European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6789

13.11.2024

FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

TREOIRDHOICIMÉAD (1)

le haghaidh Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le táirgí gan dífhoraoisiú (2)

(C/2024/6789)

Clár ábhar

1.

SAINMHÍNITHE AR ‘CUR AR AN MARGADH’, AR ‘CUR AR FÁIL AR AN MARGADH,’ AGUS AR ‘ONNMHAIRIÚ’ 2

a)

Cur ar an margadh 3

b)

Cur ar fáil ar an margadh 3

c)

Onnmhairiú 4

2.

SAINMHÍNIÚ AR ‘OIBREOIR’ 4

3.

AN DÁTA ÉIFEACHTA AGUS TRÁTHCHLÁR AN CHUR I bhFEIDHM 5

4.

DÍCHEALL CUÍ AGUS SAINMHÍNIÚ AR ‘RIOSCA DIOMAIBHSEACH’ 6

a)

Measúnú riosca 7

b)

Riosca diomaibhseach 8

c)

Ról trádálaithe ar FBManna agus nach FBManna iad 9

d)

Idirghníomhú leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach 9

5.

SOILÉIRIÚ AR ‘CASTACHT AN tSLABHRA SOLÁTHAIR’ 9

6.

DLÍTHIÚLACHT 10

a)

Reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe 10

b)

Dícheall cuí maidir le dlíthiúlacht 12

7.

RAON TÁIRGÍ 13

a)

Soiléiriú – Ábhair phacála agus phacáistíochta 13

b)

Soiléiriú – Dramhaíl agus táirgí aisghafa 14

8.

COTHABHÁIL TRÁTHRIALTA AR CHÓRAS DÍCHILL CHUÍ 15

9.

TÁIRGÍ ILCHODACHA 16

a)

Ceanglais faisnéise 16

b)

Dícheall cuí maidir le táirgí ilchodacha: ráitis maidir le dícheall cuí atá ann cheana a úsáid 17

10.

RÓL NA SCÉIMEANNA DEMHNIÚCHÁIN AGUS SCÉIMEANNA FÍORÚCHÁIN TRÍÚ PÁIRTÍ MAIDIR LE MEASÚNÚ RIOSCA AGUS MAOLÚ RIOSCA 18

a)

Ról na scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí 19

b)

Faisnéis chúlra 21

11.

ÚSÁID TALMHAÍOCHTA 22

1.

Réamhrá 22

2.

Soiléiriú ar thiontú foraoise go talamh nach úsáid talmhaíochta is cuspóir di 23

3.

Sainmhíniú ar ‘Fhoraois’ 23

4.

Sainmhíniú ar ‘Úsáid talmhaíochta’ agus eisceachtaí 24

a)

Soiléiriú ar chríoch na talmhaíochta 24

b)

Soiléiriú ar an bpríomhúsáid talún 26

c)

Sainmhíniú ar ‘Plandáil talmhaíochta’ 26

d)

Soiléiriú ar ‘Chóras agrafhoraoiseachta’ 27

5.

Soiléiriú ar úsáid talún i gcás cineálacha iomadúla úsáide talún in aon limistéar amháin agus úsáid clárlann talún agus léarscáileanna cadastracha 27
IARSCRÍBHINN I 35
IARSCRÍBHINN II 41

RÉAMHRÁ

Le hAirteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (dá ngairtear an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú anseo feasta), leagtar amach go bhféadfaidh an Coimisiún treoirlínte a fhorbairt chun cur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin a éascú.

Níl an treoirdhoiciméad seo ceangailteach ó thaobh dlí de; is é an t-aon chuspóir atá leis faisnéis a sholáthar faoi ghnéithe áirithe den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú. Ní chuirtear an doiciméad in ionad fhorálacha an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú, ní chuireann sé leo ná ní leasaíonn sé iad, ar forálacha iad lena leagtar síos na hoibleagáidí dlíthiúla. Níor cheart an treoirdhoiciméad seo a mheas ina aonar; ní mór é a úsáid in éineacht leis an reachtaíocht, seachas mar thagairt ‘neamhspleách’.

Is ábhar tagartha úsáideach é an treoirdhoiciméad seo áfach d’aon duine ar gá dó an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú a chomhlíonadh ós rud é go soiléirítear a thuilleadh ann codanna sonracha den téacs reachtach, rud a fhágann gur féidir leis oibreoirí agus trádálaithe a threorú. Is féidir leis a bheith ina threoir freisin le haghaidh údaráis inniúla náisiúnta agus le haghaidh comhlachtaí forfheidhmiúcháin freisin agus le haghaidh cúirteanna náisiúnta sa phróiseas a bhaineann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

Pléadh agus forbraíodh na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa doiciméad seo i gcomhar le hionadaithe ainmnithe na mBallstát. Is féidir aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna breise nuair is ann do níos mó taithí ar an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú a chur i bhfeidhm agus sa chás sin, d’athbhreithneofaí an treoirdhoiciméad dá réir sin.

I gcás na saincheisteanna uile a dtugtar aghaidh orthu sa treoirdhoiciméad seo, ba cheart a thabhairt faoi deara i gcomhréir le hAithris (43) go gcuireann na sainmhínithe sa Rialachán seo le hobair Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide, Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra.

Tá prionsabal na comhréireachta ar cheann de na prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir le léirmhíniú agus forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais (3). Titeann an fhreagracht as forfheidhmiú na bhforálacha ar na Ballstáit.

1.   SAINMHÍNITHE AR ‘CUR AR AN MARGADH’, AR ‘CUR AR FÁIL AR AN MARGADH,’ AGUS AR ‘ONNMHAIRIÚ’

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú – Airteagal 2 – Sainmhínithe

Na hoibleagáidí ar oibreoirí a bhfuil feidhm acu faoi Airteagal 4, bíonn siad i gceist nuair atá sé beartaithe táirgí ábhartha ‘a chur ar an margadh’ nó ‘a onnmhairiú’ nó nuair a dhéantar táirgí ábhartha ‘a chur ar an margadh’ nó ‘a onnmhairiú’. Na hoibleagáidí ar thrádálaithe a bhfuil feidhm acu faoi Airteagal 5, bíonn siad i gceist nuair atá sé beartaithe tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha ‘a chur ar fáil an margadh’ nó nuair a dhéantar tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha ‘a chur ar fáil ar an margadh’ (féach Caibidil 4 c) den Treoirdhoiciméad seo freisin).

Forbhreathnú cásanna, lena mínítear na hoibleagáidí a bhfuil oibreoirí agus trádálaithe ar FBManna iad agus nach FBManna iad faoina réir nuair a dhéanann siad táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, tugtar an forbhreathnú sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirdhoiciméad seo. Léirítear leis na cásanna freisin na modhnuithe ar oibleagáidí le haghaidh oibreoirí ar FBManna iad atá níos faide síos sa slabhra soláthair (Airteagal 4(8)) agus le haghaidh oibreoirí agus trádálaithe nach FBManna iad (Airteagal 4(9)).

a)   Cur ar an margadh

Faoi Airteagal 2(16), déantar tráchtearra ábhartha nó táirge ábhartha ‘a chur ar an margadh’ i gcás ina gcuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair é. Ní chumhdaítear tráchtearraí ábhartha ná táirgí ábhartha a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana leis. Tagraíonn an coincheap ‘cur ar an margadh’ do gach tráchtearra nó táirge aonair, murab ionann agus cineál táirge, gan beann ar cé acu a monaraíodh nó nár monaraíodh mar aonad aonair nó mar shraith é.

b)   Cur ar fáil ar an margadh

Faoi Airteagal 2(18), déantar táirge ábhartha ‘a chur ar fáil ar an margadh’ má sholáthraítear ar an gcaoi seo a leanas é:

soláthraítear ar mhargadh an Aontais é lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid – ciallaíonn sé sin nach mór an táirge nó an tráchtearra ábhartha a bheith sna Aontas go fisiceach, agus gur lománaíodh nó gur táirgeadh san Aontas é, nó gur allmhairíodh isteach san Aontas é agus gur cuireadh faoi réir an nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ é. A mhéid a bhaineann le táirgí ábhartha a allmhairítear isteach san Aontas, ní bhíonn an stádas ‘earraí de chuid an Aontais’ acu sula dtugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad agus sula scaoileann na húdaráis chustaim i saorchúrsaíocht iad. Táirgí ábhartha a chuirtear faoi réir nósanna imeachta eile seachas ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ (e.g. an nós imeachta stórasaithe custaim, an nós imeachta um próiseáil isteach, an nós imeachta um chead isteach sealadach, an nós imeachta idirthurais), ní mheastar iad a bheith curtha ar an margadh faoin Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú; agus

soláthraítear le linn gníomhaíocht tráchtála é – ciallaíonn sé sin gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs a bhaineann leis an ngnó. D’fhéadfadh sé gur gníomhaíochtaí ar íocaíocht nó saor in aisce iad na gníomhaíochtaí tráchtála sin. Soláthar do thomhaltóirí neamhthráchtála agus gníomhaíochtaí nach ndéantar aon íocaíocht ina leith, tagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú (e.g. i gcás tabhartais nó gníomhaíochtaí pro bono). Ní fhorchuirtear aon cheanglas ar thomhaltóirí neamhthráchtála leis an Rialachán seo, ós rud é go bhfuil an tomhaltas agus an úsáid phríobháideach lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú.

Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint ó ‘cur ar fáil ar an margadh’ gurb éard atá ann an cás ina soláthraíonn trádálaí táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais (i) lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena n-úsáid agus (b) le linn a ghníomhaíochta tráchtála araon.

Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint ó ‘cur ar an margadh’ gurb éard atá ann an cás ina gcuireann oibreoir táirge ábhartha ar fáil ar mhargadh an Aontais (i) lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid, (ii) den chéad uair, agus (iii) le linn a ghníomhaíochta tráchtála.

Leis na sainmhínithe comhcheangailte ar ‘oibreoir’ (Airt. 2(15) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú) agus ar ‘le linn gníomhaíocht tráchtála’ (Airt. 2(19) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú), tugtar le fios maidir le haon duine a chuireann táirge ábhartha ar an margadh:

a)

lena dháileadh ar thomhaltóirí tráchtála nó neamhthráchtála, rud a chiallaíonn mar shampla, lena dhíol nó saor in aisce (cur i gcás, mar shampla de tháirge),

b)

chun próiseáil, nó

c)

lena úsáid ina ghnólacht féin

go mbeidh an duine faoi réir na gceanglas maidir le dícheall cuí agus nach mór dó ráiteas maidir le dícheall cuí a thíolacadh, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag simpliú (féach Airt. 4(8), 4(9) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú).

Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint ó ‘táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh’ gurb éard atá ann an cás ina ndéantar an méid seo a leanas go comhuaineach i dtaobh táirgí ábhartha:

dearbhaítear go gcuirtear na táirgí faoin nós imeachta ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ ar táirgí iad a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais. Táirgí a scaoileann na húdaráis chustaim i saorchúrsaíocht, is iad na táirgí sin amháin a mheastar a bheith curtha ar mhargadh an Aontais. Nósanna imeachta eile seachas ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ (e.g. an nós imeachta stórasaithe custaim, an nós imeachta um próiseáil isteach, an nós imeachta um chead isteach sealadach, etc.) ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú. agus

níl na táirgí beartaithe go díreach le haghaidh úsáid ná tomhailt phríobháideach laistigh de chríoch chustaim an Aontais. Táirgí atá beartaithe le haghaidh úsáid nó tomhailt phríobháideach (e.g. duine aonair a thugann táirgí den sórt sin leis ó thuras lasmuigh den Aontas dá úsáid nó dá thomhailt phríobháideach), ní thagann siad faoi réir an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú.

c)   Onnmhairiú

Faoi Airteagal 2(37), tagraíonn ‘onnmhairiú’ don nós imeachta custaim um onnmhairiú a leagtar síos in Airteagal 269 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (4) agus tagraíonn sé d’earraí de chuid an Aontais atá le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais.

Sonraítear in Airteagal 269 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nach mbeidh feidhm ag an nós imeachta um onnmhairiú maidir leis an méid seo a leanas: (a) earraí a chuirtear faoin nós imeachta próiseála amach; (b) earraí a thugtar amach as críoch custaim an Aontais tar dóibh a bheith faoin nós imeachta úsáide deiridh; (c) earraí a sheachadtar, agus a dhíolmhaítear ó CBL nó ó dhleacht máil, mar sholáthairtí aerárthach nó long, beag beann ar cheann scríbe an aerárthaigh nó na loinge, agus a bhfuil cruthúnas ag teastáil maidir leis an soláthar sin; (d) earraí a chuirtear faoin nós imeachta idirthurais inmheánaigh; (e) earraí a aistrítear go sealadach amach as críoch custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 155 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Ní thagann ath-onnmhairiú mar a leagtar síos in Airteagal 270 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 é faoi raon feidhme an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú. Ciallaíonn ath-onnmhairiú i ndáil leis sin, nár tugadh an stádas ‘earraí de chuid an Aontais; don tráchtearra ábhartha ná don táirge ábhartha agus go dtugtar amach as críoch chustaim an Aontais é tar éis taisceadh e.g. dearbhú ath-onnmhairithe.

Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint ó ‘táirgí ábhartha atá ag fágáil an mhargaidh’ gurb éard atá ann an cás ina ndearbhaítear táirgí ábhartha a bheith curtha faoin nós imeachta custaim um ‘onnmhairiú’ le linn gníomhaíocht tráchtála.

Cailleann an táirge ábhartha a stádas mar ‘earra de chuid an Aontais’ nuair a onnmhairítear ó chríoch chustaim an Aontais é, agus dá bhrí sin, meastar gur táirge nua é an táirge ábhartha nuair a thagann sé isteach ar mhargadh an Aontais ina dhiaidh sin, fiú i gcás ina bhfuil an cód CC céanna fós aige.

In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoraíocht seo, cuimsítear samplaí den chaoi a n-oibríonn léirmhíniú na dtéarmaí ‘cur ar an margadh’, ‘cur ar fáil ar an margadh’ agus ‘onnmhairiú’ sa chleachtas.

2.   SAINMHÍNIÚ AR ‘OIBREOIR’

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú – Airteagal 2(15) – Sainmhínithe; Airteagal 7 – cur ar an margadh a dhéanann oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha

Faoi Airteagal 2(15) is éard is oibreoir ann duine nádúrtha nó duine dlítheanach

a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn iad

le linn gníomhaíocht tráchtála.

Chun gur féidir oibreoirí a shainaithint ar bhonn comhsheasmhach, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir a róil de réir na caoi a gcuirtear na táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais, rud atá éagsúil ag brath ar cé acu a tháirgtear na táirgí lasmuigh nó laistigh den Aontas.

I gcás táirgí ábhartha a tháirgtear de réir Airteagal 2(14) laistigh den Aontas, is é an t-oibreoir de ghnáth an duine a dháileann na táirgí nó a úsáideann iad le linn gníomhaíocht tráchtála tar éis a dtáirgthe; d’fhéadfadh an táirgeoir nó an monaróir a bheith i gceist.

Duine a chlaochlaíonn táirge ábhartha ina tháirge ábhartha eile (cód nua CC de réir Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán) agus a chuireann ar an margadh é nó a onnmhairíonn ón margadh é, is oibreoir níos faide síos sa slabhra soláthair é.

I gcás tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha a tháirgtear lasmuigh den Aontas:

is é an t-oibreoir an duine a ghníomhaíonn mar allmhaireoir nuair a dhearbhaítear na tráchtearraí ábhartha nó na táirgí ábhartha a bheith curtha faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’. Is é an t-allmhaireoir an duine a shonraítear in eilimint ábhartha sonraí an dearbhaithe custaim, i gcás inarb infheidhme:

‘an t-allmhaireoir’ in eilimint sonraí 13 04 000 000 (Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (5));

eilimint sonraí DE 3/15 i leagan a bhí ann roimhe seo de Shamhail Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh;

‘an coinsíní’ i mbosca 8 den Doiciméad Riaracháin Aonair.

an duine atá ag gníomhú mar an t-allmhaireoir nuair a dhearbhaítear na tráchtearraí ábhartha nó na táirgí ábhartha a bheith curtha faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, i gcás nach bhfuil an duine sin bunaithe san Aontas, meastar an chéad duine nádúrtha nó duine dlítheanach a chuireann na táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh a bheith ina oibreoir freisin, i.e. cé nach oibreoir é de bhun an tsainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2(15), tá sé faoi réir oibleagáidí oibreora. Tagann an ceanglas sin sa bhreis ar an ngnáthoibleagáid ar an oibreoir atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus is é is aidhm dó a áirithiú gurb ann do ghníomhaí freagrach amháin atá bunaithe san Aontas i gcónaí.

I gcás táirgí ábhartha a allmhairítear isteach san Aontas, tá an sainmhíniú ar ‘oibreoir’ neamhspleách ar athrú úinéireachta an táirge agus ar shocruithe conarthacha eile. I gcás táirge de chuid an Aontais a chuirtear ar an margadh, is é an t-oibreoir de ghnáth an duine ar leis an tráchtearra nó an táirge ag an bpointe díola, d’fhéadfadh sé sin a bheith ag brath ar imthosca aonair an chomhaontaithe chonarthaigh áfach.

I gcás táirgí ábhartha a onnmhairítear ón Aontas, is é an t-oibreoir de ghnáth an duine a ghníomhaíonn mar an t-onnmhaireoir nuair a dhearbhaítear na táirgí ábhartha a bheith curtha faoin nós imeachta custaim um onnmhairiú. Is é an t-allmhaireoir an duine a shonraítear in eilimint ábhartha sonraí an dearbhaithe custaim, i gcás inarb infheidhme:

‘an t-onnmhaireoir’ in eilimint sonraí 13 01 000 000 (Iarscríbhinn B de Rialachán Tarmligthe 2015/2446);

Eilimint sonraí DE 3/1 i leagan a bhí ann roimhe seo de Shamhail Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh;

‘an coinsíneoir/an t-onnmhaireoir’ i mbosca 2 den Doiciméad Riaracháin Aonair.

Mínítear ról na n-oibreoirí a thuilleadh sna cásanna in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirdhoiciméad seo.

3.   AN DÁTA ÉIFEACHTA agus TRÁTHCHLÁR AN CHUR I bhFEIDHM

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú – Airteagal 1(2) Ábhar agus raon feidhme; Airteagal 37 – Aisghairm; Airteagal 38 – Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tháinig an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú i bhfeidhm an 29 Meitheamh 2023. Formhór na n-oibleagáidí ar oibreoirí agus ar thrádálaithe, agus ar na húdaráis inniúla lena n-áirítear iad siúd in Airteagail 3 go 13, Airteagail 16 go 24, Airteagail 26, 31, agus 32, beidh feidhm acu ón 30 Nollaig 2024 .

I gcás oibreoirí a bhí bunaithe mar mhicreaghnóthais nó mar ghnóthais bheaga faoin 31 Nollaig 2020 (i gcomhréir le hAirteagal 3(1) nó (2) de Threoir 2013/34/AE, faoi seach) tá feidhm ag na hoibleagáidí in Airteagail 3 go 13, Airteagail 16 go 24, Airteagail 26, 31 agus 32, ón 30 Meitheamh 2025 ar aghaidh ach amháin maidir leis na táirgí a chumhdaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 995/2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (6). Ciallaíonn sé sin go bhfuil idirthréimhse ann idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin (29 Meitheamh 2023) agus an cur i bhfeidhm (30 Nollaig 2024, arna chur siar go dtí an 30 Meitheamh 2025 le haghaidh gnóthais bheaga nó micreaghnóthais arna mbunú faoin 31 Nollaig 2020) lena ndíolmhaítear oibreoirí agus trádálaithe a dhéanann tráchtearraí agus táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais ó na príomhoibleagáidí faoin Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú le linn na hidirthréimhse.

Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis na tráchtearraí uile agus maidir leis na táirgí ábhartha gaolmhara uile cé is moite d’adhmad agus de tháirgí adhmaid a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú:

má chuirtear tráchtearra ábhartha nó táirge ábhartha ar an margadh le linn na hidirthréimhse a bhfuil feidhm aici maidir leis an oibreoir ar leith, níl feidhm ag oibleagáidí an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú maidir leis an oibreoir.

Thairis sin, aon táirge ábhartha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh tar éis an chur i bhfeidhm, ar táirge atá comhdhéanta ina iomláine de thráchtearraí nó de tháirgí a cuireadh ar an margadh le linn na hidirthréimhse, ní bheidh an táirge sin faoi réir oibleagáidí an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú. I gcásanna ina ndéanann oibreoirí agus trádálaithe meánmhéide agus móra atá níos faide síos an slabhra soláthair na táirgí sin nó táirgí a dhíorthaítear uathu a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh, mar gheall ar an teacht i bhfeidhm iarchurtha le haghaidh oibreoirí fiontar beag agus micrifhiontar (an 30 Meitheamh 2025), díolmhófar freisin na hoibreoirí agus na trádálaithe meánmhéide agus móra sin atá á dtrádáil.

Sna cásanna ar a dtugtar tuairisc thuas, teorannófar an oibleagáid ar oibreoirí atá níos faide síos sa slabhra soláthair (nó ar thrádálaithe a dhéanann an táirge ábhartha a cuireadh ar an margadh le linn na hidirthréimhse a chur ar fáil ina dhiaidh sin) d’fhianaise leorchinntitheach infhíoraithe a bhailiú chun a chruthú gur cuireadh an táirge ábhartha ar an margadh ar dtús roimh dháta (iarchurtha) cur i bhfeidhm an Rialacháin.

I gcás codanna de tháirge ábhartha díorthaithe a táirgeadh in éineacht le táirgí ábhartha eile a chuirtear ar an margadh ón 30 Nollaig 2024 ar aghaidh (nó ón 30 Meitheamh 2025 ar aghaidh i gcás micreaghnóthas nó gnóthais bheaga), beidh na hoibreoirí atá níos faide síos sa slabhra soláthair a chuireann an táirge ar an margadh agus na trádálaithe faoi réir oibleagáidí caighdeánacha an Rialacháin d’ainneoin go bhféadfadh sé go mbeadh codanna áirithe eile faoi réir na hidirthréimhse.

