|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6464 |
25.10.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11485 – BRASSERIE NATIONALE / BOISSONS HEINTZ)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/6464)
1.
An 18 Deireadh Fómhair 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Brasserie Nationale S.A. (‘Brasserie Nationale’) (Lucsamburg), |
|
— |
Boissons Heintz S.à r.l. (‘Boissons Heintz’) (Lucsamburg) |
Gheobhaidh Brasserie Nationale rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Boissons Heintz.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
Tharchuir Údarás Iomaíochta Náisiúnta Lucsamburg an comhchruinniú chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 22(3) den Rialachán um Chumaisc.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Brasserie Nationale gníomhach i dtáirgeadh beorach agus uisce mianraí. Trína fhochuideachta Munhowen, tá Brasserie Nationale gníomhach freisin i ndáileadh mórdhíola deochanna i Lucsamburg agus i réigiúin chomharsanachta na Fraince agus na Beilge. |
|
— |
Is mórdhíoltóir é Boissons Heintz atá gníomhach i ndáileadh mórdhíola cineálacha éagsúla deochanna, lena n-áirítear beoir agus uisce mianraí, i Lucsamburg. |
3.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11485 – BRASSERIE NATIONALE / BOISSONS HEINTZ
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6464/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)