European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6211

18.10.2024

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(C/2024/6211)

Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

DOICIMÉAD AONAIR

‘Melon de Cavaillon’

Uimh. AE: PGI-FR-02984 - 3.8.2023

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC]

‘Melon de Cavaillon’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cineál an táirge

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

3.2.   Tuairisc ar an táirge dá dtagraíonn an t-ainm in (1)

Is mealbhacán buí charentais é ‘Melon de Cavaillon’. Is é meánmhéid siúcra atá níos mó ná Brix 13 nó cothrom leis sin is saintréithe don mhealbhacán, agus níl níos lú ná Brix 11 ag mealbhacán ar bith. Ní mór meáchan 550 g ar a laghad agus níos lú ná 1 750 g a bheith ann (má tá an táirge beartaithe lena phróiseáil, tá an raon níos leithne: 400 g ar a laghad agus níos lú ná 1 950 g).

Bíonn na mealbhacáin cruinn agus uamtha, agus bíonn bia oráiste acu. Bíonn dath buí ar bhundath an chraicinn de réir mar a aibíonn na torthaí. Marcáiltear na teascáin go soiléir, ach ní bhíonn siad ró-fheiceálach, agus uaireanta bíonn siad cumhdaithe go héadrom le líon. Bíonn dath glas níos dorcha ar na línte uamtha idir na teascáin. Bíonn dath oráiste agus aonfhoirmeach ar bhia an mhealbhacáin. Déantar é a bhuain le haghaidh an mhéid siúcra is fearr is féidir.

Díoltar ‘Melon de Cavaillon’, atá le hithe agus é úr, go hiomlán i dtráidirí aonchiseal múnlaithe nó i bpacáistíocht aonair. Ní mór na mealbhacáin atá i ngach pacáiste a bheith aonfhoirmeach (i dtéarmaí crutha, cuma, forbartha, aibíochta agus datha).

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach críochaithe

Ní mór gach céim den táirgeadh a dhéanamh laistigh den limistéar geografach.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór sórtáil, méid agus pacáil a dhéanamh sa limistéar geografach a shainítear le haghaidh TGFC ‘Melon de Cavaillon’. Ní mór iad a dhéanamh san áitreabh céanna chun meathlú a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú agus, ar an gcaoi sin, cáilíocht an mhealbhacáin a chaomhnú.

Is éard is ‘Melon de Cavaillon’ ann toradh úr a bhuantar ag an aibíocht fhiseolaíoch is fearr. Tar éis na buainte, d’fhéadfadh tosca éagsúla difear a dhéanamh do cháilíocht an mhealbhacáin, tosca a d’fhéadfadh eascairt as iompar fada, amhail turraingí teirmeacha nó athruithe tapa agus/nó móra teochta, agus tionchair idir na mealbhacáin le linn bulcstórála i mboscaí pailléid. Trí na hamanna iompair ón bpáirc go dtí an gléasra pacála agus bulcláimhseáil a tharlaíonn arís agus arís eile a theorannú go docht, is féidir smacht a choinneáil ar cháilíocht an táirge tar éis na buainte. Ina theannta sin, is féidir tionchair nó comhbhrú na dtorthaí a chosc trí na torthaí a phacáil, díreach tar éis deimhniúcháin, i bpacáistíocht aonair nó i dtráidire aonchiseal múnlaithe nó tráidire snáithín múnlaithe.

Chomh maith le cuidiú le cáilíocht agus saintréithe an táirge a chaomhnú, déantar inrianaitheacht a éascú go mór nuair a dhéantar na torthaí a phacáil sa limistéar geografach.

Nuair a iompraítear torthaí ar an mórchóir, is féidir iad a mheascadh le lastaí de thorthaí de thionscnamh difriúil. Déantar ‘Melon de Cavaillon’, a tháirgtear agus a phacáiltear sa limistéar geografach, a phacáil i dtráidirí aonchiseal múnlaithe nó tráidirí snáithín múnlaithe nó i bpacáistíocht aonair.

