European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6634

11.11.2024

Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 7 Lúnasa 2024 – Mikroregion Porta Bohemica v Odvolací finanční ředitelství

(Cás C-539/24, Mikroregion Porta Bohemica)

(C/2024/6634)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Mikroregion Porta Bohemica

Cosantóir: Odvolací finanční ředitelství

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gceadaítear le Rialachán (EC, Euratom) Uimh. 2988/95 (1) ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach,

a)

reachtaíocht naisiúnta lena leagtar amach, de réir bhrí Airteagal 3(3) den Rialachán sin, tréimhse ama níos faide le cinneadh a thabhairt ar chás (10 mbliana anseo) ná an tréimhse ama de réir an cheathrú fomhír d’Airteagal 3(1) den Rialachán, gan tréimhse ama ar leith a leagan amach go sainráite le haghaidh imeachtaí a thionscnamh, mar a fhoráiltear dó sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95, ag an am céanna?

b)

an chéad lá den bhliain féilire – in ionad an dáta a rinneadh an beart mídhleathach –a bheith á shocrú ag an mBallstát mar thús na tréimhse ama?

2)

I gcás freagra dearfach ar Chuid (a) den Cheist 1, an gceadaítear le Rialachán 2988/95 do Bhallstát a bhain úsáid as an gcumhacht faoi Airteagal 3(3) den Rialachán sin imeachtaí a thionscnamh laistigh de thréimhse níos faide ná an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Rialachán 2988/95? Murarb amhlaidh sin – i gcás nach bhforáiltear le reachtaíocht do thréimhse ama ar leith le haghaidh imeachtaí a thionscnamh – an gá déanamh de réir na chéad fhomhíre d’Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95 agus na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse ama arna leagan amach ann?

3)

I gcás bearta mídhleathacha de réir bhrí Airteagal 1(1) de Rialachán 2988/95 a tháinig chun cinn i maoiniú tionscadal a bhaineann le beartas an Aontais agus i dtaca le fóirdheontais a thagann cuid díobh ó acmhainní an Aontais agus cuid díobh ó bhuiséad Ballstáit, an gá déanamh de réir an nós imeachta faoi Rialachán 2988/95 amháin (lena n-áirítear tréimhsí ama agus sainmhínithe) i.e. an gá an Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis an mbeart mídhleathach ina iomláine? Murach sin, an gá gan ach déanamh amhlaidh i ndáil leis an gcuid inscartha den fhóirdheontas arna dheonú ó chistí an Aontais agus, mar mhalairt air sin, déanamh de réir rialacha náisiúnta maidir leis an gcuid inscartha arna deonú ón mbuiséad náisiúnta?


(1)   IO 1995 L 312, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6634/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)