European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6755

26.11.2024

P9_TA(2024)0087

Loingsithe dramhaíola

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le loingsithe dramhaíola agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 (COM(2021)0709 – C9-0426/2021 – 2021/0367(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/6755)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0709),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0426/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Feabhra 2022  (1),

tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0290/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2);

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 275, 18.7.2022, lch. 95.

(2)  Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 17 Eanáir 2023 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0003).


P9_TC1-COD(2021)0367

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le loingsithe dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1157.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6755/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)