European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6078

21.10.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) a taisceadh an 12 Iúil 2024 – Stichting Koskea, ag gníomhú dó mar leachtaitheoir ED v Nationale Nederlanden Schadeverzekering Maatschappij NV, ag gníomhú dó faoin ainm Reaal Schadeverzekering NV

(Cás C-490/24, Stichting Koskea)

(C/2024/6078)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hoge Raad der Nederlanden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Stichting Koskea, ag gníomhú dó mar leachtaitheoir ED

Cosantóir: Nationale Nederlanden Schadeverzekering Maatschappij NV, ag gníomhú dó faoin ainm Reaal Schadeverzekering NV

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil Airteagal 12(1) de Threoir Chódaithe 2009/103 (1) le léiriú sa chaoi nach mór go gclúdófar le hárachas éigeantach dliteanas sibhialta an damáiste a bhain don tiománaí (bunaidh) i gcás ina gcuireann paisinéir isteach ar rialú na mótarfheithicle agus go dtarlaíonn timpiste mar thoradh ar an gcur isteach sin?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist, an eascraíonn ceanglais áirithe as dlí an Aontais nach mór don chúirt náisiúnta a chomhlíonadh agus measúnú á dhéanamh aici an bhfuil tiománaí, de réir bhrí d’Airteagal 12(1) de Threoir Chódaithe 2009/103, scortha de bheith ina thiománaí in imthosca an cháis agus an bhfuil sé incháilithe do chosaint do phaisinéirí faoin riail ghinearálta?


(1)  Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO 2009 L 263, lch. 11).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6078/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)