European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6243

28.10.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 23 Iúil 2024 – Oblastní nemocnice Kolín, a. s., nemocnice Středočeského kraje v Odvolací finanční ředitelství

(Cás C-513/24, Oblastní nemocnice Kolín)

(C/2024/6243)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Oblastní nemocnice Kolín, a. s., nemocnice Středočeského kraje

Cosantóir: Odvolací finanční ředitelství

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 173(1) de Threoir 2006/112/CÉ (1) ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha le léiriú sa chaoi, i gcás a bhraitheann idirbheart as a n-eascraíonn ceart asbhainte faoi réir údarú a shealbhú chun idirbhearta gan cheart asbhainte a chur i gcrích (sa chás seo, seirbhísí sláinte), go bhfreagraíonn na hearraí agus na seirbhísí a bhaineann leis an gcás sin, arb ionann iad, faoi rialacháin náisiúnta, agus íostrealamh teicniúil agus fisiciúil do bhunaíochtaí cúraim sláinte agus ar coinníoll iad chun seirbhísí sláinte a sholáthar, do chostais ghinearálta (indíreacha) a bhfuil nasc díreach agus láithreach acu le gníomhaíocht eacnamaíoch an duine inchánaigh agus dá bhrí sin as a eascraíonn an ceart chun cuid den cháin a asbhaint?


(1)   IO 2006 L 347, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6243/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)