Maidir le mealbhacáin a bhfuil sé beartaithe iad a dhíol úr, áirithítear inrianaitheacht an táirge go dtí an díol deiridh leis an gcóras aitheantais aonair a chuirtear i bhfeidhm tráth na pacála sa limistéar geografach, agus dá bhrí sin, soláthraítear ráthaíocht bhreise maidir le tionscnamh agus cáilíocht an táirge.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an t-ainm ‘Melon de Cavaillon’ agus lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéadú sa réimse radhairc céanna. Mar íoscheanglas, ní mór aitheantas a ghreamú ar gach toradh, trí úsáid a bhaint as greamán, banda nó ceangal ribín. Ní mór lógó ‘Melon de Cavaillon’ an ghrúpa a bheith le feiceáil ar lipéadú an táirge. Tá sé léirithe thíos:

Image 1

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cumhdaíonn an limistéar geografach chun ‘Melon de Cavaillon’ a tháirgeadh agus a phacáil cuid de na ceithre roinn seo a leanas: Alpes-de-Haute-Provence, Bouches-du-Rhône, Var agus Vaucluse. Cumhdaíonn an limistéar geografach 249 mbardas, arna ngrúpáil de réir na gcantún seo a leanas:

roinn Alpes-de-Haute-Provence (roinn 04): Château-Arnoux-Saint-Auban (do bhardais Ganagobie agus Peyruis), Forcalquier, Manosque-1, Manosque-2, Manosque-3, Oraison (do bhardas Villeneuve), Reillanne (do bhardais Aubenas-les-Alpes, Céreste, Dauphin, Mane, Montjustin, Oppedette, Reillanne, Saint-Maime, Saint-Michel-l’Observatoire, Sainte-Croix-à-Lauze, Vachères agus Villemus);

roinn Bouches-du-Rhône (roinn 13): Aix-en-Provence, Arles (do bhardais Arles agus Saintes-Maries-de-la-Mer), Berre-l’Etang, Châteaurenard, Istres (do bhardas Istres), Pélissanne, Salon-de-Provence-1, Salon-de-Provence-2, Trets (do bhardais Jouques, Meyrargues, Meyreuil, Peyrolles-en-Provence, Le Puy-Sainte-Réparade agus Saint-Paul-lès-Durance);

roinn Var (roinn 83): Saint-Maximin-la-Sainte-Baume (do bhardais Artigues, Ginasservis, Rians, Saint-Julien, La Verdière agus Vinon-sur-Verdon);

roinn Vaucluse (roinn 84): Apt (cé is moite de bhardas Lagarde-d’Apt), Avignon-1, Avignon-2, Avignon-3, Bollène, Carpentras, Cavaillon, Cheval-Blanc, L’Isle-sur-la-Sorgue, Monteux, Orange, Pernes-Les-Fontaines (cé is moite de bhardais Aurel, Monieux, Saint-Christol, Saint-Trinit agus Sault), Pertuis, Le Pontet, Sorgues, Vaison-la-Romaine.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir ‘Melon de Cavaillon’ agus an limistéar geografach bunaithe ar a cháilíocht shonrach atá nasctha leis an limistéar agus a chlú.

5.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tosca nádúrtha:

Tá limistéar geografach ‘Melon de Cavaillon’ taobh le bunchnoic Mont Ventoux, ardchlár Sault agus Montagne de Lure soir ó thuaidh. Tá an Róin thart ar an limistéar ar an taobh thiar, tá masaíf Sainte-Victoire thart air ó dheas, agus ansin, agus tú ag dul siar, in aice le sliabhraon Etoile, tá murlach Berre agus imeallbhord theas bhardais Arles agus Saintes-Marie-de-la Mer.

