|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6592 |
31.10.2024 |
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2024/6592)
Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
DOICIMÉAD AONAIR
‘Caviar d’Aquitaine’
Uimh. AE: PGI-FR-03054 – 5.1.2024
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm (nó ainmneacha)
‘Caviar d’Aquitaine’
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cineál an táirge
Aicme 1.7. Éisc, moilisc, agus crústaigh úra agus táirgí díorthaithe
3.2. Tuairisc ar an táirge dá dtagraíonn an t-ainm in (1)
Is caibheár é ‘Caibheár d’Aquitaine’ arb é atá ann úicítí (uibheacha) neamh-ubhsceite den speiceas bradáin fearna coiteann Acipenser baerii baerii.
Níl ann ach uibheacha bradán fearna coiteann agus salann inite neamh-iaidínithe ina bhfuil 99 % NaCl ar a laghad agus breiseán bia leasaitheach a d’fhéadfadh a bheith ann.
Díoltar é úr, paistéartha nó domhainreoite.
Táirge nach bhfuil leasaithigh ann nó nach ndearnadh próiseas leasaithe fhisicigh air, féadfar é a aosú ar feadh idir 0 agus 6 mhí, idir 0 agus 18 mí i gcás táirge atá paistéartha nó ina bhfuil leasaitheach, agus idir 0 agus 24 mhí i gcás táirge domhainreoite.
Tar éis na hubhagáin a bhuaint agus a shórtáil, tá na saintréithe seo a leanas sa táirge: fíorbheagán ábhar úsctha, méid agus dath aonfhoirmeach (ceadaítear gach dath uibhe nádúrtha, ach ní mór dath comhionann a bheith ar na huibheacha uile laistigh den stán nó den choimeádán céanna. Féadfaidh dath aonair nó dédhathach a bheith ar uibheacha).
Níl aon bholadh ar ‘Caviar d’Aquitaine’ atá níos lú ná 2 mhí d’aois. Nuair atá sé níos mó ná 2 mhí d’aois, d’fhéadfadh boladh beagán ‘éisc’ a bheith air. Scartar na huibheacha go héasca. Is féidir leis an uigeacht a bheith idir teann agus bog ag brath ar aois an chaibheáir (nuair a bhíonn sé óg, tá sé sách teann). D’fhéadfadh an scannán a bheith beagán inbhraite in uibheacha paistéartha.
Tá bolaithe ime de ‘crème fraîche’ nó ‘cnónna’ ar ‘Caviar d’Aquitaine’. De réir mar a athraíonn sé le himeacht ama, éiríonn sé níos goirte, níos déine, agus maireann an blas níos faide sa bhéal. Ba cheart nach mbeadh ach beagán searbhais nó blas ‘éisc’ air agus nach mblaisfeadh sé riamh ‘camhraithe’, ‘miotalach’ nó ‘créúil’.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Beathaítear na bradáin fearna choiteanna le beatha i bhfoirm millíní. Déantar os cionn 90 % de na táirgí iascaigh a úsáidtear sa bheatha a aisghabháil ó sheachtháirgí ó phróiseáil lena gcaitheamh ag an duine nó ó iascach inbhuanaithe deimhnithe. Níl aon cheann de na speicis a ndéantar iascaireacht orthu i measc na speiceas atá faoi bhagairt nó atá i mbaol arna sainaithint ag IUCN.
Níl orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna), antaibheathaigh ná dathúchán bia sa bheatha.
Ní fhéadfar díorthaigh ola pailme agus ola eithne pailme a úsáid ach amháin mar cheanglóirí agus ní mór gurb ionann iad agus níos lú ná 1 % den táirge críochnaithe.
Athraíonn na cóimheasa idir finte cothaitheacha (próitéiní ainmhithe, próitéiní plandaí, saillte, carbaihiodráití, vitimíní agus mianraí) atá sa bheatha de réir céimeanna fáis na mbradán fearna coiteann.
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach críochaithe
Déantar an pórú uile atá beartaithe chun gealóga a tháirgeadh chun ‘Caviar d’Aquitaine’ a tháirgeadh sa limistéar geografach. Leis an gceanglas sin, is féidir cáilíocht ghéiniteach na mbradán fearna coiteann a rialú agus a ráthú, agus is féidir stoc goir na mbaineannach caibheáir a roghnú ar bhonn stóinseachta agus fáis le haghaidh na bhfireannach agus ar bhonn méide agus táirgeachta uibhe le haghaidh na mbaineannach. Fágann an ceanglas seo gur féidir deireadh a chur le fadhbanna sláinte a oiread agus is féidir agus éilliú na linnte a chosc.
