European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6875

28.11.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Lánpháirtiú sóisialta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil laghdú ar a gcumas oibre a chur chun cinn

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na hUngáire)

(C/2024/6875)

Rapóirtéir:

Pietro Vittorio BARBIERI

Comhairleoir

Carlo GIACOBINI (thar ceann an rapóirtéara)

 

 

Tarchur ó Uachtaránacht

na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Litir, 14.3.2024

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

4.9.2024

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

86/0/2

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

18.9.2024

Seisiún iomlánach Uimh.

590

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

213/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is cúis imní do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil daoine faoi mhíchumas fós á n-eisiamh ón margadh saothair, gan trácht ar na hiarmhairtí uile a eascraíonn as sin ó thaobh bochtaineacht shaolta agus cineálacha eile bochtaineachta de, rud atá á chur in olcas de dheasca neamhionannais inscne, sin agus gurb iad siúd atá faoi mhíchumas trom is mó is caillteach leis seo.

1.2.

Ainneoin gur cuireadh reachtaíocht agus treoirlínte straitéiseacha i bhfeidhm chun cuimsiú daoine faoi mhíchumas sa mhargadh saothair a chur chun cinn, rud a rinne an tAontas (Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Straitéis Eorpach maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas) agus na Náisiúin Aontaithe (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas [CRPD]), is oth le CESE go bhfuil daoine á n-eisiamh ón margadh saothair go fada fairsing fós, ar a shon sin. Go deimhin tá samhlacha agus réitigh fostaíochta á gcur i ngníomh i rith an ama, cuir i gcás an fhostaíocht dhídeanach, arb é a thagann díobh daoine a eisiamh ó chonairí chuig an margadh saothair oscailte, nó fiú iad a leithscaradh.

1.3.

Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit beartais agus bearta a chur chun cinn atá dírithe go príomha ar dheireadh a chur i leaba a chéile le samhlacha atá ag teacht salach ar phrionsabal na cuimsitheachta agus ar phrionsabal atá dírithe ar rochtain ar an margadh oscailte a neartú. Tá súil aige go gcuirfidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí beartais gaolmhara faoin bPacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas chun feidhme san am céanna.

1.4.

Ar na bearta dearfacha a d’fhéadfaí a dhéanamh, molann CESE do na Ballstáit cromadh athuair ar fhostaíocht daoine faoi mhíchumas agus dlús a chur léi, mar shampla, trí chomhchiste cóiríochta réasúnta arna mhaoiniú ag fostóirí, idir phríobháideach agus phoiblí, nach n-éiríonn leo na cuótaí a leagtar síos a bhaint amach. Rachadh an ciste sin chun tairbhe d’oibrithe faoi mhíchumas agus chuirfí táirgiúlacht na cuideachta chun cinn.

1.5.

Creideann CESE nár cheart dreasachtaí i réimse na státchabhrach a thabhairt ach amháin ar choinníoll go ndéanfaidís cearta oibrithe a urramú agus gur cheart iad a bheith i gcomhréir le forálacha CRPD, le Coiste CRPD a fhad a bhaineann sé le cearta saothair agus leis an Straitéis Eorpach maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas.

1.6.

Tá CESE ag iarraidh go n-áireofaí ar na bearta dearfacha fostaíochta sin dreasachtaí le haghaidh na féinfhiontraíochta do dhaoine faoi mhíchumas, cibé acu ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann é sin.

1.7.

Siúd is gur díol sásaimh do CESE na treoirlínte agus bearta tacaíochta a ceapadh a bhuí leis an bpacáiste fostaíochta i réimse na cóiríochta réasúnta, tugann sé dá aire go bhfuil difríochtaí suntasacha sa chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad ó Bhallstát go chéile. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí rialacha aonfhoirmeacha comhsheasmhacha a leagan síos agus a chur chun feidhme i réimse na cóiríochta réasúnta agus go scaipfí an leabhrán Reasonable accommodation at work – Guidelines and good practices, rud a d’fhéadfadh cuidiú le feasacht agus scileanna a mhéadú.

1.8.

