European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6637

11.11.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Administrativo e Fiscal do Funchal (an Phortaingéil) an 12 Lúnasa 2024 – Utiledulci – Comércio Internacional e Serviços, Sociedade Unipessoal, Lda. – Zona Franca da Madeira v Autoridade Tributária e Assuntos Fiscais da Região Autónoma da Madeira

(Cás C-545/24, Utiledulci)

(C/2024/6637)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Administrativo e Fiscal do Funchal

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Utiledulci — Comércio Internacional e Serviços, Sociedade Unipessoal, Lda. — Zona Franca da Madeira

Cosantóir: Autoridade Tributária e Assuntos Fiscais da Região Autónoma da Madeira

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear an teilgean ‘gnóthú láithreach agus éifeachtach’ atá le fáil in Airteagal 5 de Chinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020  (1), agus an teilgean ‘déanfar an aisghabháil gan mhoill agus i gcomhréir le nósanna imeachta faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, ar choinníoll go gceadófar cinneadh an Choimisiúin a fhorghníomhú láithreach agus go héifeachtach leo’ atá le fáil in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2015/1589 (2), a léiriú ar chaoi go gcaithfear rialacha dhlí na Portaingéile maidir le ráthaíochtaí nóis imeachta dá bhforáiltear in imeachtaí forfheidhmithe cánach a fhágaint gan feidhm, go háirithe na rialacha sin a bhaineann le fionraí na n-imeachtaí forfheidhmithe cánach nó, mar mhalairt air sin, an gcaithfear iad sin a léiriú ar chaoi go leanann Autoridade Tributária e Assuntos Fiscais da Região Autónoma da Madeira (Údarás Cánach agus Fioscach Réigiún Féinrialaitheach Mhaidéara) de bheith faoi réir na ráthaíochtaí nóis imeachta go léir dá bhforáiltear i ndlí cánach na Portaingéile, gan beann ar go bhfuiltear ag plé le haisghabháil státchabhrach arna dearbhú a bheith neamhdhleathach le cinneadh ón gCoimisiúin sa chás lena mbaineann?


(1)  Cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2020) 8550) (IO 2022, L 217, lch. 49).

(2)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 [CFAE] a chur i bhfeidhm (códú) (IO 2015, L 248, lch. 9)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6637/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)