Is é bardas Cavaillon eipealár an imchuach ollmhóir sin, ar fhág a líonra eisceachtúil uiscebhealaí, atá nasctha leis an Róin agus leis an Durance, gur féidir líonra uisciúcháin fairsing a fhorbairt sa réigiún.

Tá aeráid de chineál Meánmhuirí sa limistéar, arb iad seo a leanas na saintréithe atá aige:

samhraí tirime agus fómhair fhliucha;

meánteochtaí bliantúla arda;

gaoth fhuar thirim aduaidh aniar aduaidh, an mistral, a éiríonn níos laige de réir a chéile i dtreo an oirdheiscirt;

flúirse gréine (idir 2 650 agus 2 850 uair an chloig in aghaidh na bliana), ardleibhéil déine solais agus bogthaise íseal an atmaisféir, mar thoradh ar an mistral.

Tá réimse leathan ithreacha sa limistéar táirgeachta, lena n-áirítear ithreacha cailcreacha doimhne ag a bhfuil uigeacht chrédhúrabháin, atá fabhrach do mhealbhacáin a fhás.

Tosca daonna:

Tá nasc seanbhunaithe leanúnach ag ‘Melon de Cavaillon’ leis an réigiún.

Téann na chéad tásca ar láithreacht na mealbhacán in Cavaillon siar go 1495.

Fásadh mealbhacáin lena ndáileadh i ngleann Durance agus sa Comtat Venaissin ó bhí 1882 ann. Tá fianaise ann go bhfuil mealbhacáin ag fás in Alpes-de-Haute-Provence ó bhí na 1930idí ann.

Go dtí an lá atá inniu ann, tá mealbhacáin fós á bhfás sna suíomhanna sin i bhfad ó Cavaillon agus ar mhachairí agus ar thaobhanna cnoic araon den chuid is mó mar gheall ar dháileoirí ar mian leo a soláthar agus a ndíolacháin a scaipeadh amach le himeacht ama.

Mar thoradh ar fhorbairt gréasán bóithre agus iarnróid ó bhí lár an 19ú haois ann, is gearr go raibh mealbhacáin á seoladh lasmuigh den réigiún ó Cavaillon, agus chuir sé le fás na táirgeachta.

Tá doiciméadú déanta ar mhargaí áitiúla a bhaineann go sonrach le mealbhacáin ó bhí 1859 ann, agus bunaíodh margadh leasa náisiúnta (Marché d’Intérêt National – MIN) in Cavaillon in 1965.

Ó thaobh na teicneolaíochta de, tugtar châssis cavaillonnais ar na frámaí adhmaid agus gloine a úsáideadh chun na mealbhacáin a fhás idir 1950 agus 1970.

Léirítear sna litreacha ó 1950 go 1969 i gcartlanna roinn Vaucluse réigiún dinimiciúil a bhí chun tosaigh maidir le saineolas teicniúil ó thaobh mealbhacáin a fhás. Is in Cavaillon in 1969 a tionóladh an chéad siompóisiam teicniúil náisiúnta ar mhealbhacáin.

In 2022, i gComhlachas Mháistir-Shaothróirí Mealbhacán Cavaillon, bhí 40 táirgeoir a raibh baint acu le mealbhacán a fhás agus 10 bpacálaí agus dtrádálaí (líon atá cobhsaí le roinnt blianta).

Tá saoráidí taighde agus forbartha i réimse na dtorthaí agus na nglasraí sa réigiún freisin, go háirithe INRAE (An Institiúid Náisiúnta Taighde um Thalmhaíocht, Bia agus an Comhshaol) in Avignon (roinn 84), a bunaíodh in 1953, agus CTIFL (Ionad Teicniúil Idirghairmiúil le haghaidh Torthaí agus Glasraí) agus APREL (Comhlachas Provençal le haghaidh Taighde agus Turgnamhaíocht Glasraí) in Saint-Rémy-de-Provence (roinn 13), a fheidhmíonn i líonraí le hionaid áitiúla le haghaidh staidéir agus teicnící talmhaíochta agus leis na Comhlachais Talmhaíochta agus lena mbunaíonn oibreoirí san earnáil comhpháirtíochtaí.