Cuireann CESE chun suntais gur gá caighdeáin a bhunú chun na samhlacha agus na seirbhísí arna soláthar ag seirbhísí poiblí fostaíochta (SPFanna) náisiúnta a shainaithint agus a chur i gcomparáid le chéile trí mheán na tagarmharcála d’fhonn dea-chleachtais atá bunaithe ar shonraí iarbhír a shainaithint agus d’fhonn an fhoghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn.

1.9.

Tá CESE ag iarraidh go mbaileofaí sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla go sonrach maidir le fostaíocht dhídeanach, rud a chabhródh le léargas a fháil ar an bhfeiniméan sin agus ar na treochtaí a ghabhann leis, ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát araon.

1.10.

I gcomhréir leis na conairí atá leagtha amach sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, dearbhú a shínigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, d’fhonn an bhearna dhigiteach a dhúnadh, tarraingíonn CESE aird ar an gcaoi ar féidir le dul chun cinn sa teicneolaíocht agus san intleacht shaorga rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa mhargadh oscailte a éascú. Tá sé ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do bheartais arb é is aidhm dóibh eolas níos leithne a chur ar an dul chun cinn seo agus an gealladh atá faoi dhaoine faoi mhíchumas, a n-inrochtaineacht agus a n-inacmhainneacht a chur chun cinn.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

De réir na tuarascála ‘European comparative data on Europe 2020 and persons with disabilities – Labour market, education, poverty and health analysis and trends’ (1) [Sonraí comparáideacha Eorpacha maidir le Eoraip 2020 agus daoine faoi mhíchumas – An margadh saothair, an t-oideachas, an bhochtaineacht agus anailís sláinte agus treochtaí sláinte] a d’eisigh Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, san Aontas Eorpach tá fostaíocht ag thart ar 51,3 % de na daoine faoi mhíchumas, i gcomparáid le 75,6 % díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas.

2.2.

Luaitear sa tuarascáil chéanna go bhfuil thart ar 22 mhilliún duine faoi mhíchumas (idir 20 agus 64 bliana d’aois) fostaithe i mBallstáit an Aontais as 42.8 milliún duine faoi mhíchumas san iomlán san aoisghrúpa céanna.

2.3.

I mBallstáit an Aontais, is é 17,3 % ráta dífhostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas atá idir 20 agus 64 bliana d’aois, i gcomórtas le 8,3 % de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas san aoisghrúpa céanna. Is é 9,5 % an ráta dífhostaíochta iomlán. Is ann don bhearna fostaíochta i ngach ceann de Bhallstáit an Aontais más ar leibhéil éagsúla féin é: an Chróit (34 phointe céatadáin), an Bhulgáir (37 bpointe céatadáin) agus Éire (44 phointe céatadáin). Tá na bearnaí is ísle le sonrú san Iodáil (17 bpointe céatadáin), sa Laitvia (18 bpointe céatadáin) agus sa Fhrainc (18 bpointe céatadáin).

2.4.

Maidir le mná faoi mhíchumas, is amhlaidh atá siad faoi mhíbhuntáiste dúbailte. Is ísle ráta gníomhaíochta na ndaoine faoi mhíchumas seachas mar atá i gcás daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Ar a mhuin sin, is ísle ráta gníomhaíochta na mban faoi mhíchumas (59,1 %) ná ráta gníomhaíochta na bhfear faoi mhíchumas (65,4 %).

2.5.

Tá coibhneas inbhéartach idir méid an mhíchumais agus an ráta gníomhaíochta. Is iad 82,5 %, 69 % agus 42,1 % faoi seach rátaí gníomhaíochta na ndaoine nach bhfuil faoi mhíchumas, na ndaoine faoi mhíchumas measartha agus na ndaoine faoi mhíchumas trom. Dá mhéad atá an duine faoi mhíchumas is ea is mó an riosca go dtitfidh sé nó sí chun bochtaineachta. San Aontas Eorpach, ráta 19,8 % atá i gceist i gcás daoine faoi mhíchumas measartha atá 16 bliana d’aois agus os a chionn, i gcomparáid le 24,4 % de dhaoine atá faoi mhíchumas trom.

