European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6056

21.10.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 5 Meán Fómhair 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó rechtbank Gelderland – an Ísiltír) – X, agus páirtithe eile v Inspecteur van de Belastingdienst Utrecht, agus páirtithe eile

(Cásanna Uamtha C-639/22 go C-644/22, Inspecteur van de Belastingdienst Utrecht)  (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Díolúintí - Airteagal 135(1)(g) - Bainistiú ar chiste infheistíochta speisialta - Coincheap - Ciste pinsin - Inchomparáideacht le gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) - Riosca na n-infheistíochtaí arna sheasamh ag cleamhnaithe - Raon feidhme - Gá chun comparáid a dhéanamh le ciste pinsin a mheasann an Ballstát lena mbaineann gur chiste infheistíochta speisialta é)

(C/2024/6056)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Gelderland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: X (C-639/22), Stichting BPL Pensioen (C-643/22), Stichting Bedrijfstakpensioensfonds voor het levensmiddelenbedrijf (BPFL) (C-644/22), Fiscale Eenheid Achmea BV (C-640/22), Y (C-641/22), Stichting Pensioenfonds voor Fysiotherapeuten (C-642/22)

Cosantóirí: Inspecteur van de Belastingdienst Utrecht (C-639/22, C-643/22 agus C-644/22), Inspecteur van de Belastingdienst Amsterdam (C-640/22 agus C-641/22), Inspecteur van de Belastingdienst Maastricht (C-642/22)

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le hAirteagal 135(1)(g) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006, maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní fhéadfar a mheas go seastar riosca na n-infheistíochtaí le baill de chiste pinsin lena gcuirtear chun feidhme, faoi chomhscéim pinsin, conradh pinsin lena bhforáiltear do chearta pinsin agus do shochair phinsin, ar féidir lena mhéid athrú faoi choinníollacha áirithe, cé go sainmhínítear an méid sin ar bhonn pinsean tagartha nó ioncam gairmiúil agus líon blianta fostaíochta gach baill, mar thoradh ar thorthaí na n-infheistíochtaí arna ndéanamh ag an gciste pinsin sin, ach amháin nuair a bhraitheann an méid sin, go príomha, ar thorthaí na n-infheistíochtaí sin. Chun measúnú den chineál sin a dhéanamh, níl líon na mblianta inar fabhraíodh cearta pinsin an tsealbhóra nó an fíoras gur cuireadh isteach ar chruthú ceart pinsin ag pointe áirithe ama i leith ciste pinsin. Is cúinsí ábhartha iad go bhfeadfaí an riosca a sheasamh ar leithligh nó le chéile, go háirithe i gcás féimheachta, nó go bhfuil sé ráthaithe ag fostóir é féin ar feadh tréimhse áirithe ama i gcomhair fhabhrú na gceart pinsin a bheifí ag súil leis, cé nach cúinsí cinntitheacha iad.

2.

Maidir le hAirteagal 135(1)(g) de Threoir 2006/112, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na neodrachta fioscaí,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ceanglaítear leis, chun cinneadh a dhéanamh an bhféadfaidh ciste pinsin nach gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe é leas a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear leis an bhforáil sin, ní hamháin comparáid a dhéanamh le comhlacht den chineál sin ach measúnú a dhéanamh freisin, i bhfianaise staid dhlíthiúil agus airgeadais an tsealbhóra maidir leis an gciste pinsin, an bhfuil an ciste pinsin sin inchomparáide le cistí eile, nach gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe iad, a mheasann an Ballstát lena mbaineann gur cistí infheistíochta speisialta iad de réir bhrí na forála sin.


(1)   IO C 35, 30.1.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6056/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)