De réir Airteagal 1(2) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, níl feidhm ag an Rialachán má táirgeadh na táirgí ábhartha roimh an 29 Meitheamh 2023. Tagraíonn am agus áit an táirgthe do dháta táirgthe agus d’áit táirgthe an tráchtearra ábhartha, tá feidhm ag an méid sin maidir leis na tráchtearraí agus maidir leis na táirgí díorthaithe araon. I bhformhór na gcásanna, áfach, is éard a bheidh sa dáta táirgthe am bainte an tráchtearra, cé is moite de tháirgí eallaigh a dtosaíonn an t-am ábhartha táirgthe ina leith an dáta a bheirtear an t-eallach.

I gcás adhmaid agus táirgí adhmadmar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) den Rialachán lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh, tá feidhm ag rialacha speisialta, de bhun Airteagal 37(3) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú:

I gcás adhmad agus táirgí adhmaid a tháirgtear roimh an 29 Meitheamh 2023 agus:

a chuirtear ar an margadh roimh an 30 Nollaig 2024, ní mór na táirgí sin a bheith i gcomhréir le rialacha an Rialacháin lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh;

a chuirtear ar an margadh ón 30 Nollaig 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027: leanann rialacha an Rialacháin lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh d’fheidhm a bheith acu;

a chuirtear ar an margadh ón 31 Nollaig 2027, beidh na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú.

I gcás adhmad agus táirgí adhmaid a tháirgtear ón 29 Meitheamh 2023 go dtí an 30 Nollaig 2024 agus:

a chuirtear ar an margadh roimh an 30 Nollaig 2024, ní mór na táirgí sin a bheith i gcomhréir le rialacha an Rialacháin lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh;

a chuirtear ar an margadh ón 30 Nollaig 2024, ní mór na táirgí sin a bheith i gcomhréir le rialacha an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú.

Ní mór adhmad agus táirgí adhmaid a tháirgtear ón 30 Nollaig 2024 a bheith i gcomhréir le rialacha an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú.

4.   DÍCHEALL CUÍ AGUS SAINMHÍNIÚ AR ‘RIOSCA DIOMAIBHSEACH’

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir leis an dífhoraoisiúAirteagal 2(26) - Sainmhínithe; Airteagal 4 – Oibleagáidí oibreoirí, Airteagal 8 – Dícheall cuí; Airteagal 9 – Ceanglais faisnéise; Airteagal 10 – Measúnú riosca

De réir Airteagal 4(1), feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 8 sula gcuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireoidh siad iad chun a chruthú go gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3. Chun an méid sin a dhéanamh, agus i gcomhréir le hAirteagal 12(1) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, bunóidh oibreoirí creat nósanna imeachta agus beartas – córas díchill chuí – agus coinneoidh siad an creat sin cothrom le dáta, chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8 chun a áirithiú go bhfuil na táirgí ábhartha a chuireann siad ar an margadh nó a onnmhairíonn siad i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú. Tá oibreoirí freagrach as scrúdú agus as anailís chríochnúil a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí gnó féin, rud a fhágann gur gá sonraí ábhartha a bhailiú, a anailísiú agus – de réir mar is gá – bearta maolaithe riosca a ghlacadh, ach amháin má mheastar gur diomaibhseach an riosca neamhchomhlíontachta. . Ní mór gaol cúisíoch a bheith ann idir an bailiú sonraí, an anailís riosca agus an maolú riosca, agus ní mór dóibh a bheith ag freagairt do shaintréithe ghníomhaíochtaí gnó an oibreora agus na slabhraí soláthair.

Ní mór d’oibreoirí na critéir measúnaithe riosca a shonrú i gcomhréir le hAirteagal 10(2), ar critéir iad a bhreithníonn siad i ndáil leis na táirgí ábhartha a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú uaidh. Dá bhrí sin, ní mór na critéir measúnaithe riosca a shaincheapadh le haghaidh na dtáirgí ábhartha a bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir iad a chur ar an margadh nó a onnmhairiú uaidh.

a)   Measúnú riosca

Leis na ceanglais díchill chuí a leagtar amach in Airteagal 8, ceanglaítear ar an oibreoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

faisnéis, doiciméid agus sonraí a bhailiú ó gach soláthróir ar leith faoi na táirgí ábhartha atá faoi réir an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú (a liostaítear in Iarscríbhinn I) de bhun Airteagail 8 agus 9,

an fhaisnéis sin a fhíorú agus a anailísiú mar aon le faisnéis chomhthéacsúil eile agus measúnú riosca a dhéanamh ar an mbonn sin de bhun Airteagal 10, agus

beart maolaithe riosca a ghlacadh de bhun Airteagal 11, ach amháin más é an chonclúid ar an measúnú riosca a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 10 nach bhfuil aon riosca ann nó nach ann ach do riosca diomaibhseach go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach.

Sonraítear le hAirteagal 9(1) an fhaisnéis a bhaineann le táirgí nach mór measúnú a dhéanamh uirthi, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann go sonrach leis an táirge agus leis an slabhra soláthair. Sainaithnítear le hAirteagal 10(2) an fhaisnéis chomhthéacsúil bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca, mar shampla, staid na bhforaoisí laistigh den tír tháirgthe.

I gcás ina ndéantar na táirgí le tráchtearraí a dhíorthaítear ó roinnt foinsí nó geoshuíomhanna, is gá measúnú a dhéanamh ar an riosca i gcás gach foinse nó geoshuímh.

Ar bhonn na sonraí a bhailítear, ní mór cúraimí anailíse riosca atá sainithe go beacht a dhéanamh agus ní mór na catagóirí riosca a chinneadh. mar aon leis na bearta maolaithe riosca is gá a bhaineann leo. Ní féidir le hoibreoirí an leibhéal riosca a mheasúnú ach ar bhonn cás ar chás, ós rud é go mbraitheann sé ar roinnt tosca.

Is iomaí bealach atá ann an measúnú riosca a dhéanamh, ach ní mór don oibreoir aghaidh a thabhairt ar na critéir a liostaítear in Airteagal 10(2) maidir le gach táirge ábhartha. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna agus ar na breithnithe seo a leanas:

Cár táirgeadh an táirge?

Cad é leibhéal riosca sannta na tíre táirgthe nó codanna di, i gcomhréir le hAirteagal 29 (7)? Cad é an ráta cumhdaigh foraoise agus cad é leitheadúlacht (ráta) an díghrádaithe foraoise nó an dífhoraoisithe sa tír tháirgthe nó i gcodanna di? Cé chomh mór is atá leitheadúlacht (ráta) tháirgeadh neamhdhleathach an tráchtearra ábhartha laistigh den tír/de chodanna den tír?

Cad iad na rioscaí táirgeshonracha?

Is ann do dhifríochtaí móra sa chaoi a dtáirgtear na táirgí ábhartha éagsúla a liostaítear sa Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, rud a mbeidh tionchar aige ar an riosca i dtaobh neamhchomhlíonta. Mar shampla, bíonn amhábhar a tháirgtear sna céadta geoshuíomh ar leithligh i dtáirgí áirithe, nó téann táirgí áirithe faoi nósanna imeachta substaintiúla ceimiceacha nó fisiceacha le linn na monaraíochta.

An bhfuil an slabhra soláthair casta?

Chun soiléiriú a fháil ar choincheap ‘castacht an tslabhra soláthair’, féach Roinn 5.

An bhfuil aon chomhartha ann go bhfuil baint ag cuideachta sa slabhra soláthair le cleachtais a bhaineann le neamhdhleathacht, le dífhoraoisiú nó le díghrádú foraoisí?

Maidir le tráchtearraí nó táirgí ábhartha a cheannaítear ó chuideachta a raibh baint aici le cleachtais neamhdhleathacha, le dífhoraoisiú nó le díghrádú foraoisí, is mó an riosca go mbeidh na tráchtearraí nó na táirgí sin neamhchomhlíontach. Ar cuireadh isteach aon ábhar imní a bhfuil bunús leis maidir le cuideachtaí sa slabhra soláthair de bhun Airteagal 31? Ar sháraigh aon chuideachta laistigh den slabhra soláthair dlíthe ábhartha (8) agus ar ghearr an stát aon phionós mar gheall gur sáraíodh na dlíthe sin?

An bhfuil aon fhaisnéis chomhlántach ar fáil ó scéimeanna deimhniúcháin nó ó scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí faoi chuideachtaí laistigh den slabhra soláthair a bheith ag comhlíonadh an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú?

Chun soiléiriú a fháil ar ról scéimeanna fíorúcháin, féach Roinn 10.

Ar táirgeadh na táirgí ábhartha i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe?

Sainmhínítear reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe in Airteagal 2(40). Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi cheanglais dlíthiúlachta, féach Roinn 6.

An bhfuil imní ann i ndáil leis an tír tháirgthe agus an tír thionscnaimh nó codanna díobh, amhail an leibhéal éillithe, forleithne an bhrionnaithe doiciméad agus sonraí, easpa fhorfheidhmiú an dlí, sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, coinbhleacht armtha a bheith ann nó leitheadúlacht smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó Comhairle an Aontais Eorpaigh?

D’fhéadfadh na hábhair imní sin an bonn a bhaint d’iontaofacht roinnt doiciméad lena léirítear go bhfuil an reachtaíocht is infheidhme á comhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart leibhéal éillithe na tíre, innéacsanna riosca gnó agus táscairí ábhartha eile a bhreithniú.

Am gcuireann an soláthróir ar fáil na doiciméid uile lena léirítear comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, agus an bhfuil siad infhíoraithe láithreach?

I gcás ina bhfuil na doiciméid ábhartha uile réidh agus ar fáil arna iarraidh sin d’oibreoirí, is mó seans go bhfuil an slabhra soláthair seanbhunaithe agus go bhfuil an soláthróir ar an eolas faoi cheanglais an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú.

b)   Riosca diomaibhseach

Ba cheart coincheap an riosca dhiomaibhsigh a thuiscint i gcomhréir le hAirteagal 2(26), rud a chiallaíonn, ar bhonn measúnaithe iomláin ar fhaisnéis tháirgeshonrach agus ghinearálta de bhun Airteagal 10, agus i gcás inar gá, ar bhonn chur i bhfeidhm na mbeart maolaithe iomchuí de bhun Airteagal 11, nach mbaineann aon chúis imní leis na tráchtearraí ná leis na táirgí maidir le gan bheith i gcomhréir le hAirteagal 3(a) (gan dífhoraoisiú) nó (b) táirgeadh dleathach, i gcomhréir le reachtaíocht infheidhme na tíre táirgthe).

Ní liosta uileghabhálach é an liosta critéar measúnaithe riosca a leagtar amach in Airteagal 10(2); féadfaidh oibreoirí cinneadh critéir bhreise a chur i bhfeidhm i gcás ina gcabhródh na critéir sin leo cinneadh a dhéanamh maidir lena dhóchúla atá sé gur táirgeadh tráchtearra nó táirge ábhartha go neamhdhleathach nó nach raibh sé gan dífhoraoisiú, nó dá gcabhróidís leo táirgeadh dleathach nó gan dífhoraoisiú a chruthú.

I gcomhréir le hAirteagal 13, ní cheanglaítear ar oibreoirí ar FBManna iad ná ar oibreoirí nach FBManna iad a fhoinsíonn ó thíortha ísealriosca na hoibleagáidí faoi Airteagail 10 agus 11 a chomhlíonadh chun riosca diomaibhseach a bhaint amach tar éis dóibh a fhionnadh gur táirgeadh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha uile a chuireann siad ar an margadh nó a onnmhairíonn siad i dtíortha nó i gcodanna de thíortha a aicmíodh mar thíortha ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 (9). Tá feidhm ag na céimeanna a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 10 agus 11 áfach má fhaigheann oibreoir a fhoinsíonn ó thír ísealriosca aon fhaisnéis amach nó má chuirtear ar an eolas é faoi aon fhaisnéis a thabharfadh le fios dó go bhfuil riosca neamhchomhlíontachta nó teacht timpeall ann, féach Airteagal 13(2).

I gcás oibreoirí nach FBManna iad atá níos faide síos an slabhra soláthair, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag an simpliú faoi Airteagal 4(9) freisin, rud a chiallaíonn nach gá d’oibreoirí nach FBManna iad ach a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart níos faide suas sa slabhra soláthair. Maidir lena fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart, ní gá go dtabharfadh an méid sin le tuiscint nach mór gach uile ráiteas maidir le dícheall cuí a cuireadh isteach níos faide suas sa slabhra soláthair a sheiceáil go córasach. Mar shampla, d’fhéadfadh an t-oibreoir iartheachtach nach FBM é a fhíorú go bhfuil córas díchill chuí oibríochtúil agus cothrom le dáta i bhfeidhm ag na hoibreoirí réamhtheachtacha, lena n-áirítear beartais, rialuithe agus nósanna imeachta leormhaithe comhréireacha chun riosca neamhchomhlíontachta táirgí ábhartha a mhaolú agus a bhainistiú ar bhealach éifeachtach, d’fhonn a áirithiú go bhfeidhmítear an dícheall cuí i gceart agus ar bhonn tráthrialta.

I gcás inarb é conclúid an chleachtais measúnaithe riosca agus maolaithe riosca go nochtann aon cheann de na critéir riosca leibhéal neamhdhiomaibhseach riosca, ba cheart a mheas go mbaineann riosca neamhdhiomaibhseach leis an táirge, agus dá bhrí sin, ní chuirfidh an t-oibreoir an táirge ar mhargadh an Aontais ná ní onnmhaireoidh sé an táirge ó mhargadh an Aontais.

c)   Ról trádálaithe ar FBManna agus nach FBManna iad

De réir Airteagal 2(17) is éard is trádálaithe ann daoine sa slabhra soláthair, seachas oibreoirí, a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála.

Cé acu atá trádálaí faoi réir oibleagáidí díchill chuí nó nach bhfuil, braitheann an méid sin ar cé acu is FBM nó nach FBM é an trádálaí, rud a chinntear de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féach Airteagal 2(30) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú.

Más trádálaí nach FBM é an trádálaí, de réir Airteagal 5(1), tá feidhm ag na hoibleagáidí agus ag na forálacha maidir le hoibreoirí nach FBManna iad, rud a chiallaíonn nach mór don trádálaí nach FBM é a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí níos faide suas sa slabhra soláthair (féach an fhochaibidil roimhe seo).

I gcás trádálaithe ar FBManna iad, leagtar amach na hoibleagáidí is infheidhme in Airteagal 5(2) go (6) den Rialachán. Cuirfidh trádálaithe ar FBManna iad táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh má tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 5 (3) ina seilbh acu, arb éard atá inti go bunúsach céannacht a soláthróirí agus a gcliant corparáideach agus uimhreacha tagartha na ráiteas díchill chuí a bhaineann leis na táirgí, agus sa chás sin amháin. Ní gá do thrádálaithe ar FBManna iad dícheall cuí a fheidhmiú agus ní gá dóibh a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí níos faide suas sa slabhra soláthair. Is é an oibleagáid atá orthu inrianaitheacht na dtáirgí ábhartha a choinneáil ar bun, rud a chiallaíonn nach mór dóibh faisnéis a bhailiú agus a choimeád agus í a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh chun comhlíontacht a léiriú.

d)   Idirghníomhú leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach

Le Treoir 2024/1760 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach (10) (CSDDD), bunaítear creat cothrománach ginearálta le haghaidh dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht i gcás cuideachtaí an-mhór de chuid an Aontais agus nach de chuid an Aontais iad. Leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, soláthraítear creat earnála le haghaidh an dífhoraoisithe maidir le gnéithe áirithe den dícheall cuí i gcás táirgí áirithe. Tá raonta feidhme éagsúla ag an Treoir maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus ag an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú ach tá siad comhlántach, agus ba cheart iad araon a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach chun dícheall cuí éifeachtach a áirithiú. I gcás nach dtagann na rialacha sonracha maidir le dícheall cuí faoin Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú le rialacha ginearálta na Treorach maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach, tá forlámhas ag forálacha an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú, ós lex specialis iad, thar rialacha ginearálta na Treorach maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach(lex generalis) a mhéid a bhaineann leis an neamhréir, sa mhéid go ndéantar foráil leo maidir le hoibleagáidí níos fairsinge nó níos sonraí lena saothraítear na cuspóirí céanna. Leagtar amach an riail sin in Airteagal 1(3) den Treoir maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus leanann sé prionsabail dhlí an Aontais, lena dtugtar tosaíocht do lex specialis thar lex generalis i gcásanna den sórt sin.

5.   SOILÉIRIÚ AR ‘CASTACHT AN tSLABHRA SOLÁTHAIR’

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú- Airteagal 8 - Dícheall cuí; Airteagal 9 – Ceanglais faisnéise; Airteagal 10 – Measúnú riosca; Airteagal 11 – Maolú riosca

Liostaítear ‘castacht an tslabhra soláthair ábhartha’ go sainráite mar chritéar measúnaithe riosca in Airteagal 10(2)(i) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú agus dá bhrí sin, tá sé ábhartha don chuid den nós imeachta díchill chuí a bhaineann leis an measúnú riosca agus leis an maolú riosca. Is ceann é de roinnt critéar den chuid den nós imeachta díchill chuí a bhaineann leis an measúnú riosca agus leis an maolú riosca a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11.

Is é an réasúnaíocht is bonn leis an gcritéar sin go bhféadfadh sé go mbeadh sé ní ba dheacra táirgí ábhartha a rianú ar ais chuig an tír tháirgthe agus chuig na dáileachtaí talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha i gcás inar casta an slabhra soláthair, agus is toisc é sin a bhaineann le riosca níos mó neamhchomhlíonta. Neamhréir san fhaisnéis agus sna sonraí ábhartha agus fadhbanna a bhaineann leis an bhfaisnéis is gá a fháil ag aon phointe sa slabhra soláthair, féadfaidh na nithe sin an riosca a mhéadú go rachaidh tráchtearraí nó táirgí neamhchomhlíontacha isteach sa slabhra soláthair. Is é an phríomhcheist atá ann a mhéid atá sé indéanta na tráchtearraí ábhartha a fhaightear i dtáirge ábhartha a rianú ar ais chuig na dáileachtaí talún inar táirgeadh iad.

Méadófar an riosca neamhchomhlíontachta má fhágann castacht an tslabhra soláthair go bhfuil sé deacair an fhaisnéis a shainaithint a cheanglaítear faoi Airteagal 9(1) agus faoi Airteagal 10(2) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú. I gcás inarb ann do chéimeanna neamhaitheanta sa slabhra soláthair nó i gcás ina dtagann aon fhaisnéis eile chun cinn lena dtugtar neamhchomhlíonadh le fios, d’fhéadfaí teacht ar an gconclúid go bhfuil an riosca neamhdhiomaibhseach.

Méadaíonn castacht an tslabhra soláthair de réir mar a mhéadaíonn an líon próiseálaithe agus idirghabhálaithe idir na dáileachtaí talún sa tír tháirgthe agus an t-oibreoir nó an trádálaí. D’fhéadfadh méadú teacht ar an gcastacht freisin i gcás ina n-úsáidtear níos mó ná táirge ábhartha amháin chun táirge ábhartha nua a mhonarú, nó i gcás ina bhfoinsítear tráchtearraí ábhartha ó roinnt tíortha táirgthe. Ar an taobh eile, is dócha go mbeidh an nós imeachta díchill chuí níos simplí i slabhraí soláthair gairide, agus d’fhéadfadh slabhra soláthair gairid, go háirithe i gcás an díchill chuí shimplithe faoi Airteagal 13, a bheith ina thoisc a chuidíonn lena léiriú gurb ann do riosca diomaibhseach go dtiocfar timpeall ar an Rialachán.

Chun measúnú a dhéanamh ar chastacht an tslabhra soláthair, féadfaidh oibreoirí agus trádálaithe an liosta (neamh-uileghabhálach) ceisteanna seo a leanas a úsáid i gcás táirgí ábhartha atá le cur ar mhargadh an Aontais, atá le cur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó atá le honnmhairiú ó mhargadh an Aontais:

An raibh roinnt próiseálaithe agus/nó céimeanna sa slabhra soláthair sula ndearadh táirge ábhartha ar leith a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais?

An bhfuil tráchtearraí ábhartha a fhoinsítear ó dháileachtaí éagsúla agus/nó ó thíortha éagsúla táirgthe sa táirge ábhartha?

An táirge an-phróiseáilte é an táirge ábhartha (a bhféadfadh roinnt táirgí ábhartha eile a bheith ann féin)?

I gcás adhmaid,

an ann do níos mó ná speiceas crainn amháin sa táirge ábhartha?

ar trádáladh an t-adhmad agus/nó na táirgí adhmaid i níos mó ná tír amháin?

ar próiseáladh nó ar monaraíodh aon táirge próiseáilte ábhartha i dtríú tíortha sula ndearnadh iad a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais?

6.   DLÍTHIÚLACHT

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir leis an dífhoraoisiúAirteagal 2(40) – Sainmhínithe agus Airteagal 3(b) – Toirmeasc

De réir Airteagal 3 den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, ní dhéanfar tráchtearraí ábhartha ná táirgí ábhartha a chur ná a chur ar fáil ar an margadh, ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

a)

tá siad gan dífhoraoisiú,

b)

táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe; agus

c)

cumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí.

Ní mór na táirgí ábhartha a bheith i gcomhréir leis na trí chritéar ar leithligh agus ina n-aonar; seachas sin, ní dhéanfaidh oibreoirí agus trádálaithe nach FBManna iad na táirgí a chur ar an margadh, a chur ar fáil ar an margadh ná a onnmhairiú.

a)   Reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe

Is é an bunús chun a chinneadh ar táirgeadh tráchtearra ábhartha nó táirge ábhartha i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe ná reachtaíocht na tíre ina ndearnadh an tráchtearra, nó i gcás táirge, an tráchtearra is cuid den táirge ábhartha, a fhás ar dháileachtaí ábhartha talún, a bhaint nó a fháil uathu, nó a thógáil orthu, nó i gcás eallaigh, i mbunaíochtaí.