Baintear úsáid as saineolas áitiúil ag gach céim den phróiseas fáis agus suas go dtí an nóiméad a chuirtear ‘Melon de Cavaillon’ ar an margadh:

roghnú dáileachtaí ar bhonn uigeacht na hithreach agus na rochtana ar uisce;

rogha idir saothrú gort oscailte agus saothrú faoi chosaint (frámaí, tithe gloine agus tolláin), ag brath ar choinníollacha agus ar an ngá le leibhéil bhogthaise agus teochtaí a bhainistiú;

mótú agus bainistiú uiscithe a úsáid;

buaint ag an aibíocht is fearr;

roghnú mion cáilíochta na mealbhacán sula gcuirtear ar an margadh iad, a bhuí le córas comhchuibhithe deimhniúcháin agus sórtála a ghlacadh ag gach gléasra pacála.

5.2.   Sainiúlacht an táirge

Is mealbhacán buí charentais é ‘Melon de Cavaillon’ a bhfuil sé beartaithe é a sholáthar úr, bíodh sé lena thomhailt úr nó lena phróiseáil. Is iad na nithe seo a leanas is saintréithe dó:

Dath gléineach oráiste ar a bhia;

aonfhoirmeacht a dhatha ag an aibíocht is fearr;

an méid siúcra is fearr is féidir.

5.3.   Nasc cúisíoch

Tá cáilíochtaí ‘Melon de Cavaillon’ nasctha le tosca nádúrtha an limistéir, atá fabhrach do mhealbhacáin a fhás, agus le saineolas na n-oibreoirí.

Léiríonn na sonraí aeráide a taifeadadh sa limistéar idir mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair (an tréimhse táirgthe) go bhfuil na meánteochtaí (idir 18 °C agus 25,4 °C le linn na tréimhse) agus na huaireanta gréine (268 go 293 uair an chloig/mí) is fearr ann maidir le forbairt chuí an phlanda, méid agus aibíocht na dtorthaí, agus cáilíocht an táirge (cion siúcra, cuma).

Leis an bhflúirse gréine, athraíonn craiceann na dtorthaí ó dhath glas go dath buí nuair a bhíonn siad aibí, mar gheall ar dhíghrádú na móilíní clóraifille, agus ligtear do na huamanna dea-shainithe, dúghlas a bheith le feiceáil.

Cuireann an mistral leis an déine solais agus le solas na gréine trí fháil réidh le meallta scamall agus laghdaítear brú galar fungais trí bhogthaise an atmaisféir a laghdú agus uiscí marbha a thriomú.

Tá uigeacht agus doimhneacht ag na hithreacha ar a bhfástar na mealbhacáin a áirithíonn go bhforbrófar córas maith fréimhe agus go soláthrófar cúltaiscí maithe uisce.

Treisítear na buntáistí a bhaineann leis na tosca nádúrtha le saineolas áitiúil:

Déantar obair ar an ithir chun a struchtúr agus a haerú a fheabhsú agus chun draenáil agus téamh a spreagadh.

Nuair a bhaintear úsáid as mótú, idirleatar an teas ar bhealach maith le go sroicheann sé an ithir, go laghdaíonn sé galú agus go gcuireann sé fás fiailí faoi chois. Dá bhrí sin, forbraíonn na plandaí go tréan agus fásann siad go tapa, agus bíonn duilliúr dlúth acu a chosnaíonn na torthaí ó dhó gréine.

Tá uisciú, a bhaineann úsáid as líonra uiscithe ollmhór an limistéir, measartha agus dírithe ar riachtanais an phlanda.

