúla sna forálacha trí chéile. Dá thoradh sin, bíonn deacrachtaí ag gnólachtaí beaga agus meánmhéide Eorpacha an gnó a fhás, ós rud é go mbíonn ceanglais atá níos déine i gceist leis an uas-scálú. Tá géarghá le cur chuige níos córasaí a bhunú maidir leis an gcreat rialála trí mheasúnuithe tionchair agus uirlisí rialála níos fearr a fheabhsú.

1.8.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh cur chuige níos uaillmhianaí agus níos córasaí ann maidir le maoiniú na n-infheistíochtaí faoin gComhaontú Glas. Faoi láthair, tá bearna ollmhór ann, agus ní mór infheistíocht phoiblí a uasmhéadú agus caipiteal príobháideach a ghiaráil chun an bhearna sin a chúngú. Chun rannpháirtíocht láidir foinsí príobháideacha airgeadais a áirithiú, ba cheart don Aontas na bainc a spreagadh chun níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtionscadail ‘ghlana’ a mheasann siad a bheith ina n-oibríochtaí a bhfuil riosca ag baint leo. Tá riosca dúbailte frithráiteach os comhair na n-institiúidí baincéireachta agus airgeadais. Ar thaobh amháin, tá eagla orthu a bheith glas ar éigean, i bhfad níos lú ná mar a éilítear faoin tacsanomaíocht uaillmhianach; ar an taobh eile, is minic a mheasann a ndeasca bainistithe riosca go bhfuil riosca iomarcach ag baint le tionscadail ghlasa toisc nach bhfuil ag gabháil leo ach stair agus cuntas teiste ar mhionscála.

1.9.

Maidir leis na hearnálacha sin ar deacair an rud é iad a dhícharbónú, molann CESE freisin úsáid a bhaint as na foinsí sealadacha uile, ar bhonn anailís chuimsitheach fhadtéarmach costais is tairbhe, agus gan foinsí agus teicneolaíochtaí glan-nialasacha amháin a bheith ag teastáil. Ag féachaint chun cinn, beidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil atá dírithe go hiomlán ar iomaíochas, ina mbeidh níos mó acmhainní agus ionstraimí maoinithe, ríthábhachtach chun an Comhaontú Glas a chalabrú agus a mhaoiniú.

1.10.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin na cláir éagsúla mhaoiniúcháin atá sa Chomhaontú Glas a chur ar taispeáint go poiblí ar líne in aon áit amháin ar bhealach cuimsitheach soláimhsithe. Tá sé ríthábhachtach eolas níos leithne ar dheiseanna cistiúcháin Eorpacha agus náisiúnta a chur chun cinn trí thairseacha lena sainaithnófaí sineirgí idir foinsí cistiúcháin éagsúla, lena nascfaí tairseacha náisiúnta le tairseacha Eorpacha atá ann cheana amhail tairseacha maidir le hamhábhair chriticiúla agus teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus Tairseach an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP).

1.11.

Ní mór an Comhaontú Glas a chur le chéile i gcomhréir leis an straitéis tionsclaíochta lena gcomhordófar claochlú aeráide agus teicneolaíoch earnáil na tionsclaíochta agus lena n-áiritheofar nach rachaidh an Eoraip ar gcúl i dtaca le hiomaíochas, le poist agus le hioncam cánach. Ní mór, i bhfad na haimsire, go mbeadh na costais ollmhóra infheistíochta agus na tairbhí a bheidh ann amach anseo (lena n-áirítear deireadh a chur le seachtrachtaí diúltacha a mhéid is féidir) ag teacht lena chéile. Dá bhrí sin, ní mór na costais infheistíochta a bheith nasctha go díreach leis an toradh, na tairbhí, an bhrabúsacht agus leis na deiseanna gnó a bhaineann leo thar thréimhse fhadtéarmach, agus costais na neamhghníomhaíochta á gcur san áireamh.

2.   Fíricí bunúsacha

2.1.

Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip geilleagar agus sochaí an Aontais a athrú ó bhonn chun tionchair dhiúltacha an athraithe aeráide, an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta a mhaolú. I ndáil leis an méid sin, cuimsítear ann gach uile réimse beartais amhail an aeráid, an comhshaol, an bhithéagsúlacht, an fuinneamh, an t-iompar, an earnáil tionsclaíochta, an bia, an talmhaíocht agus airgeadas inbhuanaithe.

2.2.

Tá an rath a bheidh ar an gComhaontú Glasag brath go mór ar chur chuige iomlánaíoch agus trasearnálach ina rannchuidíonn gach réimse beartais ábhartha go cothrom agus go féaráilte leis an sprioc dheiridh a bhaineann leis an aeráid, le truailliú agus leis an mbithéagsúlacht. Ciallaíonn sé freisin gurb amhlaidh, nuair a thugtar faoi deara go bhfuil forluí, neamhréir nó sceitheadh carbóin ann, ba cheart é sin a chur ina cheart.

