|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6192 |
22.10.2024 |
Fógra folúntais CONS/AD/196/24
Ard-Stiúrthóir LIFE — Talmhaíocht, Iascach, Gnóthaí Sóisialta agus Sláinte
(C/2024/6192)
EOLAS GINEARÁLTA
|
Roinn |
LIFE: Talmhaíocht, Iascach, Gnóthaí Sóisialta agus Sláinte |
|
Ionad oibre |
An Bhruiséil, Áras Justus Lipsius |
|
Teideal an phoist |
Ard-Stiúrthóir |
|
Grúpa feidhme agus grád |
AD 15 |
|
An t-imréiteach slándála atá riachtanach |
SECRET UE/EU SECRET |
|
SPRIOC-AM LE hAGHAIDH IARRATAS |
an 12 Samhain 2024 — 12.00 (meán lae) am na Bruiséile |
Cé sinne
Cuidíonn Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) leis an gComhairle Eorpach, le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus lena gcomhlachtaí ullmhúcháin i ngach réimse a bhaineann lena ngníomhaíochtaí. Faoi údarás an Ardrúnaí, cuireann sí comhairle agus tacaíocht ar fáil don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle agus dá nUachtaráin i ngach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear comhairle faoi bheartais agus comhairle dhlíthiúil, comhordú le hinstitiúidí eile, comhréitigh a fhorbairt agus téacsanna a dhréachtú, agus maoirseacht agus freastal a dhéanamh ar na gnéithe praiticiúla uile is gá chun gnóthaí na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle a ullmhú agus a reáchtáil mar is cuí.
Cúig stiúrthóireacht atá san Ard-Stiúrthóireacht um Thalmhaíocht, Iascach, Gnóthaí Sóisialta agus Sláinte (LIFE): LIFE.1, a bhíonn ag plé le saincheisteanna talmhaíochta (CST – An Coiste Speisialta um Thalmhaíocht); LIFE.2, a bhíonn ag plé le saincheisteanna iascaigh; LIFE.3, a bhíonn ag plé le saincheisteanna tréidliachta agus sláinte plandaí, bia, agus foraoiseachta; LIFE.4, a bhíonn ag plé le saincheisteanna fostaíochta agus beartais shóisialta; agus LIFE.5 a bhíonn ag plé le saincheisteanna sláinte. Tuairiscíonn gach ceann acu don Ard-Stiúrthóir.
Déanann an Ard-Stiúrthóireacht comhordú ar eagrú fhoirmíochtaí ‘Talmhaíochta agus Iascaigh’ agus ‘Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí’ (EPSCO) na Comhairle, a thagann le chéile thart ar 10 n-uaire agus 4 huaire in aghaidh na bliana faoi seach. Is iad Coreper agus roinnt meithleacha a bhíonn ag déileáil le comhaid reachtacha agus neamhreachtacha, chomh maith leis an gcaidreamh idirnáisiúnta a bhaineann leis na comhaid sin, a ullmhaíonn cruinnithe seo na Comhairle.
Ár dtairiscint
Post dúshlánach i dtimpeallacht spéisiúil ó thaobh na polaitíochta de is ea post an Ard-Stiúrthóra in LIFE, agus bheifí i gceannas ar fhoireann de thart ar 70 ball foirne ardcháilithe.
Faoi údarás an Ardrúnaí agus i gcomhar le cúigear Stiúrthóirí LIFE, déanfaidh tú an Ard-Stiúrthóireacht agus a hacmhainní a bhainistiú ar bhealach gairmiúil, eagróidh tú a cuid gníomhaíochtaí, tacóidh tú leis an bhfoireann agus spreagfaidh tú í agus í i mbun a cuid oibre. Déanfaidh tú straitéis agus clár oibre na hArd-Stiúrthóireachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, saineoidh tú a cuid cuspóirí, agus cinnteoidh tú go mbainfear amach iad de réir pé spriocdhátaí agus caighdeáin cháilíochta a bheidh i gceist. Cothóidh tú cumarsáid agus comhar éifeachtach laistigh de LIFE agus leis na hArd-Stiúrthóireachtaí eile agus le seirbhísí eile Ardrúnaíocht na Comhairle chomh maith.
I gcomhar le hArd-Stiúrthóireachtaí eile, beidh tú freagrach as beartais chothrománacha agus as comhordú nós imeachta d’fhonn tacú le leanúnachas agus comhleanúnachas obair na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí.