Tógtar na bradáin fearna choiteanna ansin sa limistéar geografach. Tá cáilíocht an chaibheáir nasctha go príomha le cáilíocht na n-uibheacha, rud a bhíonn ag brath ar na dálaí ina dtógtar na bradáin fearna choiteanna, a bhfuil timthriall an-fhada acu (9 mbliana ar an meán), agus faoina bhfuil saineolas forbartha ag táirgeoirí.
Maraítear bradáin fearna choiteanna sa limistéar geografach, toisc go dtógann an próiseas ón marú go dtí deireadh phríomh-phacáistíocht an chaibheáir 4 uair an chloig ar a mhéad. Déantar na nósanna imeachta sin go leanúnach ar an suíomh céanna chun sláinteachas agus úire uibhe a áirithiú.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Tarlaíonn príomh-phacáistíocht sa limistéar geografach, toisc go dtógann an próiseas ó mharú na mbradán fearna coiteann go dtí deireadh na príomh-phacáistíochta 4 uair an chloig ar a mhéad. Déantar na huibheacha a phacáistiú díreach tar éis a saillte, i bhfianaise a leochaileachta, rud a chiallaíonn nach mór an láimhseáil a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Áirithítear leis freisin inrianaitheacht níos fearr ar an táirge nideoige seo.
Díoltar ‘Caviar d’Aquitaine’ i stáin mhiotail vearnaiseáilte, nó i gcoimeádáin ghloine nó phlaisteacha.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith ar aghaidh an lipéadaithe agus/nó ar fhorphacáistíocht an stáin nó an choimeádáin ina ndíoltar an táirge:
|
— |
Ainm TGFC ‘Caviar d’Aquitaine’ |
|
— |
Lógó an chómhairc ‘Caviar d’Aquitaine’ |
Is é 15 mm trastomhas íosta lógó an chómhairc.
Mar sin féin, féadfar an trastomhas sin a laghdú go 10 mm i gcás stáin nó coimeádáin nach mó ná 20 gram iad.
Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith ar lipéadú agus/nó ar fhorphacáistíocht an stáin nó an choimeádáin ina ndíoltar an táirge freisin:
|
— |
An uimhir phacáistithe |
|
— |
Uimhir aitheantais an táirgeora nó an trádálaí/athphacáisteora |
|
— |
An dáta iascaireachta |
|
— |
An dáta ‘b’fhearr roimh’ nó an dáta éagtha |
Má tá ceann de na heilimintí thuas le feiceáil ar fhorphacáistíocht stáin nó choimeádáin ‘Caviar d’Aquitaine’, níor cheart an stán ná an coimeádán a dheighilt óna fhorphacáistíocht go dtí go gceannóidh an tomhaltóir deiridh é.
Lógó an chómhairc ‘Caviar d’Aquitaine’
Éagsúlachtaí ceadaithe
Eochair na lógónna:
Dearfach / Diúltach / ór ar chúlra trédhearcach / dubh ar chúlra óir / dubh ar chúlra airgid / holagrafach ar chúlra trédhearcach
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cuimsíonn limistéar geografach TGFC ‘Caviar d’Aquitaine’ críoch ranna iomlána Gironde, Landes agus Lot-et-Garonne agus críoch ranna:
Charente, cé is moite de na bardais seo a leanas:
Abzac, Ansac-sur-Vienne, Brigueuil, Brillac, Chabanais, Chabrac, Chassenon, Chirac, Confolens, Esse, Étagnac, Exideuil-sur-Vienne, Hiesse, Lessac, Lesterps, Manot, Montrollet, Oradour-Fanais, Pressignac, Saint-Christophe, Saint-Maurice-des-Lions agus Saulgond;
Charente-Maritime, cé is moite de na bardais seo a leanas:
