European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6402

4.11.2024

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesarbeitsgericht Niedersachsen (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Iúil 2024 – NTH Haustechnik GmbH v EM

(Cás C-484/24, NTH Haustechnik)

(C/2024/6402)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesarbeitsgericht Niedersachsen

Páirtithe sna príomhimeachtaí:

Iarratasóir: NTH Haustechnik GmbH

Cosantóir: EM

Na ceisteanna a tarchuireadh

1)

I gcás gníomhaíocht próiseála bhreithiúnach neamhspleách a chumhdaítear le hAirteagal 6(1)(e) agus (3) de RGCS (1), an gcomhlíontar le forálacha Airteagal 92 den Grundgesetz (an Dlí Bunúsach, ‘GG’) agus Airteagail 138, 286, 355 et seq. den Zivilprozessordnung (Cód an Nós Imeachta Shibhialta, ‘ZPO’) an ceanglas maidir le cruinneas a eascraíonn as Airteagail 8(2) agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha agus as Airteagal 5(1)(c) de RGCS, a mhéid atá cur isteach ar chearta bunúsacha páirtí nó tríú páirtí i gceist leis an ngníomhaíocht próiseála bhreithiúnach?

2)

a)

I gcomhthéacs sonraí a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta, an féidir le cúirt náisiúnta brath ar an bhfíoras go bhfuil an phróiseáil sin údaraithe le hAirteagal 17(3)(e) de RGCS, nó an ionann Airteagail 6 agus 9 de RGCS agus an bonn eisiach do ghníomhaíocht próiseála bhreithiúnach?

b)

Má tá Airteagal 17(3)(e) de RGCS in ann, i bprionsabal, bunús dlí a chruthú do ghníomhaíocht próiseála bhreithiúnach:

aa)

An bhfuil feidhm aige sin freisin maidir le cásanna nach raibh bailiú bunaidh na sonraí sin ag páirtí sna himeachtaí nó ag tríú páirtí dleathach?

bb)

An bhfágann próiseáil sonraí a bailíodh go neamhdhleathach ar dtús, i gcomhréir le prionsabal maidir le meon macánta is infheidhme go ginearálta (Airteagal 5(1)(a) de RGCS), go gcuirtear srian ar phróiseáil bhreithiúnach faoin dlí tánaisteach, sa chaoi nach bhfuil Airteagal 17(3)(e) de RGCS infheidhme ach amháin faoi choinníollacha áirithe nó laistigh de theorainneacha áirithe?

cc)

An bhfuil Airteagal 17(3)(e) de RGCS le tuiscint mar fhoráil lena gciallaítear nach bhfuil aon toirmeasc ar úsáid bhreithiúnach sonraí a fuarthas go neamhdhleathach ar dtús – is é sin le rá, nach mór don chúirt na sonraí sin a úsáid i gcónaí – i gcás nár ceileadh an bailiú bunaidh sonraí agus gur úsáideadh é chun sárú d’aon ghnó ar oibleagáidí a chruthú?

3)

Gan beann air an dtagann an ghníomhaíocht próiseála sonraí breithiúnacha faoi raon feidhme Airteagal 17(3)(e) de RGCS nó Airteagal 6(1)(c) nó (e), (3), Airteagal 9 de RGCS nó forálacha eile de dhlí an Aontais:

a)

An bhfágann prionsabail an dlí um chosaint sonraí maidir le riachtanas agus íoslaghdú sonraí, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha agus le hAirteagal 5(1)(a) de RGCS i dtaca, go háirithe, le próiseáil na sonraí a bailíodh nó a stóráladh go neamhdhleathach ar dtús, go bhfuil gá le measúnú cuimsitheach ar chomhréireacht agus ar chothromú ag na cúirteanna a thuiscint?

b)

