European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6164

11.10.2024

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Deireadh Fómhair 2024

lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú thar ceann na Gréige

(C/2024/6164)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027.

(2)

Tá suíochán mar chomhalta malartach i gcatagóir ionadaithe eagraíochtaí na bhfostaithe tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Panagiotis KORDATOS a bheith éirithe as oifig.

(3)

Tá iarrthóir ainmnithe ag eagraíocht na bhfostaithe CEC don suíochán folamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Vasileios ZAVOGIANNIS ina chomhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú in ionad Panagiotis KORDATOS, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 23).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6164/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)