2.6.

Thart ar 17,8 milliún duine faoi mhíchumas atá ina gcónaí i dteaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta.

2.7.

Rud eile de, tá bearna bhochtaineachta le sonrú idir na hinscní san Aontas. Tá timpeall 21,9 % de mhná faoi mhíchumas atá 16 bliana d’aois agus os a chionn i mbaol bochtaineachta i gcomparáid le 20,0 % d’fhir faoi mhíchumas san aoisghrúpa céanna. Sa tuairim a d’eisigh sé in 2018 (2), chuir CESE in iúl, ag tarraingt dó ar shonraí Innéacs Comhionannais Inscne 2015 a d’fhoilsigh an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), nach bhfuil ach 18,8 % de na mná atá faoi mhíchumas san Aontas fostaithe. Os a choinne sin, is 28,1 % an céatadán d’fhir faoi mhíchumas a bhfuil fostaíocht acu.

2.8.

Pointe tagartha le haghaidh comhdheiseanna do dhaoine faoi mhíchumas san ionad oibre (3) is ea Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha.

2.9.

Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 5 de Threoir 2000/78/CE maidir le cóiríocht réasúnta do dhaoine faoi mhíchumas go gcuirfí cóiríocht réasúnta ar fáil lena áirithiú go n-urramófar prionsabal na córa comhionainne i leith daoine faoi mhíchumas. Ní foláir d’fhostóirí bearta iomchuí a dhéanamh, nuair is gá, i dtreo gurb acmhainn do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a bheith acu ar shaol na hoibre, páirt a ghlacadh ann nó dul chun cinn a dhéanamh ina leith, sin nó dul faoi oiliúint, chomh fada is nach ualach díréireach orthu na bearta sin (4).

2.10.

Sa Teachtaireacht uaidh maidir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, tugann an Coimisiún dá aire gurb é an bealach is fearr chun an neamhspleáchas eacnamaíoch agus an cuimsiú sóisialta a áirithiú ná daoine a rannpháirtiú san fhostaíocht.

2.11.

Luaitear sa Straitéis an chaoi a bhfeidhmíonn Colún Eorpach na gCeart Sóisialta mar threoir do bheartais fostaíochta agus shóisialta. Cuirtear chun suntais i bprionsabal 17 den Cholún go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas ar thacaíocht ioncaim a chinntíonn gur féidir leo saol faoi dhínit a chaitheamh, ar sheirbhísí a chuireann ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, agus ar thimpeallacht oibre atá curtha in oiriúint dá gcuid riachtanas. Ina theannta sin, shínigh an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, rud is tagairt dhlíthiúil bhreise don Aontas.

2.12.

I dtreo go bhféadfaí an Straitéis Eorpach a chur chun feidhme ar bhealach ní b’éifeachtaí, d’fhoilsigh an Coimisiún an Pacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2022 d’fhonn feabhas a chur ar a lánpháirtiú siúd sa mhargadh saothair agus é mar aidhm aige tacú leis na Ballstáit agus iad ag iarraidh an cuimsiú sóisialta agus an neamhspleáchas eacnamaíoch a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas trí mheán na fostaíochta. Shainaithin an Coimisiún na sé chur chuige seo a leanas:

acmhainneachtaí seirbhísí fostaíochta agus lánpháirtíochta a neartú (5);

peirspictíochtaí fruilithe a chur chun cinn trí ghníomhaíocht dhearfach agus steiréitíopaí a chomhrac;

cóiríocht réasúnta ag an obair a áirithiú;

daoine faoi mhíchumas a choinneáil sa mhargadh saothair: míchumais atá nasctha le galair ainsealacha a chosc;

scéimeanna athcháilithe gairme a áirithiú i gcás breoiteachta nó timpistí, agus;

poist ardcháilíochta san fhostaíocht dhídeanach a aimsiú, sin agus conairí chuig margadh saothair oscailte.

2.13.

