|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5997 |
9.10.2024 |
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Treoirlínte léirmhínitheacha maidir le cur i bhfeidhm na ndíolúintí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation)
(C/2024/5997)
CLÁR ÁBHAIR
|
1. |
Réamhrá | 3 |
|
2. |
Raon feidhme Airteagal 5 RFEUA: oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí | 4 |
|
2.1. |
Cé atá faoi réir oibleagáid Airteagal 5(1) RFEUA agus cé na heitiltí a thagann faoina raon feidhme? | 4 |
|
2.2. |
Cad atá i gceist leis an oibleagáid dhlíthiúil in Airteagal 5(1) RFEUA? | 5 |
|
2.3. |
Cathain agus cá háit a mbíonn ar an oibreoir aerárthaí athbhreoslú a dhéanamh? | 6 |
|
2.4. |
An bhfuil oibleagáid ar oibreoirí aerárthaí tríú tír athbhreoslú faoi Airteagal 5(1) RFEUA? | 6 |
|
2.5. |
Cén ról atá ag comhlacht bainistíochta aerfoirt an Aontais? | 7 |
|
3. |
Díolúintí ón oibleagáid athbhreoslaithe | 7 |
|
4. |
Airteagal 5(2) de RFEUA: Titim faoi bhun an cheanglais 90 % maidir le breosla a chur ar bord ag an aeradróm imeachta ón Aontas ar chúiseanna sábháilteachta | 7 |
|
4.1. |
Titim faoi bhun na hoibleagáide maidir le breosla a chur ar bord. Impleachtaí maidir leis an tuairisciú bliantúil faoi Airteagal 8 RFEUA() | 8 |
|
4.2. |
Samplaí de theagmhais lena gceanglaítear breosla eitlíochta a chur ar bord chun rialacha maidir le sábháilteacht breosla a chomhlíonadh agus doiciméid tacaíochta (boinn chirt) | 9 |
|
4.3. |
Cá fhad ba cheart don oibreoir aerárthaí na doiciméid lena dtugtar bonn cirt a choinneáil? | 11 |
|
4.4. |
Breithnithe a bhaineann le roghnú an aeradróim mhalartaigh agus an bhreosla lánroghnaigh | 11 |
|
5. |
Airteagal 5(3) de RFEUA: díolúintí sealadacha ón oibleagáid athbhreoslaithe | 12 |
|
5.1. |
An chéad choinníoll: ceanglas achair | 12 |
|
5.2. |
An dara coinníoll: na ceanglais in Airteagal 5(3)(a) agus (b) | 13 |
|
5.2.1. |
Airteagal 5(3)(a) RFEUA – deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha agus agaí míréasúnta athluchtaithe | 13 |
|
5.2.2. |
Airteagal 5(3)(b) – deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla a eascraíonn as saintréithe geografacha | 15 |
|
6. |
An t-údarás inniúil chun críocha Airteagal 5 RFEUA | 18 |
|
6.1. |
Ról na n-údarás chun críocha Airteagal 5(2) agus (3) RFEUA | 18 |
|
6.2. |
Cé hé an t-údarás inniúil chun an oibleagáid maidir le hathbhreoslú a fhorfheidhmiú agus chun fíneálacha a fhorchur? | 18 |
|
7. |
Comhar idir údaráis | 20 |
|
8. |
Maidir leis an bpróiseas chun díolúine a iarraidh faoi Airteagal 5(3)(a) nó (b) RFEUA agus ról an Choimisiúin | 21 |
|
8.1. |
Fad agus athnuachan na díolúine | 21 |
|
8.2. |
Cathain ba cheart an iarraidh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil? | 21 |
|
8.3. |
Féadfaidh an t-údarás inniúil faisnéis bhreise a iarraidh | 21 |
|
8.4. |
Cinneadh an údaráis inniúil (Airteagal 5(6) RFEUA) | 21 |
|
8.5. |
Cathain a thagann an cinneadh náisiúnta i bhfeidhm? | 22 |
|
8.6. |
Ról an Choimisiúin | 22 |
|
8.6.1. |
Foilsiú liosta na ndíolúintí | 22 |
|
8.6.2. |
Maidir le gearáin a bhaineann le díolúintí deonaithe | 22 |
1. RÉAMHRÁ
Tá sé d’aidhm ag Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (an ‘Rialachán’ nó ‘RFEUA’) (1) a áirithiú go gcomhlíonann aeriompar an Aontais Eorpaigh (AE) spriocanna aeráide an Aontais do 2030 agus 2050 agus go bhfuil ról lárnach aige maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach (2) a bhaint amach, agus cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach á chaomhnú ag an am céanna. Leagtar síos leis an Rialachán rialacha comhchuibhithe maidir le soláthar agus glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (‘SAF’) san Aontas. Ní mór do sholáthróirí breosla eitlíochta sciartha íosta méadaitheacha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha a sholáthar don mhargadh eitlíochta. Tá sé d’oibleagáid ar chomhlachtaí bainistíochta aerfort rochtain ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a éascú. Ní mór d’oibreoirí aerárthaí a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais athbhreoslú leis an mbreosla eitlíochta is gá dá n-eitilt iomlán, ag seachaint na n-astaíochtaí iomarcacha a bhaineann le meáchan breise agus ag íoslaghdú na rioscaí sceite carbóin de bharr cleachtais forlíonta umar breosla (3).
Leagtar síos sa Rialachán oibleagáidí tuairiscithe agus bailithe sonraí d’oibreoirí aerárthaí agus do sholáthróirí breosla, maidir le rudaí nach mór a thuairisciú d’údaráis inniúla agus do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘EASA’). Foráiltear leis freisin na rialacha maidir le hainmniú údarás inniúil sna Ballstáit, a chuirfidh an Rialachán chun feidhme agus a fhorfheidhmeoidh é chomh maith le ceanglas chun foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás neamhchomhlíontachta.
Mar a mhínítear in aithrisí 5 agus 28 den Rialachán, tá cleachtais forlíonta na n-umar breosla neamh-inbhuanaithe agus ba cheart iad a sheachaint toisc go mbaineann siad an bonn d’iarrachtaí an Aontais tionchar an iompair ar an gcomhshaol a laghdú. Thiocfadh na cleachtais sin salach ar na cuspóirí dícharbónaithe eitlíochta mar go méadódh meáchan breise an aerárthaigh ar an ídiú breosla agus ar na hastaíochtaí bainteacha (astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí neamh-CO2 araon) i gcás aon eitilt. Dá bhrí sin, bunaítear le hAirteagal 5 RFEUA oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí roimh imeacht dóibh ag aerfort ar leith de chuid an Aontais.
D’fhéadfadh cleachtais forlíonta na n-umar breosla cothrom na Féinne a chur i mbaol. I ndáil leis sin, tá feidhm ag Airteagal 5 RFEUA maidir le hoibreoirí aerárthaí an Aontais agus oibreoirí aerárthaí neamh-AE araon ar fud an Aontais. Ar deireadh, tá sé d’aidhm ag Airteagal 5 RFEUA scoilteadh mhargadh aeriompair an Aontais a sheachaint, saobhadh agus cleachtais éagóracha seachanta costais a chosc a mhéid a bhaineann le hoibreoirí aerárthaí a athbhreoslú agus an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise a chur chun cinn. Dá bhrí sin, is príomhghné de RFEUA í an oibleagáid athbhreoslaithe in Airteagal 5.
Féadfaidh oibreoir aerárthaí, go heisceachtúil agus nuair a bheidh údar cuí leis, titim faoi bhun na tairsí a bhunaítear in Airteagal 5(1) RFEUA i gcás inar gá sin ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla. Ina theannta sin, agus i gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh sé díolúine shealadach ón oibleagáid athbhreoslaithe a iarraidh ar an údarás inniúil (nó ar na húdaráis inniúla). Leagtar síos in Airteagal 5(3) RFEUA na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun díolúine den sórt sin a iarraidh.
Le hAirteagal 5(11) RFEUA, tugtar sainordú don Choimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na ndíolúintí dá dtagraítear in Airteagal 5 RFEUA. Áireofar sna treoirlínte sin na heilimintí nach mór d’oibreoir aerárthaí a sholáthar chun údar a thabhairt leis na díolúintí sin.
Soláthraítear leis na treoirlínte léirmhínitheacha sin léirmhíniú an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm na ndíolúintí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus (3) RFEUA. Tá sé i gceist leo cúnamh a thabhairt d’údaráis na mBallstát cinneadh a dhéanamh ar cheart iarrataí ar dhíolúintí a dheonú. Ba cheart go gcuideoidís freisin le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú níos comhsheasmhaí an Rialacháin a áirithiú. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na ndíolúintí a bhunaítear faoi Airteagal 5 RFEUA a áirithiú ar fud an Aontais, féadfar ceisteanna maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil ábhartha a phlé laistigh de ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le heitlíocht inbhuanaithe (E03118/2) (4) , le tacaíocht ó EASA. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá inniúil ar dhlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach.
2. RAON FEIDHME AIRTEAGAL 5 RFEUA: OIBLEAGÁID ATHBHREOSLAITHE MAIDIR LE HOIBREOIRÍ AERÁRTHAÍ
Le hAirteagal 5(1) RFEUA ceanglaítear ar oibreoirí aerárthaí 90 % ar a laghad den bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth a athbhreoslú ag gach aerfort imeachta de chuid an Aontais óna n-oibríonn siad eitiltí aeriompair tráchtála.
Is é cuspóir na forála seo a áirithiú go mbeidh an méid breosla eitlíochta a chuirtear ar bord roimh imeacht ó aerfort ar leith de chuid an Aontais i gcomhréir leis an méid breosla eitlíochta is gá chun na heitiltí a imíonn ón aerfort sin de chuid an Aontais a oibriú le linn na bliana.
Chun cuspóir Airteagal 5 a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid athbhreoslú a dhéanamh ag an aerfort imeachta de chuid an Aontais, ba cheart do na páirtithe ábhartha san earnáil eitlíochta, is é sin comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais, oibreoirí aerárthaí, táirgeoirí breosla, soláthróirí breosla eitlíochta agus láimhseálaithe breosla, oibriú le chéile chun aistriú rianúil a áirithiú lena laghdófar deacrachtaí oibríochtúla a mhéid is féidir.
2.1. Cé atá faoi réir oibleagáid Airteagal 5(1) RFEUA agus cé na heitiltí a thagann faoina raon feidhme?
Ceanglaítear go dlíthiúil ar gach oibreoir aerárthaí a thagann faoi raon feidhme RFEUA an oibleagáid maidir le hathbhreoslú faoi Airteagal 5(1) RFEUA a chomhlíonadh agus iad ag imeacht ó aerfort de chuid an Aontais. In Airteagal 3(3) RFEUA sainmhínítear oibreoir aerárthaí mar ‘duine a d’oibrigh (5) ar a laghad 500 eitilt aeriompair tráchtála paisinéirí, nó 52 eitilt aeriompair uile-lasta tráchtála a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin nó, i gcás nach féidir an duine sin a shainaithint, úinéir an aerárthaigh ’ .
