|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6837 |
11.11.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11486 – NOVO HOLDINGS / NOVO NORDISK / CATALENT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/6837)
1.
An 31 Deireadh Fómhair 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Novo Holdings A/S (‘Novo Holdings’, an Danmhairg), |
|
— |
Novo Nordisk A/S (‘Novo Nordisk’, an Danmhairg), atá faoi rialú Novo Holdings, |
|
— |
Catalent, Inc. (‘Catalent’, na Stáit Aontaithe). |
Gheobhaidh Novo Holdings rialú aonair ar Catalent ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc. Dá éis sin, aistreofar láithreáin Catalent sa Bhruiséil (an Bheilg), Anagni (an Iodáil), agus Bloomington (SAM) chuig Novo Nordisk.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta shealbhaíochta agus infheistíochta é Novo Holdings atá freagrach as sócmhainní Novo Nordisk Fonden a bhainistiú, agus a tá 100 % de scaireanna Novo Holdings faoi úinéireacht aige, trí infheistíochtaí straitéiseacha sna heolaíochtaí saoil agus i réimsí gaolmhara agus trí infheistíochtaí caipitil airgeadais agus fiontair i bpunann leathan cuideachtaí, |
|
— |
Is cuideachta dhomhanda cúraim sláinte é Novo Nordisk a dhíríonn ar chóireálacha a fhorbairt le haghaidh neamhoird mheitibileacha amhail diaibéiteas agus murtall, chomh maith le galair ainsealacha amhail, inter alia, haemaifilia agus neamhoird fáis, |
|
— |
Is eagraíocht dhomhanda forbartha agus mhonaraíochta faoi chonradh é Catalent a sholáthraíonn réitigh forbartha agus déantúsaíochta tríú páirtí do chuideachtaí sna tionscail chógaisíochta, bhiteicneolaíochta agus sláinte tomhaltóirí. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11486 – NOVO HOLDINGS / NOVO NORDISK / CATALENT
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6837/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)