Go háirithe, a fhad a bhaineann leis an bhfostaíocht dhídeanach, cuirtear chun suntais sa Phacáiste Fostaíochta gur gnách le daoine faoi mhíchumas, go príomha iad siúd atá faoi mhíchumas trom, a bheith ag obair i dtimpeallachtaí fostaíochta malartacha. Is mór idir na cláir a glacadh ó Bhallstát go chéile, rud a fhágann gur mór freisin idir na dálaí oibre iontu, na cearta oibrithe agus na cineálacha cur chuige maidir le forbairt gairme. Uaireanta ní furasta an deighilt idir cláir athshlánúcháin agus teiripe shaothair a dhéanamh amach. Ar an mórgóir, ainneoin nach bhfuil sonraí cainníochtúla sonracha ar fáil go fóill, is gnách go mbíonn na rátaí aistrithe ó chineálacha malartacha fostaíochta go dtí an margadh saothair oscailte an-íseal.

2.14.

Ba cheart béim a leagan air gurb iad an fhostaíocht dhídeanach nó na ceardlanna dídeanacha, mar a thugtar orthu, an cineál malartach fostaíochta is coitianta do dhaoine faoi mhíchumas. Ar an leibhéal Eorpach, an t-aon sainmhíniú dlíthiúil dá bhfuil ann is i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (Rialachán (AE) Uimh. 651/2014) (6) atá sé le fáil, áit a sainmhínítear é mar fhostaíocht i ngnóthas inar oibrithe faoi mhíchumas iad 30 % ar a laghad dá chuid oibrithe. Faoin Rialachán sin, ceadaítear do na Ballstáit tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don tsamhail fostaíochta sin mar eisceacht ó na rialacha maidir le státchabhair.

2.15.

Mar chuid den Phacáiste Fostaíochta, foilsíodh an leabhrán Reasonable accommodation at work – Guidance and good practice i mí na Bealtaine 2024 (7), áit a dtugtar treoirlínte agus moltaí maidir le cóiríocht réasúnta ag an obair, mar atá leagtha amach i dTreoir 78/2000. Sa réamhrá a ghabhann leis, tugtar le fios sa leabhrán go bhfuil dlíthe náisiúnta agus réigiúnacha ag gach ceann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh lena ndéantar an Treoir maidir leis an gcóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha a thrasuí agus a chur chun feidhme, rud a chiallaíonn freisin go bhfuil sé d’oibleagáid ar fhostóirí cóiríocht réasúnta a chur ar fáil i ngach ceann de na tíortha sin. Mar sin féin, ní úsáideann tíortha áirithe ach sainmhínithe leathana ar an rud is cóiríocht réasúnta ann agus ar an méid is féidir a mheas mar ualach díréireach í.

2.16.

Luaitear san fhoilseachán céanna go bhfuil deontais, fóirdheontais agus tacaíocht lóistíochta ar fáil i bhformhór na dtíortha chun na costais a chumhdach a bhaineann le cóiríocht réasúnta a áirithiú, rud is fíor freisin i dtaca le tacaíocht don phleanáil agus don chur chun feidhme. Cuirtear faoiseamh cánach ar fáil d’fhostóirí a fhostaíonn oibrithe faoi mhíchumas sa mhargadh saothair oscailte in 11 Bhallstát de chuid an Aontais, agus in 13 Bhallstát nach iad tairgeann fostóirí laghduithe ar íocaíochtaí slándála sóisialta nó árachais sláinte. Cuireann formhór na dtíortha fóirdheontais phá ar fáil chun fostú daoine faoi mhíchumas a spreagadh, rud a bhfuil glacadh leis murab ionann is riamh.

2.17.

Siúd is gur díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le Straitéis 2021-2030, cuireann sé in iúl i gceann de na tuairimí a d’eisigh sé in 2021 (8) gur ‘údar imní fós do CESE gur maolaíodh na bearta ceangailteacha agus an reachtaíocht chrua lena gcuirtear an straitéis chun feidhme’. Cuireann sé i bhfios go mór freisin go mbeidh ‘ar an gCoimisiún a bheith go mór ar son na spriocanna atá á socrú do na Ballstáit, lena leagtar síos cá mhéad ba cheart dóibh an bhearna fostaíochta i measc daoine faoi mhíchumais a laghdú faoi 2030’. Tá CESE ag iarraidh ‘go mbeadh spriocanna uaillmhianacha ann a bhfuil sé d’aidhm acu a oiread is féidir a dhéanamh chun deireadh a chur le haon bhearna fostaíochta, agus aird á díriú ar fhostaíocht sa mhargadh saothair oscailte’.