Sainaithnítear oibreoir aerárthaí leis an nglao-chomhartha a úsáidtear chun críoch rialaithe aerthráchta mar a leagtar síos sa phlean eitilte oibríochtúil (aitheantas aerárthaigh). Is mar seo a leanas a bheidh an glao-chomhartha:
|
a) |
i gcás ina mbeidh sainitheoir EESI na gníomhaireachta oibríochta aerárthaí sa phlean eitilte oibríochtúil, is í an ghníomhaireacht oibríochta aerárthaí atá sannta don sainitheoir EESI sin a bheidh san oibreoir aerárthaí uathúil (6); |
|
b) |
i gcás ina bhfuil náisiúntacht nó marc coiteann, agus marc clárúcháin an aerárthaigh a liostaítear go sainráite i ndeimhniú oibreora aerárthaigh (AOC), nó a choibhéis, nó i ndoiciméad arna eisiúint ag Stát agus lena sainaithnítear oibreoir an aerárthaigh, ansin is é an duine dlítheanach nó nádúrtha ag a bhfuil AOC (nó a choibhéis) nó a luaitear sa doiciméad a bheidh san oibreoir aerárthaigh uathúil; |
|
c) |
i gcás nach féidir an t-oibreoir aerárthaí a shainaithint, is é úinéir na n-aerárthach an t-oibreoir aerárthaí. |
Tá feidhm ag Airteagal 5(1) RFEUA maidir le haerárthaí atá in úsáid san eitlíocht shibhialta agus a dhéanann eitiltí aeriompair tráchtála, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 2(1). Le hAirteagal 3(4) sainmhínítear ‘eitilt aeriompair tráchtála’ mar ‘ eitilt arna hoibriú chun críocha paisinéirí, lasta nó post a iompar le haghaidh luach saothair nó ar cíos, lena n-áirítear eitilt eitlíochta gnó a oibrítear chun críoch tráchtála’.
Faoi chomhaontuithe léasa fhliuch, is é an léasóir (úinéir an aerárthaigh) a oibríonn aerárthach, agus is é a bhíonn freagrach go bunúsach as staid agus cothabháil an aerárthaigh, chun tairbhe an léasaí (an t-eintiteas a bhfuil aerárthach ar léas aige), a bhfuil smacht éifeachtach aige i gcónaí ar an eitilt. Dá bhrí sin, glactar leis gurb é an léasaí oibreoir aerárthaí na heitilte sin agus go mbeidh sainitheoir EESI an léasaí sa phlean eitilte.
Faoi chomhaontú léasa thirim oibríonn an léasaí aerárthach faoina AOC agus téann rialú an aerárthaigh go héifeachtach chuig an léasaí. Dá bhrí sin, glactar leis gurb é an léasaí an t-oibreoir aerárthaí agus gur cheart sainitheoir EESI an léasaí a bheith sa phlean eitilte.
Níl feidhm ag an Rialachán maidir le haerárthaí míleata ná eitiltí míleata nach n-úsáidtear ach le haghaidh oibríochtaí chun críoch daonnúil, aisdúichithe agus fillte (7), bídís deonach nó forfheidhmithe, lena n-áirítear athligean isteach, eitiltí cuardaigh, tarrthála, fóirithint anachaine nó chun críoch leighis, agus le haghaidh oibríochtaí custaim, póilíneachta agus comhraic dóiteáin. Eisiatar freisin eitiltí stáit a iompraíonn Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus Airí Rialtais tríú tíortha. Eisiatar freisin eitiltí oiliúna (nuair is eitilt neamhthráchtála amháin atá i gceist) agus eitiltí ciorclacha (eitiltí a imíonn as aerfort agus a thagann isteach ag an aerfort céanna gan stad idirmheánach). Is é is cúis leis na heitiltí sin a chur as an áireamh go n-oibrítear iad in imthosca eisceachtúla, nach féidir a phleanáil i gcónaí ar an mbealach céanna le heitiltí aeriompair tráchtála caighdeánacha, agus dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann oibleagáidí faoin bhforáil sin a chomhlíonadh i gcónaí (féach aithris 17 de RFEUA). Sa chleachtas, is féidir eitiltí eisiata a shainaithint trí chód díolúine Lároifig Muirear Bealaigh (CRCO) EUROCONTROL agus/nó trí réimse aitheantais na heitilte sa phlean eitilte oibríochtúil.
Áirítear eitiltí cothabhála, athshuite nó farantóireachta faoi raon feidhme Airteagal 5(1) RFEUA fad a mheastar gur gníomhaíochtaí iad sin atá nasctha le gníomhaíochtaí tráchtála an oibreora aerárthaí. Mar shampla, cuirtear eitiltí suite agus farantóireachta a bhaineann le cuardach agus tarrtháil as an áireamh. Tagann eitiltí a oibrítear faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (‘eitiltí OSP’) faoi raon feidhme RFEUA.
Chun cothrom iomaíochta a áirithiú, cumhdaíonn RFEUA an oiread aerthráchta tráchtála agus is féidir ar fud mhargadh eitlíochta an Aontais. Dá bhrí sin, na hoibreoirí aerárthaí uile a d’oibrigh ar a laghad 500 eitilt aeriompair tráchtála paisinéirí (nó 52 eitilt aeriompair uile-lasta tráchtála), tá siad faoi réir na hoibleagáide in Airteagal 5(1) RFEUA. Mar sin féin, le RFEUA, ceadaítear d’oibreoirí aerárthaí leibhéal níos airde uaillmhéine a bhaint amach trína cheadú dóibh roghnú a bheith páirteach ina oibleagáidí in Airteagal 2(3) RFEUA agus a bheith cumhdaithe leo, lena leagtar síos an bunús dlí agus an nós imeachta chun na críche sin. .
Le cúnamh ó EUROCONTROL agus i gcomhar leis na Ballstáit, ullmhaíonn agus foilsíonn an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta a nuashonraítear go bliantúil de na hoibreoirí aerárthaí a thagann faoi raon feidhme RFEUA, agus a sannadh faoi seach don Bhallstát freagrach (8) .
2.2. Cad atá i gceist leis an oibleagáid dhlíthiúil in Airteagal 5(1) RFEUA?
Tá feidhm ag an tairseach athbhreoslaithe 90 % a cheanglaítear in Airteagal 5(1) RFEUA maidir le ‘breosla eitlíochta bliantúil a cheanglaítear’. Sainmhínítear é in Airteagal 3(24) RFEUA mar an méid breosla eitlíochta dá ngairtear ‘breosla turais’ agus ‘breosla innealta’ in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (9). Athbhreoslóidh an t-oibreoir aerárthaí ag aerfort áirithe de chuid an Aontais 90 % ar a laghad den bhreosla bliantúil atá de dhíth (i.e. breosla turais agus breosla innealta le haghaidh éirí de thalamh) chun na heitiltí imeachta uile a chumhdaítear le RFEUA a oibriú le linn tréimhse tuairiscithe (i.e. an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain tuairiscithe) san aerfort áirithe sin de chuid an Aontais.
Baineann na hoibleagáidí tuairiscithe a bhunaítear in Airteagal 8 agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le RFEUA le suim bhliantúil an bhreosla a bheartaítear le haghaidh na n-eitiltí uile a imíonn ó aerfort ar leith de chuid an Aontais agus le suim bhliantúil an bhreosla a chuirtear ar bord le haghaidh na n-eitiltí sin. Ag brath ar na próisis a chuireann an t-oibreoir aerárthaí i bhfeidhm, is féidir an breosla arna chur ar bord a chruthú trí úsáid a bhaint as foinsí éagsúla (e.g. (i) sonraisc bhreosla ón soláthraí breosla, (ii) an difríocht idir an méid breosla tráth a shroichtear aerfort de chuid an Aontais (blocáil) agus an méid breosla tráth imeachta ón aerfort sin de chuid an Aontais (blocáil) agus (iii) faisnéis a aisghabhtar ó fhoinsí amhail logleabhar turais an aerárthaigh, an loga teicniúil agus an plean eitilte oibríochtúil).
Tagraíonn an oibleagáid maidir le hathbhreoslú ag an aerfort imeachta de chuid an Aontais do ‘breosla eitlíochta’. In Airteagal 3(6) RFEUA sainmhínítear breosla eitlíochta mar bhreosla intiteáin arna mhonarú lena úsáid go díreach ag aerárthaí. I bhfocail eile, baineann an oibleagáid athbhreoslú leis na breoslaí uile atá ar fáil don eitlíocht, lena n-áirítear gnáthbhreoslaí eitlíochta.
Maidir le hoibreoir aerárthaí nach dtugann údar cuí le neamhchomhlíonadh an cheanglais maidir le 90 % ar a laghad den ‘bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ faoi Airteagail 5(2) agus (3) RFEUA a athbhreoslú, d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh air. Tá an fhíneáil sin le forchur ag údaráis na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 12(2) RFEUA. Mar sin féin, féadfar oibreoir aerárthaí den sórt sin a dhíolmhú ón bhfíneáil más féidir leis a chruthú gur imthosca eisceachtúla agus neamh-intuartha nach raibh neart aige orthu, agus nach bhféadfaí a n-éifeachtaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta, ba chúis le gan oibleagáidí Airteagal 5 a bheith comhlíonta aige.
2.3. Cathain agus cá háit a mbíonn ar an oibreoir aerárthaí athbhreoslú a dhéanamh?
Beidh ar oibreoir aerárthaí a thagann faoi raon feidhme RFEUA breosla a chur ar bord agus é ag imeacht ó aerfort de chuid an Aontais (i.e. an t-aeradróm imeachta ón Aontas).
Sainmhínítear ‘Aerfort de chuid an Aontais’ in Airteagal 3(1) RFEUA mar aerfort mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le muirir aerfoirt. Sainmhínítear aerfort ansin mar ‘aon limistéar talún atá oiriúnaithe go sonrach do thuirlingt, d’éirí de thalamh agus d’ainliú aerárthaí, lena n-áirítear na suiteálacha coimhdeacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na hoibríochtaí sin ar mhaithe le trácht agus seirbhísí aerárthaí, lena n-áirítear na suiteálacha is gá chun cúnamh a thabhairt d’aersheirbhísí tráchtála’ (10).
Is iad aerfoirt an Aontais a thagann faoi raon feidhme RFEUA na haerfoirt sin ag a bhfuil trácht paisinéirí níos airde ná 800 000 paisinéir nó trácht lasta níos airde ná 100 000 tona sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Bunaíodh an tairseach sin ionas nach gcuirfear ualach míchuí ar oibríochtaí aeriompair ag aerfoirt bheaga.
Maidir le haerfoirt atá suite i réigiún is forimeallaí, mar a liostaítear in Airteagal 349 CFAE - i.e. Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Mayotte, La Réunion, Saint-Martin, na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha - ní thagann siad faoi raon feidhme Airteagal 5 RFEUA.
Is féidir leis na Ballstáit a bheith níos uaillmhianaí agus a chinneadh go gcumhdaítear le RFEUA aerfort atá lonnaithe ar a gcríoch - agus nach sroicheann an tairseach is gá agus/nó atá suite i réigiún forimeallach - mar sin féin. Is féidir le comhlacht bainistíochta aerfoirt roghnú freisin a bheith páirteach in aerfort atá faoina bhainistíocht agus go ndéileálfar leis mar aerfort de chuid an Aontais agus a bheith faoi réir RFEUA, agus é sin á dhéanamh trí iarraidh a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil faoi seach. Ina iarraidh, ní mór do chomhlacht bainistíochta an aerfoirt a chruthú go gcomhlíonann an t-aerfort is iarrthóir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(1) RFEUA. Is féidir teacht ar an mbunús dlí agus ar an nós imeachta chun na críche sin in Airteagal 2(2) RFEUA.
Soláthraíonn an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, liosta d’aerfoirt an Aontais a thagann faoi raon feidhme RFEUA. Déantar an liosta sin a nuashonrú ar bhonn bliantúil (11).
2.4. An bhfuil oibleagáid ar oibreoirí aerárthaí tríú tír athbhreoslú faoi Airteagal 5(1) RFEUA?
Mar a mhínítear i Roinn 2.3, tá feidhm ag an oibleagáid 90 % ar a laghad den bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth a athbhreoslú ag an aeradróm imeachta ón Aontas. Dá bhrí sin, tá oibreoir aerárthaí tríú tír faoi réir na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 5(1) RFEUA agus é ag imeacht ó aerfort de chuid an Aontais, má d’oibrigh sé 500 eitilt aeriompair paisinéirí tráchtála nó 52 eitilt uile-lasta tráchtála ó aerfoirt de chuid an Aontais sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin nach mór d’oibreoir aerárthaí tríú tír 90 % dá bhreosla eitlíochta riachtanach bliantúil a athbhreoslú le haghaidh imeachtaí ó aerfoirt an Aontais ag aerfoirt an Aontais óna n-imíonn siad.