Tá cur chuige solúbtha i gceist leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, mar a liostaítear roinnt réimsí dlí gan dlíthe ar leith a shonrú, ós rud é nach ionann iad ó thír go tír agus go bhféadfaidís a bheith faoi réir leasuithe. Is éard atá sa reachtaíocht ábhartha de bhun Airteagal 2(40) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, áfach, na dlíthe is infheidhmemaidir le stádas dlíthiúil an limistéir táirgthe agus iad sin amháin. Ciallaíonn sé sin ar bhonn ginearálta nach gcinntear ábharthacht na ndlíthe le haghaidh an cheanglais dlíthiúlachta in Airteagal 3(b) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú mar gheall go bhféadfadh feidhm a bheith acu go ginearálta le linn an phróisis táirgthe tráchtearraí nó go bhféadfadh feidhm a bheith acu maidir le slabhraí soláthair na dtáirgí ábhartha agus na dtráchtearraí ábhartha, ach go gcinntear ábharthacht na ndlíthe sin i bhfianaise go bhfuil tionchar nó éifeacht shonrach ag na dlíthe sin ar stádas dlíthiúil an limistéir ina dtáirgtear na tráchtearraí.

Chomh maith leis sin, ní mór Airteagal 2(40) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú a léamh i bhfianaise chuspóirí an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú mar a leagtar síos in Airteagal 1(1)(a) agus (b) iad, rud a chiallaíonn go bhfuil reachtaíocht ábhartha freisin más féidir inneachar na reachtaíochta sin a nascadh le stop a chur leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí i gcomhthéacs ghealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta.

Sonraítear an reachtaíocht ábhartha sin a thuilleadh i bpointí (a) go (h) d’Airteagal 2(40). Leis an liosta seo a leanas, tugtar roinnt samplaí nithiúla atá chun críoch léirithe amháin agus nach féidir a mheas mar shamplaí uileghabhálacha:

Cearta úsáide talún, lena n-áirítear dlíthe maidir le lománú agus táirgeadh ar an talamh nó maidir le bainistíocht na talún; mar shampla

reachtaíocht maidir le haistriú talún go háirithe talamh talmhaíochta nó foraoisí,

reachtaíocht maidir le hidirbheart léasa talún.

Cosaint an chomhshaoil. Is ann do nasc leis an gcuspóir chun stop a chur leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí, laghdú a chur ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó an bhithéagsúlacht a chosaint, mar shampla sna cineálacha reachtaíochta seo a leanas:

reachtaíocht maidir le limistéir faoi chosaint,

reachtaíocht maidir le cosaint an dúlra agus athbhunú dúlra,

reachtaíocht maidir le cosaint agus caomhnú an fhiadhúlra agus na bithéagsúlachta,

reachtaíocht maidir le speicis atá i mbaol,

reachtaíocht maidir le forbairt talún.

Rialacha a bhaineann le foraoisí, lena n-áirítear bainistiú foraoisí agus caomhnú na bithéagsúlachta, i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu le lománaíocht adhmaid, mar shampla

reachtaíocht maidir le cosaint agus caomhnú foraoisí, agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí,

reachtaíocht frith-dhífhoraoisithe,

cearta chun adhmad a lománú laistigh de na teorainneacha a bhfuil taifead orthu le dlí.

Cearta tríú páirtithe, lena n-áirítear cearta úsáide agus cearta tionachta a ndéanann táirgeadh na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha difear dóibh, agus cearta úsáide talún traidisiúnta pobal dúchasach agus pobal áitiúil; d’fhéadfadh an méid sin cearta bunchíosa nó cearta úsáide a chuimsiú.

Cearta oibrithe agus cearta an duine a chosnaítear faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil feidhm acu maidir le daoine atá i láthair i limistéar táirgthe na dtráchtearraí ábhartha a mhéid atá ábhartha don Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú agus a chuspóirí á gcur san áireamh nó a bhfuil feidhm acu maidir le daoine a bhfuil cearta acu ar limistéar táirgthe na dtráchtearraí nó na dtáirgí ábhartha, lena n-áirítear cearta pobal dúchasach agus pobal áitiúil, más infheidhme iad nó má tá siad san áireamh sa reachtaíocht náisiúnta faoi leith; mar shampla, cearta talún, cearta ar chríocha agus ar acmhainní, cearta maoine, cearta i ndáil le conarthaí, comhaontuithe agus socruithe cuiditheacha eile idir pobail dhúchasacha agus Stáit.

Prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré, lena n-áirítear mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach. Is féidir treoraíocht bhreise a fháil maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré, mar shampla trí Oifig Ard-Choimisinéara na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine mar a dtugtar aird air nach mór toiliú a bheith mar chuspóir comhairliúcháin ag Stáit sula ndéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

sula dtugtar faoi thionscadail a dhéanann difear do chearta pobal ar thalamh, ar chríoch agus ar acmhainní, lena n-áirítear mianadóireacht agus úsáid nó saothrú eile acmhainní,

sula n-athlonnaítear pobail dhúchasacha óna dtalamh nó óna gcríocha,

sula ndéantar aisíocaíocht nó cúiteamh iomchuí eile i gcás ina ndearnadh tailte a choigistiú, a thógáil nó a fhorghabháil nó i gcás ina ndearnadh damáiste do na tailte sin, gan saorthoiliú feasach roimh ré na bpobal dúchasach ar leo iad.

Rialacháin chánach, frithéillithe, trádála agus chustaim.

Dlíthe is infheidhme maidir leis na slabhraí soláthair ábhartha a theann isteach i margadh an Aontais, nó a imíonn uaidh, i gcás ina bhfuil nasc sonrach acu le cuspóirí an Rialacháin, nó, i gcás dlíthe trádála agus custaim, i gcás ina mbaineann siad go sonrach le hearnálacha ábhartha na talmhaíochta nó an táirgthe adhmaid.

b)   Dícheall cuí maidir le dlíthiúlacht

Ní mór d’oibreoirí a bheith ar an eolas faoin reachtaíocht atá ann i ngach ceann de na tíortha óna bhfoinsíonn siad maidir le stádas dlíthiúil an limistéir táirgthe. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an reachtaíocht ábhartha, i measc nithe eile:

Dlíthe náisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear reachtaíocht thánaisteach ábhartha,

Dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear conarthaí agus comhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha, mar is infheidhme sa dlí náisiúnta trína gcódú agus trína gcur chun feidhme, faoi seach.

Faoi Airteagal 9(1)(h) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, ní mór faisnéis, lena n-áirítear doiciméid agus sonraí lena léirítear comhlíonadh reachtaíocht infheidhme na tíre táirgthe a bhailiú mar chuid den oibleagáid maidir le dícheall cuí. Cuimsítear sa mhéid sin faisnéis a bhaineann le haon socrú lena dtugtar an ceart an limistéar faoi leith a úsáid chun an tráchtearra ábhartha a tháirgeadh. An gá le teideal talún nó doiciméadacht eile a bhaineann le socrú, braitheann an méid sin ar an reachtaíocht náisiúnta; mura gceanglaítear a bheith i seilbh teidil talún faoin dlí náisiúnta chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh agus a thráchtálú, ní cheanglaítear faoin Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú é.

An oibleagáid doiciméid nó faisnéis eile a bhailiú, braitheann sé ar chórais rialála éagsúla na dtíortha, ós rud é nach gceanglaíonn gach ceann acu doiciméadacht shonrach a eisiúint. Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint go gcuimsítear leis an oibleagáid an méid seo a leanas i gcás inarb infheidhme:

Doiciméid oifigiúla a eisíonn údaráis tíortha, mar shampla, údaruithe riaracháin,

Doiciméid lena léirítear oibleagáidí conarthacha, lena n-áirítear conarthaí agus comhaontuithe le pobail dhúchasacha nó le pobail áitiúla,

Faisnéis chomhlántach a eisíonn scéimeanna deimhniúcháin poiblí agus príobháideacha nó scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí,

Cinntí breithiúnacha,

Measúnuithe tionchair, pleananna bainistíochta, tuarascálacha iniúchta comhshaoil.

D’fhéadfadh na doiciméid bhreise seo a leanas a bheith úsáideach freisin:

Doiciméid lena léirítear beartais agus cóid iompair na cuideachta,

Comhaontuithe freagrachta sóisialta idir gníomhaithe príobháideacha agus sealbhóirí cirt tríú páirtí,

Tuarascálacha sonracha ar éilimh agus ar choinbhleachtaí tionachta agus ceart.

Féadfar faisnéis, lena n-áirítear doiciméid agus sonraí, a bhailiú i gcóip chrua nó i bhfoirm leictreonach.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór an fhaisnéis, lena n-áirítear doiciméid agus sonraí, a bhailiú faoi Airteagal 9(1)(h) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú freisin chun críocha an mheasúnaithe riosca (Airteagal 10 den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú) agus nár cheart féachaint air mar cheanglas neamhspleách, ach amháin sa chás ina bhfoinsítear an táirge go hiomlán ó thíortha ísealriosca nó ó chodanna de thíortha ísealriosca. Sa chás ina ndéantar an foinsiú go hiomlán ó thíortha ísealriosca nó ó chodanna de thíortha ísealriosca (11), de réir Airteagal 13 den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, ní mór d’oibreoirí ar FBManna iad agus nach FBManna iad na bearta seo a leanas a dhéanamh chun tuairisc a thabhairt ar an measúnú riosca i gcás ina bhfaigheann na hoibreoirí eolas a thugann neamhchomhlíonadh nó teacht timpeall le fios nó i gcás ina gcuirtear ar an eolas iad faoi fhaisnéis den sórt sin.

De réir Airteagal 10(1) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, ní mór measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear ina hiomláine chun inrianaitheacht agus comhlíontacht a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair. Ní mór an fhaisnéis uile a anailísiú agus a fhíorú, rud a chiallaíonn nach mór d’oibreoirí a bheith in ann meastóireacht a dhéanamh ar inneachar agus ar iontaofacht na ndoiciméad a bhailíonn siad agus na naisc idir an fhaisnéis éagsúil i ndoiciméid éagsúla a thuiscint. De ghnáth, ba cheart don oibreoir na nithe seo a leanas a sheiceáil mar chuid den mheasúnú:

An bhfuil na doiciméid éagsúla i gcomhréir le chéile agus le faisnéis eile atá ar fáil,

Cad é go díreach a chruthaíonn gach doiciméad,

Cén córas (e.g. rialú a dhéanann údaráis, iniúchadh neamhspleách, etc.) ar a bhfuil an doiciméad bunaithe,

Iontaofacht agus bailíocht gach doiciméid, rud a chiallaíonn an dóchúlacht go ndearnadh é a fhalsú nó a eisiúint go neamhdhleathach.

Ba cheart d’oibreoirí bearta réasúnta a dhéanamh chun iad féin a shásamh gur fíordhoiciméid iad na doiciméid sin, ag brath ar an measúnú a dhéanann siad ar an staid ghinearálta sa tír tháirgthe. Maidir leis sin, ba cheart don oibreoir an riosca éillithe (e.g. breabaireacht, claonpháirteachas nó calaois) a chur san áireamh freisin. Soláthraíonn foinsí éagsúla faisnéis atá ar fáil ar bhonn ginearálta maidir leis an leibhéal éillithe i dtír nó i réigiún fonáisiúnta, mar shampla, Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú de chuid Transparency International agus innéacsanna idirnáisiúnta aitheanta comhchosúla eile nó faisnéis ábhartha (12).

I gcásanna ina meastar go bhfuil leibhéal ard éillithe ann, d’fhéadfadh sé go mbeadh an tuiscint ann nach féidir a mheas go bhfuil doiciméid iontaofa, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le fíorú breise. Sna cásanna sin, ní mór cúram speisialta a dhéanamh de na doiciméid a sheiceáil ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh cúis ann amhras a chur ina n-inchreidteacht.

Seachas a bheith ag brath ar innéacsanna idirnáisiúnta, d’fhéadfadh oibreoirí liostaí coinníollacha agus leochaileachtaí a sheiceáil, lena n-áirítear fianaise atá ann cheana ar chleachtas éillitheach, rud lena léirítear go bhfuil riosca níos mó ann agus dá bhrí sin, go bhfuil gá le leibhéal níos mó grinnscrúdaithe. Áirítear le samplaí d’fhianaise bhreise den sórt sin scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí (féach Roinn 10 den treoraíocht seo), iniúchtaí neamhspleácha nó féindéanta, nó teicneolaíochtaí/modhanna fóiréinseacha a úsáid chun na áirgí ábhartha a rianú, rud lena gcuidítear le léirithe ar éilliú nó ar neamhdhleathacht a nochtadh.

Oibreoirí agus trádálaithe iartheachtacha nach FBManna iad, tá sé d’oibleagáid orthu a fhionnadh gur fheidhmigh an t-oibreoir réamhtheachtach dícheall cuí, lena n-áirítear maidir le dlíthiúlacht, féach Airteagal 4(9) den Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú. Agus faisnéis, doiciméadacht agus sonraí á mbailiú chun na críche sin, ní mór d’oibreoirí agus do thrádálaithe iartheachtacha urraim a thabhairt do na rialacha cosanta sonraí agus do na rialacha iomaíochta is infheidhme.

7.   RAON TÁIRGÍ

a)   Soiléiriú – Ábhair phacála agus phacáistíochta

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú - Airteagal 2 -Sainmhínithe; Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú

Le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú, leagtar amach an liosta tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a aicmítear san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (13).

Cumhdaítear le Cód CC 4819 : ‘Cartáin, boscaí, cásanna, málaí agus coimeádáin eile phacála, déanta as páipéar, páipéarchlár, flocas ceallalóise nó as uigí de shnáithíní ceallalóise; comhaid bhosca, tráidirí litreach, agus earraí comhchosúla, as páipéar nó as páipéarchlár, de chineál a úsáidtear in oifigí, i siopaí nó a leithéidí’.

Má chuirtear aon cheann de na hearraí thuas ar an margadh nó má onnmhairítear iad mar tháirgí astu féin, seachas mar phacáil le haghaidh táirge eile, sa chás sin cumhdaítear leis an Rialachán iad agus dá bhrí sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú.

Má úsáidtear ábhar pacála, mar a aicmítear faoi chód CC 4819 é, chun ‘tacú le táirge eile nó chun táirge eile a chosaint nó a iompar’, ní chumhdaítear leis an Rialachán é.

Le Cód CC 4415 cumhdaítear: ‘Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe comhchosúla, atá déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad’.

Má chuirtear aon cheann de na hearraí thuas ar an margadh nó má onnmhairítear iad mar tháirgí astu féin, sa chás sin cumhdaítear leis an Rialachán iad agus dá bhrí sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú.

Earraí faoi 4415 a úsáid go heisiach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar, ní chumhdaítear leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú iad.

Laistigh de na catagóirí sin, déantar idirdhealú breise idir pacáil a mheastar a thugann a ‘bhuntréith’ do tháirge agus pacáil a mhúnlaítear agus a fheistítear ar tháirge sonrach ach nach dlúthchuid den táirge féin í. Le Riail ghinearálta 5 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, (14) soiléirítear na difríochtaí sin, agus cuirtear samplaí i láthair thíos. Is dócha nach mbeidh na hidirdhealuithe breise sin ábhartha do chuid bheag de na hearraí atá faoi réir an Rialacháin áfach.

Mar achoimre, tá na nithe seo a leanas faoi réir an Rialacháin:

Pacáil a chuirtear ar an margadh mar tháirgí as féin;

Coimeádáinlena dtugtar buntréith dá chuid do tháirge: e.g. boscaí bronntanais maisiúla.

Níl na nithe seo a leanas faoi réir an Rialacháin:

Pacáil a chuirtear i láthair agus earraí laistigh di agus a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile nó chun táirge eile a chosaint nó a iompar;

Lámhleabhair úsáideora a ghabhann le loingsithe, ach amháin i gcás ina gcuirtear ar an margadh iad astu féin.

b)   Soiléiriú – Dramhaíl agus táirgí aisghafa

Reachtaíocht ábhartha: Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú - Aithris (40); Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú; Treoir 2008/98/CE - Airteagal 3(1)

Le linn a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, láimhseálann oibreoirí agus trádálaithe táirgí úsáidte a bhfuil deireadh a saolré bainte amach acu, agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin. Ciallaíonn dramhaíl substaint nó réad a dhiúscraíonn an sealbhóir nó a bhfuil sé beartaithe aige a dhiúscairt nó a bhfuil sé de cheangal air a dhiúscairt (Treoir 2008/98/CE, Airteagal 3(1)). Eisiatar na táirgí sin ó raon feidhme an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin go n-eisiatar na hoibreoirí agus na trádálaithe sin ó oibleagáidí an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú sna cásanna sin.

Tá feidhm ag an díolúine sin maidir le hearraí a táirgeadh ina n-iomláine ó ábhar a bhfuil deireadh a shaolré bainte amach aige agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin (e.g. adhmad a aisghabhadh ó fhoirgnimh a bhaint as a chéile, nó earraí a dhéantar as fuíoll caife).

Níl feidhm ag an díolúine sin i leith na nithe seo a leanas:

Seachtháirgí próisis monaraíochta a bhaineann le hábhar nach dramhaíl é sa chiall gur substaint nó réad é a dhiúscraíonn an sealbhóir nó a bhfuil sé beartaithe ag an sealbhóir a dhiúscairt nó a bhfuil sé de cheangal air a dhiúscairt.

Táirgí fuíll mar a shonraítear mar tháirgí laistigh de raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú (e.g. táirgí faoi chód CC 1802: blaoscanna, mogaill agus craicne cócó agus fuíoll eile cócó).

C1: An bhfuil sliseanna adhmaid agus min sáibh a tháirgtear mar sheachtháirgí sábhmhuilleoireachta faoi réir an Rialacháin?

Tá, tagann siad faoi raon feidhme chód CC 4401 atá faoi réir an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú. Tá sé sin amhlaidh mar gheall go bhféadfaí sliseanna adhmaid agus min sáibh a úsáid mar adhmad tine agus dá bhrí sin, nach bhfuil deireadh a saolré bainte amach acu. Eisceacht ba ea sliseanna adhmaid/min sáibh a úsáidtear mar phacáistíocht amháin chun tacú le táirge eile nó chun táirge eile a chosaint nó a iompar.

C2: An bhfuil troscán a dhéantar as adhmad a aisghabhtar tar éis teach a scartáil faoi réir an Rialacháin?

Níl, i gcás ina ndéantar na táirgí sin go hiomlán as ábhar aisghafa a bhfuil deireadh a shaolré bainte amach aige agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin, níl siad faoi réir an Rialacháin. Dá mbeadh aon mhéid d’ábhar neamh-athchúrsáilte sna táirgí áfach, bheadh an chuid sin faoi réir an Rialacháin.

C3: An bhfuil táirgí páipéir priontáilte agus neamhphriontáilte a dhéantar as páipéar athchúrsáilte faoi réir an Rialacháin?

Níl, má tá na táirgí déanta go hiomlán as ábhar athchúrsáilte, níl siad faoi réir an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú. Dá mbeadh aon mhéid de laíon neamh-athchúrsáilte sna táirgí áfach, bheadh an laíon sin faoi réir an Rialacháin.

C4: An bhfuil millíní breosla a dhéantar as craobhacha folmha toraidh nó blaoscanna eithne pailme, seachtháirgí den phróiseáil pailme ola, faoi réir an Rialacháin?

Tá. Is seachtháirgí fuíll sholadaigh iad craobhacha folmha toraidh agus blaoscanna eithne pailme, fiú i bhfoirm millíní, den phróiseas eastósctha ola pailme agus cumhdaítear iad faoi chód CC 2306 60 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú.

C5: An bhfuil táirgí déanta as leathar athchúrsáilte eallaigh faoi réir an Rialacháin?

Níl, más leathar athchúrsáilte ar fad é an leathar a úsáidtear sa táirge, níl an táirge faoi réir an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú. Dá mbeadh aon mhéid de leathar neamh-athchúrsáilte sna táirgí áfach, bheadh an leathar sin faoi réir an Rialacháin.

C6: An bhfuil dríodar caife, a úsáidtear in earraí níocháin nó i leasachán, faoi réir an Rialacháin?

Níl, más dramhaíl ó chaifé iad, mar shampla, agus dá gcaithfí amach iad murach sin.

C7: An gcumhdaítear leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú táirgí ábhartha i gcás ina dtáirgtear iad ó thráchtearraí neamhábhartha?

Níl feidhm ag an Rialachán maidir le táirgí a dhéantar as tráchtearraí neamhábhartha, fiú i gcás ina dtagann na táirgí sin faoin Ainmníocht Chomhcheangailte chéanna a dtagann na táirgí ábhartha a dhéantar as tráchtearraí ábhartha fúithi. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ábhartha a dhéantar as tráchtearraí ábhartha agus maidir leis na táirgí sin amháin.

Tá an cás amhlaidh sna cásanna seo a leanas, mar shampla:

i.

tagann ola pailme ó Elaeis guineensis faoin raon feidhme, ach ní thagann ola babasú ó Attalea speciosa faoi raon feidhme an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú,

ii.

tagann rubar ó Hevea brasiliensis faoin raon feidhme, agus ní thagann balata, gutta-percha, guayule, chicle agus gumaí nádúrtha comhchosúla a tháirgtear ó speicis eile faoi raon feidhme an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú, ná táirgí rubair shintéisigh,

iii.

tagann táirgí adhmaid faoin raon feidhme, ach ní thagann táirgí ratáin faoi raon feidhme an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú.