Cad iad éifeachtaí Airteagal 5(1)(e) de RGCS, lena bhforáiltear nach bhféadfar sonraí pearsanta a choinneáil níos faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach, ar an ngníomhaíocht bhreithiúnach próiseála sonraí ina dhiaidh sin, go háirithe sna cásanna seo a leanas:

gur chun críocha eile a bailíodh na sonraí ar dtús; nó

go ndearnadh an bailiú bunaidh neamhdhleathach sonraí i bhfad ó shin; nó

gur coinníodh stóráil neamhdhleathach ar feadh tréimhsí níos faide; nó

go mbaineann bailiú neamhdhleathach sonraí le sonraí a stóráladh go neamhdhleathach ar feadh tréimhse fada ama, i gcás inarb iomchuí; nó

gur gheall an comhlacht nó an duine próiseála nó bailithe sonraí go haontaobhach nó de bhun conradh arna chaibidliú go haonarach nó fiú trí chonradh coiteann na sonraí a scriosadh laistigh de thréimhse áirithe, ach nach bhfuil sé sin déanta?

c)

An leanann sé ó dhlí an Aontais, go háirithe ó Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha, ó Airteagal 6(1)(c) agus (e), ó Airteagal 6(3) agus ó Airteagal 9 de RGCS, nach bhféadfaidh an chúirt náisiúnta úsáid a bhaint as fianaise a fhaightear de shárú ar chearta pearsantachta ach amháin má tá leas aitheanta ag an bpáirtí ar tugadh an dualgas cruthúnais air a théann níos faide ná an leas fianaiseach amháin ina leith sin, nó an leanann sé ó dhlí an Aontais gur faoin gcóras dlí náisiúnta atá sé rialacha a leagan síos ina leith sin?

d)

Dá bhrí sin, an leanann sé ón dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, lena ráthaítear an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus, go háirithe, an ceart chun triail chóir a fháil, ar dá réir nach mór do na páirtithe in imeachtaí sibhialta, i bprionsabal, a bheith in ann údar leordhóthanach a thabhairt lena gcuspóir cosanta dlíthiúla agus a léiriú nach féidir próiseáil bhreithiúnach shonraí pearsanta an oibrí is iarratasóir arna mbailiú go neamhdhleathach ag an bhfostóir a bheith míréasúnta agus díréireach ach amháin i gciall dhocht an téarma, eadhon má chruthaítear gur sárú tromchúiseach ar Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha é an bailiú sonraí faoi dhlí an Aontais agus gur léir go mbeadh smachtbhannaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann don fhostóir (mar shampla, cúiteamh faoi Airteagal 82 de RGCS agus fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 83 de RGCS) neamh-leordhóthanach, nó an féidir easpa oiriúnachta agus díréireacht a léiriú i gcás sáruithe eile ar RGCS a rinneadh le linn bhailiú bunaidh na sonraí, nach bhfuil chomh tromchúiseach sin?

e)

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le húsáid a bhaint as na sonraí a bhailigh páirtí nó tríú páirtí ar dtús le linn a ghníomhaíochta breithiúnaí próiseála sonraí, an gcaithfidh an chúirt a chur san áireamh ar chomhlíon an bailitheoir sonraí a oibleagáidí maidir le faisnéis a sholáthar faoi Airteagal 13 de RGCS? Más ea: Cad iad na coinníollacha faoina gcuirfidh an chúirt an méid sin san áireamh agus cad iad na critéir faoina gcuirfidh sí san áireamh é?

f)

An bhfuil sonraí pearsanta tríú páirtithe san áireamh freisin san fhíoras go bhfuil an chúirt faoi cheangal ag RGCS agus ag an gCairt um Chearta Bunúsacha agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici? Conas a dhéanann aon sárú ar an dlí um chosaint sonraí i gcoinne tríú páirtithe i mbailiú bunaidh na sonraí difear don phróiseáil bhreithiúna ach ar shonraí ina dhiaidh sin ag a gcúirt i ndíospóid idir dhá pháirtí? An féidir le páirtí brath ar shárú nach ndearnadh ina choinne ach i gcoinne tríú páirtithe, nó an é nach amhlaidh atá?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, ‘RGCS’) (IO 2016 L 119, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6402/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)