Maidir le hoibreoir aerárthaí tríú tír a mhainníonn oibleagáidí Airteagal 5 a chomhlíonadh, d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh air arna forchur ag údarás inniúil Ballstáit (féach Airteagal 12(2) RFEUA), ach amháin má tá údar cuí leis an neamhchomhlíonadh sin faoi Airteagal 5(2) nó (3) RFEUA nó más imthosca eisceachtúla agus neamh-intuartha de bhun an tríú habairt d’Airteagal 12(2) RFEUA is cúis leis.
2.5. Cén ról atá ag comhlacht bainistíochta aerfoirt an Aontais?
Tá ról lárnach ag comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le héascú a dhéanamh ar chomhlíontacht oibreoirí aerárthaí leis an oibleagáid maidir le hathbhreoslú. I ndáil leis sin, ba cheart do chomhlacht bainistíochta aerfoirt an Aontais na hacmhainní daonna agus bonneagair a phleanáil (e.g. foireann leordhóthanach cháilithe, toilleadh umair agus soláthar breosla, trucailí breoslaithe, córais hiodrant etc.) a bhfuil gá leo chun comhlíontacht oibreoirí aerárthaí le hoibleagáid Airteagal 5(1) RFEUA a éascú.
Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh an bonneagar agus/nó an soláthar breosla eitlíochta is gá ag aerfoirt áirithe (e.g. iad siúd atá suite ar oileáin) mar gheall ar an mbail gheografach atá orthu agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé nach mbeidís in ann athlíonadh athfhillteach breosla eitlíochta ag an aerfort a éascú a mhéid céanna le haerfoirt eile a bhfuil níos mó acmhainní acu. Dá bhrí sin, féadfaidh oibreoirí aerárthaí díolúintí sealadacha a iarraidh óna n-oibleagáidí athbhreoslaithe i gcás bealaí áirithe a nascann le haerfoirt atá suite ar oileáin nach bhfuil naisc iarnróid ná naisc bhóthair acu le haerfort de chuid an Aontais, faoi na himthosca sonracha a leagtar síos in Airteagal 5(3) RFEUA.
3. DÍOLÚINTÍ ÓN OIBLEAGÁID ATHBHREOSLAITHE
Le hAirteagal 5(2) RFEUA, ceadaítear don oibreoir aerárthaí titim faoi bhun na tairsí a cheanglaítear leis an oibleagáid athbhreoslaithe nuair atá bonn cirt leis sin ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla, is é sin le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (12). I ndáil leis sin, ní mór d’oibreoir aerárthaí cinneadh na gceannasaithe maidir leis an mbreosla deiridh a chuirtear ar bord roimh imeacht ó aerfort de chuid an Aontais a urramú gan cur isteach (13) (féach na mionsonraí i Roinn 4). Tuairiscítear díolúintí a bhfuil údar leo faoi Airteagal 5(2) RFEUA ex post sa tuarascáil bhliantúil atá le cur isteach ag an oibreoir aerárthaí mar a bhunaítear in Airteagal 8 RFEUA.
Tá díolúintí eile ó oibleagáidí athbhreoslaithe a leagtar amach in Airteagal 5(1) RFEUA teoranta do dhá chás a shainmhínítear in Airteagal 5(3) (a) agus (b) RFEUA agus tá siad faoi réir iarraidh mhionsonraithe a bhfuil údar maith léi roimh ré a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Iarrtar na díolúintí sin ex ante, féach na sonraí i Ranna 5 agus 8. Tá an chéad fhéidearthacht maidir le díolúine ó Airteagal 5(1) teoranta do bhealaí sonracha a imíonn ó aerfoirt an Aontais agus do chásanna sonracha, i.e. deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha maidir le haerárthaí a athbhreoslú ag aerfort ar leith de chuid an Aontais, rud a chuireann cosc ar oibreoirí aerárthaí eitiltí casadh thart a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta ama. Baineann an dara féidearthacht le deacrachtaí struchtúracha soláthair breosla a eascraíonn as saintréithe geografacha aerfoirt ar leith de chuid an Aontais, as a n-eascraíonn praghsanna i bhfad níos airde breoslaí eitlíochta agus lena gcuirtear an t-oibreoir aerárthaí lena mbaineann faoi mhíbhuntáiste suntasach san iomaíocht i gcomparáid le dálaí an mhargaidh atá ann in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu.
4. AIRTEAGAL 5(2) DE RFEUA: TITIM FAOI BHUN AN CHEANGLAIS 90 % MAIDIR LE BREOSLA A CHUR AR BORD AG AN AERADRÓM IMEACHTA ÓN AONTAS AR CHÚISEANNA SÁBHÁILTEACHTA
Foráiltear le hAirteagal 5(2) RFEUA go bhféadfaidh oibreoir aerárthaí titim faoi bhun na tairsí 90 % den ‘bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ (i.e. breosla turais agus breosla innealta le haghaidh éirí de thalamh) ag aerfort imeachta de chuid an Aontais, más gá sin ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla. Leis an bhforáil seo, breithnítear an gá atá lena áirithiú go gcomhlíonfar, mar shampla, Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (14) agus, go sonrach, na rialacha sábháilteachta in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis: pointí CAT.OP.MPA.180, 181, 182 agus 260, agus nuair is iomchuí, le pointe CAT.OP.MPA.185 maidir le bainistiú agus pleanáil breosla le linn eitilte. Le Modhanna Inghlactha Comhlíonta (AMC) agus Treoirábhar (GM) EASA le haghaidh oibríochtaí aeriompair tráchtála Iarscríbhinn IV, cuid-CAT a ghabhann le Rialachán (AE) 965/2012 ón gCoimisiún maidir le hoibríochtaí aeir, soláthraítear mionsonraí maidir leis na forálacha sin (15).
Tá tuilleadh sonraí maidir leis na húdair a d’fhéadfadh a bheith le titim faoin tairseach athbhreoslaithe ar chúiseanna sábháilteachta (chomh maith leis an bhfianaise thacaíochta is gá) le fáil i Ranna 4.1 go 4.4.
4.1. Titim faoi bhun na hoibleagáide maidir le breosla a chur ar bord. Impleachtaí maidir leis an tuairisciú bliantúil faoi Airteagal 8 RFEUA (16)
I gcásanna ina dtiteann oibreoir aerárthaí faoi bhun na hoibleagáide 90 % maidir le cur ar bord an ‘bhreosla eitlíochta bhliantúil atá de dhíth’ (breosla turais agus breosla innealta) ag aerfort imeachta de chuid an Aontais, i gcás nach gcomhlíonann an t-oibreoir aerárthaí an tairseach 90 % ní mór údar cuí a thabhairt don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla atá freagrach as an aerfort de chuid an Aontais lena mbaineann agus do EASA.
Go sonrach, ní mór don oibreoir aerárthaí údar a thabhairt leis an bhfáth a dtiteann méideanna an bhreosla eitlíochta faoin tairseach 90 % seachas na méideanna breosla eitlíochta a áirítear sa mhaolán 10 % mar a fhoráiltear in Airteagal 5(1) RFEUA. Is é sin le rá, ní mór don oibreoir aerárthaí na cainníochtaí breosla gaolmhara comhiomlánaithe a tugadh ar bord (a cuireadh ar bord in eitiltí roimhe sin) a thuairisciú ar chúiseanna comhlíontachta leis na rialacha maidir le sábháilteacht breosla atá ag cur cosc ar an oibreoir aerárthaí an ceanglas 90 % maidir le cur ar bord a chomhlíonadh ag aerfort ar leith de chuid an Aontais. Ní mór don oibreoir aerárthaí a léiriú ina thuairisciú faoi Airteagal 8 RFEUA cé na bealaí a n-imrítear tionchar orthu.
Ní mór an fhaisnéis sin (lena n-áirítear an bonn cirt) a chur sa tuarascáil nach mór don oibreoir aerárthaí a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil agus EASA faoi Airteagal 8 RFEUA (i.e. an tuarascáil bhliantúil), nach mór d’fhíoraitheoir neamhspleách í a fhíorú roimhe sin mar a cheanglaítear le hAirteagal 8(3) RFEUA (17).
Ní mór don oibreoir aerárthaí an méid seo a leanas a áireamh mar chuid dá mboinn chirt faoi Airteagal 5(2) RFEUA:
|
— |
bonn cirt leis an bhfáth ar thit sé faoi bhun na tairsí bliantúla a leagtar síos in Airteagal 5(1) RFEUA ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla; |
|
— |
léiriú ar na bealaí ar imríodh tionchar orthu (i.e. seicheamh na n-eitiltí teachta agus imeachta ag an aerfort de chuid an Aontais), agus na cainníochtaí breosla a bhaineann leis an breosla a tugadh ar bord ar chúiseanna sábháilteachta. |
Féadfaidh an t-údarás inniúil glacadh leis an mbonn cirt má chomhlíontar na ceanglais is infheidhme agus má tá bonn cirt cuí leis. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle le EASA agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíonann bonn cirt na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla.
|
|
Sampla 1: Eitlíonn oibreoir aerárthaí Y ó aerfort A go haerfort B de chuid an Aontais. Sanntar oibreoir aerárthaí Y dá ardstiúrthóireacht ainmnithe um eitlíocht shibhialta (A-DGCA). Ag deireadh na bliana tuairiscithe, ní mór do Y na toirteanna breosla bliantúla a cuireadh ar bord, an breosla eitlíochta bliantúil a bhí de dhíth agus na toirteanna breosla bliantúla nár cuireadh ar bord a chur faoi bhráid EASA agus A-DGCA (18).. Beidh ar Y fógra a thabhairt freisin, ag deireadh na bliana tuairiscithe, d’údarás nó d’údaráis an aerfoirt nó na n-aerfort de chuid an Aontais maidir leis na cainníochtaí nár tugadh ar bord mura gcomhlíonann sé an tairseach athbhreoslaithe ar chúiseanna sábháilteachta. Sa sampla seo, titeann oibreoir aerárthaí Y faoi bhun na tairsí ‘breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ in aerfort B de chuid an Aontais, toisc go ndearnadh difear d’eitiltí áirithe den bhealach A-B mar gheall ar dhálaí aimsire tuartha lenar ceanglaíodh níos mó breosla a chur ar bord ar chúiseanna sábháilteachta in aerfort A (cuirtear an barrachas breosla ar bord san aerfort roimhe i gcónaí). Murab ionann agus an réamhaisnéis, áfach, tháinig feabhas ar an aimsir go ginearálta le linn na n-eitiltí agus tháinig an t-aerárthach i dtír roinnt uaireanta in aerfort B de chuid an Aontais le níos mó breosla ná mar a bhíothas ag súil leis agus dá bhrí sin ní raibh sé in ann breosla a chur ar bord in aerfort B de chuid an Aontais don eitilt ina dhiaidh sin, toisc go raibh go leor breosla ag Y san umar. Cé nár chomhlíon Y an ceanglas in Airteagal 5(1) RFEUA le haghaidh aerfort B de chuid an Aontais, bhí bonn cirt leis sin dá bhrí sin chun cúiseanna sábháilteachta breosla a chomhlíonadh. |
|
|
Sampla 2: Eitlíonn oibreoir aerárthaí Y ó aerfort C go haerfort D agus ar ais go C (bealach C-D-C), agus gach ceann de na haerfoirt sin ina aerfort de chuid an Aontais. Ag leanúint ó shampla 1, sanntar oibreoir aerárthaí Y d’údarás inniúil A-DGCA. Ag deireadh na bliana tuairiscithe, ní mór do Y na toirteanna breosla bliantúla a cuireadh ar bord, an breosla eitlíochta bliantúil a bhí de dhíth agus na toirteanna breosla bliantúla nár cuireadh ar bord (19) a chur faoi bhráid EASA agus na n-údarás inniúil. Beidh ar Y fógra a thabhairt freisin, ag deireadh na bliana tuairiscithe, d’údarás nó d’údaráis an aerfoirt nó na n-aerfort de chuid an Aontais maidir leis na cainníochtaí nár tugadh ar bord i gcás nach gcomhlíonann sé an tairseach athbhreoslaithe ar chúiseanna sábháilteachta breosla. Sa sampla sin, titeann oibreoir aerárthaí Y faoi bhun na tairsí ‘ breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ in aerfort D toisc, i gcomhréir le pointe CAT.OP.MPA.181 litir (c)(4)(I) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, go n-éilíonn na heitiltí ón mbealach C-D aerfort malairte cinn scríbe E atá i bhfad ó aerfort D. Ar an mbealach ar ais go C (bealach D-C), tá an t-aerfort malairte cinn scríbe F an-ghar d’aerfort C. Dá bhrí sin, tiocfaidh an t-aerárthach i dtír i gcónaí le níos mó breosla ná mar is gá in aerfort D chun dul ar ais go C, rud a chuirfidh cosc air breosla a chur a bord ag aerfort D lena eitilt ar ais go C ina dhiaidh sin toisc go raibh dóthain breosla ag Y san umar. Dá bhrí sin, níor chomhlíon oibreoir aerárthaí Y an ceanglas in Airteagal 5(1) RFEUA le haghaidh aerfort D, ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht breosla. Maidir le haeradróim iargúlta, d’fhéadfadh an rud céanna tarlú i gcás ina n-éilíonn pointe CAT.OP.MPA.181 litir (c)(4)(ii) agus AMC7 (20) CAT.OP.MPA.182 thart ar 2 uair an chloig de bhreosla breise chun oibriú in aeradróim iargúlta den sórt sin. Féadann sé seo an gá atá le hathbhreoslú le filleadh a laghdú go suntasach. |
I mbeagán focal, ní mór don oibreoir aerárthaí, chun ceanglais Airteagal 5(2) RFEUA a chomhlíonadh, (i.e. an oibleagáid bonn cirt a thabhairt), na cúiseanna sábháilteachta a sholáthar do na húdaráis inniúla agus do EASA maidir le forlíonadh umar in eitiltí a thagann isteach chuig an aerfort de chuid an Aontais a fhágann go dtitfidh an t-oibreoir aerárthaí faoin gceanglas bliantúil maidir le breosla a chur ar bord. Tá na méideanna breosla a bhfuil bonn cirt le tabhairt leo teoranta don difríocht idir an 90 % den bhreosla eitlíochta bliantúil is gá agus an breosla eitlíochta iarbhír bliantúil a chuirtear ar bord in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais, nach gcomhlíonann an t-oibreoir aerárthaí an ceanglas maidir le breosla a chur ar bord ann.