2.18.

Sa Phacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, mar a dtagraítear do na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun feabhas a chur ar an margadh saothair, cuireann an Coimisiún Eorpach chun suntais a thábhachtaí atá sé acmhainneacht na seirbhísí fostaíochta agus lánpháirtíochta a neartú. Chuige sin, áirítear ann bosca uirlisí do SPFanna, bosca uirlisí ina bhfuil moltaí, faisnéis agus comhairle maidir le straitéisí agus cleachtais i sé gcinn de réimsí: beartais inmheánacha atá dírithe ar oibrithe na SPFanna, seirbhísí, bearta gníomhacha i leith an mhargaidh saothair, cóiríocht réasúnta, múscailt feasachta, sin agus comhpháirtíochtaí.

3.   Cúrsaí fostaíochta agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

3.1.

I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD) (9), tugtar aghaidh in Airteagal 27 ar shaincheist na hoibre agus na fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas. Chun soiléiriú a thabhairt ar a bhfuil leagtha síos in CRPD faoi chúrsaí fostaíochta agus chun léirmhíniú a thabhairt ar na forálacha lena mbaineann, d’fhoilsigh Coiste CRPD an 9 Meán Fómhair 2022 barúil ghinearálta nua (‘Barúil Ghinearálta Uimh. 8’) maidir leis an gceart chun oibre agus fostaíochta. Soiléirítear sa bharúil sin conas a dhéantar a lán d’fhorálacha CRPD maidir le hobair agus fostaíocht a léirmhíniú. Cuidíonn an treoir sin le stáit tuairisciú a dhéanamh ar na cúinsí dlíthiúla, polaitiúla agus socheacnamaíocha atá i réim iontu a dhéanann difear do chearta daoine faoi mhíchumas i réimse na hoibre (10).

3.2.

An soiléiriú is suntasaí dá bhfuil déanta i mBarúil Ghinearálta Uimh. 8 is leis an bhfostaíocht dhídeanach a bhaineann, go háirithe sa mhéid go leagtar amach inti cén cineál timpeallachtaí dídeanacha a thagann salach ar an gCoinbhinsiún. Mínítear inti go sainaithnítear go sainráite in Airteagal 27(1) go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas obair a dhéanamh ar bhonn atá comhionann le daoine eile, ar a n-áirítear obair a roghnaítear de dheoin an duine féin nó a nglactar léi faoi shaoirse i margadh saothair agus i dtimpeallacht oibre atá oscailte, cuimsitheach agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Léiríonn na focail sin go soiléir go bhfuil timpeallachtaí oibre leithscartha ar neamhréir leis an dlí.

3.3.

Sonraítear an méid seo a leanas freisin i mBarúil Ghinearálta Choiste CRPD: áirítear leis an bhfostaíocht leithscartha (mar shampla ceardlanna dídeanacha) cleachtais agus taithí éagsúil, a bhfuil ar a laghad cuid de na gnéithe seo a leanas ag roinnt leo – (a) go bhfuil na daoine faoi mhíchumas leithscartha agus gan fáil acu ar fhostaíocht oscailte chuimsitheach inrochtana; (b) go bhfuil an fhostaíocht bunaithe ar ghníomhaíochtaí sonracha áirithe a meastar daoine faoi mhíchumas a bheith in ann a ndéanta; (c) go ndírítear ar na modhanna liachta agus athshlánúcháin i leith míchumais agus go leagtar béim orthu; (d) nach gcuirtear an t-aistriú chuig an margadh saothair oscailte chun cinn go héifeachtach; (e) nach bhfaigheann na daoine faoi mhíchumas luach saothair comhionann as obair ar comhionann a luach; (f) nach n-íoctar luach saothair leis na daoine faoi mhíchumas as a gcuid oibre ar bhonn atá comhionann le daoine eile; agus (g) gur gnách nach mbíonn conarthaí rialta fostaíochta ag daoine faoi mhíchumas agus, dá bhrí sin, nach gcumhdaítear iad le scéimeanna slándála sóisialta.