8.   COTHABHÁIL TRÁTHRIALTA AR CHÓRAS DÍCHILL CHUÍ

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú - Airteagal 12 – Córais díchill chuí a bhunú agus a chothabháil, tuairisciú agus taifid a choimeád

Chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8, ní mór d’oibreoirí creat a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta ar creat é lena ndéantar nósanna imeachta agus bearta a dhoiciméadú, a anailísiú, a fhíorú agus a thuairisciú (‘córas díchill chuí’). Is é is aidhm don dícheall cuí faoin Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú toradh éigeantach a bhaint amach trí fhianaise a thabhairt ar phróisis chomhsheasmhacha in oibríochtaí gnólachtaí. Tá sé tábhachtach, i gcomhréir le hAirteagal 12(2) go ndéanfaidh oibreoir athbhreithniú ar a chóras díchill chuí uair sa bhliain ar a laghad chun a áirithiú go bhfuil na daoine atá freagrach ag leanúint na nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir leo, go bhfuil na próisis atá i bhfeidhm éifeachtach agus go bhfuil an toradh éigeantach á bhaint amach. Ba cheart d’oibreoirí córas an díchill chuí a thabhairt cothrom le dáta má thugtar le fios dóibh le linn an athbhreithnithe nó ag aon phointe eile gurb ann d’fhorbairtí nua a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chóras an díchill chuí, mar shampla, éifeachtacht agus cuimsitheacht na gcéimeanna nó na nósanna imeachta laistigh den chóras. Ní mór aon athrú a dhéantar chun córas an díchill chuí a thabhairt cothrom le dáta a thaifeadadh agus na taifid a choimeád ar feadh 5 bliana.

Is féidir le duine laistigh d’eagraíocht an oibreora an t-athbhreithniú a dhéanamh (ba cheart an duine sin a bheith neamhspleách orthu siúd a chuireann na nósanna imeachta i gcrích) nó féadfaidh comhlacht seachtrach é a dhéanamh. Ba cheart aon laige nó cliseadh a shainaithint leis an athbhreithniú agus ba cheart do bhainistíocht an oibreora sprioc-amanna a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar na laigí nó ar na clistí sin.

I gcás córas díchill chuí maidir le táirge ábhartha, ba cheart a sheiceáil san athbhreithniú, mar shampla, gurb ann do nósanna imeachta doiciméadaithe maidir leis na nithe seo a leanas:

Nósanna imeachta um an fhaisnéis, na sonraí agus na doiciméid is gá a bhailiú chun comhlíontacht a léiriú.

Nósanna imeachta um measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le táirgí ábhartha nó tráchtearraí ábhartha nach bhfuil gan dífhoraoisiú nó nár táirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe a bheith sa táirge ábhartha nó in aon chomhpháirt den táirge ábhartha.

Nósanna imeachta um thuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe a dhéanamh de réir an leibhéil riosca.

Ba cheart a sheiceáil san athbhreithniú freisin go bhfuil tuiscint ar gach céim na daoine atá freagrach as gach céim de na nósanna imeachta a dhéanamh agus go bhfuil gach céim á gcur chun feidhme acu agus go bhfuil rialuithe leormhaithe ann chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta éifeachtach sa chleachtas (i.e. go sainaithnítear leo táirgí ábhartha lena mbaineann riosca neamhdhiomaibhseach neamhchomhlíonta agus go n-eisiatar an táirge sin mar thoradh orthu). Tugtar le fios leis an dea-chleachtas gur cheart an t-athbhreithniú a dhoiciméadú mar fhianaise ar an athbhreithniú, ar chéimeanna an athbhreithnithe agus ar thorthaí an athbhreithnithe.

9.   TÁIRGÍ ILCHODACHA

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir le dífhoraoisiú – Airteagal 4 – Oibleagáidí oibreoirí; Airteagal 9 – Ceanglais faisnéise; Airteagal 33 – Córas faisnéise

Féadfaidh oibreoirí agus trádálaithe déileáil le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú, táirgí ina bhfuil táirgí ábhartha eile nó tráchtearraí ábhartha eile nó a dhéantar go páirteach astu. Sa chleachtas, tagraítear dóibh sin uaireanta mar ‘tháirgí ilchodacha’ cé nach téarma dlíthiúil é sin a úsáidtear sa Rialachán maidir le dífhoraoisiú.

Leagtar amach sa Rialachán maidir le dífhoraoisiú rialacha chun a áirithiú go ndéantar na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha, atá i dtáirgí ábhartha, nó óna ndéantar táirgí ábhartha, a shainaithint go cuí le linn dhícheall cuí an oibreora de bhun Airteagal 8. Tá gá leis sin chun a áirithiú go bhfuil na táirgí ábhartha uile i gcomhréir leis an Rialachán.

Ní mór d’oibreoirí na ceanglais faisnéise a liostaítear faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh mar chuid dá ndícheall cuí maidir leis na táirgí ábhartha atá á gcur ar an margadh acu nó atá á n-onnmhairiú ón margadh acu. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil feidhm ag Airteagal 9 freisin maidir le trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad a bheidh ag ‘cur ar fáil ar an margadh’ a gcuid táirgí ábhartha. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith casta speiceas, tionscnamh agus geoshuíomhanna tráchtearraí ábhartha atá i dtáirgí ábhartha a shainaithint, go háirithe i gcás táirgí athdhéanta, amhail páipéar, clár snáithíneach agus clár cáithníneach, nó táirgí an-phróiseáilte, amhail ullmhóidí bia ina bhfuil cócó, ach éilítear an fhaisnéis sin chun na táirgí a chur ar an margadh nó a onnmhairiú. Le haghaidh tuilleadh tagartha, féach Iarscríbhinn II den Treoirdhoiciméad seo,

Ina theannta sin, agus táirgí ábhartha á gcur ar mhargadh an Aontais nó á n-onnmhairiú, má bhíonn táirgí ábhartha eile iontu nó má dhéantar iad as táirgí ábhartha eile (mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú), táirgí eile nach raibh faoi réir dícheall cuí roimhe sin, ní mór don oibreoir dícheall cuí a dhéanamh ar na codanna sin den táirge ábhartha. Tá feidhm aige sin maidir le hoibreoirí FBManna agus oibreoirí nach FBManna iad araon (Airteagal 4(8) agus (9)).

a)   Ceanglais faisnéise

Mar chuid dá ndícheall cuí de bhun Airteagal 8, ní mór d’oibreoirí, agus tuairisc á tabhairt acu ar a dtáirgí ábhartha, i gcomhréir leis na ceanglais faisnéise faoi Airteagal 9, liosta a áireamh de na tráchtearraí ábhartha nó de na táirgí ábhartha atá ina dtáirgí ábhartha nó a úsáidtear chun na táirgí sin a dhéanamh.

Ciallaíonn sé sin gur gá d’oibreoirí faisnéis a bhailiú maidir le tráchtearraí ábhartha a bheith laistigh de na táirgí ábhartha atá á gcur ar an margadh nó á n-onnmhairiú acu. Cuimsíonn an fhaisnéis sin geoshuíomh na dtráchtearraí ábhartha atá sna táirgí ábhartha, nó a úsáidtear chun na táirgí ábhartha a dhéanamh, mar aon le tuilleadh faisnéise in Airteagal 9(1). Faoi Airteagal 9, chun na ceanglais maidir le faisnéis gheoshuímh le haghaidh a dtáirgí ábhartha a chomhlíonadh, áireoidh oibreoirí an méid seo a leanas:

geoshuíomh gach dáileachta talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha atá sna táirgí ábhartha nó a úsáideadh chun na táirgí ábhartha sin a dhéanamh, agus

dáta nó raon ama an táirgthe.

Más rud é go bhfuil tráchtearraí ábhartha a táirgeadh ar dháileachtaí talún éagsúla i dtáirge ábhartha, nó más rud é go ndearnadh an táirge ábhartha leis na tráchtearraí ábhartha sin, ní mór geoshuíomh na ndáileachtaí talún éagsúla uile a sholáthar. Maidir le táirgí ábhartha atá comhdhéanta d’eallach nó a rinneadh as eallach, de réir Airteagal 2(29) tagraíonn an ceanglas geoshuímh do gach áitreabh nó struchtúr atá bainteach leis an eallach a thógáil, lena gcuimsítear an áit bhreithe, feirmeacha inar coinníodh iad - i gcás feirmeoireacht faoin aer, aon timpeallacht nó áit, inar coinníodh beostoc ar bhonn sealadach nó buan -, go dtí tráth an mharaithe.

Má bhíonn aon dífhoraoisiú nó díghrádú foraoise ar aon cheann de na dáileachtaí talún a shainaithnítear le haghaidh aon cheann de na táirgí ábhartha laistigh de tháirge ábhartha ar ‘táirge ilchodach’ é, ní féidir an táirge sin a chur ar an margadh ná a chur ar fáil ar an margadh ná a onnmhairiú ansin (Airteagal 9(1)(d)).

Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 9 ainm coiteann agus ainm eolaíoch iomlán gach speicis, le haghaidh táirgí ábhartha ina bhfuil adhmad nó a rinneadh as adhmad. D’fhéadfadh sé a bheith casta i gcásanna áirithe na speicis uile laistigh de gach comhpháirt ábhartha a shainaithint le haghaidh táirgí ilchodacha an-phróiseáilte, amhail clár cáithníneach, páipéar agus leabhair chlóite. Mar sin féin, má úsáidtear speicis éagsúla chun an táirge a tháirgeadh, mar shampla, speicis éagsúla adhmaid, beidh ar an oibreoir liosta a sholáthar de gach speiceas adhmaid a d’fhéadfadh a bheith úsáidte chun an táirge adhmaid a tháirgeadh. Ba cheart na speicis a liostú i gcomhréir leis an ainmníocht adhmaid a nglactar léi go hidirnáisiúnta (e.g. DIN EN 13556 an 1 Deireadh Fómhair 2003 maidir le ‘hAinmníocht adhmad a úsáidtear san Eoraip’).

b)   Dícheall cuí maidir le táirgí ilchodacha: ráitis maidir le dícheall cuí atá ann cheana a úsáid

Maidir le hoibreoirí a bhfuil ‘táirgí ilchodacha’ á gcur ar an margadh acu nó á n-onnmhairiú acu (mar shampla troscán a dhéantar as táirgí adhmaid ábhartha eile), féadfaidh siad tagairt a dhéanamh do ráitis maidir le dícheall cuí atá ann cheana i gcás inarb infheidhme. Nuair atá oibreoirí nach FBManna iad ag cur ráitis isteach sa Chóras Faisnéise (a thuairiscítear in Airteagal 33), féadfaidh siad tagairt a dhéanamh do ráitis maidir le dícheall cuí a cuireadh isteach cheana sa Chóras Faisnéise, ach ní fhéadfaidh siad déanamh amhlaidh ach amháin i gcásanna inar fhionn siad gur feidhmíodh i gceart an dícheall cuí le haghaidh na dtáirgí atá i dtáirgí ábhartha nó atá déanta astu, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (9).

Féadfar tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis atá i ráitis maidir le dícheall cuí atá ann cheana chun na ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 9 a chomhlánú. Mar shampla, féadfar an fhaisnéis gheoshuímh le haghaidh tráchtearraí a shainaithint sa ráiteas maidir le dícheall cuí i dtaca le táirge ábhartha atá sa táirge ábhartha atá an t-oibreoir ag iarraidh a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, agus ní gá an fhaisnéis sin a sholáthar arís má dhéantar tagairt don ráiteas réamhtheachtach maidir le dícheall cuí. Is féidir tagairt a dhéanamh sa Chóras Faisnéise trí uimhir thagartha ráitis réamhtheachtaigh maidir le dícheall cuí a iontráil nuair a chuirtear ráiteas nua isteach. Maidir le hoibreoirí agus trádálaithe a chuireann ráitis maidir le dícheall cuí isteach, beidh siad in ann a chinneadh an mbeidh an fhaisnéis gheoshuímh atá ina ráitis a chuirtear isteach sa Chóras Faisnéise inrochtana agus infheicthe d’oibreoirí iartheachtacha trí na ráitis tagartha maidir le dícheall cuí laistigh den Chóras Faisnéise.

Ar an iomlán, beidh forbairt agus feidhmiú an Chórais Faisnéise i gcomhréir leis na forálacha infheidhme maidir le cosaint sonraí. Ina theannta sin, beidh bearta slándála i bhfeidhm sa chóras lena n-áiritheofar sláine agus rúndacht na faisnéise a bheidh sa Chóras Faisnéise.

De réir Airteagal 4(7), soláthróidh na hoibreoirí – lena n-áirítear FBManna – an fhaisnéis uile is gá chun comhlíontacht an táirge a léiriú, lena n-áirítear na huimhreacha tagartha díchill chuí d’oibreoirí agus do thrádálaithe níos faide síos an slabhra soláthair. De réir Airteagal 4(8), ní cheanglaítear ar oibreoirí FBManna dícheall cuí a fheidhmiú i gcás táirgí ábhartha atá i dtáirge ábhartha nó atá déanta as táirge ábhartha a ndearnadh dícheall cuí orthu cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 4(1) más rud é gur cuireadh ráiteas maidir le dícheall cuí isteach ina leith cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 33. Ní mór d’oibreoirí FBManna uimhir thagartha an ráitis maidir le dícheall cuí a sholáthar don údarás inniúil arna iarraidh sin dó. Ní mór d’oibreoirí FBManna dícheall cuí a fheidhmiú agus ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach le haghaidh codanna de tháirgí ábhartha nach raibh faoi réir dícheall cuí cheana féin nó nár cuireadh isteach aon ráiteas maidir le dícheall cuí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4(8).

10.   RÓL NA SCÉIMEANNA DEMHNIÚCHÁIN AGUS SCÉIMEANNA FÍORÚCHÁIN TRÍÚ PÁIRTÍ MAIDIR LE MEASÚNÚ RIOSCA AGUS MAOLÚ RIOSCA

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir le dífhoraoisiúAithris (52); Airteagal 10(2)(n) – Measúnú riosca

Is minic a úsáidtear scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí chun riachtanais shonracha custaiméara a chomhlíonadh maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin caighdeán lena dtugtar tuairisc ar chleachtais nach mór a chur chun feidhme le linn tháirgeadh na dtráchtearraí deimhnithe, lena gcuimsítear prionsabail, critéir agus táscairí; ceanglais maidir le comhlíonadh na ndeimhnithe caighdeánacha agus dámhachtana a sheiceáil; agus deimhniú líne cúraim ar leithligh chun dearbhú a sholáthar feadh an tslabhra soláthair nach bhfuil i dtáirge ach ábhar deimhnithe nó ábhar fíoraithe tríú páirtí ó tháirgeoirí sainaitheanta agus deimhnithe nó ó tháirgeoirí fíoraithe tríú páirtí (nó i gcásanna áirithe céatadán sonraithe d’ábhar deimhnithe nó d’ábhar fíoraithe tríú páirtí).

Aithnítear sa Rialachán maidir le dífhoraoisiú go bhféadfaí, leis na scéimeanna deimhniúcháin agus le scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí eile, faisnéis úsáideach a sholáthar maidir le comhlíonadh an Rialacháin sa mheasúnú riosca i dtaca le hAirteagal 10 trí thacú le fianaise go bhfuil táirgí dleathach agus gan dífhoraoisiú. Tá sé sin faoi réir an choinníll go gcomhlíonann an fhaisnéis sin na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 9, mar a shonraítear in Airteagal 10(2)(n).

Go deimhin, is eagraíocht nach rannpháirtí í i dtáirgeadh ná i slabhra soláthair an tráchtearra ábhartha a oibríonn scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí. Ina theannta sin, is minic a úsáidtear cuid de na scéimeanna sin chun a fhíorú go bhfuil caighdeáin nó rialacha áirithe á leanúint, ach ní gá go gciallódh sin go ndeimhnítear an táirge féin leo.

Tá an treoraíocht seo dírithe go príomha ar pháirtithe leasmhara atá ag breithniú úsáid a bhaint as scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí i bhfianaise an bhreisluacha a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le faisnéis chomhlántach a sholáthar, amhail maidir le comhordanáidí geoshuímh agus tacú le measúnú riosca na n-oibreoirí a dhéantar mar chuid dá nós imeachta díchill chuí go bhfuil táirgí ábhartha dleathach agus gan dífhoraoisiú. Leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú, ní dhéantar an méid seo a leanas: : (1) ní chuirtear d'oibleagáid ar oibreoirí úsáid a bhaint as scéimeanna den sórt sin, (2) ní chuirtear d'oibleagáid ar tháirgeoirí clárú leo, ná (3) ní chuirtear d'oibleagáid ar thíortha is táirgeoirí scéimeanna den sórt sin a fhorbairt. Ní ceanglas dlíthiúil é úsáid a bhaint as scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí, ach is cinneadh deonach ón oibreoir é.

Is féidir ról tábhachtach a bheith ag scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí maidir le cleachtais inbhuanaithe talmhaíochta agus foraoiseachta agus foinsiú freagrach a chur chun cinn, trédhearcacht sa slabhra soláthair a chothú agus comhlíonadh a éascú. Tabhair faoi deara go bhfuil scéimeanna féindearbhúcháin nach mbraitheann ar nósanna imeachta fianaithe tríú páirtí lasmuigh de raon feidhme na treoraíochta seo agus, de réir sainmhínithe, nach bhfuil siad chomh láidir céanna mar gheall ar easpa neamhspleáchais agus neamhchlaontachta.

Tá an treoraíocht seo dírithe go príomha ar pháirtithe leasmhara atá ag breithniú úsáid a bhaint as scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí i bhfianaise an bhreisluacha a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le faisnéis chomhlántach a sholáthar, amhail maidir le comhordanáidí geoshuímh agus tacú le measúnú riosca na n-oibreoirí a dhéantar mar chuid dá nós imeachta díchill chuí go bhfuil táirgí ábhartha dleathach agus gan dífhoraoisiú. Má chinneann oibreoirí úsáid a bhaint as na scéimeanna sin, tá an treoraíocht seo ceaptha chun cuidiú leo measúnú a dhéanamh ar a mhéid is féidir leis na scéimeanna sin tacú leo ceanglais an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú a chomhlíonadh.

Tá an treoir seo ábhartha freisin d’údaráis inniúla náisiúnta trína chur i bhfios go láidir, cé gur féidir scéimeanna den sórt sin a úsáid sa nós imeachta um measúnú riosca faoi Airteagal 10, nach féidir leo ionad fhreagracht an oibreora a ghlacadh a mhéid a bhaineann le dícheall cuí de bhun Airteagal 8. Ciallaíonn sé sin nach dtugtar le fios le húsáid scéimeanna den sórt sin ‘lána glas’, ós rud é go gceanglaítear ar an oibreoir i gcónaí dícheall cuí a fheidhmiú agus go bhfuil sé faoi dhliteanas mura gcomhlíonann sé ceanglais díchill chuí an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú.

Tá éagsúlacht mhór scéimeanna ann i dtéarmaí a raon feidhme, a gcuspóirí, a struchtúir agus a modhanna oibriúcháin. Idirdhealú tábhachtach amháin is ea (1) an mbraitheann nó nach mbraitheann siad ar nós imeachta fianaithe tríú páirtí, agus ar an gcaoi sin iad, grúpáiltear iad i scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí ar thaobh amháin agus (2) scéimeanna féindearbhúcháin ar an taobh eile. Tá na scéimeanna féindearbhúcháin lasmuigh de raon feidhme an treoirdhoiciméid seo agus, de réir sainmhínithe, níl siad chomh láidir céanna mar gheall ar easpa neamhspleáchais agus neamhchlaontachta.

a)   Ról na scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí

Agus breithniú á dhéanamh ar úsáid a bhaint as faisnéis arna soláthar ag scéim deimhniúcháin nó ag scéim fíorúcháin tríú páirtí sa nós imeachta um measúnú riosca faoi Airteagal 10 mar fhianaise thacaíochta go bhfuil an táirge dleathach agus gan dífhoraoisiú, ba cheart d’oibreoir, mar chéad chéim, a chinneadh an bhfuil caighdeáin na scéime i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú. I ndáil leis sin, ba cheart a chur in iúl go bhféadfaidh oibreoirí scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí nó scéimeanna deimhniúcháin a úsáid freisin chun ceanglais áirithe den Rialachán a chomhlíonadh, agus na ceanglais sin amháin.

Le scéimeanna deimhniúcháin agus le scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí, ceanglaítear de ghnáth ar eagraíochtaí tríú páirtí a bheith in ann a gcáilíochtaí a léiriú chun measúnuithe a dhéanamh trí phróiseas creidiúnaithe lena leagtar síos caighdeáin le haghaidh scileanna iniúchóirí agus na córais nach mór do na heagraíochtaí deimhniúcháin cloí leo. De ghnáth bíonn lipéad ar tháirgí deimhnithe nó fíoraithe ar a bhfuil ainm agus cineál na heagraíochta deimhniúcháin nó fíorúcháin chomh maith leis na ceanglais le haghaidh an phróisis iniúchóireachta. D’fhéadfadh sé go n-éileodh an scéim freisin go gcuimseofar an fhaisnéis sin sna doiciméid fhoirmiúla a ghabhann leis an loingsiú. De ghnáth, beidh na heagraíochtaí sin in ann faisnéis a sholáthar maidir le cumhdach an deimhnithe agus maidir leis an gcaoi ar cuireadh i bhfeidhm é i dtír tháirgthe na dtáirgí ábhartha, lena n-áirítear sonraí faoi chineál agus minicíocht na n-iniúchtaí allamuigh.

Is féidir measúnú a dhéanamh ar scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí de réir trí phríomhghné: 1) ‘na caighdeáin ábhartha’, i.e. ceanglais oibriúcháin, raon feidhme, nósanna imeachta, beartais le haghaidh cuideachtaí a chloíonn leis na scéimeanna sin, 2) ‘an cur chun feidhme leis na scéimeanna’, i.e. a mhéid a chuirtear na caighdeáin chun feidhme, lena n-áirítear na bearta is gá a chur chun feidhme chun comhlíontacht a áirithiú, agus trí iniúchtaí chomh maith agus 3) ‘gnéithe rialachais’/measúnú creidiúnachta na scéimeanna, amhail an trédhearcacht, próisis ráthaíochta, formhaoirseacht etc. Ba cheart don oibreoir an fhaisnéis sin a athmheasúnú go tráthrialta, go háirithe i ndáil le ceanglais an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú.

