European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6113

21.10.2024

Caingean arna tabhairt an 11 Meán Fómhair 2024 – Summer Fridays v EUIPO (JET LAG)

(Cás T-472/24)

(C/2024/6113)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Summer Fridays LLC (Los Angeles, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: M. Maier, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc JET LAG – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 760 112

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Iúil 2024 i gCás R 1033/2024-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) i gcomhar le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6113/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)