3.4.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go gceadaítear eisceacht air sin sa Bharúil Ghinearálta: mínítear inti conas nach féidir a mheas gur fostaíocht leithscartha iad na fiontair fostaíochta atá á mbainistiú agus á stiúradh ag daoine faoi mhíchumas, ina measc iad siúd atá faoi chomhúinéireacht agus faoi rialú daonlathach, má áirithíonn siad dálaí oibre cothroma agus fabhracha ar bhonn atá comhionann le daoine eile.

3.5.

De réir na Barúla Ginearálta, níor cheart féachaint ar an bhfostaíocht leithscartha mar shlí chun an ceart chun oibre a chur chun feidhme de réir a chéile, toisc nach féidir é sin a dhéanamh ach amháin trí fhostaíocht a roghnaítear de dheoin an duine féin nó a nglactar léi faoi shaoirse agus a dhéantar i margadh saothair oscailte cuimsitheach.

4.   Ón bhfostaíocht dhídeanach go dtí an chuimsitheacht ag an obair

4.1.

Seo seasamh CESE:

4.1.1.

Tugann sé dá aire, ainneoin gur eisigh an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe araon reachtaíocht agus treoirlínte straitéiseacha dírithe ar chuimsiú daoine faoi mhíchumas sa mhargadh saothair a chur chun cinn, gur ann do chásanna an-suntasach eisiaimh ón margadh saothair, ar a shon sin, chomh maith le samhlacha agus réitigh ar cosúil go bhfuil fostaíocht á cothú dá mbarr ach ar forais de facto eisiaimh nó leithscartha iad i ndáiríre, sin nó gan teacht a bheith ag daoine faoi mhíchumas ach ar phoist neamhoilte ar phá íseal.

4.1.2.

Dar le CESE, dá mhéad a chloítear le CRPD agus leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, dá mhéad a chosnaítear na cearta saothair agus dá mhéad a chuirtear chun feidhme an próiseas aistrithe i dtreo margadh oscailte saothair is ea is fusa tionscnaimh fhíorchuimsitheacha agus obair dhídeanach agus leithscartha a idirdhealú ar a chéile.

4.1.3.

Síleann CESE nach foláir iarmhairtí na hoibre dídeanaí agus an leithscartha dá dtagraítear i mBarúil Ghinearálta Uimh. 8 ó Choiste CRPD a chur ó éifeacht trí bhíthin beartais chuimsitheacha agus bearta cuimsitheacha atá dírithe ar dheireadh a chur i leaba a chéile le samhlacha a thagann salach ar phrionsabail na cuimsitheachta. Chuige sin, ní foláir fís chuimsitheach CRPD agus na Straitéise maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas a ghlacadh, maille le próisis chumhachtúcháin, oiliúna, cháilíochta agus, más gá, tacaíochta a thabhairt chun cinn.

4.1.4.

Ar na bearta dearfacha a d’fhéadfaí a dhéanamh, molann CESE cromadh athuair ar na samhlacha náisiúnta sin lena gcuirtear chun cinn fostaíocht daoine faoi mhíchumas agus iad a chur i bhfeidhm ina leith ar bhonn níos forleithne, mar shampla, trí chomhchiste cóiríochta réasúnta arna mhaoiniú ag fostóirí, idir phríobháideach agus phoiblí, nach n-éiríonn leo na cuótaí a leagtar síos a bhaint amach.

4.1.5.

Measann sé gur cheart a áireamh ar na bearta dearfacha sin tionscnaimh chun an fhéinfhiontraíocht a spreagadh i measc daoine faoi mhíchumas, cibé acu ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann é sin.

4.1.6.