Cuirfidh tú comhairle ardleibhéil straitéiseach i ndáil le beartais agus nósanna imeachta ar fáil don Ardrúnaí agus d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí, d’uachtaránachtaí na Comhairle, do Coreper agus do chomhlachtaí ullmhúcháin eile maidir le gnéithe uile na sainchomhad a thagann faoi shainchúram na hArdrúnaíochta. Ina theannta sin, beidh tú rannpháirteach i gcruinnithe agus, i gcás inarb iomchuí, i seisiúin eolais agus/nó i gcaibidlíocht d’fhonn teacht ar chomhréitigh agus réitigh a aimsiú. Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh tú cúnamh do na huachtaránachtaí sa chaibidlíocht agus áiritheoidh tú go mbeidh cumarsáid agus comhar éifeachtach ann le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais i réimsí atá faoi chuimsiú shainordú LIFE.
Cinnteoidh tú go ndéanfar comhordú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear le hArd-Stiúrthóireachtaí eile maidir leis na beartais agus na cuspóirí atá le baint amach.
Beidh ort dul ar mhisin thar lear ó am go chéile, laistigh den Aontas de ghnáth.
An té atá uainn
Táimid ag lorg bainisteoir a bhfuil taithí shuntasach aige nó aici ar cheapadh beartais an Aontais agus ar phróiseas reachtach an Aontais chomh maith le heolas fairsing ar an gComhairle agus ar an gComhairle Eorpach sa bhreis ar shaincheisteanna institiúideacha an Aontais. Bheadh eolas ar na réimsí atá faoi chumhdach LIFE ina bhuntáiste.
Iarrtar ar bhainisteoirí uile na hArdrúnaíochta comhairle a chur orthu siúd atá i gceannas agus ar na páirtithe leasmhara, an fhoireann agus na hacmhainní airgeadais atá faoina gcúram a bhainistiú, agus ionadaíocht a dhéanamh don Ardrúnaíocht. Leagtar amach an méid sin sa phróifíl chothrománach do bhainisteoirí na hArdrúnaíochta (1).
Ina theannta sin, beidh an méid a leanas ag teastáil ón té a cheapfar:
|
— |
an cumas smaoineamh agus pleanáil go straitéiseach, fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a thuar agus a shainaithint, agus comhréitigh agus réitigh inoibrithe a mholadh; |
|
— |
sárscileanna cumarsáide, lena n-áirítear scileanna cumarsáide idirphearsanta; |
|
— |
an cumas dea-chaidrimh oibre a chothabháil le réimse idirghabhálaithe inmheánacha agus seachtracha agus an cumas scileanna taidhleoireachta a léiriú; |
|
— |
scileanna ceannaireachta agus an cumas spiorad foirne láidir a chur chun cinn agus treoir a thabhairt, an cumas baill foirne a spreagadh agus a chumhachtú i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilchultúrtha, agus béim láidir á leagan ar fhorbairt foirne; |
|
— |
an cumas obair fhoriomlán na hArd-Stiúrthóireachta a phleanáil agus a eagrú chun spriocdhátaí tábhachtacha a chomhlíonadh agus a chinntiú go ndáiltear an t-ualach oibre go cothrom ar an bhfoireann chomh maith leis an gcumas athruithe a bhainistiú agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann nuair a bhíonn athrú ann; |
|
— |
an cumas comhaontuithe a bhaint amach, tionchar a chinntiú agus spriocanna comhchoiteanna a shaothrú trí chomhairle spriocdhírithe a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara agus trí éascú éifeachtach agus cuiditheach a dhéanamh ar phlé. |
Ós rud é go bhfuil beartas soghluaisteachta ag an Ardrúnaíocht dá bainisteoirí, a bhfuiltear ag súil go mbeidh taithí leathan acu, ba cheart do na hiarrthóirí a bheith toilteanach agus ábalta dul i mbun oibre i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréimeanna san Ardrúnaíocht.