2.3.

Tá próiseas an aistrithe ghlais laistigh de ghníomhaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais ar an bhfód cheana féin anois le beagnach cúig bliana agus tá taithí ónar féidir foghlaim curtha ar fáil aige. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ina ndéantar measúnú ar na Pleananna Náisiúnta Aeráide agus Fuinnimh (1), tugtar léargas foriomlán ar na gnéithe aeráide d’fheidhmíocht an aistrithe ghlais san Aontas. Cuirtear i bhfios go láidir inti gurb amhlaidh, déanta na fírinne, nach bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart faoi choinne ‘Oiriúnach do 55’, ach ‘Oiriúnach do 51’ ós rud é gurb é fírinne an scéil gur laghdú 51 % (seachas 55 %) ar astaíochtaí a bhainfear amach faoi 2030 de réir na bpleananna. Ag an am céanna, tá an tAontas ar gcúl freisin ó thaobh spriocanna eile aistrithe fuinnimh a bhaint amach i gcomhair 2030 – dírítear sna pleananna i ndáiríre ar chóimheas thart ar 39 % i dtaca le foinsí inathnuaite (seachas 42.5 % mar a cheanglaítear le ‘Oiriúnach do 55’), agus léirítear leis na bearta éifeachtúlachta fuinnimh laghdú 5.8 % ar an tomhaltas (seachas 11.7 % mar a cheanglaítear).

2.4.

Tugadh dúshlán iarracht an Chomhaontaithe Ghlais freisin leis an ngéarchéim fuinnimh, arbh iad slándáil an tsoláthair agus athléimneacht an bhonneagair na príomhthosaíochtaí a ghabh léi. Chomh maith le bearta nua maidir le coigilt fuinnimh agus maidir le brostú fheidhmiú céimneach an fhuinnimh ghlain, i bhfreagairt an Aontais atá leabaithe i bPlean REPowerEU is féidir úsáid bhaint as giniúint cumhachta guail ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis, agus admhaíodh inti go bhfuil ról le bheith ag cumhacht núicléach agus ag acmhainní gáis intíre. Bhí de thoradh air sin gur cuireadh roinnt beart atá sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ in oiriúint don staid nua.

2.5.

Tá tús á chur ag an Aontas Eorpach leis an tréimhse ina gcuirfear na bearta chun feidhme. Cé go bhfuil roinnt rialacha fós le cur chun feidhme go hiomlán, tá cuid acu curtha i bhfeidhm cheana féin, agus tá sé beagnach in am athbhreithniú a dhéanamh ar chuid eile fiú. Dá thoradh sin, is iontach an deis é sin chun anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chomhaontaithe Ghlais.

2.6.

Tá an bealach reatha i dtreo an aistrithe ghlais ina dhúshlán cheana féin do chodanna áirithe den tsochaí. Anuas ar shuaití seachtracha, braitheann na saoránaigh go bhfuil brú orthu ó thaobh praghsanna agus chostais an aistrithe. Lena chois sin, tá oibreoirí margaidh tar éis a thabhairt faoi deara go bhfuil lagú ag teacht ar a gcumas dul in iomaíocht le gníomhaithe domhanda.

2.7.

Cé go mbeidh an t-aistriú níos saoire é ná faic a dhéanamh, Euramis agus teastaíonn infheistíochtaí breise de níos mó ná EUR 620 billiún in aghaidh na bliana (2) chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus RepowerEU a bhaint amach. Ní féidir leis an earnáil phríobháideach é sin a dhéanamh as a stuaim féin amháin agus faigheann gníomhaíochtaí tacaíocht airgeadais ón gCiste um Aistriú Cóir, ó na Cistí don Nuachóiriú agus don Nuálaíocht agus ón gcóimheas éigeantach a ghabhann le leithdháileadh CAI agus NGEU; tá an Ciste Aeráide Sóisialta fós ag céim an ullmhúcháin. Is den ríthábhacht é na cistí poiblí sin a úsáid chun tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil agus chun éifeacht ard iolraitheora a áirithiú le haghaidh aon chlár cistiúcháin phoiblí.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Bunaithe ar na fíricí nua, agus d’fhonn a bheith in ann na cuspóirí aeráide a bhaint amach, ba cheart d’institiúidí an Aontais na modhanna agus na coinníollacha cearta a chur ar fáil le haghaidh an Chomhaontaithe Ghlais i ndáil le héabhlóid agus cumais na sochaí, sin agus na beartais nach bhfuil éifeachtach a oiriúnú. Maidir leis an bpraghas a bhaineann leis an gComhaontú Glas níor cheart go ndéanfadh sé dochar don chóras tionsclaíoch, ná do leas an lucht saothair, ná d’iomaíochas gheilleagar an Aontais a bhíonn ag brath go príomha ar dhaoine sláintiúla agus ar éiceachórais faoi bhláth.

3.2.