Aigrefeuille-d’Aunis, Anais, Andilly, Angliers, Angoulins, Ars-en-Ré, Aytré, Benon, Le Bois-Plage-en-Ré, Bouhet, Bourgneuf, La Brée-les-Bains, Chambon, Charron, Le Château-d’Oléron, Châtelaillon-Plage, Clavette, La Couarde-sur-Mer, Courçon, Cramchaban, Croix-Chapeau, Dœuil-sur-le-Mignon, Dolus-d’Oléron, Dompierre-sur-Mer, Esnandes, Ferrières, La Flotte, Forges, Le Grand-Village-Plage, La Grève-sur-Mignon, Le Gué-d’Alleré, L’Houmeau, Île-d’Aix, La Jarne, La Jarrie, Lagord, La Laigne, Loix, Longèves, Marans, Marsais, Marsilly, Montroy, Nieul-sur-Mer, Nuaillé-d’Aunis, Les Portes-en-Ré, La Rochelle, La Ronde, Le Thou, Périgny, Puilboreau, Puyravault, Rivedoux-Plage, Saint-Christophe, Saint-Clément-des-Baleines, Saint-Cyr-du-Doret, Saint-Denis-d’Oléron, Saint-Félix, Saint-Georges-d’Oléron, Saint-Georges-du-Bois, Saint-Jean-de-Liversay, Sainte-Marie-de-Ré, Saint-Martin-de-Ré, Saint-Médard-d’Aunis, Saint-Ouen-d’Aunis, Saint-Pierre-d’Amilly, Saint-Pierre-d’Oléron, Saint-Rogatien, Saint-Saturnin-du-Bois, Saint-Sauveur-d’Aunis, Sainte-Soulle, Saint-Trojan-les-Bains, Saint-Vivien, Saint-Xandre, Salles-sur-Mer, Taugon, Vérines, Villedoux, Villeneuve-la-Comtesse, Virson agus Vouhé;
Dordogne, cé is moite de na bardais seo a leanas:
Abjat-sur-Bandiat, Angoisse, Anlhiac, Archignac, Augignac, Azerat, Besse, Borrèze, Bouzic, Busserolles, Campagnac-lès-Quercy, La Cassagne, Chalais, Champniers-et-Reilhac, Champs-Romain, La Chapel-Saint-Jean, Châtres, Clermont-d’Excideuil, La Coquille, Les Coteaux Périgourdins, Coubdays, Doissat, La Dornac, Dussac, La Feuillade, Firbeix, Génis, Granges-d’Ans, Jayac, Jumilhac-le-Grand, Lanouaille, Marcillac-Saint-Quentin, Mazeyrolles, Mialet, Milhac-de-Nontron, Nadaillac, Nailhac, Nantheuil, Nanthiat, Nontron, Orliac, Paulin, Payzac, Pazayac, Pechs-de-l’Espance, Peyrignac, Piégut-Pluviers, Prats-du-Périgord, Preyssac-d’Excideuil, Proissans, Saint-Barthélemy-de-Bussière, Saint-Cernin-de-l’Herm, Saint-Crestin-et-Carlucet, Saint-Cyr-les-Champagne, Sainte-Foy-de-Belvès, Saint-Geniès, Saint-Jory-de-Chalais, Saint-Laurent-la-Vallée, Saint-Martin-de-Fressengeas, Saint-Martin-le-Pin, Saint-Médard-d’Excideuil, Saint-Mesmin, Saint-Pardoux-la-Rivière, Saint-Paul-la-Roche, Saint-Pierre-de-Frugie, Saint-Pompont, Saint-Priest-les-Fougères, Saint-Rabier, Saint-Saud-Lacoussière, Saint-Sulpice-d’Excideuil, Salagnac, Salignac-Eyvigues, Sarlande, Sarlat-la-Canéda, Sarrazac, Savignac-de-Nontron, Savignac-Lédrier, Teillots, Thiviers, Villac agus Villefranche-du-Périgord;
Gers, cé is moite de na bardais seo a leanas:
Arrouède, Aujan-Mournède, Auradé, Aussos, Aux-Aussat, Barcugnan, Bazugues, Bellegarde, Betcave-Aguin, Betplan, Bézues-Bajon, Cabas-Loumassès, Cadeillan, Castex, Chélan, Duffort, Esclassan-Labastide, Espaon, Estampes, Faget-Abbatial, Garravet, Gaujac, Gaujan, L’Isle-Jourdain, Laguian-Mazous, Lalanne-Arqué, Laymont, Lias, Lourties-Monbrun, Manas-Bastanous, Manent-Montané, Masseube, Meilhan, Miélan, Monbardon, Monblanc, Moncorneil-Grazan, Mongausy, Monlaur-Bernet, Montadet, Montamat, Mont-d’Astarac, Mont-de-Marrast, Montégut-Arros, Monties, Montpézat, Panassac, Pébées, Pellefigue, Ponsan-Soubiran, Pujaudran, Sabaillan, Sadeillan, Saint-Arroman, Saint-Blancard, Sainte-Aurence-Cazaux, Sainte-Dode, Saint-Élix-Theux, Saint-Lizier-du-Planté, Saint-Loube, Saint-Soulan, Samaran, Sarcos, Sarraguzan, Sauveterre, Ségoufielle, Sère, Simorre, Tachoires, Tournan, Troncens, Villecomtal-sur-Arros agus Villefranche;
Pyrénées-Atlantique, cé is moite de na bardais seo a leanas:
Aast, Abère, Accous, Agnos, Ahaxe-Alciette-Bascassan, Aincille, Ainharp, Ainhice-Mongelos, Ainhoa, Alçay-Alçabéhéty-Sunharette, Aldudes, Alos-Sibas-Abense, Ance Féas, Andoins, Angaïs, Anhaux, Anos, Anoye, Aramits, Arette, Arhansus, Armendarits, Arnéguy, Arrien, Arros-de-Nay, Arthez-d’Asson, Artigueloutan, Arudy, Asasp-Arros, Ascain, Ascarat, Assat, Asson, Aste-Béon, Aubertin, Aussurucq, Aydius, Ayherre, Baleix, Baliros, Banca, Barcus, Barzun, Bassillon-Vauzé, Baudreix, Bédeille, Bedous, Béhorléguy, Bénéjacq, Bentayou-Sérée, Béost, Bernadets, Berrogain-Laruns, Bescat, Beuste, Beyrie-sur-Joyeuse, Bidarray, Bidos, Bielle, Bilhères, Biriatou, Boeil-Bezing, Bonloc, Borce, Bordères, Bordes, Bosdarros, Bourdettes, Bruges-Capbis-Mifaget, Bunus, Buros, Bussunarits-Sarrasquette, Bustince-Iriberry, Buziet, Buzy, Cambo-les-Bains, Camou-Cihigue, Cardesse, Caro, Casteide-Doat, Castéra-Loubix, Castet, Castillon (Canton de Lembeye), Cette-Eygun, Chéraute, Coarraze, Corbère-Abères, Coslédaà-Lube-Boast, Eaux-Bonnes, Escot, Escou, Escout, Escurès, Eslourenties-Daban, Espéchède, Espelette, Espoey, Esquiule, Estérençuby, Estialescq, Estos, Etchebar, Etsaut, Eysus, Gabaston, Gamarthe, Gan, Garindein, Gelos, Ger, Gerderest, Gère-Bélesten, Goès, Gomer, Gotein-Libarrenx, Gurmençon, Hasparren, Haut-de-Bosdarros, Haux, Hélette, Hendaye, Herrère, Hosta, Hours, Ibarrolle, Idaux-Mendy, Igon, Iholdy, Irissarry, Irouléguy, Ispoure, Issor, Isturits, Itxassou, Izeste, Jaxu, Jurançon, Juxue, Labatmale, Labatut-Figuières, Lacarre, Lacarry-Arhan-Charritte-de-Haut, Lacommande, Lagos, Laguinge-Restoue, Lalongue, Lamayou, Lanne-en-Barétous, Lantabat, Larceveau-Arros-Cibits, Laroin, Larrau, Laruns, Lasse, Lasseube, Lasseubetat, Lecumberry, Ledeuix, Lées-Athas, Lembeye, Lescun, Lespielle, Lespourcy, Lestelle-Bétharram, Lichans-Sunhar, Licq-Athérey, Limendous, Livron, Lohitzun-Oyhercq, Lombia, Louhossoa, Lourdios-Ichère, Lourenties, Louvie-Juzon, Louvie-Soubiron, Luc-Armau, Lucarré, Lucgarier, Lucq-de-Béarn, Lurbe-Saint-Christau, Lussagnet-Lusson, Lys, Macaye, Maspie-Lalonquère-Juillacq, Maucor, Mauléon-Licharre, Maure, Mazères-Lezons, Mendionde, Menditte, Mendive, Mirepeix, Momy, Monassut-Audiracq, Moncayolle-Larrory-Mendibieu, Monein, Monségur, Montaner, Montaut, Montory, Morlaàs, Moumour, Musculdy, Narcastet, Navailles-Angos, Nay, Nousty, Ogeu-les-Bains, Oloron-Sainte-Marie, Ordiarp, Orsanco, Ossas-Suhare, Osse-en-Aspe, Ossès, Ostabat-Asme, Ouillon, Ousse, Pagolle, Pardies-Piétat, Peyrelongue-Abos, Ponson-Debat-Pouts, Ponson-Dessus, Pontacq, Pontiacq-Viellepinte, Précilhon, Rébénacq, Riupeyrous, Rontignon, Roquiague, Saint-Abit, Saint-Armou, Saint-Castin, Sainte-Colome, Sainte-Engrâce, Saint-Esteben, Saint-Étienne-de-Baïgorry, Saint-Faust, Saint-Jammes, Saint-Jean-le-Vieux, Saint-Jean-Pied-de-Port, Saint-Just-Ibarre, Saint-Laurent-Bretagne, Saint-Martin-d’Arberoue, Saint-Martin-d’Arrossa, Saint-Michel, Saint-Vincent, Samsons-Lion, Sare, Sarrance, Saubole, Sauguis-Saint-Étienne, Sedze-Maubecq, Sedzère, Serres-Morlaàs, Sévignacq-Meyracq, Simacourbe, Soumoulou, Souraïde, Suhescun, Tardets-Sorholus, Trois-Villes, Uhart-Cize, Uhart-Mixe, Urdos, Urepel, Urost, Urrugne, Uzos agus Viodos-Abense-de-Bas.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an t-iarratas ar chlárú TGFC ‘Caviar d’Aquitaine’ bunaithe ar a shaintréithe agus ar a cháil.
Is toradh é ‘Caibheár d’Aquitaine’ ar rialú na dtáirgeoirí ar an slabhra táirgthe ar fad, ón ubh thosaigh go dtí an ubh dheiridh. Tá a thréithe orgánaileipteacha agus a cháilíocht mar thoradh ar fhorbairt saineolais maidir le caibheár a thógáil agus a tháirgeadh ó speiceas neamheindéimeach a chuaigh in oiriúint go han-mhaith do dhálaí hidrigeolaíocha an limistéir - Acipencer baerii.
Aithnítear ‘Caibheár d’Aquitaine’ mar gheall ar a thréithe orgánaileipteacha agus a cháilíocht.
Tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda, scriosadh táirgeadh chaibheár na Rúise tar éis na Réabhlóide Boilséiví. Is sa chomhthéacs sin a thosaigh Maison Prunier ar chaibheár a dhéanamh as an mbradán fearna Eorpach, Acipenser sturio, a bhí fós in inbhear na Gironde.
Mar sin féin, tháinig laghdú de réir a chéile ar phobal Acipenser sturio go dtí go raibh sé beagnach imithe faoi dheireadh an 20ú haois. Chun críoch caomhnaithe, rinneadh taighde ansin san Acatáin ar bhradán fearna coiteann fionnuisce ó aibhneacha na Sibéire, Acipencer baerii.
Bunaíodh na chéad fheirmeacha bradán fearna coiteann in abhantracha an Oileáin agus Arcachon sna 1990idí agus díoladh caibheár den chéad uair faoin ainm ‘Caviar d’Aquitaine’ in 1996.
Roghnaíonn táirgeoirí iasc trí bhreathnú go leanúnach ar stoc goir na mbaineannach caibheáir le linn tógála, arna roghnú le haghaidh stóinseachta agus fáis i bhfireannaigh agus méide agus táirgeacht uibhe i mbaineannaigh.
Braitheann dálaí tógála go príomha ar cháilíocht an uisce, nach mór dóibh roinnt paraiméadar a chomhlíonadh, agus ar shaineolas maidir le beathú chun fás agus ramhrú bradán fearna coiteann a áirithiú.
Tá roinnt céimeanna curtha i bhfeidhm ag táirgeoirí freisin sa phróiseas roghnúcháin uibheacha chun a áirithiú go bhfuil cáilíocht a gcaibheáir comhsheasmhach. A luaithe a bhuaintear na huibheacha, baineann táirgeoirí leas as a gcuid saineolais chun baisceanna caibheáir a dhéanamh atá aonfhoirmeach ó thaobh dhath agus mhéid na n-uibheacha de, agus chun iad a shailleadh de láimh.