Ba cheart don oibreoir aerárthaí an gaol idir toirt an bhreosla a chuirtear ar bord agus na cúiseanna sábháilteachta a léiriú go soiléir. Ba cheart go bhfreagródh an réasúnú (an doiciméad tacaíochta/na doiciméid tacaíochta) do na méideanna a cuireadh ar bord agus do na cúiseanna a tugadh. D’fhéadfadh sárú ar Airteagal 5(1) RFEUA a bheith mar thoradh ar neamhábaltacht comhfhreagairt a chruthú idir na toirteanna a chuirtear ar bord agus na húdair.
4.2. Samplaí de theagmhais lena gceanglaítear breosla eitlíochta a chur ar bord chun rialacha maidir le sábháilteacht breosla a chomhlíonadh agus doiciméid tacaíochta (boinn chirt)
Tá an liosta samplaí seo a leanas lena gceanglaítear breosla eitlíochta a chur ar bord ar chúiseanna sábháilteachta neamh-uileghabhálach ach áirítear ann na teagmhais is coitianta (21) lena dtugtar údar leis an ngá le níos mó breosla a chur ar bord ag an aerfort imeachta ar chúiseanna sábháilteachta breosla, agus dá bhrí sin tá an baol ann nach gcomhlíonfaidh sé an tairseach athbhreoslaithe ag an aerfort cinn scríbe san Aontas. Tá doiciméid ag gabháil leis na samplaí a bheadh ar an oibreoir aerárthaí a sholáthar do na húdaráis inniúla chun údar a thabhairt le titim faoi bhun na tairsí in Airteagal 5(1) RFEUA.
I ngach cás, ní mór d’údaráis inniúla, i gcomhar le EASA, a áirithiú go mbaintear an chothromaíocht cheart amach idir sábháilteacht agus oibleagáidí athbhreoslaithe agus tuairiscithe RFEUA. Tá sé fíorthábhachtach sábháilteacht a áirithiú, mar sin ní mór do na húdaráis breithiúnas fónta a dhéanamh i gcónaí maidir leis an leibhéal fianaise is gá chun bunús a thabhairt le hábhair imní sábháilteachta. Is minic a bhíonn an gá le breosla breise bunaithe ar shaineolas phearsanra an ionaid rialaithe oibreora nó ar thaithí na bpíolótaí.
|
— |
Cásanna ina bhfuil ganntanas breosla eitlíochta (lena n-áirítear méideanna íosta ceannaigh arna bhforchur ag an soláthróir breosla ag aerfoirt an Aontais a bhfuil bail gheografach orthu amhail oileáin) nó éilliú breosla eitlíochta ag an aerfort cinn scríbe, a bhfuil údar leis mar gheall ar an bhfógra faoi seach d’aerfhir nó ar an bhfógra faoi seach do mhisin aeir (NOTAM) agus/nó mar gheall ar theachtaireacht ón soláthróir breosla (má tá fáil uirthi), nó mar gheall ar aon tuarascáil eile laistigh den chóras bainistíochta i bpointe ORO.GEN.200 ‘córas bainistíochta’ (22) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (tuarascálacha píolótaí, tuarascálacha oibreoirí eile, tuarascálacha údaráis, nó faisnéis arna soláthar ag comhlachais aerlíne). |
|
— |
Le dálaí drochaimsire (nó réamhaisnéisí maidir le dálaí drochaimsir), go minic (agus go háirithe le linn oibríochtaí geimhridh), tugtar bonn cirt leis an ngá atá le breosla breise (féach pointí CAT.OP.MPA.181 litir (b), CAT.OP.MPA.245 litir (a)(1) agus CAT.OP.MPA.245 litir (b)(c), agus CAT.OP.MPA.255 litir (b), CAT.OP.MPA.265 litir (a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (23) . Baineann sé sin freisin le dálaí aimsire eile (e.g. aimsir the) a bhféadfadh breosla breise a bheith ag teastáil lena n-úsáid ag APU (24) mar thoradh ar dhálaí aimsire thar a bheith fuar nó te, infheictheacht theoranta, etc. Ní mór bonn cirt a bheith bunaithe ar thuarascálacha aimsire iarbhír (e.g. METAR (25) agus ATIS (26)), tuarascálacha aimsire réamhaisnéise (e.g. TAF (27), lena n-áirítear dóchúlachtaí cianda drochaimsire amhail PROB30 % (28)), SIGMET (29) cairteacha aimsire faoi bhealach, aon tuarascáil aimsire eile atá mionsonraithe go leordhóthanach nó aon teaglaim díobh sin. Féadfar córais fheabhsaithe faisnéise aimsire, amhail EWINS (30) nó uirlisí comhchosúla, a chur i láthair freisin. Is féidir leis na huirlisí sin iontaofacht réamhaisnéisí aimsire a léiriú, rud a spreagann oibreoirí chun iontógáil breosla a mhéadú nuair a thugann sonraí stairiúla le fios gur dócha go mbeidh drochaimsir (e.g. ceo) ag an aerfort cinn scríbe, fiú mura dtuartar an drochaimsir sin sa réamhaisnéis oifigiúil. |
|
— |
Gníomhaíochtaí sóisialta (lena n-áirítear agóidí nó stailceanna ag an aerfort cinn scríbe) a bhfuil údar cuí leo de bharr, mar shampla, teachtaireacht ón aerfort agus/nó NOTAM (féach pointe CAT.OP.MPA.175 litir (b)(4)(5) agus EASA AMC1.CAT.OP.MPA.175 litir (b) agus pointe CAT.OP.MPA.181 litir (b) agus litir (c)(7) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún). Ag brath ar na himthosca, d’fhéadfadh bagairt na ngníomhaíochtaí sóisialta nó na stailceanna údar a thabhairt leis an ngá atá leis an iontógáil breosla a mhéadú. |
|
— |
Moilleanna rialaithe aerthráchta (ATC) ag an aerfort cinn scríbe, a bhfuil údar cuí leo de bharr NOTAM nó de bharr teachtaireacht ó sholáthraí an Bhainisteora Aerthráchta (BAT) (i gcás ina bhfuil fáil air) roimh éirí de thalamh (pointí CAT.OP.MPA.181 litir (b)(6) agus litir (c)(7) a ghabhann le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún). Is féidir moilleanna féideartha ag an aerfort cinn scríbe a léiriú i dtuarascálacha nó i sonraí eile, amhail sonraí stairiúla ón oibreoir aerárthaí (lena n-áirítear tuarascálacha ón bpíolóta). |
|
— |
Dóchúlacht athróduithe ATC, a bhfuil údar leis le NOTAM nó le teachtaireacht ón soláthraí BAT, nó le haon tuarascáil nó sonraí ábhartha eile (pointe CAT.OP.MPA.181 litir (b)(5)(6) agus litir (c)(7) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún). Áirítear leis sin sonraí stairiúla ón oibreoir nó ó oibreoirí eile, agus tuarascálacha píolótacha, lena léirítear athróduithe a d’fhéadfadh a bheith ann feadh an bhealaigh. |
|
— |
Ábhair imní slándála, amhail iad siúd a bhaineann le coinbhleachtaí cogaidh, a bhfuil údar leo mar gheall ar theachtaireacht ón aerfort, trí theachtaireacht ón soláthróir breosla, agus/nó ó NOTAM. |
|
— |
Tubaistí nádúrtha (e.g. creathanna talún, brúchtaí bolcánacha agus tuilte), a bhfuil údar leo de bharr cumarsáid aerfoirt agus/nó NOTAM, nó de bharr aon tuarascáil ábhartha eile (pointe CAT.OP.MPA.181 litir (b) agus litir (c)(7) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún). |
Sa bhreis ar na doiciméid thuasluaite, ní mór don oibreoir aerárthaí an plean eitilte oibríochtúil arna shíniú ag an gceannasaí a chur isteach, lena n-áirítear síniú digiteach nó formheas digiteach an phlean eitilte. Ní mór an blocbhreosla arna chur ar bord (ag an eitilt roimhe sin) agus a chomhpháirteanna aonair a léiriú sa doiciméad seo.
I measc na ndoiciméad eile a d’fhéadfadh a bheith ar an oibreoir aerárthaí a sholáthar, i gcás inarb ábhartha, don údarás inniúil chun údar a thabhairt le titim faoi bhun na tairsí a leagtar amach in Airteagal 5(1) RFEUA ar chúiseanna a bhaineann le rialacha sábháilteachta breosla a chomhlíonadh, tá an méid seo a leanas:
|
— |
faisnéis faoi logaí turais; |
|
— |
METAR, TAF, SIGMET, cairteacha aimsire faoi bhealach, nó cumarsáid ANSP (31) maidir le srianta aimsire; |
|
— |
NOTAM; |
|
— |
Cumarsáid ATM agus ATC (i gcás ina mbeidh siad ar fáil); |
|
— |
foilseacháin faisnéise aerloingseoireachta (AIPanna); |
|
— |
cumarsáid ón soláthróir breosla, ón láimhseálaí ar an talamh nó ó chomhlacht bainistíochta an aerfoirt; |
|
— |
plean oibríochta eitilte; |
|
— |
aon fhaisnéis eile a mheasfaidh an t-oibreoir aerárthaí a bheith ábhartha agus úsáideach chun údar a thabhairt leis na méideanna breosla a thuairiscítear mar mhéideanna breosla a cuireadh ar bord ar chúiseanna sábháilteachta. |
Ní mór d’oibreoirí aerárthaí na doiciméid tacaíochta ábhartha uile a sholáthar d’fhíoraitheoirí neamhspleácha chun próiseas fíorúcháin na tuarascála bliantúla a éascú mar a cheanglaítear le hAirteagal 8 RFEUA (agus go háirithe Airteagal 8(3)).
