|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6129 |
22.10.2024 |
P10_TA(2024)0003
An gá atá le tacaíocht leanúnach ón Aontas don Úcráin
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Iúil 2024 gur gá don Aontas tacú go leanúnach leis an Úcráin (2024/2721(RSP))
(C/2024/6129)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe do na rúin sin a glacadh ó cuireadh tús le forghabháilLeithinis na Crimé an 27 Feabhra 2014 agus ó mhéadú ar chogadh na Rúise ar an Úcráine ón 24 Feabhra 2022, |
|
— |
ag féachaint do Riail 167(2) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
A. |
de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022, ag leanúint den mhéid ar chuir sí tús leis cheana in 2014 le hionghabháil na Crimé agus forghabháil codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk dá éis sin; |
|
B. |
de bhrí gur léirigh an Úcráin agus a saoránaigh buandiongbháilteacht le linn a dtír a chosaint go rathúil, d’ainneoin an chostais mhóir a bhain le taismigh shibhialtacha agus mhíleata; de bhrí gur thug an Rúis ainghníomhartha córasacha ar mhórscála d’aon ghnó ar chríocha faoi fhorghabháil chomh maith le hionsaí neamh-idirdhealaitheach a dhéanamh ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, rud a léiríodh le déanaí leis an mbuamáil ar ospidéal leanaí Ohmatdyt; de bhrí go leantar de na milliúin Úcránach a easáitiú laistigh den Úcráin agus lasmuigh di, tar éis dóibh teitheadh ó fhogha na Rúise; de bhrí gur coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna é an t-iompar mídhaonna sin ó fhórsaí na Rúise agus óna seachionadaithe; |
|
C. |
de bhrí gur ranníoc an tAontas agus a Bhallstáit thart ar EUR 108 bhilliún go dtí seo i gcúnamh airgeadais, daonnúil, dídeanaithe agus míleata don Úcráin, lena n-áirítear thart ar EUR 39 bhilliún de chabhair mhíleata agus go dtuairiscítear go leithdháilfear EUR 21 bhilliún breise go dtí 2025; de bhrí go bhfuil oiliúint curtha ag Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) ar níos mó ná 55 000 comhalta d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine i gcomhoiliúint arm agus in oiliúint speisialaithe araon; de bhrí go gcinnteoidh ECAT ranníocaíocht airgeadais bhliantúil 40 billiún EUR leis an Úcráin; |
|
D. |
de bhrí gur sheol an tAontas caibidlíocht aontachais go hoifigiúil agus gur thionóil sé a chéad chomhdhálacha idir-rialtasacha leis an Úcráin agus leis an Moldóiv an 25 Meitheamh 2024; |
|
E. |
de bhrí gur thug Viktor Orbán, Príomh-Aire na hUngáire, an tír ag a bhfuil uachtaránacht rothlach na Comhairle, cuairt gan chomhordú agus gan choinne ar Chónaidhm na Rúise agus ar Dhaon-Phoblacht na Síne an 5 agus an 8 Iúil 2024 faoi seach; de bhrí nár thacaigh aon institiúidí den Aontas ná na Ballstáit leis na cruinnithe sin; |
|
1. |
á athdhearbhú go dtacaíonn sí go leanúnach le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus tiomantas daingean an Aontais tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil chomh fada agus is gá chun bua na hÚcráine a dhaingniú; á iarraidh go n-oibreoidh an tAontas agus a Bhallstáit go gníomhach chun an tacaíocht idirnáisiúnta is leithne is féidir don Úcráin a chothabháil agus a bhaint amach; |
|
2. |
á athdhearbhú go bhfuil an ceart dlisteanach chun féinchosanta ag an Úcráin, mar íospartach ionsaithe, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe; á mheabhrú go bhfuil an cúnamh míleata suntasach a chuireann an tAontas, na Stáit Aontaithe agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leo ar fáil, cé nach leor fós é, ceaptha chun go mbeidh an Úcráin ábalta í féin a chosaint go héifeachtach ar stát ionsaitheach agus smacht iomlán a athbhunú ar a críoch iomlán a aithnítear go hidirnáisiúnta; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi caibidlíocht aontachais an Aontais a seoladh le déanaí leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive; á chreidiúint gur deis gheostraitéiseach agus dhaonlathach agus infheistíocht in Eoraip aontaithe agus láidir é a lánpháirtiú seasta san Aontas; á mheabhrú gur próiseas atá bunaithe go docht ar thuillteanas é aontachas an Aontais a éilíonn go gcomhlíonfar na critéir bhallraíochta san Aontas, lena n-áirítear iadsan a bhaineann leis an daonlathas, an smacht reachta, luachanna bunúsacha agus an éillitheacht a chomhrac; á mheabhrú go n-éilíonn an próiseas aontachais cúnamh airgeadais agus teicniúil leormhaith ón Aontas; |
|
4. |
á cháineadh gur thug Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orbán cuairt le déanaí ar Chónaidhm na Rúise; á chur i bhfáth nach ndearna sé ionadaíocht don Aontas le linn na cuairte sin, agus á mheas gur sárú follasach í an chuairt ar Chonarthaí agus ar chomhbheartas eachtrach an Aontais, lena n-áirítear prionsabal an chomhair dhílis; á chur i bhfios nach féidir le Príomh-Aire na hUngáire ionadaíocht a dhéanamh don Aontas agus seasamh an Aontais á shárú aige; á mheas gur cheart go mbeadh iarmhairtí don Ungáir ag baint leis an sárú sin; á mheabhrú, díreach tar éis mhisean síochána Phríomh-Aire na hUngáire, mar a thugtar air, gur ionsaigh an Rúis ospidéal leanaí Ohmatdyt i gCív, rud a léirigh neamhábharthacht a iarrachtaí líomhnaithe, a raibh amhras ar cheannaireacht na hÚcráine ina leith; ag athdhearbhú a tacaíochta don Phlean Síochána a chuir Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, i láthair; á chur in iúl gur saoth léi gur bhain an Ungáir mí-úsáid as a cumhacht chrosta sa Chomhairle chun cosc a chur ar chabhair bhunriachtanach a dheonú don Úcráin; ag tathant ar an Ungáir a himshuí ar chistiú na Saoráide Eorpaí Síochána don Úcráin a bhaint, lena n-áirítear an aisíocaíocht chomhaontaithe do na Ballstáit as cúnamh míleata a seachadadh cheana; |