Baineann limistéar geografach ‘Caviar d’Aquitaine’ le struchtúr mór dríodair Abhantrach na hAcatáine agus abhantrach Adour-Garonne. Chumhdaíonn sé fo-abhantracha na n-aibhneacha Adour, Garonne, Dordogne agus Charente.
Tá Acipenser baerii oiriúnach go foirfe do na dálaí feirmeoireachta san Acatáin, rud a bhfuil ciall leis nuair a chuirtear na dálaí sin i gcomparáid leis an gcomhshaol bunaidh. Bhí na tosca a bhaineann le hairde agus teocht agus moirtiúlacht an uisce ina gcritéir fhíor-riachtanacha chun an limistéar geografach a shainiú.
Is éard atá in ‘Caviar d’Aquitaine’ uibheacha bradáin fearna coiteann neamh-ubhsceite agus salann inite neamh-iaidínithe ina bhfuil 99 % NaCl ar a laghad.
Tar éis na hubhagáin a bhuain agus a shórtáil, tá méid agus dath aonfhoirmeach ar na huibheacha.
Nuair a bhíonn siad sa bhéal, scartar na huibheacha go héasca agus tá siad teann le haghaidh caibheár óg agus sách bog le haghaidh caibheár a d’athraigh le himeacht ama.
Tá blasanna ime de ‘crème fraîche’ nó ‘cnónna’ air. De réir mar a athraíonn sé le himeacht ama, éiríonn sé níos goirte agus níos déine, agus bíonn blasanna air a mhaireann níos faide sa bhéal. Seasann sé amach ó chaibheár eile sa mhéid is nach bhfuil mórán searbhais nó blas ‘éisc’ air agus nach mbíonn blas ‘camhraithe’, ‘miotalach’ nó ‘créúil’ air riamh.
Déantar marú agus próiseáil go leanúnach ar an láithreán céanna i mbeagán ama chun sláinteachas agus úire uibheacha a áirithiú. Baineann na táirgeoirí leas as a gcuid saineolais chun ubhagáin a roghnú de réir mhéid agus dhath na n-uibheacha agus chun baisceanna aonchineálacha a chruthú. Go deimhin, athraíonn pailéad dathanna uibheacha Acipenser baerii níos mó ná pailéad dathanna Acipenseridae eile.
Is scil de chuid na dtáirgeoirí sa limistéar é an sailleadh, ós rud é go mbraitheann an méid salainn a úsáidtear ar aibíocht na n-uibheacha agus go mbíonn tionchar aige ar an táirge críochnaithe agus ar an ábhar úsctha a theorannú. Tá cáil ‘Caviar d’Aquitaine’ bunaithe freisin ar an saineolas sin, rud a fhágann nach mbíonn blasanna goirt chomh suntasach céanna ann agus a bhíonn ag caibheár eile.
Le chéile, is féidir leis na cleachtais sin táirge a fhorbairt lena chritéir féin.
Agus é á tháirgeadh ar bhonn fíorshaineolais, tá eolas níos fairsinge á thabhairt ar ‘Caviar d’Aquitaine’ bliain i ndiaidh bliana. Taispeánann príomhchócairí cáiliúla é go tráthrialta, lena n-áirítear Christian Etchebest: ‘Tháinig mé ar chaibheár d’Aquitaine níos déanaí. Tá an chaoi a bhfuil feabhas tagtha air ó thaobh cáilíochta de tugtha faoi deara agam. Sa lá atá inniu ann tá sé ar cheann de na cinn is fearr i saol an chaibheáir. Is táirge eisceachtúil é i ndáiríre.’ (C. Etchebest, 2019). Nó cócaire Yves Camdeborde, a rinne éachtaí le ‘Caviar d’Aquitaine’ trí dheich saothar cócaireachta ar bhiachlár a shé bhialann i bPáras. Dar leis an gcócaire Franc-Chambódach Tomy Gousset, ar bronnadh réalta Michelin air in 2019: ‘Tá inrianaitheacht ag caibheár d’Aquitaine lena gcuirtear ar ár suaimhneas muid inár ngairmeacha. Is mar gheall ar shaineolas é a léirítear oidhreacht na Fraince domsa.’ (T. Gousset, 2019). Le déanaí, in 2021, fuair ‘Caviar d’Aquitaine’ dámhachtain an ghiúiré ‘coup de cœur’ ag blaiseadh mór tháirgí na hAcatáine Gault & Millau.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
(1) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6592/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)