4.3. Cá fhad ba cheart don oibreoir aerárthaí na doiciméid lena dtugtar bonn cirt a choinneáil?
Leis an Rialachán, forchuirtear ar oibreoirí aerárthaí an dualgas cruthúnais chun údar a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do EASA lena gcomhlíontacht leis na ceanglais faoi Airteagal 5(1) agus (2) RFEUA. Dá bhrí sin, ní mór d’oibreoirí aerárthaí measúnú a dhéanamh ar an bhfad a bheadh sé inmholta na doiciméid ábhartha lena dtugtar údar cuí a choinneáil, agus gnéithe amhail an fhéidearthacht nósanna imeachta riaracháin nó cúirte a bheith ann á gcur san áireamh. Go hidéalach, ba cheart d’oibreoirí aerárthaí na doiciméid lena dtugtar bonn cirt a choinneáil ar feadh 4 bliana ar a laghad (i.e. bliain tuairiscithe + 3 bliana de choinneáil sonraí). D’fhéadfadh an tréimhse sin a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát toisc go bhféadfaí le rialacha náisiúnta maidir le forfheidhmiú is infheidhme maidir leis an earnáil amlínte éagsúla a fhorordú. Ba cheart do na Ballstáit an moladh maidir le coinneáil sonraí dá bhforáiltear sa roinn seo a chur san áireamh, agus na rialacha á leagan síos acu maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagtar síos le hAirteagal 12(1) RFEUA.
4.4. Breithnithe a bhaineann le roghnú an aeradróim mhalartaigh agus an bhreosla lánroghnaigh
Tá saoirse ag oibreoirí aerárthaí, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i bpointe CAT.OP.MPA 192 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (32) , aerfort malartach a roghnú. D’fhéadfadh sé a bheith níos réasúnaí go minic aerfort malartach a roghnú níos faide ar shiúl ó roghanna malartacha eile a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá níos cóngaraí ar chúiseanna eacnamaíocha, amhail conradh a bheith ann le láimhseálaithe an aerfoirt chun aerárthaí a chothabháil agus/nó na coinníollacha a bheith ann chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil do na paisinéirí i gcás tuirlingt ag an aerfort malartach (i.e. aerfort malartach tráchtála). Mar sin féin, ní féidir rogha an aerfoirt mhalartaigh a úsáid mar bhealach chun cleachtais forlíonta eacnamaíoch umar breosla a cheilt.
Ar an gcaoi chéanna, níor cheart don oibreoir aerárthaí treoir a thabhairt don phíolóta níos mó breosla eitlíochta a chur ar bord in aerfort sonrach ar chúiseanna eacnamaíocha agus é a luchtú mar bhreosla lánroghnach. Ní mór breosla lánroghnach, mar a léirítear leis na focail, a chur ar bord de réir lánrogha an cheannasaí amháin agus gan cur isteach ón oibreoir aerárthaí (33).
Beidh feidhm ag an bprionsabal céanna maidir le cleachtais a chuireann forlíonadh na n-umar breosla faoi cheilt i gcatagóirí breosla eile, mar shampla, nuair a luchtaítear catagóirí den sórt sin i gcainníochtaí ar léir iad a bheith níos airde ná na cainníochtaí is gá chun cuspóirí gach ceann de na cineálacha breosla sin a bhaint amach (e.g. breosla innealta méadaithe, breosla turais méadaithe trí leibhéal cúrsála níos ísle neamhréalaíoch agus mais éirí de thalamh neamhréalaíoch a phleanáil).
Bheadh cleachtais ina n-úsáidtear breosla malartach, breosla lánroghnach, agus catagóirí breosla eile chun forlíonadh eacnamaíoch na n-umar breosla a cheilt ina sárú ar fhorálacha ábhartha RFEUA. D’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta ábhartha pionós a ghearradh ar chleachtais den sórt sin, nuair atá siad bunaithe ar chorpas comhsheasmhach fianaise a chomhlíonann fachtóir oibiachtúil agus suibiachtúil araon (34).
5. AIRTEAGAL 5(3) DE RFEUA: DÍOLÚINTÍ SEALADACHA ÓN OIBLEAGÁID ATHBHREOSLAITHE
Le hAirteagal 5(3) RFEUA bunaítear na ceanglais ar an oibreoir aerárthaí díolúine shealadach a iarraidh roimh ré:
‘Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh oibreoir aerárthaí, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, díolúine shealadach ón oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a iarraidh ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 11(6) i gcás eitiltí ar bhealach sonrach atá ann cheana nó ar bhealach nua is lú ná 850 ciliméadar, nó 1 200 ciliméadar i gcás bealaí a nascann le haerfoirt atá suite ar oileáin gan naisc iarnróid ná naisc bhóthair, ag imeacht ó aerfort de chuid an Aontais. Déanfar an fad sin a thomhas trí mhodh an bhealaigh mhórchiorclaigh.
Déanfar iarraidh den sórt sin 3 mhí ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe i gcomhair chur i bhfeidhm na díolúine, arna tacú le bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach. Ba cheart an díolúine sin a bheith teoranta do na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha maidir le haerárthaí a athbhreoslú ag an aerfort áirithe de chuid an Aontais, rud a chuireann cosc ar oibreoirí aerárthaí eitiltí casadh thart laistigh de thréimhse réasúnta ama; nó |
|
(b) |
deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla eitlíochta a eascraíonn as saintréithe geografacha aerfoirt áirithe de chuid an Aontais, as a n-eascraíonn praghsanna i bhfad níos airde ar bhreoslaí eitlíochta i gcomparáid le praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an meán ar chineálacha comhchosúla breoslaí eitlíochta in aerfoirt eile de chuid an Aontais mar gheall go háirithe ar shrianta sonracha iompair breosla nó ar infhaighteacht theoranta breoslaí ag an aerfort sin de chuid an Aontais agus a chuireann míbhuntáiste suntasach san iomaíocht ar an oibreoir aerárthaí lena mbaineann i gcomparáid le dálaí an mhargaidh in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu’. |
A mhéid a bhaineann le bealaí sonracha, féadfar oibreoir aerárthaí a dhíolmhú go sealadach ón oibleagáid athbhreoslú ag an aerfort imeachta ón Aontas más féidir leis a léiriú go bhfuil deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha ann maidir le haerárthaí a athbhreoslú ag an aerfort sin de chuid an Aontais, rud a chuireann cosc air casadh thart laistigh de thréimhse réasúnta ama agus a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar nascacht, go háirithe ar nascacht réigiún forimeallach. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag díolúine freisin i gcás deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla as a n-eascraíonn praghsanna breosla atá i bhfad níos airde ná na praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an meán ar chineálacha breoslaí comhchosúla in aerfoirt eile de chuid an Aontais. Níor cheart na praghsanna i bhfad níos airde sin ag an aerfort de chuid an Aontais i dtrácht a bheith mar thoradh go príomha ar úsáid níos airde breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ag an aerfort sin de chuid an Aontais.
Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil an díolúine a dheonú ach amháin má chomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 5(3)(a) nó (b) agus má tá údar cuí leis an iarraidh.
5.1. An chéad choinníoll: ceanglas achair
Sula n-iarrfaidh sé díolúine shealadach faoi Airteagal 5(3) RFEUA, ní mór don oibreoir aerárthaí a áirithiú go gcomhlíonann an bealach a mbeadh feidhm ag díolúine na ceanglais achair dá bhforáiltear san Airteagal sin. Déantar foráil maidir le dhá rogha in Airteagal 5(3).
|
1. |
Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí díolúine a iarraidh le haghaidh bealach atá ann cheana nó bealach nua is lú ná 850 km a imíonn ó aerfort de chuid an Aontais; nó |
|
2. |
Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí díolúine a iarraidh le haghaidh bealach atá ann cheana nó bealach nua is lú ná 1 200 km nuair a nascann an bealach sin aerfoirt atá suite ar oileáin nach bhfuil naisc iarnróid ná bóithre acu. Ní mór don bhealach imeacht ó aerfort de chuid an Aontais, agus d’fhéadfadh baint a bheith aige le bealaí idir an mhórthír agus oileán, nó le bealaí idir na hoileáin nach bhfuil nasc acu leis an mórthír. |
Chun a iarraidh a chur isteach, ní mór don oibreoir aerárthaí a léiriú ar a laghad (i) cóid aerfoirt na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) maidir leis an mbealach lena mbaineann, (ii) an t-aerfort imeachta de chuid an Aontais, agus (iii) an t-achar i gciliméadair arna ríomh trí úsáid a bhaint as modh Vincenty.
Fíoróidh an t-údarás inniúil an aerfort de chuid an Aontais é an t-aerfort imeachta de réir bhrí RFEUA agus an dtagann an bealach a iarradh laistigh de na ceanglais maidir le hachar a leagtar síos in Airteagal 5(3) RFEUA. Tá ríomh an achair bunaithe ar mhodh Vincenty chun an fad idir dhá phointe ar dhromchla sféaróidigh a ríomh, agus úsáid á baint as an gCóras Geodastach Domhanda (WGS84) (35). Ba cheart Doiciméad EESI 7910 (Táscairí Suímh) a úsáid mar bhonn do dhomhanleithid agus do dhomhanfhaid an aeradróim (36).
5.2. An dara coinníoll: na ceanglais in Airteagal 5(3)(a) agus (b)
Má chomhlíontar an ceanglas maidir le hachar in Airteagal 5(3) RFEUA, is é an dara céim a bheidh ag an oibreoir aerárthaí a mheas an gcomhlíonann an bealach a bhfuil an t-oibreoir aerárthaí ag iarraidh na díolúine ina leith an dara sraith ceanglas faoi Airteagal 5(3)(a) nó (b) RFEUA.
Ní mór bonn cirt mionsonraithe agus leordhóthanach a bheith ag gabháil le haon iarraidh ar dhíolúine agus ní mór na doiciméid ábhartha a thacaíonn leis an mbonn cirt a bheith ag gabháil léi.
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar gach iarraidh tar éis anailís cás ar chás a dhéanamh. Déanfaidh sé breithniú críochnúil freisin ar shaintréithe sonracha an aerfoirt de chuid an Aontais lena mbaineann atá faoina dhlínse agus i gcás ina n-iarrann an t-oibreoir aerárthaí go ndéanfaí é a dhíolmhú ón oibleagáid breosla a chur ar bord. Le linn an mheasúnaithe ar an iarraidh, féadfaidh an t-údarás inniúil dul i dteagmháil leis an aerfort de chuid an Aontais lena mbaineann chun faisnéis a iarraidh maidir leis an iarraidh ar dhíolúine arna cur isteach ag an oibreoir aerárthaí. Mar shampla, féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an aerfort sonraí stairiúla a sholáthar maidir le hamanna athluchtaithe agus oibríochtaí nó infhaighteacht breosla i gcás inarb ábhartha, chun bonn eolais a chur faoina chinneadh maidir le deonú/diúltú na díolúine a iarradh.
