European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6623

11.11.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 26 Meán Fómhair 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó phainéal roghnaithe an Haut Conseil du commissariat aux comptes (Ard-Chomhairle na nIniúchóirí Reachtúla, Comhdhéanamh Srianta) – an Fhrainc) – Haut Conseil du commissariat aux comptes v MO

(Cás C-368/23  (1) , Fautromb  (2) )

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 267 CFAE - An coincheap ‘cúirt nó binse’ - Critéir struchtúracha agus fheidhmiúla - Cúraimí breithiúnacha nó riaracháin a fheidhmiú - Údarás poiblí nach bhfuil faoi réir rialacháin agus/nó maoirseachta iniúchóirí reachtúla - Socruithe eagraíochtúla inmheánacha - Cumhacht chun imeachtaí ex officio a thionscnamh - Cumhacht pionóis a fhorchur - Cinneadh atá faoi réir caingean le haghaidh neamhniú - Gan stádas mar ‘thríú páirtí’ i ndáil leis an údarás a ghlacann an cinneadh faoi athbhreithniú breithiúnach - Do-ghlacthacht)

(C/2024/6623)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Haut Conseil du commissariat aux comptes (an Fhrainc)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Haut Conseil du commissariat aux comptes

Cosantóir: MO

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú ó phainéal roghnaithe an Haut Conseil du commissariat aux comptes (Ard-Chomhairle na nIniúchóirí Reachtúla, Comhdhéanamh Srianta, an Fhrainc), trí chinneadh an 25 Bealtaine 2023, do-ghlactha.


(1)   IO C 329, 18.9.2023.

(2)  Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní ag tagairt d’fhíorainm páirtí ar bith sna himeachtaí atá sé.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6623/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)