European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6094

21.10.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Meán Fómhair 2024 – Galenica v EUIPO – EvivaMed Distribution (VIVORA)

(Cás T-373/23)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Nós imeachta freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VIVORA’ - Focalmharc níos luaithe ‘VERFORA’ - Diúltú páirteach don fhreasúra - Forais choibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mearbhaill - Idirspleáchas - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagal 94(1), an chéad abairt, de Rialachán 2017/1001)

(C/2024/6094)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Galenica AG (Berne, an Eilvéis) (ionadaithe: C. Tenkhoff, agus T. Herzog, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: EvivaMed Distribution GmbH (Wenzenbach, an Ghearmáin) (ionadaí: K. Landes, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Aibreán 2023 (cás R 1556/2022 1) ar neamhni go páirteach agus a leasú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Galenica AG a chostais féin a íoc chomh maith leo siúd arna dtabhú ag EvivaMed Distribution GmbH.

3.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.


(1)   IO C 296, 21.8.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6094/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)