5.2.1. Airteagal 5(3)(a) RFEUA – deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha agus agaí míréasúnta athluchtaithe
5.2.1.1. Cad iad na deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha?
Ar an gcéad dul síos, ní mór don oibreoir aerárthaí a léiriú go bhfuil deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha athfhillteacha ag baint leis an aerfort de chuid an Aontais a bhfuil díolúine maidir le hathbhreoslú á hiarraidh aige ina leith. Ní féidir teagmhas aonuaire amhail stailc ag an aerfort a mheas mar dheacracht oibríochtúil thromchúiseach athfhillteach a thugann údar le díolúine a dheonú maidir le hathbhreoslú ag an aerfort Aontais sin. Ba cheart tionchar stailceanna ar chur ar bord breosla a thuairisciú faoi Airteagal 5(2) RFEUA, i gcás inar gá breosla a chur ar bord ag an aerfort imeachta ar chúiseanna sábháilteachta breosla.
Ar an dara dul síos, ní mór a léiriú go bhfuil tionchar diúltach ag an deacracht oibríochtúil a tharlaíonn ag an aerfort de chuid an Aontais lena mbaineann ar an oibreoir aerárthaí. D’fhéadfadh an deacracht oibríochtúil, mar shampla, tionchar diúltach a imirt ar sceideal eitilte an aerárthaigh lena mbaineann ina oibríochtaí ina dhiaidh sin ar bhealach suntasach agus neamhdhiomaibhseach. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh an t-oibreoir aerárthaí a bheith i mbaol go ngearrfadh an comhordaitheoir/éascaitheoir sliotán nó oibríochtaí eitilte scaoilte pionós air i rith an lae, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar nascacht an Aontais.
Dá bhrí sin, ní mór an méid seo a leanas a bheith i gceist le deacracht oibríochtúil: (i) is teagmhas athfhillteach, nó tarlú córasach, é, atá nasctha leis an aerfort lena mbaineann de chuid an Aontais, (ii) tá aga athluchtaithe míréasúnta mar thoradh air (a mhínítear i bpointe 5.2.1.2) (iii) tá tionchar diúltach eacnamaíoch aige ar an oibreoir aerárthaí.
Féadfar na tarluithe seo a leanas, nach liosta uileghabhálach iad, a mheas mar dheacrachtaí oibríochtúla féideartha ar féidir leo údar a thabhairt leis an díolúine má léirítear tionchar diúltach ar an oibreoir aerárthaí:
|
— |
D’fhéadfadh tionchar a bheith ag spás rampa teoranta agus/nó spás rampa plódaithe ag an aerfort ar na hagaí athluchtaithe, go háirithe in aerfoirt phlódaithe le linn buaicshéasúr (e.g. ag aerfoirt oileánacha nó ag aerfoirt bheaga gar d’ionaid sciála). |
|
— |
Easpa foirne leordhóthanaí ag seirbhís oibríochtaí athluchtaithe an aerfoirt agus/nó easpa trealaimh leordhóthanaigh, amhail córais hiodrant leordhóthanacha nó trucailí breosla. Go deimhin, d’fhéadfadh easpa acmhainní/trealaimh leordhóthanaigh ag an aerfort tionchar a imirt ar na hamanna feithimh athbhreoslaithe, agus dá bhrí sin, ar aga athluchtaithe deiridh an aerárthaigh. Chun údar a thabhairt leis an iarraidh sin ar dhíolúine, ní mór don láimhseálaí breosla ag an aerfort a lua nach bhfuil dóthain acmhainní agus/nó trealaimh aige chun an t-aerárthach a sheirbhísiú gan moill mhíréasúnta. |
|
— |
Rialacha áitiúla lena gcuirtear cosc ar bhordáil agus ar dhíbhordáil paisinéirí agus an t-aerárthach á athbhreoslú agus/nó rialacha áitiúla dóiteáin lena gceanglaítear trucail dóiteáin a bheith ann chun an t-aerárthach a athbhreoslú agus paisinéirí ag bordáil agus ag díbhordáil. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag rialacha áitiúla den sórt sin ar oibríocht athluchtaithe oibreoirí aerárthaí ag aerfoirt phlódaithe nó ag aerfoirt a bhfuil ardséasúracht acu. Ba cheart d’oibreoirí aerárthaí a léiriú sna cásanna sin go mbíonn tionchar ag na cásanna atá ann cheana ar agaí athluchtaithe an aerárthaigh ar bhealach suntasach agus neamhdhiomaibhseach, go háirithe i gcás ina bhfuil sceidil dhochta eitiltí ann nó i gcás ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht trucailí dóiteáin. |
5.2.1.2. Cad é aga athluchtaithe míréasúnta?
A luaithe a shainaithnítear an deacracht oibríochtúil, ní mór don oibreoir aerárthaí a mheas an gcuireann an deacracht oibríochtúil sin bac ar athbhreoslú an aerárthaigh, agus aga athluchtaithe réasúnta á urramú ag an am céanna. Tuigtear gurb é atá san aga athluchtaithe an t-eatramh ama idir teacht aerárthaigh chuig aerfort (aerárthach stadta go hiomlán/na coscáin air) agus a imeacht ar an gcéad eitilt eile (doirse aerárthaigh dúnta le haghaidh imeachta). Go ginearálta, is lú am a bhíonn de dhíth nach mór i gcónaí chun an breosla a chur ar bord ná mar a bhíonn de dhíth chun díbhordáil agus díluchtú, agus ansin an t-aerárthach a bhordáil, a luchtú agus a sheirbhísiú.
Le creat rialála an Aontais (i.e. na ceanglais i bpointe CAT.OP.MPA.200 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 agus le AMC6 (37)a ghabhann leis), ceadaítear breoslú agus paisinéirí ag díbhordáil, ach níl an cleachtas sin forleathan i measc oibreoirí Eorpacha, toisc nár ceadaíodh go sainráite é go dtí 2022. Roimhe seo, ní raibh breoslú ar fáil ach le linn bordála. Dá bhrí sin, níor cheart glacadh le réasúnuithe maidir le haga athluchtaithe neamhleor bunaithe ar an dodhéantacht umar a líonadh le linn díbhordála, agus ar an mbonn sin amháin, ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile in Airteagal 5(3) (a) RFEUA.
Bíonn raon ag agaí athluchtaithe le haghaidh eitilt cianaistir idir 60 agus 150 nóiméad de ghnáth, agus bíonn na hagaí athluchtaithe le haghaidh eitiltí gearraistir idir 25 agus 80 nóiméad, ag glacadh leis go gceadaítear don oibreoir aerárthaí athbhreoslú agus paisinéirí ag bordáil, ar bord, nó ag díbhordáil (38).
I bhfianaise na ngnáth-agaí athluchtaithe sin, má chuireann deacracht oibríochtúil thromchúiseach athfhillteach cosc ar athbhreoslú laistigh de thréimhse réasúnta ama, féadfaidh oibreoir aerárthaí díolúine a iarraidh faoi Airteagal 5(3)(a) RFEUA. Mar sin féin, iarraidh ar dhíolúine ina maítear gur mhéadaigh an t-aga athluchtaithe, ó 25 go 30 nóiméad, mar shampla, mar gheall ar an oibleagáid athbhreoslaithe nua, ní fhéadfaí glacadh léi ach amháin má chruthaítear go bhfuil an mhoill suntasach agus má léirítear go bhfuil a tionchar diúltach eacnamaíoch ar eitiltí ina dhiaidh sin chomh mór sin nach bhféadfaí a mheas go bhfuil na hagaí athluchtaithe nua réasúnta. Is é sin le rá, ní féidir an iarraidh ar dhíolúine a bhunú ar rún chun an t-aga athluchtaithe céanna a choinneáil ar bun agus a bhí ann sular tugadh isteach Airteagal 5(1) RFEUA, agus ar an rún sin amháin.
Is féidir leis an údarás inniúil agus leis an oibreoir aerárthaí an liosta seo a leanas a úsáid mar thagairt chun a chinneadh an bhfuil aga athluchtaithe iomarcach ann mar thoradh ar an oibleagáid athbhreoslú a dhéanamh in éineacht leis an deacracht oibríochtúil, aga atá difriúil ó amanna réasúnta, agus a d’fhéadfadh, dá bhrí sin, tionchar diúltach suntasach a imirt ar oibríochtaí an oibreora aerárthaí. Níl an liosta seo a leanas uileghabhálach.
|
— |
Faisnéis ón lámhleabhar aerárthaigh lena léirítear uastoilleadh breosla. |
|
— |
Sonraí stairiúla ábhartha an aerfoirt maidir le hoibríochtaí athluchtaithe agus/nó na raonta ama athluchtaithe a chuirtear i láthair i dTábla 18.2 d’Ionchuir Chaighdeánacha EUROCONTROL le haghaidh Anailísí Eacnamaíocha, eisiúint 10.0.3, a foilsíodh an 18 Aibreán 2023 (39). |
|
— |
Sonraí stairiúla an oibreora aerárthaí maidir le hoibríochtaí athluchtaithe ag an aerfort lena mbaineann. Má rinne an t-oibreoir aerárthaí athbhreoslú mar is gnáth san am a chuaigh thart, níor cheart bac a bheith ann ach amháin má thagann athrú substaintiúil ar na himthosca. |
|
— |
Tá an baol ann go mbeidh tionchar ag an aga athluchtaithe iomarcach ar sceideal na sliotán ag an aerfort, agus mar thoradh air sin tá an baol ann go ngearrfaidh an comhordaitheoir/éascaitheoir ag an aerfort lena mbaineann pionós ar an oibreoir aerárthaí. |
|
— |
Bíonn tionchar ag an aga athluchtaithe ar oibríochtaí an oibreora aerárthaí ar na heitiltí ina dhiaidh sin, agus tá an baol ann go ngearrfaidh an comhordaitheoir/éascaitheoir sliotán ag aerfoirt ina dhiaidh sin pionós air. |
Mar fhocal scoir, agus i gcomhréir leis na samplaí a sholáthraítear thuas, ní mór don oibreoir aerárthaí cruthúnas a thabhairt ina iarraidh ar dhíolúine faoi Airteagal 5(3)(a): (i) teagmhas tromchúiseach agus athfhillteach a bheith ann as a n-eascraíonn an deacracht oibríochtúil, (ii) go bhfuil an t-aga athluchtaithe míréasúnta; (iii) agus tionchar diúltach tromchúiseach dá bharr sin ar an nascacht nó tionchar eacnamaíoch ar an oibreoir aerárthaí. In éagmais tionchar diúltach ar an nascacht ar an oibreoir aerárthaí, ní bheadh aon fhoras ann le díolúine a iarraidh ón oibleagáid athbhreoslú a dhéanamh ag an aerfort lena mbaineann.
5.2.2. Airteagal 5(3)(b) – deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla a eascraíonn as saintréithe geografacha
Ní mór d’iarrataí ar dhíolúintí faoi Airteagal 5(3)(b) ceithre cheanglas charnacha a chomhlíonadh chun go mbeidh an t-údarás inniúil in ann díolúine shealadach a dheonú. (i) ní mór deacrachtaí struchtúracha a bheith ann maidir le soláthar breosla ag aerfort an Aontais (ii) ní mór dóibh a bheith mar gheall ar shaintréithe geografacha aerfort an Aontais, (iii) ní mór praghsanna breosla i bhfad níos airde ar an meán a bheith mar thoradh orthu ná mar atá in aerfoirt eile de chuid an Aontais: agus (iv) ní mór míbhuntáiste suntasach san iomaíocht a bheith mar thoradh orthu don oibreoir aerárthaí (i gcomparáid le dálaí an mhargaidh in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu).
5.2.2.1. Cad iad na deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla ag aerfort de chuid an Aontais i ngeall ar bhail gheografach an aerfoirt?
Leis an gcéad dá cheanglas, gabhtar aerfoirt de chuid an Aontais ina bhfuil deacracht struchtúrach ag baint leis an soláthar breosla mar gheall ar shaintréithe geografacha na críche, ina bhfuil aerfort an Aontais lonnaithe. Is minic a bhíonn deacrachtaí struchtúracha soláthair breosla den sórt sin ag aerfoirt an Aontais i gceantair iargúlta amhail oileáin, áiteanna iargúlta imeallacha na hEorpa nó réigiúin shléibhtiúla. D’fhéadfadh tosca amhail acmhainneacht táirgeachta breosla theoranta nó nach ann di sa limistéar lena mbaineann a bheith ina gcúis leis na deacrachtaí soláthair sin; naisc bóithre nó píblínte neamhleor nó, (i gcás oileán), an gá leis an mbreosla a sholáthar ar muir.
