European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6347

7.11.2024

P9_TA(2024)0056

Iarraidh ar dhíolúine Eva Kaili a tharscaoileadh

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2024 ar an iarraidh ar dhíolúine Eva Kaili a tharscaoileadh (2023/2007(IMM))

(C/2024/6347)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Eva Kaili, arna tíolacadh ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, dar dháta an 15 Nollaig 2022 agus a fógraíodh i suí iomlánach an 19 Eanáir 2023,

tar éis di éisteacht a thabhairt do Eva Kaili i gcomhréir le Rialacha 95(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 29(2) de,

ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019  (2),

ag féachaint d’Airteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí,

ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0029/2024),

Α.

de bhrí gur iarr an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach tarscaoileadh díolúine pharlaiminteach Eva Kaili i gcomhthéacs imscrúdú leanúnach ar ghníomhartha ar dócha gur mórchion iad chun tús a chur le calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a rinneadh arís agus arís eile, rud a d’fhág go ndearnadh damáiste níos mó ná EUR 120 000 agus 150 000, atá inphionóis le téarma príosúnachta 5 go 15 bliana, dá bhforáiltear in Airteagal 46(1), Airteagal 52(2) agus Airteagal 98(2) de Chód Coiriúil na Gréige agus Airteagal 4(1) agus Airteagal 4(2)(b) de Dhlí Uimh. 2803/2000, i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus Airteagal 386(2) de Chód Coiriúil na Gréige, Airteagal 24(2) agus Airteagal 26(3) de Dhlí Uimh. 4689/2020;

Β.

de bhrí, tar éis tuarascáil OLAF a chláraigh OIPE an 1 Iúil 2021, gur oscail Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach na Gréige an t-imscrúdú i dtrácht an 8 Meán Fómhair 2021; de bhrí, an 12 Samhain 2021, i gcomhréir lena freagrachtaí, gur iarr an t-ionchúisitheoir Eorpach tarmligthe atá i gceannas ar an gcás ar OLAF na doiciméid sa chomhad a chur faoina bráid; de bhrí, tar éis anailís a dhéanamh ar an gcás, an 2 Feabhra 2022, gur iarr sí imscrúdú breise a dhéanamh ar OLAF agus na doiciméid sa chomhad a aistriú ón mBéarla go dtí an Ghréigis dar dháta an 7 Feabhra 2022; de bhrí gur thíolaic OLAF a thuarascáil chríochnaitheach agus a dhoiciméid tacaíochta an 8 Nollaig 2022 agus na haistriúcháin chomhfhreagracha an 14 Nollaig 2022;

C.

de bhrí go mbaineann na neamhrialtachtaí líomhnaithe a raibh Eva Kaili ar an eolas fúthu go háirithe leis na nithe seo a leanas:

(a)

sáruithe a rinne duine dá cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (APA) ar a hoibleagáidí a bheith i láthair ina hionad oibre idir an 28 Meán Fómhair 2015 agus an 2 Iúil 2019 chomh maith leis an gcúntóir do chomhlíonadh a cúraimí,

(b)

iarrataí ar orduithe misin agus dearbhuithe speansas a chur isteach agus aisíocaíochtaí a bhailiú i leith misean nach ndearna ceathrar APAnna d’Eva Kaili, idir Feabhra 2016 agus Márta 2018 i gcás an chéad duine, idir Bealtaine 2015 agus Feabhra 2020 i gcás an dara duine, idir Nollaig 2015 agus Aibreán 2019 i gcás an tríú duine, agus idir Deireadh Fómhair 2014 agus Feabhra 2020 i gcás an ceathrú duine,

(c)

cuid de thuarastail/de chostais misin APA amháin a íoc le Eva Kaili arna iarraidh mheasta sin di ón 28 Meán Fómhair 2015 go dtí an 2 Iúil 2019;

D.

de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir (3);

E.

de bhrí nach mbaineann an choir líomhnaithe le tuairimí ná vótaí a chaith Eva Kaili i gcomhlíonadh a dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

F.

de bhrí, de bhua Airteagal 9 de Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtann na Feisirí, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a dheonaítear do chomhaltaí pharlaimint náisiúnta a dtíre;

G.

de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí, inter alia, nach ndéanfar, le linn an téarma pharlaimintigh, Feisirí den Pharlaimint a ionchúiseamh, a ghabháil, a phríosúnú ná a chur faoi aon srian eile gan údarú a fháil roimh ré ón bParlaimint;

H.

de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

I.

de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurbh é rún an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

1.

ag cinneadh dhíolúine Eva Kaili a tharscaoileadh;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste a chur ar aghaidh láithreach chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus chuig Eva Kaili.


(1)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra/De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch/Parlement, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch/Parlement, T-346/11 et T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.

(3)  breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6347/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)