European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6674

31.10.2024

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE

an 2 Iúil 2024

i gCás E-6/23

imeachtaí coiriúla in aghaidh MH

(Treoir 2004/38/CE – Cearta díorthaithe do náisiúnaigh tríú tír – Ceart dul isteach – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear srian ar chearta dul isteach agus cónaithe mar gheall ar ordú eisiaimh sula ndéantar ball teaghlaigh de náisiúnach LEE de – Airteagal 32 de Threoir 2004/38/CE – Airteagal 36 de Threoir 2004/38/CE)

(C/2024/6674)

I gCás E-6/23, imeachtaí coiriúla in aghaidh MH – IARRAIDH ar an gCúirt faoi Airteagal 34 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú ag Cúirt Uachtarach na hIorua (Norges Høyesterett), maidir le léirmhíniú Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus ag baill dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE, thug an Chúirt, a bhí comhdhéanta de Páll Hreinsson, an tUachtarán (Breitheamh is Rapóirtéir), Bernd Hammermann agus Michael Reiertsen, Breithiúna, breithiúnas an 2 Iúil 2024, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:

1.

Na rialacha a leagtar síos le Caibidil VI de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus ag baill dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, ní mór iad a léirmhíniú sa chaoi nach gceadaítear leo do Stát LEE cead isteach agus cónaí ar a chríoch a dhiúltú do chéile le náisiúnach LEE ar náisiúnach tríú tír é an céile sin, ar an bhforas go raibh an céile sin ar náisiúnach tríú tír é ina ábhar, san am a chuaigh thart, d’ordú eisiaimh ar bhonn bearta náisiúnta arna bhforchur i dtaca le sáruithe roimhe sin tráth sula bhfuair sé nó sí cearta díorthaithe saorghluaiseachta faoin Treoir, agus ar an bhforas sin amháin, gan a fhíorú ar dtús gur fíorbhagairt láithreach agus tromchúiseach go leor le go ndéantar difear do cheann de leasanna bunúsacha na sochaí an duine sin a bheith ar chríoch Stát LEE, de réir bhrí Airteagal 27(2) den Treoir.

2.

Níl aon fheidhm, go díreach nó de réir analaí, ag Airteagal 32 de Threoir 2004/38/CE i gcás nach bhfuil diúltú an chirt dul isteach agus cónaithe bunaithe ar fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor a bheith ann ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí.

3.

Is gá Airteagal 27 de Threoir 2004/38/CE a chomhlíonadh, go háirithe, i gcás inar mian leis an Stát LEE pionós a ghearradh ar náisiúnach tríú tír as teacht isteach ar a chríoch agus/nó cónaí uirthi, de shárú ar na rialacha náisiúnta maidir le hinimirce, sula ndéantar ball teaghlaigh de náisiúnach LEE de. In éagmais measúnú nua i gcomhréir leis an Treoir, tá a láithreacht ar chríoch Stát LEE dleathach de réir dhlí LEE. Dá réir sin, ní féidir duine den sórt sin a chur faoi réir smachtbhannaí faoin dlí náisiúnta as an gcinneadh bunaidh maidir le heisiamh a shárú trí na cearta díorthaithe a thugtar dó leis an Treoir a fheidhmiú.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6674/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)