Gné eile atá le breithniú is ea toilleadh teoranta stórála breosla ag aerfort an Aontais. Féadfar stóráil breosla a theorannú ag aerfoirt an Aontais nach bhfuil soláthar píblíne acu, mar gheall ar a saintréithe geografacha.
Dá bhrí sin, aithnítear in Airteagal 5(3)(b) RFEUA go bhféadfadh deacrachtaí struchtúracha soláthair breosla a bheith mar thoradh ar shaintréithe geografacha aerfoirt de chuid an Aontais, lena n-áirítear infhaighteacht theoranta breosla eitlíochta ag aerfort de chuid an Aontais.
5.2.2.2. Conas a bhíonn praghsanna breosla i bhfad níos airde ná na meánphraghsanna breosla in aerfoirt eile de chuid an Aontais mar thoradh ar sholáthar breosla agus bail gheografach?
Mar thoradh ar dheacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla a eascraíonn as saintréithe geografacha aerfoirt ar leith de chuid an Aontais (mar a mhínítear i bpointe 5.2.2.1), d’fhéadfadh sé, sa tríú coinníoll, go mbeadh praghsanna breosla i bhfad níos airde ná na praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an meán ar chineálacha breoslaí comhchosúla in aerfoirt eile de chuid an Aontais.
Ina theannta sin, d’fhéadfadh séasúracht ard ag aerfoirt an Aontais a bhfuil deacracht soláthair breosla agus bail gheografach acu an t-éileamh ar bhreosla eitlíochta a mhéadú, rud a d’fhágfadh go mbeadh praghsanna i bhfad níos airde ann ná na praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an meán ar chineálacha breoslaí comhchosúla in aerfoirt eile de chuid an Aontais.
Féadfar aerfoirt eile de chuid an Aontais a sholáthar den chuid is mó, trí phíblíne, mar shampla, agus ar an gcaoi sin costais bhreise iompair a sheachaint, amhail na costais a bhaineann le soláthar breosla d’aerfort ar oileán. In aerfoirt eile de chuid an Aontais, d’fhéadfaí costais iompair a laghdú má tá níos mó ná soláthróir breosla amháin i láthair ag an aerfort de chuid an Aontais nó má tá an t-aerfort gar do scaglann breosla. Tá na heilimintí sin fabhrach do phraghsáil breosla eitlíochta níos iomaíche ná in aerfoirt an Aontais a bhfuil bail gheografach orthu mar a thuairiscítear i bpointe 5.2.2.1.
Mínítear i bpointe 5.2.2.4, cé na heilimintí is gá a chruthú chun praghsanna i bhfad níos airde i mbreoslaí eitlíochta comhchosúla a léiriú.
5.2.2.3. Cad iad míbhuntáistí suntasacha iomaíochta don oibreoir aerárthaí, i gcomparáid le dálaí an mhargaidh atá ann in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe comhchosúla acu?
Tar éis a léiriú ar dtús go bhfuil deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla eitlíochta a eascraíonn as saintréithe geografacha aerfoirt áirithe de chuid an Aontais, as a n-eascraíonn praghsanna i bhfad níos airde (...), ní mór don oibreoir aerárthaí an ceathrú ceanglas a léiriú, is é sin míbhuntáiste suntasach san iomaíocht ar an oibreoir aerárthaí lena mbaineann i gcomparáid le dálaí an mhargaidh in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu.
Bheadh míbhuntáiste suntasach iomaíochta roimh oibreoir aerárthaí dá gceanglófaí air athbhreoslú a dhéanamh mar a shainordaítear in Airteagal 5(1) RFEUA sna cásanna seo a leanas:
|
— |
Tá praghsanna breosla eitlíochta ag an aerfort de chuid an Aontais a n-iarrtar díolúine ina leith i bhfad níos airde mar gheall ar a shaintréithe geografacha agus a dheacrachtaí maidir le soláthar breosla. Dá bhrí sin, bheadh sé deacair ar an oibreoir aerárthaí dul san iomaíocht go héifeachtach le haghaidh gnó le hoibreoirí aerárthaí eile a fhreastalaíonn ar aerfoirt eile de chuid an Aontais laistigh den dobharcheantar céanna agus mheasfaí gur féidir leo a bheith ina n-ionadaí ó thaobh éileamh na bpaisinéirí de. D’fhéadfadh sé sin tarlú má fhreastalaíonn an t-aerfort de chuid an Aontais (agus dá bhrí sin an t-oibreoir aerárthaí iarrthach) ar thrácht turasóireachta/saoire a d’fhéadfaí a atreorú chuig aerfort eile de chuid an Aontais a fhreastalaíonn ar éileamh tomhaltóirí comhchosúil sa dobharcheantar céanna, mar shampla. Is gá an measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ach is féidir a bheith ag súil le hinionadaitheacht den sórt sin idir cuid de na hoileáin is lú a bhraitheann go príomha ar thrácht turasóireachta agus nach bhfuil mórán éilimh eile orthu ar bhealach eile nó, mar shampla, idir oileán agus an t-imeallbhord ar an mórthír atá sa dobharcheantar céanna. |
|
— |
Ní mór níos mó ná dóthain a bheith i gceist le míbhuntáiste iomaíochta; ní mór dó a bheith suntasach. Táthar ag súil le héagsúlachtaí áirithe sa phraghsáil agus i staideanna iomaíocha na n-oibreoirí aerárthaí (lena n-áirítear éagsúlachtaí sna costais) ach ní thabharfadh sé sin údar le díolúine go huathoibríoch. Éilíonn míbhuntáiste suntasach san iomaíocht níos mó ná difríocht bheag i gcoinníollacha iomaíocha. I gcás ar bith, is gá Airteagal 5(3)(b) a chur i bhfeidhm ar bhonn cás ar chás, agus an bealach á chur san áireamh agus an bhfuil dhá aerfort de chuid an Aontais lonnaithe sa dobharcheantar céanna. Sampla 3: iarrann oibreoir aerárthaí Y díolúine shealadach, faoi Airteagal 5(3) (b) RFEUA, ón oibleagáid athbhreoslú agus é ag imeacht ó aerfort A de chuid an Aontais (lonnaithe ar oileán) chuig aerfort B de chuid an Aontais (lonnaithe ar an mórthír). Is é B-A-B an bealach. Is ceann scríbe fóillíochta é Aerfort A den chuid is mó agus tá deacrachtaí struchtúracha soláthair breosla aige, mar gheall ar a shaintréithe geografacha, rud a mhéadaíonn praghsanna breosla go suntasach. Beidh ar Y a chruthú ina iarraidh ar dhíolúine go bhfágann na coinníollacha in aerfort A faoi mhíbhuntáiste suntasach san iomaíocht é i gcomparáid le hoibreoirí aerárthaí a eitlíonn ón aerfort mórthíre céanna in B chuig aerfort N de chuid an Aontais. Sa sampla seo, is aerfort de chuid an Aontais lonnaithe i ndobharcheantar A agus a thairgeann ceann scríbe fóillíochta cosúil le A a bheadh in N. |
|
— |
D’fhéadfadh míbhuntáiste an oibreora aerárthaí san iomaíocht ag an aerfort de chuid an Aontais a n-iarrann sé díolúine ina leith a bheith suntasach i gcomparáid le haerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu (e.g., méid, suíomh laistigh den Bhallstát nó den Bhallstát comharsanachta nó de na Ballstáit chomharsanachta, samhail ghnó, agus meascán tráchta). D’fhéadfadh an míbhuntáiste sin a bheith fréamhaithe i dtosca amhail costais oibriúcháin níos airde (lena n-áirítear muirir aerfoirt agus láimhseála), srianta ar thoilleadh (amhail toilleadh rampa teoranta agus saoráidí bonneagair teoranta), agus/nó droch-inrochtaineacht aerfoirt. Sampla 4: iarrann oibreoir aerárthaí Y díolúine faoi Airteagal 5(3)(b) ag aerfort A de chuid an Aontais, atá faoi mhíbhuntáiste suntasach san iomaíocht i gcomparáid le haerfort B de chuid an Aontais, mar gheall ar phraghsanna i bhfad níos airde ar bhreoslaí eitlíochta, costais oibriúcháin níos airde, droch-inrochtaineacht, agus saoráidí paisinéirí nach bhfuil chomh tarraingteach céanna. Ós rud é gur dóichí gur fearr le haerlínte agus paisinéirí aerfort B de chuid an Aontais, beidh tionchar aige sin ar chumas aerfort A de chuid an Aontais trácht a mhealladh agus a choinneáil. I gcomhthéacs iarraidh ar dhíolúine faoi Airteagal 5(3)(b), beidh ar an oibreoir aerárthaí a chruthú, dá bhrí sin, go gcruthaíonn an praghas i bhfad níos airde ar bhreosla eitlíochta ag an aerfort de chuid an Aontais, arb é saintréithe geografacha an aerfoirt agus deacrachtaí gaolmhara soláthair breosla is cúis leis, míbhuntáiste suntasach dó san iomaíocht a mhéid a bhaineann le hoibreoirí aerárthaí eile a oibríonn ag cinn scríbe aerfoirt de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ina n-ionadaí. Is é sin le rá, ní mór don oibreoir aerárthaí a iarrann an díolúine a léiriú, mura bhfaighidh sé díolúine ó oibleagáid Airteagal 5(1) RFEUA, go gcaillfidh sé trácht suntasach paisinéirí ar oibreoir aerárthaí eile a bhfuil ceann scríbe malartach comhchosúil á thairiscint aige. Ba cheart a mheabhrú go léirítear leis na samplaí sin imthosca ina bhféadfaí díolúine a dheonú, ach, chun go nglacfaí le díolúine, ní mór na ceanglais go léir in Airteagal 5(3)(b) a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé sin nach nglacfaí le hiarraidh ar dhíolúine le hoibreoir aerárthaí díreach mar gheall go maíonn sé gur féidir leis praghas breosla níos iomaíche a fháil in aerfort A, atá níos gaire do scaglann, ná in aerfort B, atá i réigiún sléibhtiúil. Ní mór na ceanglais uile in Airteagal 5(3)(b) a chruthú ceann ar cheann. |
5.2.2.4. Conas is féidir leis an oibreoir aerárthaí údar cuí a thabhairt lena iarraidh ar dhíolúine?
Ar an gcéad dul síos, ní mór don oibreoir aerárthaí a chruthú go bhfuil deacracht struchtúrach maidir le soláthar breosla eitlíochta ag an aerfort de chuid an Aontais a n-iarrtar an díolúine ina leith.
Ar an dara dul síos, ní mór don oibreoir aerárthaí a chruthú go bhfuil an deacracht soláthair ann mar gheall ar a shaintréithe geografacha. D’fhéadfadh an bhail gheografach a bheith follasach i gcás roinnt oileán (e.g. oileáin bheaga nach bhfuil naisc iarnróid ná bóithre acu leis an mórthír) ach bheadh gá fós lena chruthú go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas: (i) deacracht struchtúrach maidir le soláthar breosla agus (ii) bail gheografach. Ba cheart iarraidh ar dhíolúine maidir le réigiúin iargúlta nó shléibhtiúla a mhíniú go mion (mar shampla, cén fáth agus conas is cúis leis na srianta ar sholáthar breosla iad saintréithe geografacha an aerfoirt). Ba cheart tuairisc ar na deacrachtaí beachta maidir le soláthar breosla a chur san áireamh san iarraidh ar an díolúine freisin. Is é sin le rá, ní leor riocht geografach a chruthú chun go nglacfar leis an iarraidh ar dhíolúine. Ní mór an deacracht soláthair a léiriú freisin.
