|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6355 |
7.11.2024 |
P9_TA(2024)0064
Leasuithe ar an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (AIFMD) agus ar an Treoir a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITSD)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/61/AE agus Treoir 2009/65/CE maidir le socruithe tarmligin, bainistiú priacail leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha (COM(2021)0721 – C9-0439/2021 – 2021/0376(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2024/6355)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0721), |
|
— |
ag féachaint d'Airteagail 294(2) agus 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0439/2021), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Samhain 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0020/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2021)0376
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 7 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2011/61/AE agus 2009/65/CE a mhéid a bhaineann le socruithe tarmligin, bainistiú riosca leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/927).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6355/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)