|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6724 |
7.11.2024 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Samhain 2024
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta don tSualainn
(C/2024/6724)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 75 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 21 Meán Fómhair 2020 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta don tréimhse ón 20 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2025. |
|
(2) |
Tá suíochán mar chomhalta i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Anna SVÄRD a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na Sualainne don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Ylva GRYNFARB ina comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta in ionad Anna SVÄRD, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 19 Deireadh Fómhair 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (IO C 315 I, 23.9.2020, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6724/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)