Creideann CESE nár cheart dreasachtaí i réimse na státchabhrach a thabhairt ach amháin ar choinníoll go n-urramóidís cearta oibrithe; rud eile de, ba cheart iad a bheith i gcomhréir le forálacha CRPD, le Coiste CRPD a fhad a bhaineann sé le cearta saothair agus leis an Straitéis Eorpach maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas.

4.1.7.

Tarraingíonn sé aird ar an gcaoi ar féidir le dul chun cinn sa teicneolaíocht agus san intleacht shaorga rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa mhargadh oscailte a éascú. Ba cheart tacú le beartais chun an gealladh atá faoi dhaoine faoi mhíchumas, a n-inrochtaineacht agus a n-inacmhainneacht a chur chun cinn i gcomhréir leis na conairí atá leagtha amach sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (11).

4.1.8.

Creideann CESE gur cheart don chóiríocht réasúnta tacú le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbeidh raon leathan deiseanna ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ó thaobh a n-acmhainneacht a fhorbairt go hiomlán, deiseanna i réimse na forbartha gairmiúla a bheith acu, dul chun cinn gairme, coinneáil poist, sin agus dualgais oibre a réiteach le cúinsí sonracha sláinte an duine. Is díol sásaimh dó foilsiú agus scaipeadh an leabhráin dar teideal Reasonable accommodation at work – Guidance and good practice agus déanann sé amach gur cheart tacú leis trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar na cleachtais sin a chur i ngníomh ar bhealach níos aonfhoirmí ar fud na mBallstát.

4.1.9.

Tá CESE i bhfách le fís na Straitéise maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, lena léirítear go bhféadfaí deiseanna fostaíochta daoine faoi mhíchumas a fheabhsú trí thacaíocht a chur ar fáil d’fhostóirí chun a áirithiú go mbeidh a n-ionaid oibre níos cuimsithí. Ba mhinic gan fostóirí ná daoine faoi mhíchumas ar an eolas faoi bhearta chun tacú lena n-earcú siúd, rud a d’fhág gur ghá comhordú beartais níos fearr a dhéanamh ar mhargadh an tsaothair.

4.1.10.

D’fhonn an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas a dhéanamh níos ceangailtí, síleann CESE gur gá treoirlínte ábhartha a ghlacadh chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht na seirbhísí poiblí fostaíochta a fheabhsú a oiread is féidir, mar atá molta freisin sa cheathrú mír de Threoirlíne 6 den Chinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (12). Is den riachtanas go háirithe caighdeáin a bhunú chun na samhlacha agus na seirbhísí arna soláthar ag SPFanna náisiúnta a shainaithint agus a chur i gcomparáid le chéile ar bhonn aonfhoirmeach trí mheán na tagarmharcála d’fhonn dea-chleachtais atá bunaithe ar shonraí iarbhír a shainaithint agus d’fhonn an fhoghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn.

4.1.11.

Aontaíonn CESE leis na treoirlínte atá leagtha síos sa Phacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, agus tacaíonn sé leo, ós aidhm dóibh réiteach níos fearr ná réiteach na fostaíochta dídeanaí a aimsiú tríd an aistriú chuig an margadh oscailte a chur chun cinn, go háirithe le tacaíocht dhíreach ó SPFanna, ach freisin trí threisiú na mbeartas dearfach fostaíochta a chur chun cinn.

An Bhruiséil, 18 Meán Fómhair 2024.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=27037&langId=en.

(2)   IO C 367, 10.10.2018, lch. 20.

(3)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000.

(4)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32000L0078.

(5)  Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 32).

(6)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:02014R0651-20230701.

(7)   https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8612&furtherPubs=yes.

(8)   IO C 374, 16.9.2021, lch. 50.

(9)   https://social.desa.un.org/issues/disability/crpd/convention-on-the-rights-of-persons-with-disabilities-articles.

(10)   https://www.ohchr.org/en/documents/general-comments-and-recommendations/crpdcgc8-general-comment-no-8-2022-right-persons.

(11)  An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití (IO C 23, 23.1.2023, p. 1) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:JOC_2023_023_R_0001.

(12)   IO C 224, 5.9.2018, lgh. 4.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6875/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)