|
5. |
á mheabhrú gur cuid de chuspóirí níos leithne i gcoinne an Iarthair é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar ár ndaonlathas agus ár luachanna; á chur in iúl gur geal léi toradh Chruinniú Mullaigh ECAT agus á athdhearbhú go gcreideann sí go bhfuil an Úcráin ar chonair dhochúlaithe i dtreo bhallraíocht ECAT; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a dtacaíocht mhíleata don Úcráin a mhéadú a fhad is gá agus i cibé foirm is gá; ag athdhearbhú a sheasaimh roimhe seo gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT le chéile agus ina n-aonair geallúint go dtacóidh siad go míleata leis an Úcráin le 0,25 % dá OTI in aghaidh na bliana ar a laghad; á iarraidh ar na Ballstáit oibríochtaí oiliúna d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine amhail EUMAM Ukraine a leathnú tuilleadh, d’fhonn a gcumais oibríochtúla a mhéadú tuilleadh; á chur i bhfios go láidir gur baol go ndéanfaidh seachadtaí neamhleora nó moillithe arm agus armlóin na hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo a fhritháireamh agus, dá bhrí sin, ag tathant ar na Ballstáit a dtacaíocht mhíleata a mhéadú go suntasach agus dlús suntasach a chur léi agus borradh a chur faoi acmhainneacht a dtionscal míleata; á mholadh go láidir go mbainfí srianta ar úsáid córas arm an iarthair a sheachadtar i gcoinne spriocanna míleata ar chríoch na Rúise; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó ECAT lena ráthaítear soláthairtí míleata is fiú 40 billiún EUR ar a laghad go luath amach anseo; |
|
6. |
ag cáineadh an ionsaithe bharbaraigh le déanaí ar ospidéal leanaí Ohmatdyt i gCív; á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht iomlán agus i gcomhbhrón le teaghlaigh na n-íospartach; á mheabhrú go raibh taifead doiciméadaithe de chéastóireacht, d’éigniú agus d’fhuadach leanaí; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tacú go gníomhach le hiarrachtaí chun cuntasacht as coireanna cogaidh a áirithiú i cúirteanna agus in institiúidí idirnáisiúnta láithreacha, agus as coir an fhogha, i measc nithe eile, trí bhinse idirnáisiúnta speisialta a bhunú; ag athdhearbhú a tuairime daingne nach mór don Rúis cúiteamh airgeadais a thabhairt as na damáistí ollmhóra a rinne sí san Úcráin; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, cinneadh na Comhairle le déanaí ioncam urghnách ó shócmhainní díchumasaithe na Rúise a dhíriú ar iarracht chogaidh na hÚcráine chomh maith le cinneadh G7 lena dtairgtear iasacht 50 billiún USD don Úcráin arna urrú trí shócmhainní díchumasaithe stáit na Rúise; á iarraidh ar an Aontas córas fónta dlí a bhunú chun sócmhainní na Rúise atá faoi úinéireacht stáit arna gcalcadh ag an Aontas a choigistiú; |
|
7. |
ag cáineadh méadú ar líon na n-ionsaithe hibrideacha a rinne an Rúis i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát agus é mar aidhm leis sin tacaíocht na hEorpa don Úcráin a lagú trí ionramháil faisnéise, iarrachtaí díchobhsaithe ceilte agus éilliú daoine polaitiúla a úsáid; á chur in iúl gur cúis uafáis di na tuairiscí go ndearna an Rúis iarracht feallmharaithe i gcoinne POF cuideachta cosanta Eorpaí; |
|
8. |
á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh airgeadais fadtéarmach a mholadh chun an Úcráin a atógáil, ag tógáil ar thaithí Shaoráid nuabhunaithe na hÚcráine; |
|
9. |
á iarraidh ar an gComhairle a beartas smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a choinneáil ar bun agus a leathnú, agus faireachán, athbhreithniú agus feabhsú á ndéanamh ar a éifeachtacht agus ar a tionchar; á iarraidh ar an gComhairle dul i ngleic go córasach sárú smachtbhannaí ag cuideachtaí atá bunaithe san Aontas, ag tríú páirtithe agus ag tríú stáit agus bearta sriantacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme go docht i gcoinne na n-eintiteas uile a éascaíonn sárú smachtbhannaí agus a chuireann teicneolaíochtaí agus trealamh míleata agus dé-úsáide ar fáil do choimpléasc míleata na Rúise; |
|
10. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chun na Comhairle, chun an Choimisiúin, chun Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chun rialtas agus parlaimintí na mBallstát, Uachtarán, Rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na Moldóive, Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus údaráis na Rúise. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6129/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)