European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6225

28.10.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 12 Meán Fómhair 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance de Liège – Belgique) – Casino de Spa SA, Ardent Betting SA, Ardent Finance SA agus páirtithe eile v État belge (SPF Finances)

(Cás C-741/22  (1) , Casino de Spa agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 135(1)(i) - Díolúintí - Geallchur, crannchuir agus cineálacha cearrbhachais eile - Coinníollacha agus teorainneacha - Prionsabal na neodrachta fioscaí - Éifeachtaí reachtaíochta náisiúnta a chaomhnú - Ceart chun aisíocaíochta - Saibhriú éagórach - Státchabhair - Airteagal 107(1) CFAE - Éileamh ar aisíocaíocht cánach i bhfoirm damáistí)

(C/2024/6225)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal de première instance de Liège

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Casino de Spa SA, Ardent Betting SA, Ardent Finance SA, Artekk SRL (arna ionsú ag Circus Belgium SA), Circus Belgium SA, Circus Services SA, Gambling Management SA, Games Services SA, Gaming1 SRL, Guillemins Real Estate SA, Immo Circus Wallonie SA, Mr Joker SRL, Pres Carats Sports SA, Pro Sécurité SRL, Royal Namur SA, Euro 78 SRL, Lucky Bet SRL, Reflex SA, Slots SRL, Winvest SRL, Parction SA, Ardent Casino Belgium SA, Ardent Casino International SA, Ardent Namur Immo SA, Odds Sportbar SRL, HQ1 SRL, Tour de Baschamps SRL

Cosantóirí: État belge (SPF Finances)

Idiragraí: État belge (SPF Justice), La Chambre des Représentants

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 135(1)(i) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i gcomhar le prionsabal na neodrachta fioscaí,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcaitear le difríocht sa chóir idir, ar thaobh amháin, ticéid chrannchuir a cheannach ar líne agus, ar an taobh eile, páirt a ghlacadh i gcluichí seans eile nó i gcluichí cearrbhachais a thairgtear ar líne, tríd an dara ceann a eisiamh ón díolúine ó cháin bhreisluacha is infheidhme maidir leis an gcéad cheann, ar choinníoll gur dócha go mbeidh tionchar suntasach ag na difríochtaí oibiachtúla idir an dá chatagóir cluichí seans nó cearrbhachais sin ar chinneadh an ghnáth-thomhaltóra ceann amháin nó ceann eile de na catagóirí cluichí sin a úsáid.

2)

Ceanglaítear le prionsabal an chomhair dhílis mar a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE agus le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, ar an gcúirt náisiúnta forálacha náisiúnta a mheastar a bheith ar neamhréir le hAirteagal 135(1)(i) de Threoir 2006/112, arna léamh i gcomhar le prionsabal na neodrachta fioscaí, a fhágáil gan feidhm, agus breithiúnas ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta a bheith ann lena gcinntear éifeachtaí na bhforálacha náisiúnta sin a choinneáil ar bun a bheith neamhábhartha chuige sin.

3)

Ní mór rialacha dhlí an Aontais maidir le haisghabháil suimeanna a íocadh go míchuí a léiriú sa chaoi go dtugtar ceart don duine inchánach aisíocaíocht a fháil ar an méid cánach breisluacha a toibhíodh i mBallstát de shárú ar Airteagal 135(1)(i) de Threoir 2006/112, ar choinníoll nach mbeidh saibhriú éagórach an duine inchánach sin mar thoradh ar an aisíocaíocht sin.

4)

Ní mór Airteagal 108(3) CFAE a léiriú sa chaoi, i gcás inarb ionann an díolúine ó cháin bhreisluacha (CBL) arna dteachtadh ag oibreoirí áirithe agus Státchabhair neamhdhleathach, nach féidir le duine inchánach nár thairbhigh de dhíolúine den sórt sin, i bhfoirm damáistí, méid a fháil atá coibhéiseach leis an CBL a d’íoc sé.


(1)   IO C 112, 27.3.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6225/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)