Ba cheart don Chomhaontú Glas a bheith dea-chothromaithe chun gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus leasa shóisialta a urramú mar aon le gnéithe slándála. Ní mór tacaíocht láidir a bheith ann don Chomhaontú Glas. Ní mór dúinn dul in oiriúint don athrú aeráide, an truailliú a laghdú agus an bhithéagsúlacht a athshlánú. Mar sin féin, ní mór dúinn an Comhaontú Glas a chur ar an mbóthar ceart ionas gur féidir le daoine a bheith rannpháirteach san aistriú glas. Léiríodh in go leor léirsithe a bhí faoi stiúir grúpaí leasmhara éagsúla, lena n-áirítear lucht tionscail (3), nach mbeidh rath ar an athrú, ach amháin má thógtar é agus na geallsealbhóirí uile á gcur san áireamh i gceart agus sásraí cuí comhairliúcháin á n-áirithiú chun cothroime a bhaint amach san aistriú agus gach seans ann go gcuirfí ina choinne mura ndéanfaí amhlaidh.

3.3.

Ní mór go bhfeicfeadh na saoránaigh freisin go mbeidh tionchar i gcomhthéacs domhanda ag gníomhaíocht an Aontais. Mar shampla, mura ndéanfaimid ach an tionscal a bhrú amach as an Eoraip agus má tharlaíonn an táirgeadh in áiteanna eile, ní gá go rannchuideodh sé sin le CO2, truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta a laghdú ar fud an domhain. Tá rath an Chomhaontaithe Ghlais ag brath freisin ar an acmhainneacht atá ann aistriú cothrom agus inbhuanaithe a áirithiú ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, tionsclaíochta agus sochaí de. Ar an gcúis sin, cuireann CESE i bhfios gur cheart aistriú cóir a bheith i gcroílár an chéad chláir oibre pholaitiúil eile de chuid an Aontais. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an tuairim uaidh roimhe seo (4), iarrann CESE go gcuirfí creat um aistriú cóir ar fáil.

3.4.

Dá chionn sin, molann CESE go ndéanfaí oiriúnú ar na colúin ar leith den Chomhaontú Glas, agus go ndéanfaí measúnú agus meastóireacht ar a bhfeidhmíocht agus ar a n-indéantacht, agus cásanna féideartha malartacha á mbreithniú ina bhféadfaí a áirithiú go rannchuidíonn na Ballstáit ar bhealach optamach. Sa chiall sin, ba cheart an Comhaontú Glas a bheith bunaithe ar thosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme comhleanúnach na mbeart, eadhon comhleanúnachas ingearach agus cothrománach na bhforálacha i réimsí criticiúla chun an t-aistriú glas a chur chun cinn. Iarrann sé freisin go go gcuirfí cur chuige níos cuimsithí i bhfeidhm chun comhleanúnachas a áirithiú agus chun forluí agus iomarcaíocht beartais a sheachaint.

3.5.

Molann CESE arís eile go dtabharfaí tús áite do na príomh-rannpháirtithe agus do na príomhghníomhaíochtaí a bhaineann leis na próisis dícharbónaithe, díthruaillithe agus athshlánaithe bithéagsúlachta agus lena ngabhann na torthaí, an dul chun cinn agus na tairbhí is substaintiúla, agus leanúint de na gníomhaíochtaí sin de réir dhálaí sonracha na mBallstát, agus ag an am céanna a bheith íogair i leith réimsí nach bhfuil chomh tábhachtach céanna.

3.6.

Tuairim i dtaobh roinnt rioscaí iomaíochais: mar a thuigtear go ginearálta, tá próiseas an aistrithe ghlais an-dian ó thaobh na n-infheistíochtaí is gá a leithdháileadh ar feadh tréimhse réasúnta fada. Ní fhéadfadh na ceanglais infheistíochta le linn an aistrithe ghlais a bheith i gcomhréir i gcónaí le brabúsacht cuideachtaí sa ghearrthéarma ná san fhadtéarma. Tá cur chuige cuimsitheach i leith iomaíochas an Aontais an-inmhianaithe, lena n-áirítear an timpeallacht ghnó ina hiomláine agus an t-athrú atá tagtha uirthi (ní hamháin na tionscail a bhfuil difear á dhéanamh dóibh go príomha).

3.7.