Maidir le ceanglais an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú, a mhéid atá sé sin ábhartha don fhaisnéis a sholáthraítear leis an scéim deimhniúcháin nó leis an scéim fíorúcháin tríú páirtí, mar shampla ba cheart d’oibreoirí grinnscrúdú a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas den scéim deimhniúcháin nó den scéim fíorúcháin tríú páirtí faoi 1) ‘na caighdeáin ábhartha’:

bailíocht, barántúlacht, agus cuimsiú faoi raon feidhme dheimhniú nó fhíorú tríú páirtí chomhlachas an deimhnithe le haghaidh tráchtearra nó táirge ábhartha,

ceanglais dhlíthiúla ábhartha a chuimsiú agus a chomhlíonadh, amhail an t-ailíniú leis an sainmhíniú ar ‘gan dífhoraoisiú’ agus scoithdháta an 31 Nollaig 2020, mar a shonraítear in Airteagail 2 agus 3 den Rialachán maidir le dífhoraoisiú,

measúnú ar an riosca neamhchomhlíontachta maidir le dlíthiúlacht an táirge ábhartha agus agus na ceanglais maidir le bheith gan dífhoraoisiú i gcás an táirge ábhartha,

inrianaitheacht na dtáirgí ábhartha, lena n-áirítear trí gheoshuíomh siar go dtí an dáileacht talún,

an fhéidearthacht ábhar arb eol a thionscnaimh agus ábhar de thionscnamh anaithnid a mheascadh laistigh de shamhail na líne cúraim (rud nach bhfuil inghlactha faoin Rialachán maidir le dífhoraoisiú) (15). Féadfaidh meascán d’ábhar deimhnithe agus neamhdheimhnithe ó fhoinsí éagsúla a bheith i dtáirge ábhartha a bhfuil deimhniú líne cúraim aige, ar ina leith nach mór faisnéis a fháil an ndearnadh seiceálacha ar an gcuid neamhdheimhnithe agus an soláthraíonn na seiceálacha sin fianaise leormhaith gur comhlíonadh ceanglais an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú. Dá bhrí sin, ní mór an nós imeachta díchill chuí a chur i gcrích le haghaidh an táirge ábhartha ina iomláine.

an fhéidearthacht maischothromaíocht a úsáid i gcás ina measctar táirgí comhlíontacha le táirgí de thionscnamh anaithnid (rud nach bhfuil inghlactha faoin Rialacháin maidir le dífhoraoisiú) (16),

cumas na scéime faisnéis a éilítear a sholáthar in éineacht le fianaise atá ‘leorchinntitheach infhíoraithe’, mar a leagtar amach in Airteagal 9.

Ar an dara dul síos, faoi 2) ‘an cur chun feidhme leis na scéimeanna’, ba cheart d’oibreoirí an méid seo a leanas a mheas:

inrochtaineacht faisnéise maidir le rialachas na scéime, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara leis an scéim, agus achoimrí ar iniúchtaí,

bunachar sonraí saor in aisce a bhfuil rochtain ag an bpobal air faoi shealbhóirí deimhniúcháin, a raon feidhme cumhdaigh, a mbailíocht, dáta fionraí nó foirceanta a stádais deimhniúcháin agus tuarascálacha iniúchóireachta gaolmhara,

seiceálacha trédhearcacha tréimhsiúla, randamacha agus neamhspleácha (lena n-áirítear trí iniúchtaí) ar chomhlíontacht na scéime deimhniúcháin nó na scéime fíorúcháin tríú páirtí lena gcaighdeáin, lena rialacha agus lena nósanna imeachta féin,

rialú ar chainníocht agus ar thionscnamh ábhar deimhnithe ar fud an tslabhra soláthair, lena n-áirítear, mar shampla, anailís anatamaíoch, cheimiceach nó DNA a úsáid chun faisnéis maidir le hinrianaitheacht an táirge nó an tslabhra soláthair a fhíorú,

rialuithe éifeachtacha chun méideanna a fhíorú ar fud na slabhraí soláthair (17),

stampaí/éilimh chomhchosúla a úsáid a thagraíonn do chineálacha éagsúla scéimeanna,

tuarascálacha cuí-réasúnaithe atá ann cheana maidir le heasnaimh nó fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an scéim deimhniúcháin nó leis an scéim fíorúcháin tríú páirtí lena mbaineann sna tíortha óna dtionscnaíonn na tráchtearraí nó na táirgí ábhartha,

tuarascálacha cuí-réasúnaithe atá ann cheana a bhaineann le táirgeoir nó le trádálaí ar leith a úsáideann an scéim deimhniúcháin nó an scéim fíorúcháin tríú páirtí lena mbaineann.

Faoi 3) ‘maidir le rialú scéimeanna’, ba cheart d’oibreoirí na gnéithe seo a leanas a mheas:

coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann,

méid agus torthaí rialuithe ar chalaois agus ar éilliú,

comhlíontacht na scéime deimhniúcháin nó na scéime fíorúcháin tríú páirtí le caighdeáin idirnáisiúnta nó Eorpacha (e.g. na treoracha ISO ábhartha),

iarmhairtí agus smachtbhannaí i gcás sáruithe chomh maith le gníomhaíochtaí ceartaitheacha, chomh maith leis sin, i dtéarmaí deimhniú a chur ar fionraí go dtí go mbeidh bearta ceartaitheacha á ndéanamh, agus aird á tabhairt freisin ar luas an nós imeachta um údarú a chúlghairm agus a athbhunú chun deimhniú a eisiúint do tháirgí,

forálacha maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a chuimsiú, lena gcumasaítear agus lena gcuirtear chun cinn rannpháirtíocht feirmeoirí beaga (más ábhartha) sa scéim.

faisnéis faoi neamhspleáchas eagraíochtaí tríú páirtí a sholáthraíonn na seirbhísí deimhniúcháin nó fíorúcháin ábhartha mar eagraíochtaí creidiúnaithe. Maidir le dearbhuithe nó uiríll ón scéim, ó iniúchóirí scéim-chleamhnaithe nó ó iniúchóirí tríú páirtí a bhíonn ag gabháil don scéim chun a nósanna imeachta dearbhaithe a chomhlíonadh, níor cheart brath orthu ina n-aonar ná níor cheart glacadh leis go bhfuil siad cinntitheach. Ba cheart tuairimí páirtithe leasmhara ábhartha eile a chur san áireamh, lena n-áirítear rannpháirtithe sa scéim, ceardchumainn, comhlachais oibrithe agus feirmeoirí beaga, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus eagraíochtaí iniúchóireachta agus dearbhaithe tríú páirtí, má tá na tuairimí sin le fáil go réasúnach.

b)   Faisnéis chúlra

Is scéimeanna poiblí nó príobháideacha iad scéimeanna deimhniúcháin agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí, ag brath ar a samhail rialachais, bíodh siad á reáchtáil ag an rialtas nó ná bíodh. Is féidir iad a bheith sainordaitheach nó deonach, ag brath ar an bhfuil siad ceangailteach ó thaobh dlí de. Úsáideann an t-oibreoir scéimeanna príobháideacha go deonach, agus is minic a bhíonn scéimeanna poiblí sainordaitheach (cé nach gá gurb amhlaidh) agus bunaithe ag na tíortha óna bhfoinsítear táirgí. Is é is aidhm do scéimeanna deimhniúcháin poiblí agus príobháideacha agus scéimeanna fíorúcháin tríú páirtí araon dea-chaighdeáin chomhshaoil a aithint trí dheimhniúchán, agus dá bhrí sin chuir go leor acu le hinbhuanaitheacht na táirgeachta talmhaíochta a mhéadú ar fud an domhain.

Mar sin féin, sa mheasúnú tionchair a rinneadh roimh an Rialachán maidir le dífhoraoisiú, a bhí ina fhorbairt ar staidéir ábhartha eile, sainaithníodh roinnt ábhair imní maidir le scéimeanna den sórt sin, lena n-áirítear an imní go bhfuil leibhéil éagsúla trédhearcachta acu, agus go bhfuil rialacha, nósanna imeachta agus córais dearbhaithe cáilíochta éagsúla i bhfeidhm acu, chomh maith le hábhair imní a bhaineann le faireachán, nochtadh agus forfheidhmiú. Le linn a n-oibrithe, cuireadh imní in iúl freisin maidir le héifeachtúlacht agus sláine na gcóras líne cúraim agus maidir lena leochaileacht i leith calaoise. Ina theannta sin, is laige i scéimeanna príobháideacha áirithe é an easpa iniúchtaí neamhspleácha. I staidéar sonrach a choimisiúnaigh an Coimisiún maidir le Scéimeanna Deimhniúcháin agus Fíorúcháin san Earnáil Foraoise agus le haghaidh Táirgí Adhmadbhunaithe, fuarthas torthaí comhchosúla, rud a léirigh easpa trédhearcachta agus an riosca go mbeadh faisnéis pháirteach nó mhíthreorach ann fiú (18).

Is féidir ardchaighdeáin, i dtéarmaí cumhdaigh agus cur chun feidhme araon, a chuimsiú i scéimeanna fíorúcháin sainordaitheacha poiblí a bhfuil bearta ceangailteacha ag gabháil leo. Tá sé ríthábhachtach go gcumhdaítear leo gach oibreoir eacnamaíoch i dtír (an cur ar an margadh agus onnmhairí araon san áireamh) chun lúba ar lár agus sceitheadh a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar oibreoirí eacnamaíocha a bheith ann nach gcumhdaítear leis an scéim. Is féidir leo cuimsiú níos fearr feirmeoirí beaga a áirithiú freisin tríd an tacaíocht is gá a sholáthar chun fadhb na gcostas a shárú, fadhb a mheastar a bheith mór go minic, toisc go bhfuil FBManna faoi mhíbhuntáiste maidir le deimhniú a bhaint amach i gcomparáid le hoibreoirí agus trádálaithe is mó mar gheall ar bharainneachtaí scála.

A mhéid a bhaineann le hiontaofacht agus ábharthacht scéimeanna príobháideacha agus poiblí araon, ba cheart na gnéithe uile is infheidhme dá gcaighdeáin a bheith i gcomhréir leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú (ar an leibhéal céanna, nó níos airde ná é), go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar ‘gan dífhoraoisiú’, ceanglais gheoshuímh agus trédhearcacht agus dlíthiúlacht an táirgthe.

Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach n-áirítear sna scéimeanna uile caighdeáin agus measúnuithe a bhaineann le dlíthiúlacht tháirgeadh an tráchtearra ábhartha, agus d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha, dá bhrí sin, seiceáil a dhéanamh ar na ceanglais dlíthiúlachta a chumhdaítear leis na scéimeanna, i dtéarmaí na ndlíthe a chumhdaítear leo, agus i dtéarmaí na gcritéar nó na dtáscairí ar a bhfuiltear ag brath chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht. Mar shampla, d’fhéadfadh scéimeanna a bheith éagsúil maidir lena sainmhínithe ar a bhfuil le meas mar ‘dlí’ ábhartha nó ‘dlíthiúil’ sa tír tháirgthe nó maidir leis na táscairí nach mór a bhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí neamhdhleathachta.

Cinnteoireacht agus rialachas inmheánach, lena n-áirítear rannpháirtíocht dhíreach gníomhaithe sa slabhra soláthair a fhéachann le deimhniú a fháil agus a shealbhaíonn deimhniú nó a fhaigheann agus a úsáideann táirgí deimhnithe chun éilimh custaiméirí a chomhlíonadh, is gnéithe iad sin freisin a bhfuil impleachtaí acu maidir le cur chun feidhme, forfheidhmiú agus inchreidteacht aon scéime ábhartha.

Chun trádáil agus comhlíonadh an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú a éascú a thuilleadh, cuirfear stór cleachtas ar bun a bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha tagairt a dhéanamh dó agus a ndícheall cuí á dhéanamh acu maidir le táirgí a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, mar aon le húdaráis inniúla agus na seiceálacha ábhartha á ndéanamh acu.

Chun gnéithe ábhartha eile de gach cineál deimhniúcháin agus fíorúcháin tríú páirtí a bhreithniú, féach Measúnú Tionchair an Choimisiúin (19), treoirlínte dea-chleachtais an Aontais maidir le scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (20), agus torthaí Staidéar an Choimisiúin ar Scéimeanna Deimhniúcháin agus Fíorúcháin san Earnáil Foraoise agus le haghaidh Táirgí Adhmadbhunaithe (21).

11.   ÚSÁID TALMHAÍOCHTA

1.   Réamhrá

Le hAirteagal 3(a) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú cuirtear toirmeasc ar thráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais mura bhfuil siad gan dífhoraoisiú. In Airteagal 2(13)(a) sainmhínítear ‘gan dífhoraoisiú’ mar na táirgí ábhartha ina bhfuil tráchtearraí ábhartha a táirgeadh ar thalamh nach ndearnadh dífhoraoisiú air tar éis an 31 Nollaig 2020, nó na táirgí ábhartha a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh na tráchtearraí sin lena ndéanamh (22). De réir Airteagal 2(3) ciallaíonn ‘dífhoraoisiú’ tiontú foraoise go húsáid talmhaíochta, cibé acu de thoradh an duine nó ar bhealach eile.

Mínítear in aithris (36) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú gur cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt chun léirmhíniú an tsainmhínithe ar ‘úsáid talmhaíochta’ a shoiléiriú, go háirithe i ndáil le foraoisí a thiontú go talamh nach úsáid talmhaíochta is cuspóir di. Tagraítear freisin in aithris 31 den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra (23) do threoirlínte den sórt sin.

Dá bhrí sin, is iad seo a leanas príomhchuspóirí na Caibidle seo:

an sainmhíniú ar fhoraois a shoiléiriú, tomhas ar na paraiméadair theicniúla a úsáidtear chun ‘foraois’ a shainiú faoin Rialachán maidir le dífhoraoisiú i dtéarmaí achair, meánairde agus cumhdaigh téastair, go háirithe i gcásanna ina bhfuil crainn taobh le limistéir talmhaíochta nó ina bhfuil siad ag forluí orthu (Roinn 3);

soiléiriú a dhéanamh ar an mbrí atá le ‘limistéir talmhaíochta curtha ar leataobh’ agus ‘plandálacha talmhaíochta’ dá dtagraítear in Airteagal 2(5) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú, go háirithe na coinníollacha faoina bhfanann limistéir thalmhaíochta, e.g. a cuireadh ar leataobh nó ar talamh branair iad nó a úsáidtear le haghaidh plandlanna áirithe, de bheith faoi ‘úsáid talmhaíochta’ chun críocha Airteagal 2 gan beann ar shaintréithe na talún, chun na coinníollacha a shoiléiriú maidir le foraois a thiontú ina limistéar talmhaíochta (Ranna 3 agus 4);

treoraíocht a thabhairt maidir leis na himthosca inar cheart, in ainneoin cumhdach crainn breathnaithe tar éis an 31 Nollaig 2020 (an scoithdháta a leagtar síos in Airteagal 2(13) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú), an limistéar a mheas a bheith faoi ‘úsáid talmhaíochta’ (Roinn 4);

cásanna a shoiléiriú nár cheart limistéar a thagann faoin sainmhíniú ar ‘fhoraois’ a mheas mar limistéar atá tiontaithe go ‘úsáid talmhaíochta’ ach go húsáidí talún eile, go háirithe an méid seo a leanas:

úsáid talún eile chun an drochthionchar a bhíonn ag tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach ar an mbithéagsúlacht a chosc, a íoslaghdú, a mhaolú nó a aisiompú, nó

gnáthóga breacnádúrtha a bhainistítear go forleathan (e.g. trí innilt chaomhnúcháin) de réir mar a cheanglaítear le plean caomhnúcháin nó athchóirithe lena gcuirtear chun feidhme oibleagáidí a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athchóiriú, nó

chun dóiteáin foraoise a chosc nó chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun feidhme (Ranna 2 agus 4.a);

léirmhíniú a sholáthar ar ‘úsáid talmhaíochta’ faoin Rialachán maidir le dífhoraoisiú, agus na sainmhínithe a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus i nótaí míniúcháin a chomhaontaítear ar an leibhéal idirnáisiúnta (Ranna 4, 4.c agus 4.d) á gcur san áireamh;

soiléiriú a dhéanamh ar úsáidí comhcheangailte agus úsáidí sineirge limistéar ina bhfuil cumhdach crann a thagann faoi na sainmhínithe sa Rialachán maidir le dífhoraoisiú, amhail córais agrafhoraoiseachta, agra-fhoraoiseolaíochta, fhoraoistréadacha agus agrafhoraoistréadacha (Roinn 4.d);

soiléiriú a dhéanamh ar chineálacha éagsúla úsáide talún san aon limistéar amháin agus ar úsáid léarscáileanna cadastracha agus clár talún (Roinn 5).

2.   Soiléiriú ar thiontú foraoise go talamh nach úsáid talmhaíochta is cuspóir di

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir le dífhoraoisiúAithris (36), Airteagal 2 (3), (5), (13) – Sainmhínithe, Airteagal 3(a) – Toirmeasc

De réir Airteagal 2(3) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú, ciallaíonn ‘dífhoraoisiú’ tiontú foraoise go húsáid talmhaíochta agus ba cheart é a thuiscint mar athrú ar úsáid na talún ó ‘fhoraois’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú (a phléitear go mion i Roinn 3) go ‘húsáid talmhaíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú (a phléitear go mion i Ranna 4, 4.c agus 4.d). I ndáil leis sin, ní bhaineann méid an tiontaithe go húsáid talmhaíochta le hábhar, agus fágann an tiontú sin gur neamhchomhlíontach an tráchtearra faoin raon feidhme a tháirgtear ar thalamh den sórt sin má tharla an dífhoraoisiú tar éis an 31 Nollaig 2020.

Tá aicmiú limistéir mar limistéar ‘dífhoraoisithe’ bunaithe ar an gcritéar oibiachtúil i dtaobh ar tiontaíodh an fhoraois le haghaidh úsáid shonrach agus cuspóir sonrach, cuspóir agus úsáid atá neamhspleách ar úsáid agus ar theorainneacha geografacha na dáileachta talún atá cláraithe go dleathach nó neamhspleách ar an gceist maidir leis an duine nó an rud is tionscnamh don dífhoraoisiú.

Chun críoch an Rialacháin seo, ciallaíonn tiontú foraoise go húsáidí eile talún nach dtagann faoin sainmhíniú ar ‘úsáid talmhaíochta’, nach dtagann an tiontú sin faoin sainmhíniú ar ‘dífhoraoisiú’ (féach faisnéis mhionsonraithe faoi ‘Úsáid talmhaíochta’ i Roinn 4). Áirítear leis sin foraois a thiontú go limistéir bonneagair uirbigh amhail línte leictreachais, bóithre, cathracha agus lonnaíochtaí, le haghaidh láithreáin thionsclaíocha neamhthalmhaíochta, nó le haghaidh cur chun feidhme fuinnimh in-athnuaite.

Ní thagann tiontú talún foraoise faoi shainmhíniú an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú ar ‘dhífhoraoisiú’ ach oiread murab é úsáid talmhaíochta príomhchuspóir an tiontaithe agus an úsáid talún ina dhiaidh sin, ach e.g. cur chun feidhme fuinnimh in-athnuaite, úsáid thionsclaíoch, athchóiriú na bithéagsúlachta, cosc dóiteán foraoise, leas ainmhithe i ndálaí foircneacha aeráide, nó bainistiú speiceas coimhthíoch ionrach. Féadfar gníomhaíochtaí coimhdeacha talmhaíochta a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach tacú le príomhchuspóir an tiontaithe agus na húsáide talún tar éis an tiontaithe (féach roinn 4.a), nó i gcás nach n-athraíonn an ghníomhaíocht talmhaíochta an phríomhúsáid a bhaintear as an bhforaois (féach roinn 4.b).

Titeann an fhreagracht as forfheidhmiú na bhforálacha ar na Ballstáit. Agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm maidir le cásanna aonair, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear imthosca sonracha gach cáis san áireamh go cuí. I gcásanna ina bhfuil na gníomhaíochtaí diomaibhseach, i bhfianaise na n-imthosca uile atá i gceist, ba cheart prionsabal na comhréireachta a urramú.

3.   Sainmhíniú ar ‘Fhoraois’

Reachtaíocht ábhartha : An Rialachán maidir le dífhoraoisiú – Airteagal 2(4) – Sainmhínithe

De réir Airteagal 2(4) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú, meastar gur ‘foraois’ é limistéar má tá feidhm ag na saintréithe seo a leanas:

Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár – Ciallaíonn sé sin gur 0,5 heicteár nó níos mó atá sa limistéar crann a dtugtar tuairisc air le himlíne an chumhdaigh téastair.

Crainn is airde ná 5 mhéadar – ciallaíonn sé sin go sroicheann barr na gcrann meánairde 5 mhéadar nó níos mó.

Cumhdach téastair is mó ná 10 % - Ciallaíonn sé sin gur mó ná 10 % an cóimheas idir cumhdach téastair na gcrann arb iad an clampa crann agus an limistéar ina bhfuil an clampa crann.

Crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ – Ciallaíonn sé sin limistéir ina bhfuil crainn óga nach bhfuil cumhdach téastair 10 % ná airde crann 5 mhéadar bainte amach acu go fóill ach a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad amhlaidh. Áirítear leis sin go háirithe limistéir nach bhfuil stoc ar bith iontu go sealadach de thairbhe glanleagan mar chuid de chleachtas bainistithe foraoise nó tubaistí nádúrtha, agus a bhfuil coinne leis go ndéanfar iad a athghiniúint.

Seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó; – Ciallaíonn sé sin go gcinntear an fhoraois trí chrainn a bheith ann agus trí easpa príomhúsáide talún eile (féach thíos agus Roinn 4 freisin).

Ní mór saintréithe fhairsing na talún, na meánairde, agus an chumhdaigh téastair a bheith ann nó baint amach na dtairseacha sin a bheith indéanta go comhuaineach in situ.

I gcomhthéacs an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú , ba cheart a mheas gurb í ‘úsáid talún uirbí’ an phríomhúsáid, mar shampla i gcás páirceanna agus gairdíní i limistéir uirbeacha, gan beann ar thairseacha an tsainmhínithe ar fhoraois a bhaint amach. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi ‘ úsáid talmhaíochta ’ den chuid is mó, féach Roinn 4.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na saintréithe sa sainmhíniú, áirítear an méid seo a leanas i limistéar ‘foraoise’ ach níl sé teoranta dó:

limistéir atá timpeallaithe ag foraoisí nó atá nasctha go docht leo a úsáidtear le haghaidh foraoiseachta, amhail bóithre foraoise, toitbhearnaí, agus limistéir bheaga oscailte eile, mura mbunaítear iad ar a réadmhaoin aonair féin,

talamh a tréigeadh go ginearálta le níos mó ná 10 mbliana ar a bhfuil athghiniúint crann a bhfuil na critéir maidir le ‘foraois’ comhlíonta acu (féach i ndáil le ‘talamh curtha ar leataobh agus talamh branair sealadach’ i Roinn 4);

mangróibh i gcriosanna taoide, gan beann ar cé acu a aicmítear nó nach n-aicmítear an limistéar sin mar limistéar talún;

plandlanna speiceas foraoise a fhástar laistigh de limistéar foraoise chun riachtanais na n-úinéirí foraoise féin a chomhlíonadh;

limistéir lasmuigh den talamh foraoise arna ainmniú de réir dlí a chomhlíonann critéir an tsainmhínithe ar ‘fhoraois’.

Ní chuimsítear clampaí crann i gcórais táirgthe talmhaíochta sa sainmhíniú ar ‘fhoraois’. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Roinn 4.c agus Roinn 4.d.

4.   Sainmhíniú ar ‘Úsáid talmhaíochta’ agus eisceachtaí

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir le dífhoraoisiú – Airteagal 2 (5) – Sainmhínithe

De réir Airteagal 2(5) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú, meastar limistéar a bheith faoi ‘úsáid talmhaíochta’ má úsáidtear é chun críche talmhaíochta.

a)   Soiléiriú ar chríoch na talmhaíochta

De réir Airteagal 2(5), úsáidtear an talamh chun críoch talmhaíochta (i measc nithe eile) sna cásanna liostaithe seo a leanas:

plandálacha talmhaíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(6) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Chun treoraíocht níos mionsonraithe a fháil maidir le ‘plandálacha talmhaíochta’, féach Roinn 4.c.

limistéir thalmhaíochta atá curtha ar leataobh – Ba cheart limistéir thalmhaíochta atá curtha ar leataobh a mheas in éineacht le ‘talamh branair sealadach’ mar a phléitear thíos sa roinn seo.

tógáil beostoic – Áirítear leis sin limistéir féaraigh shealadaigh nó bhuain, agus foirgnimh feirme le haghaidh tógáil agus tithíocht ainmhithe.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur liosta neamh-uileghabhálach de shamplaí le haghaidh ‘úsáid talmhaíochta’ iad na catagóirí ‘plandálacha talmhaíochta’, ‘limistéar talmhaíochta curtha ar leataobh’, agus limistéar ‘chun beostoc a thógáil’.

Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart talamh a úsáidtear le haghaidh talmhaíochta a thuiscint mar thalamh a chumhdaíonn na catagóirí úsáide talún seo a leanas:

Ciallaíonn Talamh faoi bharra sealadacha, an talamh ar fad a úsáidtear le haghaidh barr a mbíonn timthriall fáis níos lú ná bliain amháin acu de ghnáth, lena n-áirítear barra sealadacha ilbhliantúla.

Ciallaíonn Talamh faoi mhóinéir shealadacha agus faoi fhéaraigh shealadacha talamh a shaothraítear barra foráiste luibheacha, nó féara le baint nó féarach uirthi ar feadh tréimhse níos lú ná 5 bliana as a chéile.

Ciallaíonn Talamh curtha ar leataobh, nó talamh branair sealadach talamh talmhaíochta nach saothraítear ar feadh tamall fada sula n-athshaothraítear é, úsáid tréadach nó úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta eile. D’fhéadfadh sé sin a bheith mar chuid de chóras uainíochta barr na ngabháltas talmhaíochta nó mar gheall ar chúiseanna dlisteanacha nó imthosca eisceachtúla amhail damáiste ó thuilte, easpa uisce, easpa ionchur, lena n-áirítear cúiseanna eacnamaíocha, sóisialta (breoiteacht, fadhbanna comharbais) nó dlíthiúla (dlíthíocht, etc.). NB: Ba cheart talamh atá curtha ar leataobh nó talamh branair a mheas mar thalamh atá fágtha faoi ‘úsáid talmhaíochta’ go ginearálta ar feadh [10] mbliana. Mar sin féin, is féidir a mheas go bhfuil an limistéar fós faoi ‘úsáid talmhaíochta’ ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse sin má léirítear nach bhféadfaí na gníomhaíochtaí talmhaíochta a atosú ar cheann de na cúiseanna thuasluaite. Leis an gcúis a thugtar, ní mór an tréimhse iomlán inar cuireadh an talamh ar leataobh nó ina raibh sé ina thalamh branair sealadach a chumhdach. Má dhéantar léiriú den sórt sin, ba cheart a mheas go leanúnach go bhfuil an talamh faoi úsáid talmhaíochta, ach amháin má tá sé ainmnithe go hoifigiúil mar fhoraois faoin dlí náisiúnta.

Ciallaíonn Talamh faoi bharra buana talamh ar a saothraítear barra fadtéarmacha nach gá a athphlandú ar feadh roinnt blianta, ar feadh 5 bliana nó níos mó de ghnáth. Áirítear freisin ar thalamh faoi bharra buana talamh a úsáidtear chun barra buana a fhás faoi chumhdach cosanta, rud a dtugtar tuairisc air i Roinn 4.b.

Ciallaíonn Talamh faoi mhóinéir agus faoi fhéaraigh bhuana talamh a úsáidtear ar feadh níos mó ná 5 bliana as a chéile le haghaidh innilte nó chun barra foráiste a fhás, trína shaothrú nó go nádúrtha.

Ciallaíonn Talamh faoi fhoirgnimh feirme agus clóis feirme dromchlaí ina bhfuil foirgnimh feirme (hangair, sciobóil, siléir, sadhlanna) á n-oibriú, foirgnimh le haghaidh táirgeadh ainmhithe (stáblaí, seideanna bó, locaí caorach, clóis éanlaithe clóis) agus clóis feirme.

I gcás inar féidir a léiriú le fianaise leorchinntitheach (i) go raibh dáileacht talún faoi ‘úsáid talmhaíochta’ mar a thuairiscítear thuas roimh an 31 Nollaig 2020, agus (ii) i gcás inar chinn táirgeoir roschoill ghearruainíochta a phlandú nó an talamh a shannadh d’fhoraoisiú sealadach roimh an dáta sin nó ina dhiaidh agus nach dtagann an talamh sin faoi raon feidhme plean bainistíochta foraoise ná reachtaíochta lena gceanglaítear bainistíocht foraoise nó cosaint foraoise ar an dáileacht talún sin, meastar go bhfanann an dáileacht talún sin de bheith faoi úsáid talmhaíochta chun críocha an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú agus féadfaidh an táirgeoir leanúint de ghníomhaíocht talmhaíochta ar an dáileacht talún sin.

Is féidir dromchlaí ina bhfuil eilimintí tírdhreacha a chumhdach leis na catagóirí úsáide talún talmhaíochta thuasluaite freisin, ar dromchlaí iad a spreagtar ar chúiseanna bithéagsúlachta nó comhshaoil.

Athchóiriú, bainistiú speiceas ionrach, cosc dóiteán foraoise, leas ainmhithe, cur chun feidhme fuinnimh in-athnuaite

Níor cheart talamh a tiontaíodh le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na críocha príomhúla a liostaítear thíos a thuiscint mar thalamh atá tiontaithe go húsáid talmhaíochta má rinneadh an tiontú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

an drochthionchar atá ag tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach ar an mbithéagsúlacht a chosc, a íoslaghdú, a mhaolú nó a aisiompú, má tá sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus má thacaítear leis le pleananna coisctheacha, pleananna bainistíochta nó sainorduithe oifigiúla, nó

an riosca a bhaineann le dóiteáin foraoise a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú, má tá sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus má thacaítear leis le pleananna coiscthe dóiteáin, pleananna bainistithe foraoise, nó sainorduithe oifigiúla, nó

a áirithiú go gcomhlíontar dlíthe maidir le leas ainmhithe i gcás inar gá struchtúir (struchtúir bhuana agus neamhbhuana) a thógáil chun ainmhithe a chur faoi dhíon chun leas na n-ainmhithe sin a áirithiú, agus sin a dhéanamh ar dhóigh atá teoranta don íosmhéid limistéir is gá le haghaidh na tógála, agus i gcás nach mbeidh tionchar ag an ngníomhaíocht sin ar aicmiú na limistéar máguaird mar fhoraois, nó

athchóiriú éiceachóras a bhfuil ardluach bithéagsúlachta acu a áirithiú agus bainistiú caomhnaithe na n-éiceachóras sin ina dhiaidh sin a áirithiú (cineálacha áirithe fraochmhánna, bogach nó féarthailte, mar shampla) má cheanglaítear sin le plean caomhnaithe nó athchóirithe (mar shampla plean bainistithe limistéir faoi chosaint nó plean athchóirithe dúlra náisiúnta nó réigiúnach) lena gcuirtear chun feidhme oibleagáidí a eascraíonn as comhaontuithe iltaobhacha domhanda maidir le cosaint agus athchóiriú an dúlra agus na bithéagsúlachta amhail an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal, nó

fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid (e.g. trí fheirmeacha gaoithe, fótavoltachas a bhunú),

fiú más féidir gníomhaíochtaí coimhdeacha talmhaíochta a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach tacú le príomhchuspóir an tiontaithe agus le húsáid na talún tar éis an tiontaithe.

b)   Soiléiriú ar an bpríomhúsáid talún

De réir Airteagal 2(4), más rud é gurb í an talmhaíocht an phríomhúsáid talún, ní thagann an talamh faoin sainmhíniú ar ‘fhoraois’.

I gcomhthéacs an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú, chun críocha na n-eisiamh dá dtagraítear sa sainmhíniú ar ‘fhoraois’ in Airteagal 2(4), ba cheart a mheas go bhfuil ‘úsáid talmhaíochta’ chun tosaigh sa liosta neamh-uileghabhálach cásanna seo a leanas:

Innilt shéasúrach (e.g. innilt samhraidh) nó innilt fhoraoistréadach shealadach i limistéir atá cumhdaithe le crainn nach dtagann faoi chatagóir na bhforaoisí príomhúla (e.g. i bhféaraigh leathnádúrtha nó i bhféaraigh nádúrtha a bhfuil cumhdach crann athraitheach acu).

Más rud é, de thairbhe dálaí aeráide (e.g. cumhdach sneachta sealadach), go bhfuil cleachtais agra-fhoraoiseolaíochta nó agrafhoraoistréadacha teoranta do thréimhse áirithe den bhliain, is féidir iad a mheas mar an phríomhúsáid.

Grúpaí cosanta crann a bhunú chun críoch éagsúil comhshaoil nó bithéagsúlachta ar limistéar úsáide talmhaíochta den chuid is mó (e.g. innilt), fiú má shroicheann an limistéar tairseacha an tsainmhínithe ar ‘fhoraois’.

Tá na cásanna sin éagsúil ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha talmhaíochta i gcomhthéacs an tiontaithe chun athbhunú nó speicis choimhthíocha ionracha a bhainistiú, ar gníomhaíochtaí iad nach dtagann faoi ‘úsáid talmhaíochta’, féach thuas.

Os a choinne sin, chun críocha an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú, níor cheart a mheas gurb í an phríomhúsáid ‘úsáid talmhaíochta’ , mar shampla i gcás táirgeadh taobhtháirgí ar mhionscála (e.g. caife), agus innilt fhairsing ócáideach nó innilt ócáideach ar mhionscála i bhforaoisí fad agus nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an táirgeadh ná ag na gníomhaíochtaí gaolmhara ar ghnáthóg na foraoise.

c)   Sainmhíniú ar ‘Plandáil talmhaíochta’

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir le dífhoraoisiú – Airteagal 2(6) – Sainmhínithe

Cuimsítear ‘plandálacha talmhaíochta’ sa sainmhíniú ar ‘úsáid talmhaíochta’ a leagtar amach in Airteagal 2(5) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú.

Tagraíonn an sainmhíniú in Airteagal 2(6) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú ar ‘phlandáil talmhaíochta’ ar dtús do thalamh ‘ar a bhfuil clampa crann i gcórais táirgeachta talmhaíochta, amhail plandálacha crann torthaí, plandálacha pailme ola, úlloird olóige’ méid lena ndéantar tagairt do thalamh curaíochta lena n-áirítear barra buana mar a thuairiscítear i Roinn 4.

Ar an dara dul síos, tagraíonn an sainmhíniú sin do ‘córais agrafhoraoiseachta ina bhfuil barra ag fás faoi bhrat crann’, rud a mhínítear i Roinn 4.d agus ní mór é a léamh in éineacht leis an eisceacht i gcás nach n-athraíonn an phríomhúsáid talún. Le hAirteagal 2(6) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú soiléirítear a thuilleadh go gcuimsítear plandálacha uile tráchtearraí ábhartha seachas adhmad faoi na téarmaí ‘plandáil talmhaíochta’, agus dá bhrí sin tagann na plandálacha sin faoin sainmhíniú ar ‘úsáid talmhaíochta’.

Ar deireadh, leagtar síos in Airteagal 2(6) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú go n-eisiatar plandálacha talmhaíochta ón sainmhíniú ar ‘fhoraois’. Ciallaíonn sé sin nach dtagann na limistéir a chomhlíonann na critéir maidir le plandáil talmhaíochta faoin sainmhíniú ar fhoraois, fiú i gcás ina gcuimsíonn siad crainn amhail rubar nó pailm ola.

d)   Soiléiriú ar ‘Chóras agrafhoraoiseachta’

Reachtaíocht ábhartha: An Rialachán maidir le dífhoraoisiú – Aithris (37) agus Airteagal 2 (6) – Sainmhínithe

De réir dhoiciméid Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (24), is ainm comhchoiteann é ‘agrafhoraoiseacht’ le haghaidh córais agus teicneolaíochtaí úsáide talún ina n-úsáidtear barra ilbhliantóg adhmadacha (crainn, toir, pailmeacha, bambúnna, etc.) d’aon ghnó ar an aonad bainistithe talún céanna le barra talmhaíochta agus/nó ainmhithe, i bhfoirm socraithe spásúil nó seichimh ama. I gcórais agrafhoraoiseachta, bíonn idirghníomhaíochtaí éiceolaíocha agus eacnamaíocha ann idir na comhpháirteanna éagsúla. Tá dhá chóras agrafhoraoiseachta bhunúsacha ann: córas comhuaineach agus córas seicheamhach. I gcórais chomhuaineacha, bíonn crainn agus barra nó ainmhithe ag fás le chéile ar aon phíosa talún amháin, agus i gcórais sheicheamhacha, glacann barra agus crainn an chuid is mó den spás ar a seal féin, cur chuige a íoslaghdaíonn an iomaíocht eatarthu.

Is féidir go dtagraítear leis an agrafhoraoiseacht freisin do chleachtais foraoiseachta shonracha lena gcomhlánaítear gníomhaíochtaí talmhaíochta, amhail trí thorthúlacht na hithreach a fheabhsú, creimeadh ithreach a laghdú, bainistiú dobharcheantar a fheabhsú, nó scáth agus bia a chur ar fáil do bheostoc (25).

Le haithris (37) meabhraítear nach meastar i sainmhínithe Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe gur foraoisí iad córais agrafhoraoiseachta, ach úsáid talmhaíochta atá iontu agus go gcuimsítear leo cásanna éagsúla amhail na cásanna sin ina bhfástar barra faoi chumhdach crann, chomh maith le córais agra-fhoraoiseolaíochta, fhoraoistréadacha agus agrafhoraoistréadacha.

Ós rud é go n-eisiatar leis an sainmhíniú ar ‘fhoraois’ in Airteagal 2(4) den Rialachán maidir le dífhoraoisiú talamh atá faoi ‘úsáid talmhaíochta’ den chuid is mó, is féidir a thuiscint má úsáidtear talamh go príomha faoi ‘chórais agrafhoraoiseachta’ chun na gcríoch a leagtar amach in Aithris (37), nach féidir é a mheas mar ‘fhoraois’. Sa chás sin agus chun críoch an Rialacháin, ní mór an talamh sin a mheas mar thalamh atá faoi ‘úsáid talmhaíochta’. Maidir le gníomhaíochtaí talmhaíochta coimhdeacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí agrafhoraoiseachta i gcomhthéacs athchóirithe, féach Roinn 2.

5.   Soiléiriú ar úsáid talún i gcás cineálacha iomadúla úsáide talún in aon limistéar amháin agus úsáid clárlann talún agus léarscáileanna cadastracha

Más rud é go bhfuil limistéar a thagann faoin sainmhíniú ar ‘fhoraois’ agus limistéar faoi ‘úsáid talmhaíochta’ araon in aon dáileacht talún amháin, tá an dá limistéar le breithniú ar leithligh. An limistéar a chomhlíonann critéir an tsainmhínithe ar ‘fhoraois’, tagann sé faoi raon feidhme an Rialacháin, agus an limistéar a chomhlíonann na critéir maidir le ‘húsáid talmhaíochta’, ní thagann sé faoi raon feidhme an Rialacháin ó thaobh tiontaithe de.

Is cuma má bhíonn an chuid den dáileacht talún a úsáidtear le haghaidh talmhaíochta níos mó ná an chuid den dáileacht talún a mheastar a bheith ina foraois faoin sainmhíniú, níl sé sin ábhartha. Mar shampla, ciallaíonn sé sin má roinntear maoin 10 heicteár idir limistéar 2 heicteár is féidir a mheas mar limistéar foraoise de réir critéir oibiachtúla agus limistéar 8 heicteár faoi úsáid talmhaíochta, aicmítear an 2 heicteár foraoise sin mar fhoraois, gan beann nach bhfuil ann ach 20 % den mhaoin iomlán.

Sa mheasúnú chun a chinneadh an foraois í dáileacht talún áirithe, ba cheart forlámhas a bheith ag na hairíonna foraoise atá ann iarbhír ar an ainmniú i gcláir talún agus i léarscáileanna cadastracha. Chun úsáid talmhaíochta san am a chuaigh thart a léiriú, is féidir cláir talún agus léarscáileanna cadastracha a bheith ina ngnéithe breise chun na sonraí satailíte a chomhlánú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh pleananna bainistithe foraoisí agus cláir limistéar foraoise ainmnithe a bheith úsáideach agus cinneadh á dhéanamh an foraois gan cumhdach crann reatha é an limistéar, go háirithe i gcás ina bhfuil an limistéar neamhstocáilte go sealadach gan cumhdach crann mar gheall ar chleachtas bainistithe foraoise, tubaiste nádúrtha, nó na chéad bhlianta den fhoraoisiú. Is uirlis shaor in aisce í Faireachlann an Aontais (26), a sholáthraíonn an Coimisiún, lenar féidir leis na páirtithe leasmhara uile cumhdach foraoise domhanda 2020 a chinneadh. Tá an Fhaireachlann neamheisiach, neamh-sainordaitheach agus níl aon stádas dlí aici áfach. Is féidir le páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha úsáid a bhaint as aon léarscáil a mheasann siad a bheith oiriúnach chun críocha a nós imeachta díchill chuí nó a seiceálacha díchill chuí.


(1)  Ní ghabhann aon rud sa treoirdhoiciméad seo ionad tagartha dírí do na hionstraimí ar a dtugtar tuairisc ná ní chuirtear aon rud sa treoirdhoiciméad in ionad tagartha dírí dóibh agus ní ghlacann an Coimisiún le haon dliteanas i dtaobh aon chaillteanais ná damáiste arb éard is cúis leis earráidí nó ráitis a dhéantar sa treoirdhoiciméad seo. Is í an Chúirt Bhreithiúnais amháin is féidir breithiúnais chríochnaitheacha a thabhairt maidir le léirmhíniú an Rialacháin.

(2)   IO L 150, 9.6.2023, lch. 206, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1115/oj.

(3)  Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an gcur chun feidhme, déan tagairt do na Ceisteanna Coitianta atá ar fáil anseo: Cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Dífhoraoisiú - An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhaineann le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(6)   IO L 295, 12.11.2010, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/995/oj.

(7)  Tabhair faoi deara i gcás nár sannadh aon leibhéal sonrach riosca, meastar gnáthriosca a bheith ag baint leis na tíortha sin.

(8)  Dlíthe a bhaineann le neamhdhleathacht, le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoisí.

(9)  De réir Airteagal 29(2), tíolacfaidh an Coimisiún liosta tíortha nó codanna de thíortha lena mbaineann riosca íseal nó riosca ard trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

(10)  Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).

(11)  De réir Airteagal 29(2), tíolacfaidh an Coimisiún liosta tíortha nó codanna de thíortha, lena mbaineann riosca íseal nó riosca ard trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

(12)  Maidir le húsáid na n-innéacsanna sin, féach freisin Caibidil 4 den Fhógra ón gCoimisiún an 12.2.2016, C(2016)755 final (Treoirdhoiciméad maidir leis an Rialachán Adhmaid AE).

(13)  Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(14)  Nótaí míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (IO C 119, 29.3.2019, lch. 1).