Maidir le saoráidí gairmiúla chun mealbhacáin a shórtáil agus a phacáil roimh mhargaíocht, agus atá lonnaithe go traidisiúnta sa limistéar geografach agus in áit ina bhfuil na mealbhacáin faoi réir dianphróiseas deimhniúcháin agus pacála ag baill foirne atá oilte go sonrach chun na críche sin, áirithítear leo go bhfuil an cháilíocht is fearr is féidir ag na mealbhacáin a chuirtear ar an margadh.

Léirítear in go leor doiciméad agus teistiméireachtaí an cháil atá bainte amach ag ‘Melon de Cavaillon’ leis na céadta bliain. Ó bhí ‘Melon de Cavaillon’ le feiceáil den chéad uair in Cavaillon in 1495, tá sé á chur ar fáil go rialta do chuairteoirí tábhachtacha ar an mbaile: don Diúc Guise in 1620, don Mhoinsíneoir d’Oppède, don chéad Uachtarán i bParlaimint Provence, in 1626, don Leas-Leagáid Mazarin in 1635 agus don Leas-Leagáid Lascaris in 1664.

Tháinig fás ar thrádáil ‘Melon de Cavaillon’, a bhuí i bpáirt leis an bhfíoras gur chumhdaigh saothróirí limistéar táirgeachta ollmhór, rud a chuir ar a gcumas dóibh síneadh a chur leis an tréimhse dhíolacháin (ó mhí na Bealtaine go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair), agus a bhuí i bpáirt le comhchruinniú na dtrádálaithe/dáileoirí timpeall Cavaillon, a bhí nasctha go maith go han-luath le bóthar agus le hiarnród. Chuidigh sé sin le cáil a tharraingt ar an táirge agus le meas a bheith air lasmuigh dá limistéar táirgeachta. Sa lá atá inniu ann, tá roinnt cainéil meán áitiúil ann a leanann agus a athsheachadann tús agaithe an tséasúir (France Bleu, ‘Début de saison pour le Melon de Cavaillon’ [Tús an tséasúir le haghaidh ‘Melon de Cavaillon’], a foilsíodh an 30 Bealtaine 2023, agus BFM Marseille, ‘La saison du Melon de Cavaillon a commencé à Piolenc’ [séasúr ‘Melon de Cavaillon’ a thosaigh in Piolenc], a craoladh an 12 Meitheamh 2023).

Léirítear i suirbhé a rinne CTIFL in 1998 agus a rinneadh arís in 2002 go ndéanann tomhaltóirí ‘mealbhacán’ a cheangal le ‘Cavaillon’ beagnach láithreach. Nuair a cuireadh ceist orthu faoi thionscnamh na mealbhacán a ceannaíodh, ba é ‘Cavaillon’ an chéad fhreagra a thug tomhaltóirí gan smaoineamh in 1998.

Sa lá atá inniu ann, tá ‘Melon de Cavaillon’ mar chuid d’oidhreacht bhaile Cavaillon, áit a ndéantar é a cheiliúradh, gach bliain, ar an dara deireadh seachtaine de mhí Iúil. Tagraíodh i roinnt nuachtáin áitiúla do shainiúlacht ‘Melon de Cavaillon’, amhail an nuachtán laethúil réigiúnach La Provence, ina raibh mealbhacán milis a raibh bia fíor-oráiste aige (20 Bealtaine 2023). Baineann a cháil leis an leibhéal idirnáisiúnta freisin, áit a gcuirtear ‘Melon de Cavaillon’ i láthair mar cheann de na mealbhacáin is fearr, go háirithe mar gheall ar shaintréithe aeráide an réigiúin, amhail an teas agus an mistral (alt a foilsíodh san iris mhíosúil The Connexion i mí Lúnasa 2023). Thairis sin, tá an táirge aitheanta seo á phoibliú ag an gCumann um Thraidisiúin Provençal agus ‘Melon de Cavaillon’ a Chaomhnú lasmuigh den réigiún ó bhí 1988ann.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://extranet.inao.gouv.fr/fichier/CDC-MelonCavaillon-CN231212.pdf


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6211/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)