Tuairim i dtaobh bearta deartha margaidh i gcás éigeandáil ar na margaí: léirigh tréimhse na géarchéime fuinnimh go raibh gá le coigeartú margaidh. Ar an gcéad dul síos, ba cheart sásra idirghabhála a thabhairt isteach chun an margadh a chobhsú i gcás luaineacht láidir urghnách agus tionchar diúltach ar phraghsanna fuinnimh nó ar phraghsanna eile. Ar an dara dul síos, moltar teacht ar chomhthoil maidir le samhail airgeadais le haghaidh infheistíochtaí san aistriú glas, e.g. in acmhainneachtaí leictreachais a bheidh ann amach anseo ionas gur féidir fuinneamh inacmhainne a áirithiú do chustaiméirí, foinsí poiblí agus príobháideacha a shlógadh agus brabús leordhóthanach a ghiniúint do ghnólachtaí fuinnimh, agus amhantraíocht á seachaint ag an am céanna. An tríú pointe sonrach i dtaobh dhearadh an mhargaidh leictreachais: ní mór dó freagairt freisin do sciar na bhfoinsí inathnuaite den mheascán fuinnimh – sciar atá ag athrú. Dá thoradh sin, níor cheart praghas miondíola an leictreachais a chinneadh a thuilleadh de réir phraghas an ionchuir deiridh. Tá sé ríthábhachtach tacú le forbairt an bhonneagair is gá don fhuinneamh in-athnuaite agus ísealcharbóin lena n-áirítear stóráil fuinnimh, gabháil agus stóráil carbóin, acmhainneacht sholúbtha, agus idirnaisc, chun slándáil agus cost-éifeachtúlacht chóras fuinnimh na hEorpa a fheabhsú.

3.8.

An fhreagairt ar thosaíochtaí infheistíochta faoi dhálaí domhanda atá ag athrú: molann CESE go ndéanfaí an próiseas a ghabhann leis an aistriú glas a chomhordú le hiomaitheoirí domhanda eile d’fhonn iomaíochas an Aontais a choinneáil agus sceitheadh carbóin a sheachaint. D’fhonn seasamh an Aontais sa domhan a neartú, tacaíonn CESE le gach cineál comhair agus beart, lena n-áirítear an taidhleoireacht ghlas choiteann neartaithe lena mbunófar cothrom iomaíochta domhanda ina gcuirtear chun cinn agus ina scaiptear ar fud an domhain ár gcaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta agus ina bhfuil ár dtáirgí agus ár seirbhísí iomaíoch.

3.9.

De cheal mapáil ar struchtúr an Chomhaontaithe Ghlais, is deacair é a thomhas, a mheasúnú agus a rialú. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin, i struchtúr rialachais, ar na heasnaimh. Molann CESE anailís chúramach a dhéanamh ar na heasnaimh agus aghaidh a thabhairt orthu sa rialachán athbhreithnithe maidir le Rialachas. Ba cheart na neamhréireachtaí sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECPanna) agus moilleanna ar a dtíolacadh a sheachaint agus ba cheart spriocanna aeráide na mBallstát a ailíniú ar bhealach níos fearr.

3.10.

Tá an timpeallacht rialála tar éis éirí an-chasta agus costais iomarcacha tuairiscithe agus riaracháin i gceist. Cuireann méadú mór ar ghníomhartha reachtacha tánaisteacha leis an gcastacht agus leis an éiginnteacht rialála. Iarrann CESE ar an gCoimisiún nach n-úsáidfidh sé an reachtaíocht thánaisteach ach mar eisceacht agus a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit agus don earnáil tionsclaíochta lena cur chun feidhme (go hidéalach 3 bliana ar a laghad ón uair a ghlacfar na gníomhartha uile, lena n-áirítear na gníomhartha tánaisteacha).

4.   Réimsí oiriúnaithe a d’fhéadfadh a bheith ann:

4.1.

An Treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh: tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil critéar na fíorfheidhmíochta ag titim chun deiridh ar an sprioc. Ar an taobh eile, tá éifeachtúlacht fuinnimh agus na tairbhí a bhaineann léi follasach d’fhormhór shaoránaigh na hEorpa, chomh maith le gnólachtaí agus institiúidí poiblí. D’fhéadfaí an t-oiriúnú féideartha sa chás seo a nascadh le hath-leithdháileadh cistiúcháin breise chun freastal ar an éileamh ard sa deighleog sin agus le coigeartú ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh de réir dhálaí sonracha na mBallstát, agus ionstraimí maoinithe inbhuanaithe á gcur chun cinn ag an am céanna, amhail an Conradh um Fheidhmíocht Fuinnimh.

4.2.

Treoir III maidir le fuinneamh inathnuaite: tacaíonn CESE le coimeád na treochta atá ann faoi láthair maidir le méadú sciar na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh. Is léir ón ngéarchéim fuinnimh, maidir leis na tíortha ina bhfuil sciar níos airde d’fhoinsí inathnuaite laistigh de mheascán fuinnimh athléimneach, nach bhfuil na tíortha sin chomh leochaileach céanna i leith tionchair dhiúltacha, mar shampla an méadú tapa ar phraghsanna fuinnimh. Ní mór na dálaí a chruthú chun na spriocanna a bhaint amach, cuir i gcás, na dálaí le haghaidh breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san Aontas Eorpach. Ba cheart ríomh chomhlíonadh na sprice a oiriúnú, agus ba cheart go ndéanfaí amhlaidh freisin i gcás na ngníomhartha tarmligthe lena rialaítear na coinníollacha i dtaobh táirgeadh RFBNO maidir le teicneolaíochtaí ísealcharbóin. De rogha air sin, ba cheart gníomh tarmligthe inghlactha a chruthú maidir le táirgeadh táirgí ísealcharbóin. Thairis sin, ba cheart go léireofaí leis na spriocanna 1.5 % in aghaidh na bliana in earnáil na tionsclaíochta an éagsúlacht sa tionscal agus spleáchas an tionscail ar sholáthróirí fuinnimh.

