|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6568 |
12.11.2024 |
P9_TA(2024)0135
Cinneadh ón gComhairle lena n-iarrtar ar na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a dhaingniú
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle lena n-iarrtar ar na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a dhaingniú (13106/2023 – C9-0396/2023 – 2020/0011(NLE))
(Toiliú)
(C/2024/6568)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13106/2023), |
|
— |
ag féachaint do Coinbhinsiún 2019 (Uimh. 190) na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, |
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 153(2) i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (a), Airteagal 157(3) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0396/2023), |
|
— |
ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0040/2024), |
|
1. |
ag tabhairt a toilithe don dréachtchinneadh ón gComhairle; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6568/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)