|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6758 |
26.11.2024 |
P9_TA(2024)0090
Trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (COM(2021)0731 – C9-0433/2021 – 2021/0381(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2024/6758)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0731), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 16 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0433/2021), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Feabhra 2022 (1), |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 28 Aibreán 2022 (2), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0009/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (3); |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C 275, 18.7.2022, lch. 66.
(2) IO C 301, 5.8.2022, lch. 102.
(3) Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 2 Feabhra 2023 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2023)0027).
P9_TC1-COD(2021)0381
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/900.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6758/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)