4.3.

Sásra CTA AE: b’fhearr le CESE go n-áireofaí i sásra CTA AE breis cobhsaíochta agus deireadh a chur le luaineacht, rud a d’fhéadfadh a chur ar chumas na ngeallsealbhóirí cinntí tábhachtacha infheistíochta a dhéanamh ar bhealach níos intuartha. D’fhéadfaí smaoineamh ar idirghabhálacha a chur chun feidhme lena bhféadfaí teorainn a chur leis an luaineacht (sa dá threo) atá le feiceáil faoi láthair. D’fhéadfadh athshainiú ar shásra Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, go háirithe sna céimeanna ina mbíonn praghas an lamháltais ard, a bheith ina réiteach. Is gá freisin meastóireacht a dhéanamh ar fhoinsí éagsúla Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) ó thaobh soláthair agus leachtachta de. Chumhdófaí leis sin gach foinse a d’fhéadfadh a bheith ann, bíodh leathnú earnála i gceist leis, nó CTA AE agus CTA2, cumasc nó nascadh creidmheasanna aistrithe carbóin nó creidmheasanna de chuid Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras. Ba cheart don Choimisiún Eorpach a chur in iúl, a luaithe is féidir, cá fhad a ghlacfar fós le haistrithe carbóin agus cé na haistrithe carbóin a nglacfar leo. (5) Ba cheart na chéad chéimeanna eile i dtaca le coigeartú chóras CTA AE a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad taithí agus leis na chéad tionchair a ghabhann le SCCT. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach mbeidh tionchar díréireach ag sásra CTA ar thionscail gan roghanna malartacha inmharthana dícharbónaithe a bheith ann. Maidir leis an raon feidhme le haghaidh ardán CTA AE a bheith ag méadú, tá sé á mholadh ag CESE go mbeifí fíorchúramach a mhéid a bhaineann le roinnt earnálacha tionsclaíochta, nó roinnt teaghlach, a chuimsiú ann.

4.4.

Sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT): le linn na hidirthréimhse, bhí roinnt fadhbanna praiticiúla cur chun feidhme ag SCCT (a ceapadh chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí nach táirgeoirí de chuid an Aontais iad). Bíonn ar na gnólachtaí allmhairiúcháin fíorshonraí maidir le hastaíochtaí a bhailiú óna soláthraithe, rud nach bhfuil éasca. Ghlac an Coimisiún le beart sealadach trína gcuirfí ‘luachanna réamhshocraithe’ atá bunaithe ar shuirbhé de chuid JRC in ionad na bhfíorshonraí. Mar sin féin, más mian leis an Aontas an tionsclaíocht a choinneáil san Eoraip, ní mór do na luachanna réamhshocraithe sin na hastaíochtaí carbóin is airde a léiriú le go bhféadfar dreasachtaí éifeachtacha a thabhairt maidir le fíorshonraí a sholáthar agus cosc a chur ar onnmhaireoirí tríú tíortha leas a bhaint as an saorthairbhiú. Chun deireadh a chur le tionscail atá faoi réir an chórais trádála astaíochtaí athlonnú lasmuigh den Aontas, tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfadh na hallmhaireoirí tuairisc ar na hastaíochtaí iarbhír agus go n-éireofaí as luachanna réamhshocraithe a thaifeadadh tar éis na tréimhse sealadaí. Mura ndéanfar amhlaidh, beidh buntáiste iomaíoch ag gnólachtaí tríú tíortha ar thionscail an Aontais, agus cuirfear spriocanna aeráide an Aontais i mbaol. Allmhaireoirí nach raibh in ann fíorshonraí maidir le hastaíochtaí a bhailiú óna soláthraithe in ainneoin iarrachtaí réasúnta a bhfuil teist mhaith orthu a bheith á ndéanamh, ba cheart cead a thabhairt dóibh na meastacháin ab fhearr le linn na tréimhse sealadaí a thaifeadadh, ar choinníoll nach bhfuil na meastacháin sin níos ísle ná na luachanna réamhshocraithe is infheidhme. Bíonn iliomad fadhbanna teicniúla le sárú ag na hoibreoirí margaidh freisin nuair a bhíonn tuarascálacha SCCT á dtíolacadh acu, amhail teachtaireachtaí earráide, fadhbanna clárúcháin agus logála isteach, agus deacrachtaí maidir le sábháil dréachtaí. Thuairiscigh líon mór gnólachtaí gur cheart córas an Choimisiúin a chur i riocht níos soláimhsithe. Tá ualach ar leith ag baint leis na dúshláin sin do FBManna ar beag an taithí atá acu ar thuairisciú carbóin, rud a chuireann i dtábhacht an gá atá le níos mó tacaíocht theicniúil a chur ar fáil. Chun an t-ualach ar allmhaireoirí beaga a laghdú, lena n-áirítear iad siúd a allmhairíonn baisceanna beaga chun sraitheanna beaga a tháirgeadh nó le haghaidh taighde, ba cheart íosluach níos airde tairsí a thabhairt isteach. Ar deireadh, níl onnmhairí tionsclaíocha ón Aontas cumhdaithe faoi SCCT. Fadhb mhór atá ann nach mór aghaidh a thabhairt air roimh 2026, óir caillfidh gnólachtaí an Aontais an leithdháileadh lamháltas saor in aisce a luaithe a bheidh SCCT i bhfeidhm ina iomláine. Ar an drochuair, tá riosca ann i gcás gach rialacháin go rachfar timpeall ar na rialacha. Ní mór do rialacháin údarásacha SCCT dul i ngleic leis na rioscaí sin mar is ceart, lena n-áirítear an t-atheagar.

