European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6208

16.10.2024

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Deireadh Fómhair 2024

lena gcuirtear síneadh le téarma oifige Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol

(C/2024/6208)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (1), agus go háirithe Airteagal 54(3) go (5) agus Airteagal 55 de,

Ag gníomhú di mar an t-údarás a bhfuil an chumhacht aige Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol a cheapadh,

Ag féachaint don togra ó Bhord Bainistíochta Europol an 19 Márta 2024,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceapadh Jean-Philippe LECOUFFE mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol le Cinneadh (AE) 2021/602 ón gComhairle (2). Rachaidh téarma oifige Jean-Philippe LECOUFFE in éag an 30 Aibreán 2025.

(2)

Ceaptar Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol ar feadh tréimhse 4 bliana, ar féidir síneadh ama a chur léi uair amháin i gcomhréir le hAirteagal 54(4) de Rialachán (AE) 2016/794.

(3)

Leagtar amach le cinneadh Bhord Bainistíochta Europol an 1 Bealtaine 2017 an nós imeachta maidir le síneadh a chur le téarma oifige Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol.

(4)

Chuir an Bord Bainistíochta in iúl do Pharlaimint na hEorpa go raibh sé ar intinn aige a mholadh don Chomhairle go gcuirfear síneadh le téarma oifige Jean-Philippe LECOUFFE, agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) 2016/794 á chur san áireamh.

(5)

An 12 Meán Fómhair 2024, thug an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile de chuid Pharlaimint na hEorpa (‘Coiste LIBE’) tuairim dhearfach maidir le síneadh a chur le téarma oifige Jean-Philippe LECOUFFE mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol i gcomhréir le hAirteagal 54(2), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2016/794.

(6)

Chuir an Bord Bainistíochta tuairim faoi bhráid na Comhairle ina moltar go gcuirfear síneadh le téarma oifige Jean-Philippe LECOUFFE agus go ndéanfar a ghrád a athaicmiú go grád AD15.

(7)

Ar bhonn an mholta a thíolaic an Bord Bainistíochta, agus an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh, ba cheart don Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige Jean-Philippe LECOUFFE ina cháil mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol agus ba cheart a ghrád a athaicmiú go grád AD15,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh le téarma oifige Jean-Philippe LECOUFFE ina cháil mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol ón 1 Bealtaine 2025 go dtí an 30 Aibreán 2029 ag grád AD 15.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

PINTÉR S.


(1)   IO L 135, 24.5.2016, lch. 53

(2)  Cinneadh (AE) 2021/602 ón gComhairle an 8 Aibreán 2021 maidir le Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol a cheapadh (IO L 127, 14.4.2021, lch. 42).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6208/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)