(15)  Le scéimeanna áirithe, ceadaítear deimhniú nuair a chomhlíonann céatadán sonraithe den táirge ábhartha, a luaitear ar an lipéad de ghnáth, an caighdeán deimhniúcháin iomlán. Sna cásanna sin, tá sé tábhachtach go bhfaighidh an t-oibreoir faisnéis an ndearnadh seiceálacha ar an gcuid neamhdheimhnithe agus an soláthraíonn na seiceálacha sin fianaise leormhaith ar chomhlíonadh na gné geoshuímh agus na gné gan dífhoraoisiú maidir leis an gcuid neamhdheimhnithe freisin.

(16)  Ceadaítear deimhniú i roinnt scéimeanna nuair a úsáidtear líne chúraim maischothromaíochta. Níl táirgí measctha den sórt sin i gcomhréir leis an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú, áfach. Faoin Rialachán maidir le dífhoraoisiú, ní cheadaítear ach táirgí a chomhlíonann na heilimintí thuasluaite go hiomlán, cé is moite de tháirgí measctha bunaithe ar chéatadáin áirithe nó ar línte cúraim maischothromaíochta.

(17)  Féadfar deimhniú líne cúraim a úsáid mar fhianaise nach dtéann aon tráchtearra anaithnid nó neamhcheadaithe isteach i slabhra soláthair. Tá siad sin bunaithe go ginearálta ar a áirithiú nach gceadaítear ach do thráchtearraí agus do tháirgí ceadaithe dul isteach sa slabhra soláthair ag ‘pointí rialúcháin chriticiúil’, agus gur féidir táirge a rianú chuig an gcoimeádaí a bhí aige roimhe sin (nach mór deimhniú líne cúraim a bheith aige freisin) seachas ar ais chuig an áit tionscnaimh. D’fhéadfadh meascán d’ábhar deimhnithe agus d’ábhar ceadaithe eile ó fhoinsí éagsúla a bheith i dtáirge a bhfuil deimhniú líne cúraim aige. Agus deimhniú líne cúraim á úsáid ag oibreoir, ba cheart dó a áirithiú go gcomhlíonann gach ábhar ceanglais an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú agus go bhfuil na rialuithe leormhaith chun ábhar neamhchomhlíontach a eisiamh.

(18)  An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil: Study on Certification and Verification Schemes in the Forest Sector and for Wood-based Products [Staidéar ar Scéimeanna Deimhniúcháin agus Fíorúcháin san Earnáil Foraoise agus le haghaidh Táirgí Adhmadbhunaithe], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021.

(19)  An Coimisiún Eorpach, SWD (2021) 326 final.

(20)   IO C 341, 16.12.2010, lch. 5.

(21)  An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil: Study on Certification and Verification Schemes in the Forest Sector and for Wood-based Products [Staidéar ar Scéimeanna Deimhniúcháin agus Fíorúcháin san Earnáil Foraoise agus le haghaidh Táirgí Adhmadbhunaithe], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021.

(22)  Maidir leis an eilimint eile de ‘gan dífhoraoisiú’ in Airteagal 2(13)(b), lena sonraítear maidir le táirgí ábhartha a bhfuil adhmad iontu nó ar úsáideadh adhmad lena ndéanamh, gur lománaíodh an t-adhmad gan bheith ina chúis le díghrádú foraoisí, tá an eilimint sin lasmuigh de raon feidhme na caibidle seo ina ndéileáiltear go sonrach leis an sainmhíniú ar úsáid talmhaíochta.

(23)   IO L, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj.

(24)  Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe 2003. Teasáras Ilteangach ar Thionacht Talún. Caibidil 7. Talamh i gcomhthéacs talmhaíochta, tréadach agus foraoiseachta.

(25)   World Programme For The Census Of Agriculture 2020 ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, Imleabhar 1, lch. 120, pointe 8.12.12 agus 8.12.13.

(26)   https://forest-observatory.ec.europa.eu/forest/gfc2020.


IARSCRÍBHINN I

AN CHAOI A bhFUIL NA LÉIRMHÍNITHE AR ‘CUR AR AN MARGADH’, ‘CUR AR FÁIL AR AN MARGADH’, AGUS ‘ONNMHÁIRIÚ’ INFHEIDHME I gCLEACHTAS.

Sna cásanna seo a leanas, leagtar amach cásanna ina meastar duine nádúrtha nó dlítheanach a bheith ina oibreoir faoin Rialachán maidir le dífhoraoisiú.

[Mura sonraítear a mhalairt, tá na hoibreoirí i ngach cás thíos freagrach as dícheall cuí a dhéanamh maidir leis na táirgí/tráchtearraí ábhartha agus ráiteas maidir le dícheall cuí (RDC) a chur isteach i gCóras Faisnéise an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú, nó ionadaí údaraithe, dá dtagraítear in Airteagal 6, a shannadh chun RDC a chur isteach thar a gceann.]

[De réir Airteagal 4(3), tugtar le tuiscint le cur isteach ráitis díchill chuí (RDC) go ndearna an t-oibreoir nó an trádálaí nach FBM é dícheall cuí a fheidhmiú mar a threoraítear faoi fhorálacha infheidhme an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú agus go nglacann sé freagracht as an gconclúid go bhfuil siad gan dífhoraoisiú agus gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe, de réir Airteagal 3).

Cás 1Próiseáil táirgí

Is cuideachta é monaróir A atá bunaithe san Aontas (oibreoir nach FBM é) a cheannaíonn ola pailme [CC 1511 ] i dtríú tír agus a allmhairíonn isteach san Aontas í, áit a n-úsáideann sé an ola pailme chun alcóil shailleacha thionsclaíocha a tháirgeadh [CC 3823 70 ]. Díolann sé na halcóil shailleacha thionsclaíocha ansin le monaróir B i mBallstát eile den Aontas.

Is oibreoir é monaróir A agus an ola pailme á hallmhairiú isteach san Aontas aige (dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’) ós rud é gur táirge ábhartha í ola phailme a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhonaróir A dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis an ola pailme, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC a chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Is oibreoir é monaróir A freisin agus na halcóil shailleacha thionsclaíocha á gcur ar an margadh aige, ós rud é gur táirgí ábhartha iad alcóil shailleacha thionsclaíocha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhonaróir A RDC ar leithligh a chur isteach le haghaidh na n-alcól sailleach tionsclaíoch sula gcuirfear ar an margadh iad, inar féidir leo tagairt a dhéanamh dá n-uimhir thagartha RDC roimhe sin de réir Airteagal 4(9).

Cás 2 – Ábhair phacáistíochta

Cás 2a

Allmhairíonn monaróir C atá bunaithe san Aontas (oibreoir FBM) páipéar ceardaíochta brataithe [HS 4810 ] ó tháirgeoir B atá bunaithe i dtríú tír agus úsáideann sé é chun táirgí eile a dhíoltar ar mhargadh an Aontais ina dhiaidh sin a phacáistiú.

Is oibreoir é monaróir C agus an páipéar ceardaíochta á allmhairiú isteach san Aontas aige (i.e., dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’), ós rud é gur táirge ábhartha é páipéar ceardaíochta a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú: cé go n-úsáidfear mar phacáistíocht é, déantar an páipéar ceardaíochta a allmhairiú mar tháirge ann féin (cuir i gcomparáid le Cás 2b) agus dá bhrí sin tá sé faoi réir dícheall cuí. Ní mór do mhonaróir C RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC a chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Ní cheanglaítear ar mhonaróir C dícheall cuí a fheidhmiú ná RDC a chur isteach le haghaidh an pháipéir ceardaíochta nuair a úsáidtear é ina dhiaidh sin le haghaidh pacáistíocht táirgí eile ós rud é nach ndíoltar é mar tháirge ann féin ach mar ábhar pacáistíochta (rud nach dtugann a shaintréith fhíor-riachtanach don táirge) agus dá bhrí sin nach rialaítear é mar tháirge ábhartha faoin Rialachán maidir le dífhoraoisiú.

Cás 2b

Allmhairíonn cuideachta D (oibreoir FBM) atá bunaithe san Aontas frámaí adhmaid [CC 4414 ] ó thríú tír agus díolann sí iad le miondíoltóir E atá bunaithe san Aontas. Pacáistíodh na frámaí i gcairtchlár.

Is oibreoir é cuideachta D agus na frámaí adhmaid á n-allmhairiú isteach san Aontas (i.e. dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’) ós rud é gur táirge ábhartha iad frámaí adhmaid a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do chuideachta D dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis na frámaí adhmaid, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Níl sé de cheangal ar chuideachta D dícheall cuí a fheidhmiú ná RDC a chur isteach le haghaidh na pacáistíochta cairtchláir ós rud é nár allmhairíodh í sin mar tháirge inti féin ach mar ábhar pacáistíochta (rud nach dtugann a shaintréith fhíor-riachtanach don táirge) agus dá bhrí sin ní rialaítear í mar tháirge ábhartha faoin Rialachán maidir le dífhoraoisiú.

Cás 3 – Aistrithe úinéireachta

Cás 3a

Ceannaíonn monaróir F atá bunaithe san Aontas (oibreoir nach FBM é) seithí amha eallaigh [CC ex 4101 ] ó sholáthróir H, atá bunaithe lasmuigh den Aontas. Faoin gconradh, aistrítear úinéireacht láithreach chuig monaróir F, fad atá na seithí fós lasmuigh den Aontas agus allmhairíonn monaróir F isteach san Aontas iad. Tar éis an allmhairithe san Aontas, déanann monaróir F na seithí a phróiseáil ina seithí súdaraithe [CC ex 4104 ] agus díolann sé iad le miondíoltóir I (trádálaí) nach FBM é atá bunaithe san Aontas.

Is oibreoir é monaróir F agus é ag allmhairiú seithí amha eallaigh isteach san Aontas (dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’) ós rud é gur táirge ábhartha iad seithí amha eallaigh a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhonaróir F dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis na seithí amha, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht. Mar chuid dá dhícheall cuí le haghaidh na seithí amha, ní mór do mhonaróir F faisnéis gheoshuímh a áireamh lena dtagraítear do na bunaíochtaí uile inar tógadh an t-eallach (i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(d)). I gcomhréir le haithris 39, cinneann monaróir F ar cothaíodh an t-eallach a úsáidtear chun na seithí sin a tháirgeadh le táirge ábhartha eile, agus má cothaíodh, déanann sé an dícheall cuí is gá le haghaidh na beatha beostoic freisin.

Is oibreoir é monaróir F freisin agus na seithí súdaraithe á gcur ar an margadh, ós rud é gur táirgí ábhartha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú iad na seithí súdaraithe. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhonaróir F RDC ar leithligh a chur isteach dóibh sula ndíoltar le trádálaí I iad. Féadfaidh monaróir F tagairt a dhéanamh do RDC atá ann cheana a bhaineann leis na seithí amha a chuir sé ar an margadh roimhe sin tráth a n-allmhairithe isteach san Aontas.

Mar thrádálaí nach FBM é, bíonn na hoibleagáidí díchill chuí céanna ar thrádálaí I agus a bhíonn ar oibreoir. Tar éis dó a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí maidir leis na seithí amha eallaigh, ceanglaítear ar thrádálaí I RDC ar leithligh a chur isteach le haghaidh na seithí súdaraithe a ceannaíodh ó mhonaróir F sula ndíoltar iad le tomhaltóirí nó le gníomhaithe eile níos faide síos an slabhra soláthair (i.e., iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais). I RDC ó Thrádálaí I féadfar tagairt a dhéanamh do RDC ó mhonaróir F atá ann cheana le haghaidh na seithí súdaraithe de réir Airteagal 4(9).

[Sa chás sin, aistrítear úinéireacht ó dhuine nach duine den Aontas Eorpach é go duine den Aontas Eorpach sula dtagann an táirge isteach san Aontas go fisiceach]

Cás 3b

Ceannaíonn monaróir F atá bunaithe san Aontas (oibreoir nach FBM é) seithí súdaraithe eallaigh [CC ex 4104 ] ar líne ó sholáthróir H, atá bunaithe lasmuigh den Aontas. Faoin gconradh, ní aistrítear úinéireacht go monaróir F go dtí go seachadtar na seithí chuig a mhonarcha san Aontas. Allmhairíonn gníomhaire loingseoireachta G na seithí isteach san Aontas thar ceann sholáthróir H agus seachadann sé iad chuig monarcha mhonaróir F.

Is oibreoir é soláthróir H agus seithí súdaraithe eallaigh á n-allmhairiú isteach san Aontas (i.e., dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’), ós rud é gur táirge ábhartha iad a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin, maidir le soláthróir H, nach mór dó dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis na seithí eallaigh, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht [nó gníomhaire loingseoireachta G a shainordú mar ionadaí údaraithe de réir Airteagal 6(1) lena chur isteach]. Mar chuid dá dhícheall cuí maidir leis na seithí, ní mór do sholáthróir H faisnéis gheoshuímh a áireamh lena dtagraítear do na bunaíochtaí uile inar tógadh an t-eallach (i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(d)). I gcomhréir le haithris 39, cinneann soláthróir H ar cothaíodh an t-eallach a úsáideadh chun na seithí sin a tháirgeadh le táirge ábhartha eile, agus má cothaíodh, déanann sé an dícheall cuí is gá le haghaidh na beatha beostoic freisin.

Is é monaróir F an chéad duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann na táirgí ábhartha ar fáil ar mhargadh an Aontais agus meastar freisin gur oibreoir é de bhun Airteagal 7, i.e. cé nach oibreoir é iarbhír de bhun an tsainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2(15), suitear le hAirteagal 7 go bhfuil sé faoi réir na n-oibleagáidí céanna le hoibreoir. Dá bhrí sin, ní mór do mhonaróir F dícheall cuí a fheidhmiú agus RDC ar leithligh a chur isteach sa Chóras Faisnéise sula ndíoltar iad le tomhaltóirí nó le gníomhaithe eile níos faide síos an slabhra soláthair, ina bhféadfaidh sé tagairt a dhéanamh do RDC ó sholáthróir H de réir Airteagal 4(9).

[Sa chás sin, aistrítear úinéireacht ón duine nach duine den Aontas Eorpach é go duine den Aontas Eorpach ar theacht isteach san Aontas don táirge go fisiceach, agus ní roimhe sin]

Cás 4 – Cur ar an margadh vs. cur ar fáil ar an margadh

[Léiríonn Cásanna 4a, 4b, 4c agus 4d an difríocht idir cur ar mhargadh an Aontais agus cur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus léiríonn siad cuid de na himthosca faoina bhféadfadh gnólacht iartheachtach a bheith ina oibreoir.]

Cás 4a

Allmhairíonn mórdhíoltóir J (oibreoir FBM) atá bunaithe san Aontas púdar cócó [CC 1805 ] ó tháirgeoir tríú tír (nach táirgeoir AE é) agus díolann sé é le miondíoltóir K nach FBM é atá bunaithe san Aontas. Allmhairíonn miondíoltóir K púdar cócó breise ó tháirgeoir tríú tír (nach táirgeoir AE é) agus meascann sé é leis an bpúdar cócó a ceannaíodh ó mhórdhíoltóir J lena dhíol le tomhaltóirí deiridh laistigh den Aontas (cuir i gcomparáid le Cásanna 4b, 4c, 4d).

Is oibreoir é mórdhíoltóir J agus an púdar cócó a allmhairiú isteach san Aontas aige (i.e., dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’) (cur ar an margadh), ós rud é gur táirge ábhartha é púdar cócó a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhórdhíoltóir J dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis an bpúdar cócó, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Maidir leis an bpúdar cócó a ceannaíodh ó mhórdhíoltóir J, tá miondíoltóir K ag gníomhú mar thrádálaí ós rud é gur cuireadh an púdar cócó sin ar mhargadh an Aontais cheana féin. Mar thrádálaí nach FBM é, glacann miondíoltóir K na hoibleagáidí díchill chuí céanna air féin agus a ghlacann oibreoir, agus ceanglaítear air RDC a chur isteach le haghaidh an phúdair cócó a ceannaíodh ó mhórdhíoltóir J sula ndíoltar é (é a chur ar fáil). Is féidir le miondíoltóir K tagairt a dhéanamh do RDC ó mhórdhíoltóir J atá ann cheana le haghaidh an phúdair cócó, ar dheimhniú dó go ndearnadh dícheall cuí i gceart i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin maidir le dífhoraoisiú de réir Airteagal 4(9), ach tá miondíoltóir K fós freagrach as an gcomhlíontacht.

Is oibreoir é miondíoltóir K le haghaidh an phúdair cócó breise a allmhairíonn K go díreach isteach san Aontas (dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’), ós rud é gur táirge ábhartha é púdar cócó a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú agus go bhfuil K ag cur an phúdair cócó breise ar an margadh den chéad uair. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhiondíoltóir K dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis an bpúdar cócó breise, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Cás 4b

Allmhairíonn mórdhíoltóir J (oibreoir FBM) atá bunaithe san Aontas púdar cócó [CC 1805 ] ó tháirgeoir tríú tír (nach táirgeoir AE é) agus díolann sé é le miondíoltóir K atá bunaithe san Aontas (trádálaí nach FBM é). Athdhíolann miondíoltóir K an púdar cócó laistigh den Aontas.

Is oibreoir é mórdhíoltóir J agus an púdar cócó á allmhairiú isteach san Aontas aige (i.e., dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’), toisc gur táirge ábhartha é púdar cócó a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhórdhíoltóir J dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis an bpúdar cócó, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Ós rud é gur chuir miondíoltóir J an púdar cócó ar an margadh cheana agus ar choinníoll nár phróiseáil ná nár fhorlíon miondíoltóir K é sula n-athdhíoltar é, níl miondíoltóir K ach ag cur táirge ábhartha ar fáil. Chun dícheall cuí a fheidhmiú agus ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus (9), is féidir le miondíoltóir K tagairt a dhéanamh do RDC atá ann cheana tar éis dó a chinneadh gur fheidhmigh mórdhíoltóir J dícheall cuí i gceart de réir Airteagal 4(9), ach tá miondíoltóir K fós freagrach as an gcomhlíontacht.

Cás 4c

Allmhairíonn mórdhíoltóir J (oibreoir FBM) atá bunaithe san Aontas ola pónaire soighe [CC 1507 ] ó tháirgeoir tríú tír (nach táirgeoir AE é) agus díolann sé í le miondíoltóir K (trádálaí FBM) atá bunaithe san Aontas. Athdhíolann miondíoltóir K an ola pónaire soighe laistigh den Aontas.

Is oibreoir é mórdhíoltóir J agus ola pónaire soighe á hallmhairiú isteach san Aontas aige (i.e., dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’), toisc gur táirge ábhartha í ola pónaire soighe a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhórdhíoltóir J dícheall cuí a fheidhmiú maidir le hola pónaire soighe, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Ós rud é gur chuir mórdhíoltóir J an ola pónaire soighe ar an margadh cheana féin agus ar choinníoll nár phróiseáil ná nár fhorlíon miondíoltóir K í sula n-athdhíoltar í, níl miondíoltóir K ach ag cur táirge ábhartha ar fáil. Ós rud é gur trádálaí FBM é miondíoltóir K, níl na hoibleagáidí díchill chuí céanna air agus atá ar oibreoir. Dá bhrí sin, ní mór do mhiondíoltóir K an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 5 den Rialachán maidir le dífhoraoisiú a bhailiú agus a choinneáil, ach ní cheanglaítear air RDC a chur isteach le haghaidh na hola pónaire soighe sula n-athdhíoltar í de réir Airteagal 5(2).

Cás 4d

Allmhairíonn mórdhíoltóir J (oibreoir FBM) atá bunaithe san Aontas pónairí cócó [CC 1801 ] ó tháirgeoir tríú tír (nach táirgeoir AE é) agus díolann sé iad le monaróir K atá bunaithe san Aontas (oibreoir nach FBM é). Úsáideann monaróir K na pónairí cócó chun barraí seacláide a dhéanamh [CC 1806 ], barraí a dhíolann sé laistigh den Aontas.

Is oibreoir é mórdhíoltóir J agus na pónairí cócó á n-allmhairiú isteach san Aontas aige (dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ ), toisc gur táirge ábhartha iad pónairí cócó a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhórdhíoltóir J dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis na pónairí cócó, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Bíonn monaróir K ina oibreoir nuair a dhíolann sé na barraí seacláide ós rud é gur táirge ábhartha iad barraí seacláide freisin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú agus go bhfuil siad sin á gcur ar an margadh (cur ar fáil den chéad uair). Chun dícheall cuí a fheidhmiú agus ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus (9), is féidir le miondíoltóir K tagairt a dhéanamh do RDC atá ann cheana tar éis dó a chinneadh gur fheidhmigh mórdhíoltóir J dícheall cuí i gceart de réir Airteagal 4(9), ach tá miondíoltóir K fós freagrach as an gcomhlíontacht.

Cás 5 – RDC atá ann cheana a úsáid mar thagairt

Ceannaíonn cuideachta L (oibreoir nach FBM é) atá bunaithe san Aontas feoil eallaigh reoite [CC ex 0202 ] ó fheirmeoir M (oibreoir FBM) atá bunaithe san Aontas, feirmeoir a tháirg an t-eallach laistigh den Aontas. Cheannaigh feirmeoir M beatha an eallaigh ó mhiondíoltóir W (oibreoir FBM) a d’fheidhmigh dícheall cuí. Ansin, onnmhairíonn cuideachta L an fheoil eallaigh reoite [CC ex 0202 ] chuig tríú tír. Níor próiseáladh an fheoil ina dtáirgí ábhartha eile ná níor meascadh í le táirgí ábhartha eile.