4.5.

Soghluaisteacht ghlan: molann CESE dearcadh oibiachtúil a ghlacadh maidir leis an aistriú glas a bhaineann leis an tsoghluaisteacht. Tá forbairt na leictrea-shoghluaisteachta in iompar gluaisteán aonair ag dul ar aghaidh ar luas níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis ar dtús. Leagtar síos i Rialachán 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle don bhliain 2025 smachtbhannaí/táillí an-dian as sprioc bhliantúil astaíochtaí an mhonaróra a shárú don fhlít a chuireann an monaróir ar an margadh. Tá baol ann, fiú in 2025, go mbeidh ar roinnt oibreoirí fíneálacha a íoc toisc nach mbeidh na spriocanna bainte amach acu, ar chúiseanna nach bhfuil, b’fhéidir, aon smacht acu orthu: fuarú an mhargaidh, bonneagar neamhleor san Aontas chun na feithiclí a athluchtú. I gcás feithiclí troma, is é an bonneagar athluchtaithe atá neamhleor ar an gcaoi chéanna, lena n-áirítear stadanna gaolmhara scíthe, an príomhdhúshlán atá le sárú ag forbairt na leictrea-shoghluaisteachta. Ba chóir a thabhairt faoi deara go mbeidh tionchar ar an gcustaiméir ag an bhfeitheamh a bhaineann le luchtú agus go mbeidh de thoradh air sin go dtiocfaidh athrú ar na samhlacha gnó. Tá CESE ag iarraidh freisin go mbeadh téacsanna comhchuibhithe ann, mar shampla, an rialachán maidir le ceallraí vs. Euro 7. I bhfianaise fhuarú mhargadh na ngluaisteán leictreach, bheadh sé inmholta machnamh a dhéanamh, ar a laghad, ar shíneadh a chur le bailíocht roinnt solúbthachtaí, amhail sárchreidmheasanna, sásra dreasachta feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, hibridiú flít feithiclí mar theicneolaíocht idirthréimhseach, úsáid breoslaí sintéiseacha sa fhlít feithiclí atá ann cheana. Ba cheart breis spáis a dheonú le haghaidh chinntí margaidh na ngnólachtaí ionas go mbeidh siad in ann an t-aistriú chuig soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a dhéanamh.

4.6.

Rialacha maidir le tacaíocht phoiblí: Is gá athmheastóireacht a dhéanamh ar na rialacha maidir le tacaíocht phoiblí agus é a bheith indéanta tacaíocht phoiblí a fháil le haghaidh CAPEX agus OPEX araon i gcomhair fiontair mhóra le haghaidh infheistíochtaí agus teicneolaíochtaí glasa agus an oiread de sin a dhéanamh ionas gurb amhlaidh, maidir le hinfheistíochtaí i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh agus i dtáirgeadh glas, a bheidh na hinfheistíochtaí sin inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de i bhfad na haimsire. Má fhaightear tacaíocht shonrach do tháirgí glasa i dtíortha lasmuigh den Aontas, ní mór an tacaíocht sin a bheith ‘cothromaithe’. Is gá na rialacha maidir le tacaíocht phoiblí a athoscailt agus machnamh a dhéanamh ar an rath atá ar an gCiste don Nuachóiriú agus ar an gCiste don Nuálaíocht agus ar an rath atá ar chur chun feidhme tionscadal tosaíochta (e.g. hidrigin ghlas). Ba cheart tosaíocht a thabhairt don iompar poiblí glas a mhéid a bhaineann le beartais agus tacaíocht airgeadais thar roghanna aonair.

4.7.