BEARTAS EARCAÍOCHTA
Caithfidh na coinníollacha iontrála a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarratasóirí an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach:
|
(a) |
Coinníollacha ginearálta
|
|
(b) |
Coinníollacha sonracha
NB:
|
AN NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN
|
— |
Chun an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi a roghnú, cabhróidh coiste comhairleach roghnúcháin leis an Údarás Ceapacháin. Beidh ionad measúnaithe ag an gcoiste comhairleach roghnúcháin, a bheidh á reáchtáil ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta. Na tuarascálacha i dtaca le poist den chineál céanna a chuirfidh an t-ionad measúnaithe le chéile, scoirfidh siad de bheith bailí 2 bhliain tar éis an dáta a rinneadh na cleachtaí ábhartha nó a críochnaíodh an creatchonradh idir an Ardrúnaíocht agus an t-ionad measúnaithe atá i gceist – cibé dáta is luaithe. |
|
— |
Déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarratasóirí go léir a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile ar dtús, ar bhonn a n-iarratas. Bunaithe ar an measúnú comparáideach sin, déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí, dar leis, chun cuireadh a fháil chuig an gcéad agallamh. Toisc gur ar mheasúnú comparáideach na n-iarratas a bhíonn an chéad roghnú sin bunaithe, ní hionann ceanglais an fhógra folúntais seo a chomhlíonadh agus ráthaíocht go bhfaighfear cuireadh chuig an gcéad agallamh. As measc na n-iarrthóirí a chuirfear faoi agallamh, déanfaidh an coiste comhairleach na hiarrthóirí a réamhroghnú chun freastal ar an ionad measúnaithe agus chun freastal, ina dhiaidh sin, ar an dara hagallamh leis an gcoiste comhairleach roghnúcháin. |
Seo a leanas an phleanáil shealadach maidir leis an nós imeachta roghnúcháin:
|
— |
meastar go gcuirfear na hiarrthóirí a iarrfar chun agallaimh ar an eolas i lár mhí na Samhna 2024; |
|
— |
tá sé beartaithe go mbeidh an chéad bhabhta agallamh ar siúl ag deireadh mhí na Samhna 2024; |
|
— |
meastar go mbeidh imeachtaí an ionaid measúnaithe sa chéad leath de mhí na Nollag 2024; |
|
— |
tá sé beartaithe go mbeidh an dara babhta agallamh ar siúl sa chéad leath de mhí Eanáir 2025. |
NB: Is sceideal táscach amháin é an sceideal thuas agus is féidir é a mhodhnú.
AN BUNÚS DLÍ
Foilsítear an post seo in institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na hinstitiúidí, i gcomhréir le hAirteagal 29, míreanna 1 agus 2, de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (4).
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Is é an 12 Samhain 2024 , 12.00 (meán lae) am na Bruiséile, an sprioc-am chun iarratais a chur isteach.
Ní ghlacfar le hiarratais ach trí ríomhphost agus ní mór iad a sheoladh chuig applications.management@consilium.europa.eu (5) tráth nach déanaí ná an spriocdháta agus an sprioc-am deiridh. Ní chuirfear aon iarratas déanach san áireamh.
Ní mór an seoladh ríomhphoist thuasluaite a úsáid i gcás aon chomhfhreagras a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin (ní mór an tagairt seo a leanas a bheith sa bhosca ina luaitear ábhar an ríomhphoist: CONS/AD/196/24 LIFE).
Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go grinn an gcomhlíonann siad na ceanglais a liostaítear faoi ‘Beartas earcaíochta’ thuas, chun nach n-eisiafar as an nós imeachta roghnúcháin go huathoibríoch iad.
Chun go mbeidh an t-iarratas bailí, ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith sa chomhad iarratais, i bhfoirm pdf (NB: ní ghlacfar le doiciméid faoi ghlas, le doiciméid atá cosanta ag pasfhocal ná le doiciméid a shínítear go leictreonach):
|
(a) |
an fhoirm iarratais agus í comhlánaithe agus dátaithe mar is cuí (comhad le‘XXX (DO SHLOINNE) – Application form.pdf’ mar theideal); chun an fhoirm iarratais leictreonach (EN nó FR) a íoslódáil, cliceáil ar an nasc cuí thíos nó cóipeáil agus greamaigh isteach i do bhrabhsálaí í (6):
|
|
(b) |
curriculum vitae mionsonraithe i mBéarla nó i bhFraincis (gan grianghraif san áireamh), de rogha i bhformáid Europass (https://europa.eu/europass/en/create-europass-cv; https://europa.eu/europass/fr/create-your-europass-cv), lena gcumhdaítear gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina liostaítear, inter alia, cáilíochtaí, eolas ar theangacha, taithí agus dualgais reatha an iarratasóra (comhad le hainmniú ‘XXX (DO SHLOINNE) - CV.pdf’); |
|
(c) |
litir inspreagtha, i mBéarla nó i bhFraincis (comhad le ‘XXX (DO SHLOINNE) – Motivation letter.pdf’ mar theideal). |
Mura gcuirfear na doiciméid sin san áireamh, beidh an t-iarratas neamhbhailí.