Is oibreoir é feirmeoir M agus an fheoil eallaigh reoite á díol aige le cuideachta L agus ní mór dó dícheall cuí a dhéanamh agus RDC le haghaidh na feola eallaigh a chur isteach sa Chóras Faisnéise sula ndíoltar í. Mar chuid dá dhícheall cuí maidir leis an bhfeoil eallaigh, ní mór d’fheirmeoir M faisnéis gheoshuímh a áireamh lena dtagraítear do na bunaíochtaí uile inar tógadh an t-eallach (i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(d)). I gcomhréir le haithris 39, cinneann feirmeoir M ar cothaíodh an t-eallach le táirge ábhartha eile, agus má cothaíodh, ba cheart d’fheirmeoir M na sonraisc ábhartha, uimhreacha tagartha na ráiteas ábhartha maidir le dícheall cuí nó aon doiciméadacht ábhartha eile a fuarthas ó mhiondíoltóir W a úsáid mar fhianaise lena léirítear go raibh an bheatha gan dífhoraoisiú.

Bíonn cuideachta L ina oibreoir agus an fheoil á honnmhairiú ón Aontas aici (i.e., dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le honnmhairiú). Dá bhrí sin, ní mór do chuideachta L a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí maidir leis an bhfeoil eallaigh, agus RDC ar leithligh a chur isteach, lena bhféadfaí tagairt a dhéanamh do RDC a chuir feirmeoir M isteach roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 4(9). Más rud é, in ionad an fheoil a onnmhairiú chuig tríú tír, go gcinneann cuideachta L an fheoil a dhíol laistigh den Aontas, bheadh cuideachta L ag gníomhú mar thrádálaí sa chás sin, ach bheidís faoi réir na n-oibleagáidí céanna mar atá thuas, ós rud é go meastar gur oibreoirí nach FBManna iad trádálaithe nach FBManna iad de réir Airteagal 5(1).

Cás 6 – Dícheall cuí le haghaidh daoine nádúrtha/micrifhiontar

Déanann úinéir foraoise príobháidí N (ar oibreoir FBM é) atá bunaithe san Aontas conradh le cuideachta adhmaid O (ar oibreoir nach FBM é) chun cuid dá chrainn a lománú. Déanann cuideachta O na crainn a lománú, ach tá na spreotaí [CC 4403 ] fós faoi úinéireacht úinéir foraoise príobháidí N. Nuair a bhailítear na spreotaí, díolann úinéir foraoise príobháidí N na spreotaí lománaithe le cuideachta adhmaid O. Ansin, cuireann cuideachta adhmaid O na spreotaí chuig a muileann sábhadóireachta féin agus cuireann siad ar an margadh iad mar adhmad sáfa [CC 4407 ].

Is oibreoir é úinéir foraoise N agus ní mór dó dícheall cuí a dhéanamh sula gcuirfidh sé na spreotaí ar an margadh. Mar sin féin, ós rud é gur duine nádúrtha/micrifhiontar é úinéir foraoise N, tá an rogha aige sainordú a thabhairt don chéad oibreoir nó trádálaí eile níos faide síos an slabhra soláthair nach duine nádúrtha/micrifhiontar é gníomhú mar ionadaí údaraithe agus RDC a chur isteach thar a cheann. I gcás ina dtograíonn úinéir foraoise N sainordú a thabhairt do chuideachta O RDC a chur isteach thar a cheann, cuireann sé an fhaisnéis uile is gá in iúl do chuideachta O chun a dheimhniú gur fheidhmigh úinéir na foraoise dícheall cuí cheana féin agus nár aimsíodh aon riosca nó gur aimsíodh riosca diomaibhseach i gcomhréir le hAirteagal 6(3). Tá úinéir foraoise N fós freagrach as an gcomhlíontacht.

Is oibreoir é cuideachta adhmaid O nuair a chuireann sí adhmad sáfa ar an margadh mar tháirge adhmaid ábhartha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú, adhmad sáfa a tháirgtear ó spreotaí a lománaíodh i bhforaois úinéir foraoise N. Ciallaíonn sé sin nach mór do chuideachta adhmaid O a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí maidir leis na spreotaí agus RDC ar leithligh a chur isteach sa Chóras Faisnéise sula gcuirtear ar an margadh an t-adhmad sáfa a tháirgtear ó chrainn úinéir foraoise N a shábhadh.

Cás 7 – Tríú páirtithe a shainordú mar ionadaithe údaraithe

Allmhairíonn miondíoltóir P (ar oibreoir FBM é) atá bunaithe san Aontas aerbhoinn rubair [CC ex 4011 ] ó thríú tír (nach Ballstát den Aontas é) agus tograíonn sé sainordú a thabhairt do chuideachta Q atá bunaithe san Aontas mar a ionadaí údaraithe RDC a chur isteach mar sholáthraí seirbhíse le haghaidh mhiondíoltóir P.

Is oibreoir é miondíoltóir P agus na boinn rubair á n-allmhairiú isteach san Aontas aige (dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’) ós rud é gur táirge ábhartha iad boinn rubair a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do mhiondíoltóir P dícheall cuí a fheidhmiú maidir leis na boinn rubair, ach féadfaidh miondíoltóir P sainordú a thabhairt do chuideachta Q mar ionadaí údaraithe RDC le haghaidh na mbonn a chur isteach thar a cheann de réir Airteagal 6(1). Ní ghníomhaíonn Cuideachta Q mar bhall den slabhra soláthair, is soláthraí seirbhíse amháin é a chuireann RDC isteach sa Chóras Faisnéise thar ceann mhiondíoltóir P agus, má iarrann na húdaráis inniúla é, soláthraíonn sé cóip den sainordú de réir Airteagal 6(2). Tá miondíoltóir P fós freagrach as comhlíontacht na mbonn le hAirteagal 3 den Rialachán maidir le dífhoraoisiú.

Cás 8 – Cumhdach táirgí

Allmhairíonn monaróir R (oibreoir FBM) atá bunaithe san Aontas ola pailme [CC 1511 ] ó tháirgeoirí tríú tír (nach Ballstát den Aontas é) isteach san Aontas agus déanann sé í a phróiseáil laistigh dá mhonarcha ina gallúnach [CC 3401 ], gallúnach a dhíolann sé laistigh den Aontas.

Is oibreoir é monaróir R agus an ola pailme á hallmhairiú isteach san Aontas aige (dearbhaigh le haghaidh an nós imeachta custaim maidir le ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’) ós rud é gur táirge ábhartha í ola pailme a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do R dícheall cuí a fheidhmiú, RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise agus uimhir thagartha RDC chur isteach sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Agus an gallúnach á dhíol ag monaróir R, áfach, ní cheanglaítear air dícheall cuí a fheidhmiú ná RDC a chur isteach le haghaidh na hola pailme atá sa ghallúnach, ós rud é nach táirge ábhartha é an gallúnach féin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú.

Cás 9 – Táirgí ábhartha a chur ar an margadh ag oibreoir FBM

Cás 9a

Ceannaíonn ceannaí soighe S (trádálaí nach FBM é) atá bunaithe san Aontas pónairí soighe [CC 1201 ], pónairí soighe a chuir cuideachta eile ar an margadh cheana féin. Díolann ceannaí S, nach FBM é, atá bunaithe san Aontas, pónairí soighe le cuideachta T atá bunaithe san Aontas (ar oibreoir FBM í). Cruthaíonn cuideachta T plúr pónairí soighe [CC 1208 10 ] ó na pónairí soighe agus díolann sí an plúr.

Is trádálaí nach FBM é ceannaí S agus na pónairí soighe á ndíol aige (cur ar fáil) le cuideachta T, ós rud é gur táirge ábhartha iad pónairí soighe a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Ciallaíonn sé sin nach mór do cheannaí S a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí maidir leis na pónairí soighe agus RDC nua a chur faoi isteach sa Chóras Faisnéise sula ndíoltar na pónairí soighe le cuideachta T.

Is oibreoir í Cuideachta T agus plúr pónairí soighe á chur ar an margadh aici trína ndíol ós rud é gur phróiseáil sí na pónairí soighe ina dtáirge nua (plúr pónairí soighe), ar táirge ábhartha é a bhfuil cód CC ar leithligh aige faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú. Ós rud é gurb é atá i gceist le díol an phlúir pónairí soighe táirge ábhartha nua a chur ar an margadh (cur ar an margadh den chéad uair), is oibreoir í cuideachta T. Mar fhiontar FBM, ní cheanglaítear ar chuideachta T dícheall cuí a dhéanamh sula gcuirtear an plúr pónairí soighe ar an margadh ná ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach sa Chóras Faisnéise ós rud é go ndéantar plúr pónairí soighe as pónairí soighe a bhí faoi réir dícheall cuí cheana féin, ar chuir ceannaí S ráiteas maidir le dícheall cuí isteach ina leith cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 4(8), ach tá cuideachta T fós freagrach as an gcomhlíontacht.

Cás 9b

Déanann úinéir foraoise príobháidí U (ar oibreoir FBM é) atá bunaithe san Aontas cuid dá chrainn féin a lománú. Ansin, déanann sé na spreotaí a phróiseáil agus cruthaíonn sé frámaí pictiúir adhmaid pearsantaithe [CC 4414 ] ó na spreotaí ina ghnólacht féin chun na frámaí pictiúir adhmaid a dhíol go díreach le tomhaltóirí deiridh.

Is oibreoir é úinéir foraoise U agus ní mór dó dícheall cuí a dhéanamh sula gcuirfidh sé na spreotaí lománaithe [CC 4403 ] ar an margadh chun iad a phróiseáil ina bhfrámaí pictiúir adhmaid agus RDC a chur isteach sa Chóras Faisnéise.

Is oibreoir é úinéir foraoise U nuair a chuireann sé na frámaí pictiúir adhmaid pearsantaithe a chruthaíonn sé ar an margadh, ós rud é gur táirge ábhartha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le dífhoraoisiú iad frámaí pictiúir adhmaid pearsantaithe agus gurb é an chéad uair iad a chur ar fáil ar an margadh. Is oibreoir FBM é úinéir foraoise U, dá bhrí sin, de réir Airteagal 4(8), ní gá dó dícheall cuí a fheidhmiú ná ráiteas nua maidir le dícheall cuí a chur isteach sa Chóras Faisnéise le haghaidh na bhfrámaí pictiúir adhmaid toisc go ndearnadh iad as na spreotaí a bhí faoi réir dícheall cuí cheana féin agus gur cuireadh RDC isteach le haghaidh na spreotaí sa Chóras Faisnéise.

[Dá mba rud é, sa chás 9b thuas, go ndéanfadh úinéir foraoise U cuid dá chrainn a lománú chun frámaí pictiúir pearsantaithe a chruthú dá úsáid féin ina theach féin, ní bheadh sé ina oibreoir agus dá thoradh sin ní bheadh sé faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán maidir le dífhoraoisiú. Bheadh feidhm ag an méid céanna dá bpróiseálfadh sé táirgí ábhartha eile dá úsáid phearsanta féin ó na crainn, amhail cuaillí le haghaidh a fháil nó troscán le haghaidh a thí.]

Cás 10 – Táirgí ábhartha a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin

Ceannaíonn duine V atá bunaithe san Aontas (ar trádálaí FBM é) frámaí pictiúir adhmaid [CC 4414 ] lena ndíol ina dhiaidh sin trína shiopa ceardaíochta ar líne le linn gníomhaíocht tráchtála. Bhí na frámaí pictiúir adhmaid faoi réir dícheall cuí ag oibreoir Z cheana féin.

Is trádálaí é duine V agus na frámaí pictiúir adhmaid á gcur ar fáil ar an margadh aige, nó is oibreoir é más rud é go n-onnmhairíonn sé na frámaí pictiúir adhmaid go tríú tír, ós rud é gur táirge ábhartha iad frámaí adhmaid a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú. Níl aon fhoráil sa Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú lena meastar gur cur ar fáil ar an margadh ná onnmhairiú é díolachán a dhéanamh ar líne ná ar aon mhodh ciandíolacháin eile. Ní mór do dhuine V an Rialachán maidir leis an dífhoraoisiú a chomhlíonadh sula ndéanann sé comhaontú ceannaigh conarthach le ceannaitheoir na bhfrámaí pictiúir adhmaid.


IARSCRÍBHINN II

SAMPLAÍ D’FHAISNÉIS AGUS DÍCHEALL CUÍ A CHEANGLAÍTEAR LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ILCHODACHA A CHUMHDAÍTEAR LE hIARSCRÍBHINN I A GHABHANN LEIS AN RIALACHÁN MAIDIR LEIS AN DÍFHORAOISIÚ

Sampla 1: Comhlíonadh ceanglais faisnéise agus díchill chuí maidir leis an táirge ábhartha agus maidir le gach cuid ina bhfuil táirgí ábhartha eile nó atá déanta astu.

An cineál táirge

Méid

An ndearnadh dícheall cuí maidir leis an táirge ábhartha?

Troscán oifige neamhchóimeáilte (CC 9403 )

1 500 aonad

Tá dícheall cuí déanta ag an oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán maidir le dífhoraoisiú, lena n-áirítear na ceanglais faisnéise atá in Airteagal 9 (féach thíos) agus chuir sé ráiteas maidir le dícheall cuí isteach.

Cuid den táirge ábhartha (comhpháirt)

Faisnéis maidir le codanna ábhartha den táirge (de réir Airteagal 9)

An gcumhdaítear an chuid den táirge ábhartha le ráiteas maidir le dícheall cuí (RDC)?

 

Tuairisc

Speiceas

An tír tháirgthe

Geoshuíomhanna tráchtearra

Croíleacán

clár cáithníneach (CC 4410 )

Sprús Sitceach (Picea sitchensis)

Ballstát den Aontas Eorpach

Plandálacha iomadúla.

Gach geoshuíomh atá ar eolas.

Cumhdaítear: rinne an t-oibreoir tagairt don ráiteas maidir le dícheall cuí a bhí ann cheana, tar éis dó a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart.

Aghaidh agus cúl

Veinír 0.5 mm

(CC 4408 )

Feá (Fagus sylvatica)

Ballstát den Aontas Eorpach

Úinéirí foraoise príobháidí.

Gach geoshuíomh atá ar eolas.

Cumhdaítear: rinne an t-oibreoir tagairt don ráiteas maidir le dícheall cuí a bhí ann cheana, tar éis dó a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart.

Sampla 2: Comhlíonadh ceanglais faisnéise agus díchill chuí maidir leis an táirge ábhartha agus maidir le gach cuid ina bhfuil táirgí ábhartha eile nó atá déanta astu

An cineál táirge

Méid

An ndearnadh dícheall cuí maidir leis an táirge ábhartha?

Milseogra seacláidbhunaithe (CC 1806 )

2 000  kg

Tá dícheall cuí déanta ag an oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán maidir le dífhoraoisiú, lena n-áirítear na ceanglais faisnéise atá in Airteagal 9 (féach thíos) agus chuir sé ráiteas maidir le dícheall cuí isteach.

Cuid den táirge ábhartha (comhpháirt)

Faisnéis maidir le codanna ábhartha den táirge (de réir Airteagal 9)

An gcumhdaítear an chuid den táirge ábhartha le ráiteas maidir le dícheall cuí (RDC)?

 

Tuairisc

An tír tháirgthe

Geoshuíomhanna tráchtearra

Comhábhar

Im cócó (CC 1804 )

Roinnt tríú tíortha

Feirmeacha/gabháltais bheaga iomadúla. Gach geoshuíomh atá ar eolas.

Cumhdaítear. Ní raibh aon ráiteas maidir le dícheall cuí ann cheana, mar sin rinne an t-oibreoir an dícheall cuí le haghaidh an chuid sin den táirge ábhartha.

Comhábhar

Taos cócó

(CC 1803 )

Roinnt tríú tíortha

Feirmeacha/gabháltais bheaga iomadúla. Gach geoshuíomh atá ar eolas

Cumhdaítear: rinne an t-oibreoir tagairt don ráiteas maidir le dícheall cuí a bhí ann cheana, tar éis dó a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart.

Sampla 3: Níor comhlíonadh ceanglais faisnéise agus díchill chuí maidir leis an táirge ábhartha agus maidir le gach cuid ina bhfuil táirgí ábhartha eile nó atá déanta astu. Ní féidir an táirge ábhartha a chur ar an margadh ós rud é nach eol geoshuíomhanna na dtráchtearraí a bhaineann le táirge ábhartha amháin laistigh den táirge ilchodach.

An cineál táirge

Méid

An ndearnadh dícheall cuí maidir leis an táirge ábhartha?

Sraithadhmad (CC 4412 )

8 500 m3

Cumhdaítear, rinneadh an dícheall cuí ach ós rud é gur léirigh an próiseas díchill chuí nach bhfuil an fhaisnéis gheoshuímh riachtanach ar fáil, ní féidir an táirge ábhartha a chur ar an margadh.

Cuid den táirge ábhartha (comhpháirt)

Faisnéis maidir le codanna ábhartha den táirge (de réir Airteagal 9)

An gcumhdaítear an chuid den táirge ábhartha le ráiteas maidir le dícheall cuí (RDC)?

 

Tuairisc

Speiceas

An tír tháirgthe

Geoshuíomhanna tráchtearra

Aghaidh agus cúl

Leatháin le haghaidh athchraicinn

(CC 4408 )

Crann Bintangor (Calophyllum spp.)

Tríú tír

Lamháltais iomadúla. Gach geoshuíomh atá ar eolas.

Cumhdaítear: rinne an t-oibreoir tagairt don ráiteas maidir le dícheall cuí a bhí ann cheana, tar éis dó a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart.

Croíleacán

Leatháin le haghaidh athchraicinn

(CC 4408 )

Poibleog (Populus sp.)

Tríú tír

Dáileacht Choille Feirme. Geoshuíomhanna neamhshonraithe/anaithnide.

Ní chumhdaítear: ní féidir na hoibleagáidí dícheall chuí a chomhlíonadh gan na geoshuíomhanna a bheith ar eolas.

Sampla 4: Níor comhlíonadh ceanglais faisnéise agus díchill chuí maidir leis an táirge ábhartha agus maidir le gach cuid ina bhfuil táirgí ábhartha eile nó atá déanta astu. Ní féidir an táirge ábhartha a chur ar an margadh ós rud é nach eol geoshuíomhanna na dtráchtearraí a bhaineann le táirge ábhartha amháin laistigh den táirge ilchodach, agus ní raibh faisnéis maidir le speiceas ar fáil le haghaidh táirge ábhartha eile.

An cineál táirge

Méid

An ndearnadh dícheall cuí maidir leis an táirge ábhartha?

Páipéar scríbhneoireachta (90 g/m2) (CC 4802)

1 200  tona

Rinneadh an dícheall cuí ach níl faisnéis a éilítear mar chuid den phróiseas ar fáil, mar sin, ní féidir an táirge ábhartha a chur ar an margadh.

Cuid den táirge ábhartha (comhpháirt)

Faisnéis maidir le codanna ábhartha den táirge (de réir Airteagal 9)

An gcumhdaítear an chuid den táirge ábhartha le ráiteas maidir le dícheall cuí (RDC)?

 

Tuairisc

Speiceas

An tír tháirgthe

Geoshuíomhanna tráchtearra

Laíon

Laíon snáithín ghearr (CC 47)

Acacia mangium

Tríú tír

Plandáil foraoise. Tá an geoshuíomh ar eolas.

Cumhdaítear: rinne an t-oibreoir tagairt don ráiteas maidir le dícheall cuí a bhí ann cheana, tar éis dó a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart.

Laíon

Laíon snáithín ghearr (CC 47)

Crua-adhmaid thrópaiceacha mheasctha de speicis anaithnide

Tríú tír

Plandálacha foraoise. Gach geoshuíomh atá ar eolas.

Ní chumhdaítear: ní féidir oibleagáidí dícheall chuí a chomhlíonadh gan gach speiceas laistigh de tháirgí adhmaid a shainaithint.

Laíon

Laíon snáithín fhada (CC 47)

Pinus radiata

Tríú tír

Plandálacha foraoise. Geoshuíomhanna neamhshonraithe/anaithnide.

Ní chumhdaítear: ní féidir na hoibleagáidí dícheall chuí a chomhlíonadh gan na geoshuíomhanna a bheith ar eolas.

Sampla 5: Níor comhlíonadh ceanglais faisnéise agus díchill chuí maidir leis an táirge ábhartha agus maidir le gach cuid ina bhfuil táirgí ábhartha eile nó atá déanta astu. Ní féidir an táirge ábhartha a chur ar an margadh ós rud é gur léirigh an dícheall cuí a rinneadh le haghaidh táirge ábhartha amháin laistigh den táirge ilchodach nach raibh sé gan dífhoraoisiú.

An cineál táirge

Méid

An ndearnadh dícheall cuí maidir leis an táirge ábhartha?

Milseogra seacláidbhunaithe (CC 1806 )

900 kg

Rinneadh dícheall cuí ach ós rud é nach féidir a dheimhniú go bhfuil na táirgí gan dífhoraoisiú, ní féidir an táirge ábhartha a chur ar an margadh.

Cuid den táirge ábhartha (comhpháirt)

Faisnéis maidir le codanna ábhartha den táirge (de réir Airteagal 9)

An gcumhdaítear an chuid den táirge ábhartha le ráiteas maidir le dícheall cuí (RDC)?

 

Tuairisc

An tír tháirgthe

Geoshuíomhanna tráchtearra

 

Im cócó

(CC 1804 )

Roinnt tríú tíortha

Feirmeacha/gabháltais bheaga iomadúla. Gach geoshuíomh atá ar eolas

Cumhdaítear: rinne an t-oibreoir tagairt don ráiteas maidir le dícheall cuí a bhí ann cheana, tar éis dó a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart.

 

Taos cócó

(CC 1803 )

Roinnt tríú tíortha

Feirmeacha/gabháltais bheaga iomadúla.

Gach geoshuíomh atá ar eolas

Cumhdaítear: rinne an t-oibreoir tagairt don ráiteas maidir le dícheall cuí a bhí ann cheana, tar éis dó a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí i gceart.

 

Púdar cócó

(CC 1805 )

Roinnt tríú tíortha

Feirmeacha iomadúla.

Gach geoshuíomh atá ar eolas.

Ní dhearnadh dícheall cuí, ach bhí roinnt suíomhanna faoi réir dífhoraoisithe tar éis an scoithdháta, dá bhrí sin ní chomhlíonann an chomhpháirt Airteagal 3 agus tá toirmeasc uirthi.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6789/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)