An t-aistriú cóir: molann CESE go gcruthófaí Faireachlann AE um Aistriú Cóir chun faireachán a dhéanamh ar bheartais agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar díreach agus indíreach a bhaineann leo, chomh maith le próifílí fostaíochta, post agus scileanna, caillteanais post a d’fhéadfadh a bheith ann, agus cruthú fostaíochta a mhapáil, Ciste an Aontais um Aistriú Cóir a neartú, agus féachaint an bhféadfaí tionscnaimh a fhorbairt atá cosúil le sásra SURE do na hearnálacha sin a mbeidh buailte go trom.

4.8.

An comhbheartas talmhaíochta (CBT): is éard ba cheart a bheith sna beartais chomhshaoil agus aeráide uirlisí a chuirfidh le hathléimneacht earnáil na feirmeoireachta gan baint den táirgiúlacht, agus ba cheart iad a bheith mar chuid de réitigh fhadtéarmacha agus de threoirlínte don chinnteoireacht amach anseo, trí dheiseanna sonracha a thabhairt d’fheirmeoirí. Mar sin, ní mór tacaíocht leordhóthanach a thabhairt faoin gcéad CBT eile, agus faoi ionstraimí eile, d’fheirmeoirí agus iad i mbun an aistrithe (6), lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt le haghaidh réitigh atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, amhail leasacháin orgánacha nó leasacháin ardfhorbartha. Ba cheart na seachtrachtaí dearfacha don tírdhreach, don bhithéagsúlacht, don chomhshaol agus don aeráid a bhaineann le roinnt gníomhaíochtaí talmhaíochta sonracha a dhreasú tuilleadh trí chistiú poiblí nó trí chonarthaí príobháideacha a chur ar fáil. Tacaíonn CESE freisin le bearta simpliúcháin chun an tsolúbthacht a mhéadú agus chun na hualaí riaracháin a laghdú d’fheirmeoirí an Aontais, amhail na maoluithe sealadacha a moladh le déanaí le haghaidh dálaí drochaimsire agus simplithe ar churaíocht, ar chumhdach ithreach agus ar athbhunú féarthailte buana. Tá gá le cláir oiliúna iomchuí freisin do chomhairleoirí feirme agus d’fheirmeoirí, arb é is aidhm dóibh eolas a mhéadú maidir le bearta glasaithe i bhfianaise a dtionchar eacnamaíoch, lena n-áirítear maidir le huainíocht na mbarr agus maidir le héiceolaíocht pailneoirí, sainaithint agus athchóiriú gnáthóg, chomh maith le tuilleadh tacaíochta chun cabhrú le feirmeoirí déileáil leis an bhfaireachán is gá. Tá sé ríthábhachtach freisin idirphlé a athbhunú idir an tsochaí shibhialta agus an pobal feirmeoireachta ar bhonn fadtéarmach agus na feirmeoirí a bheith i gcroílár an Chomhbheartais Talmhaíochta.

4.9.

Ceadúchán: D’ainneoin iarrachtaí suntasacha sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, tá gnéithe tábhachtacha ó thaobh ceadúcháin de i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, amhail an Treoir Réime maidir le hUisce agus an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha. Tá deis ann chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú sna hábhair seo trí chéile. Is den ríthábhacht é an comhleanúnachas a fheabhsú go hingearach (idir an tAontas agus na Ballstáit) agus go cothrománach (in ábhair reachtacha an Aontais trí chéile). Is den ríthábhacht é freisin iniúchadh breise a dhéanamh ar nuálaíochtaí teicneolaíochta chun go ndéanfar a laghad cur isteach agus is féidir ar na héiceachórais talún agus mhuirí. Ní mór féachaint ar leathadh amach na suiteálacha fuinnimh inathnuaite in éineacht leis an bpleanáil maidir le húsáid talún, lena n-áirítear rannpháirtíocht éifeachtach an phobail (7).

4.10.

Aistrithe carbóin: Trí iarrachtaí maidir le haistriú carbóin a ailíniú go straitéiseach le cleachtais atá dírithe ar an mbithéagsúlacht a chaomhnú, d’fhéadfadh lucht ceaptha beartas an tionchar dearfach ar mhaolú an athraithe aeráide agus ar shláinte éiceachórais araon a uasmhéadú. D’fhéadfaí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na sineirgí sin trí chuir chuige nuálacha a chur chun cinn, go háirithe i gcomhar le réitigh dhúlrabhunaithe agus le feirmeoireacht carbóin. D’fhéadfadh tairbhe a bheith le baint ag reachtóirí as iniúchadh níos críochnúla a dhéanamh ar chruthú dreasachtaí le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha athchóiriúcháin agus ar na féidearthachtaí a ghabhann leo i dtaca le straitéisí chun an t-athrú aeráide a mhaolú. Leis an gcur chuige sin d’fhéadfaí clár oibre aeráide an Aontais a nascadh ar bhealach níos fearr le spriocanna bithéagsúlachta. Thairis sin, le dreasachtaí den sórt sin d’fhéadfaí leasanna bainisteoirí talún, lena n-áirítear feirmeoirí agus foraoiseoirí, a ailíniú ar bhealach níos fearr le gníomhaíochtaí athchóiriúcháin aeráide agus dúlra.