N.B. Iarrfar cóipeanna de dhioplómaí lena ndeimhnítear oideachas agus cóipeanna de dhoiciméid agus de theastais a bhaineann le taithí ghairmiúil ar na hiarrthóirí réamhroghnaithe a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an gcéad bhabhta agallamh. Ní mór na doiciméid tacaíochta a bheith eisithe ag tríú páirtí.
Ba cheart na doiciméid tacaíochta a uimhriú (Iarscríbhinn 1, 2, etc.) agus ní mór iad a ghrúpáil le chéile in aon doiciméad pdf amháin (comhad ar a dtabharfar ‘XXX (DO SHLOINNE) – Supporting documents.pdf’). Ba cheart innéacs a bheith san áireamh leis sin.
Má theipeann ort na doiciméid tacaíochta ar fad a chur isteach ar a dhéanaí an lá roimh an gcéad agallamh, d’fhéadfaí sin a mheas mar fhoras le dícháiliú.
Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar tríd an bpost nó trí réitigh stórála sonraí néalbhunaithe nó trí ardán comhroinnte comhad.
An t-iarrthóir a n-éireoidh leo, iarrfar orthu bundoiciméid na gcóipeanna thuas a thabhairt ar láimh.
Cuirfear ríomhphost chuig iarrthóirí lena dheimhniú go bhfuarthas a n-iarratas. Mar sin féin, d’fhéadfadh deacrachtaí teicniúla a bhaineann le seoladh ríomhphost a bheith ann. Dá bhrí sin, mura bhfaigheann iarrthóirí ríomhphost lena dheimhniú go bhfuarthas an t-iarratas, iarrtar orthu teagmháil a dhéanamh le applications.management@consilium.europa.eu. Ós rud é go dtosóidh an coiste comhairleach roghnúcháin ar a chuid oibre go luath i ndiaidh dháta deiridh na n-iarratas, ba cheart aon chomhfhreagras faoin iarratas a bheith faighte a dhéanamh an tseachtain tar éis an dáta sin.
ÉAGSÚLACHT AGUS CUIMSIÚ
Tá an Ardrúnaíocht tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú. Chun tuilleadh eolais a fháil, iarrtar ort féachaint ar an ráiteas ábhartha:
|
|
https://www.consilium.europa.eu/ga/general-secretariat/jobs/diversity-and-inclusion/. |
ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS
Chun eolas a fháil faoi na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar ghearáin, achomhairc agus tarchuir chuig an Ombudsman Eorpach, féadfaidh tú dul i gcomhairle le:
|
|
https://www.consilium.europa.eu/media/56643/complaint-ga.pdf. |
COSAINT SONRAÍ
Sa ráiteas príobháideachais a leagtar amach na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo:
|
|
https://www.consilium.europa.eu/media/bvrh2v2k/jobs-data-protection-083r01-ga.pdf. |
(1) https://www.consilium.europa.eu/media/53261/gsc-manager-profile-ga.pdf.
(2) Ceanglaítear le hAirteagal 5(3)(c) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) nach mór do na hiarratasóirí an méid seo a leanas a bheith acu ar a laghad:
|
(i) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is 4 bliana nó níos mó atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile, nó |
|
(ii) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile. |
(3) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(4) Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle, (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), téacs comhdhlúite atá ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:01962R0031-20240101.
(5) Tá an seoladh ríomhphoist sin nasctha le bosca ríomhphoist feidhmiúil nach féidir leis ach teachtaireachtaí ag a bhfuil ‘Gnáthrogha’ íogaireachta a phróiseáil; ní féidir ríomhphoist a sheoltar, ag a bhfuil roghanna eile íogaireachta (e.g. ‘Pearsanta’, ‘Príobháideach’, ‘Rúnda’ nó poist chriptithe), a phróiseáil. Dá bhrí sin, iarrtar ort ‘Gnáthrogha’ íogaireachta a roghnú. Ní ceadmhach do ríomhphost a bheith níos mó ná 25MB. Má sháraíonn do ríomhphost, mar aon leis na ceangaltáin, an t-uasmhéid sin, iarrtar ort na ceangaltáin a roinnt agus a sheoladh i gcúpla ríomhphost.
(6) Má theastaíonn tuilleadh eolais uait agus/nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: applications.management@consilium.europa.eu.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6192/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)