European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6446

4.11.2024

Caingean arna tabhairt an 17 Meán Fómhair 2024 – Le Pen v an Pharlaimint

(Cás T-480/24)

(C/2024/6446)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Jean-Marie Le Pen (Rueil-Malmaison, an Fhrainc) (ionadaí: F. Wagner, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

A dhearbhú gur glacadh cinneadh ó Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2024 de shárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh;

A dhearbhú gur glacadh cinneadh ó Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2024 de shárú ar Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;

Cinneadh ó Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2024, ar tugadh fógra ina leith dá ionadaithe an 18 Iúil 2024, maidir le héileamh i gcoinne an iarratasóra de shuim EUR 303 200,99 i ndáil le méideanna a íocadh go míchuí faoi theideal 400 den bhuiséad agus agus ina luafar na cúiseanna atá leis na suimeanna sin a ghnóthú, a chur ar neamhní ;

Nóta dochair Uimh.7040001694 an 9 Iúil 2024 a chur ar neamhní;

A ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais uile a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh. Cáineann an t-iarratasóir an cinneadh atá faoi chonspóid toisc nach gcuirtear san áireamh leis cinneadh ar mhí-uamadh arna eisiúint ag tribunal correctionnel de Paris (an Chúirt Choiriúil, Páras) an 3 Iúil 2024 i bhfianaise staid a shláinte. Is féidir, dar leis an iarratasóir, an cinneadh atá faoi chonspóid a cháineadh toisc nach gcuirtear san áireamh leis nach mbeadh an t-iarratasóir ar an eolas faoi aidhm, faoi bhrí nó faoi raon feidhme na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus nach bhféadfadh sé ullmhú dóibh nó iad a thuiscint go fóinteach.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6446/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)