4.11.

Rialachán an Aontais maidir le Dífhoraoisiú agus dícheall cuí: tá na buncheanglais tuairiscithe doiléir, go háirithe, tá córas faisnéise feidhmiúil de chuid an Aontais agus córas tagarmharcála tíre in easnamh. Ní mór é sin a chur ina cheart d’fhonn cuspóirí an dá ghníomh a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach.

4.12.

An rialachán maidir le Gáis Ceaptha Teasa Fhluairínithe: Tar éis na chéad chéimeanna i dtreo laghdú (bunaithe ar an Rialachán bunaidh), tháinig méadú ollmhór ar na praghsanna ar fhuartháin éagsúla ar gáis ceaptha teasa fhluairínithe iad. Dá thoradh sin, tháinig margadh dubh bríomhar i gcomhair ceimiceáin den sórt sin chun cinn agus smuigleáladh fuaráin arbh fhiú na céadta milliún euro iad isteach san Aontas. D’fhulaing soláthróirí dleathacha na ngás ceaptha teasa fluairínithe caillteanais dar luach na céadta milliún euro dá dheasca sin. Tharla sé sin toisc gur tairgeadh na gáis ceaptha teasa fhluairínithe neamhdhleathacha sin gan chuótaí agus ar phraghsanna an-íseal. Bhí amhras ann faoina gcáilíocht theicniúil agus riosca ag baint dá réir lena n-úsáid. Ag an am céanna, ní fhéadfadh an gnáthúsáideoir idirdhealú a dhéanamh idir na coimeádáin neamhdhleathacha agus na coimeádáin dhleathacha. Níorbh fhéidir leis na gníomhaireachtaí forfheidhmithe déileáil leis an ualach oibre. Saobhadh iomaíochta atá mar thoradh atá air sin agus dochar déanta dá réir do ghnólachtaí an Aontais.

4.13.

An Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus an Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht: faoin idirthréimhse ghinearálta a bhaineann leis na Rialacháin sin, ní thugtar ach tréimhse ghearr ama do ghnólachtaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bpróiseas táirgthe agus dáileacháin, agus chun é a oiriúnú nuair is gá. Ina theannta sin, sa dá thogra leagfar amach líon ollmhór sonraíochtaí sna gníomhartha tarmligthe, a mbeidh faireachán leanúnach agus cumas freagartha láithreach ó thaobh na dtionscal de ag teastáil ina leith, tar éis na hidirthréimhse. Thairis sin, beidh sé níos deacra tionchar a imirt ar dhréachtú gníomhartha tarmligthe agus iad a leanúint i gcomparáid leis an ngnáthnós imeachta reachtach níos trédhearcaí nó le gníomhartha cur chun feidhme lena gcuirtear dearcadh na bpáirtithe leasmhara san áireamh freisin.

4.14.

Bunachar Sonraí Táirgí AE um Lipéadú Fuinnimh - is gá an tairbhe atá le baint as an oibleagáid atá ann clárú le EPREL (lena n-áirítear eisceachtaí le haghaidh sraitheanna beaga ina n-úsáidtear tairseacha cainníochta agus, mar shampla, feidhmchláir speisialaithe phearsantaithe B2B) a sheiceáil. Ní mór an méid sonraí atá le hiontráil a choinneáil chomh híseal agus is féidir ionas gur féidir faireachas margaidh agus tomhaltóirí a dhéanamh. Ní mór deireadh a chur le débhríochtaí dlíthiúla maidir lei raon feidhme an chur i bhfeidhm, e.g. maidir le foinsí solais ar dlúthchuid de tháirgí iad (= neamh-inbhainte). De thoradh úsáid a bhaint as teimpléad formáide aonfhoirmeach mar mhodhanna tástála simplí do mhonaróirí/allmhaireoirí, d’fhéadfaí comhlíonadh na rialacha a éascú.

An Bhruiséil, 19 Meán Fómhair 2024.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   COM(2023) 796 final.

(2)   Tuarascáil 2023 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach.

(3)   Dearbhú Antuairp.

(4)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Creat beartais an Aontais um aistriú cóir a chur chun cinn: cad iad na bearta atá riachtanach? (IO C, C/2024/1576, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1576/oj).

(5)  Tuarascáil CEPS maidir leis an Aistriú Glas, Meitheamh 2024.

(6)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Táirgeadh uathrialach agus inbhuanaithe bia a chur chun cinn: straitéisí don Chomhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 (IO C, C/2024/2099, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2099/oj).

(7)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Cad iad na coinníollacha atá riachtanach d’inghlacthacht shóisialta an aistrithe fuinnimh agus ísealcharbóin? (IO C 290, 29.7.2022, lch. 22).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6877/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)