Ar an tríú dul síos, ní mór don oibreoir aerárthaí a chruthú go bhfuil an mheándifríocht shuntasach i bpraghas an bhreosla le haghaidh cineálacha breosla eitlíochta comhchosúla idir aerfoirt eile de chuid an Aontais agus an t-aerfort de chuid an Aontais a bhfuil díolúine ón oibleagáid maidir le hathbhreoslú á hiarraidh aige ina leith. Ní mór don oibreoir aerárthaí aon doiciméad ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina sheilbh aige a sholáthar don údarás inniúil chun na praghsanna breosla i bhfad níos airde a léiriú (e.g. luachana praghais ón soláthróir breosla nó ó na soláthróirí breosla ag aerfoirt éagsúla an Aontais agus meánphraghsanna arna soláthar ag ardáin speisialaithe). D’fhéadfaí na gnéithe seo a leanas a úsáid chun tacú leis an measúnú:
|
— |
An chomparáid praghsanna idir breoslaí eitlíochta comhchosúla. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nach bealach bailí chun an difríocht shuntasach i bpraghsanna a chruthú é comparáid a dhéanamh idir praghsanna breosla ceirisín agus breosla eitlíochta inbhuanaithe. Ní mór praghsanna ceirisín a chur i gcomparáid le praghsanna ceirisín agus ní mór cumaisc breosla eitlíochta inbhuanaithe a chur i gcomparáid le praghsanna cumasc breosla eitlíochta inbhuanaithe den chineál céanna. |
|
— |
An chomparáid praghsanna idir aerfoirt chomhchosúla, lena n-áirítear gan teorainn, i dtéarmaí a méide, a suímh (i.e. laistigh den Bhallstát nó den Bhallstát comharsanachta nó de na Ballstáit chomharsanachta), a samhla gnó agus a meascáin tráchta. Soláthróidh na haerfoirt a roghnaíodh le haghaidh na comparáide praghsanna na meánphraghsanna margaidh breosla eitlíochta atá ar fáil ag na haerfoirt sin de chuid an Aontais chun comparáid a dhéanamh leis na praghsanna i bhfad níos airde atá ag an aerfort de chuid an Aontais ina n-iarrtar an díolúine. |
|
— |
Féadfaidh anailís ar chostais agus/nó anailís ar chorrlach brabúis na n-oibreoirí aerárthaí tacú leis an gcomparáid ar an difear suntasach idir praghsanna breosla eitlíochta. |
|
— |
Féadfar tacú leis an gcomparáid shuntasach idir praghsanna breosla eitlíochta trí anailís ar sholáthar agus ar éileamh a mbeidh tionchar aici ar na praghsanna (i.e. srianta soláthair agus athruithe ar éileamh amhail athruithe séasúracha). |
Ar an gceathrú dul síos, ní mór don oibreoir aerárthaí an míbhuntáiste suntasach san iomaíocht a chruthú maidir le hoibreoirí aerárthaí eile a eitlíonn chuig aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu. Dá bhrí sin, beidh ar an oibreoir aerárthaí bonn cirt a thabhairt lena iarraidh trí cheann scríbe nó cinn scríbe aerfoirt iomaíocha eile de chuid an Aontais a shainaithint, lena léirítear conas a théann an t-aerfort sin de chuid an Aontais in iomaíocht leis an aerfort de chuid an Aontais a n-iarrtar an díolúine ina leith, agus caillteanas paisinéirí chuig an aerfort eile sin de chuid an Aontais , nó riosca intuartha agus neamh-hipitéiseach a bhaineann le caillteanas paisinéirí den sórt sin (léirithe sa dá chás mar ‘suntasach’), a chruthú.
Moltar gur cheart d’údaráis a dhéanann measúnú ar iarrataí Airteagal 5(3)(b) RFEUA idirchaidreamh a dhéanamh lena n-údaráis iomaíochta náisiúnta sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir le hiarraidh a dheonú nó a dhiúltú. Ba cheart a chumhdach go sonrach leis an gcomhar sin an measúnú ar na ceanglais maidir le praghsanna breosla i bhfad níos airde i gcomparáid leis an bpraghas a chuirtear i bhfeidhm, ar an meán, maidir le breoslaí de chineálacha comhchosúla in aerfoirt eile de chuid an Aontais agus míbhuntáiste suntasach san iomaíocht ar an oibreoir aerárthaí lena mbaineann i gcomparáid le dálaí an mhargaidh in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu.
6. AN T-ÚDARÁS INNIÚIL CHUN CRÍOCHA AIRTEAGAL 5 RFEUA
6.1. Ról na n-údarás chun críocha Airteagal 5(2) agus (3) RFEUA
Le hAirteagal 5(2) RFEUA, ceadaítear d’oibreoir aerárthaí gan an ceanglas maidir le hathbhreoslú a bhunaítear in Airteagal 5(1) RFEUA a chomhlíonadh má tá údar cuí leis sin ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla. Ní mór údar cuí a thabhairt leis na himthosca sin don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 11(6) RFEUA agus do EASA, mar aon le léiriú ar na bealaí a ndéantar difear dóibh (40).
Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 11(6) RFEUA: ‘cinnfear an Ballstát freagrach, a bhfuil a údarás inniúil nó a údaráis inniúla, arna ainmniú nó arna n-ainmniú (i gcomhréir le hAirteagal 11(1) RFEUA), freagrach as comhlacht bainistíochta aerfoirt áirithe de chuid an Aontais, ar bhonn dhlínse chríochach faoi seach aerfort an Aontais ’ .
Chun críocha Airteagal 5(2) RFEUA, ní mór don oibreoir aerárthaí, dá bhrí sin, fógra a thabhairt faoi na cúiseanna sábháilteachta breosla agus údar a thabhairt leo maidir leis na cúiseanna nach gcomhlíonann sé an oibleagáid athbhreoslaithe a leagtar síos in Airteagal 5(1) (i.e. 90 % den turas ‘breosla a éilítear go bliantúil’ agus den turas amach innilte) agus a léiriú freisin cé na bealaí a ndéantar difear dóibh don údarás dá dtagraítear in Airteagal 11(6) RFEUA. Is údarás é sin atá freagrach as comhlacht bainistithe aerfoirt ar leith de chuid an Aontais, a chinntear ina dhiaidh sin ar bhonn dhlínse chríochach an aerfoirt faoi seach.
Foráiltear le hAirteagal 5(3) RFEUA go bhféadfar díolúintí ón oibleagáid maidir le hathbhreoslú a bhunaítear in Airteagal 5(1) a iarraidh roimh ré, in imthosca áirithe, ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 11(6) RFEUA. Chun críocha Airteagal 5(3), ní mór don oibreoir aerárthaí, dá bhrí sin, díolúintí féideartha (41) a iarraidh lena ndeonú nó lena ndiúltú faoin bhforáil sin ón údarás atá freagrach as aerfort de chuid an Aontais i gcás ina maíonn an t-oibreoir aerárthaí nach féidir leis athbhreoslú a dhéanamh.
Mar chonclúid, is é údarás inniúil an aerfoirt ina dtarlaíonn an neamh-athbhreoslú an t-údarás inniúil a fhaigheann na húdair chúlghabhálacha maidir leis na méideanna neamh-athbhreoslaithe ar chúiseanna sábháilteachta agus na réamhiarrataí ar dhíolúintí ón oibleagáid athbhreoslú. Féadfaidh an t-údarás sin a bheith éagsúil leis an údarás atá inniúil chun fíneálacha a ghearradh ar an oibreoir aerárthaí.
6.2. Cé hé an t-údarás inniúil chun an oibleagáid maidir le hathbhreoslú a fhorfheidhmiú agus chun fíneálacha a fhorchur?
Luaitear in Airteagal 11(1) RFEUA go ‘n-ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú agus as fíneálacha a fhorchur ar oibreoirí aerárthaí, ar chomhlachtaí bainistithe aerfoirt an Aontais, agus ar sholáthróirí breosla eitlíochta (...)’.
Chun comhar idir údaráis inniúla a éascú chomh maith le trédhearcacht agus rochtain níos éasca do pháirtithe leasmhara a mhéadú, foilsíonn an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta d’údaráis inniúla náisiúnta ainmnithe atá i gceannas ar RFEUA a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú (42).
Luaitear in Airteagal 11(5) RFEUA go gcinntear an t-údarás nó na húdaráis ainmnithe (féach Airteagal 11(1) RFEUA) atá freagrach as oibreoir aerárthaí ar leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún (43). I gcás nár sannadh oibreoir aerárthaí do Bhallstát i Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún, leanfar na rialacha a leagtar síos in Airteagal 18a de Threoir 2003/87/CE (44) chun an t-údarás a bhfuil an t-oibreoir aerárthaí le sannadh dó a chinneadh (45). Tá na forálacha lena rialaítear sannadh gach oibreora aerárthaí dá Bhallstát riaracháin sna rialacha sin. Is é is cuspóir don sannadh sin an t-ualach riaracháin ar oibreoirí aerárthaí agus ar na Ballstáit atá freagrach as RFEUA a fhorfheidhmiú a laghdú.
Is é an t-údarás nó na húdaráis inniúla atá freagrach as fíneálacha a ghearradh ar oibreoirí aerárthaí (féach Airteagal 12(2) RFEUA) as mainneachtain na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 RFEUA a chomhlíonadh an t-údarás nó na húdaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus (5) RFEUA. Ciallaíonn sé sin nár cheart ach don údarás ceaptha nó do na húdaráis cheaptha fíneálacha a fhorchur ar na hoibreoirí aerárthaí a sannadh dóibh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún nó leis na rialacha atá in Airteagal 18a de Threoir 2003/87/CE. Is iad sin an t-údarás céanna nó na húdaráis chéanna a gheobhaidh na tuarascálacha arna gcur isteach ag a n-oibreoirí aerárthaí sannta (i gcomhréir le hAirteagal 8(1) RFEUA) agus, dá bhrí sin, is acusan a mbeidh rochtain dhíreach ar ábhar iomlán na tuarascála bliantúla maidir le cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 5(1).
Tá údarás nó údaráis ainmnithe den sórt sin freagrach as na fíneálacha a fhorchur agus a bhailiú ar a n-oibreoirí aerárthaí sannta fiú murar comhlíonadh na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 5 RFEUA in aerfoirt de chuid an Aontais atá lonnaithe lasmuigh dá mBallstát faoi seach. Go deimhin, níl an neamhchomhlíonadh sin nasctha le haon aerfort sonrach de chuid an Aontais ach le hoibleagáid uile-Aontais chun a áirithiú go gcomhlíonann a gcur ar bord bliantúil breoslaí eitlíochta tairseacha Airteagal 5(1) RFEUA. Beidh an fhaisnéis is gá ag an údarás ainmnithe nó ag na húdaráis ainmnithe sin maidir le breosla a tugadh ar bord ar chúiseanna sábháilteachta breosla toisc gur cuid é sin d’oibleagáidí tuairiscithe oibreoirí aerárthaí faoi Airteagal 8(1)(d) agus Iarscríbhinn II RFEUA.
Sampla 5: ainmniú an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil
Ainmníonn Ballstát A a ardstiúrthóireacht um eitlíocht shibhialta (‘ A-DGCA ’) ina údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) RFEUA. Sanntar oibreoir aerárthaí ‘ Y ’faoi Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún do Bhallstát A. Sa sampla seo, is é A-DGCA an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as fíneálacha a fhorfheidhmiú agus a fhorchur faoi RFEUA ar oibreoir aerárthaí ‘ Y ’ i gcás nach gcomhlíonfaidh an t-oibreoir aerárthaí sin a oibleagáidí faoi Airteagal 5 RFEUA.
Sampla 6: cé hé an t-údarás inniúil faoi Airteagal 5(2) RFEUA agus cad iad na himpleachtaí faoi Airteagal 8 RFEUA?
Oibríonn oibreoir aerárthaí Y bealach idir Ballstáit A agus B agus oibríonn sé bealach ó Bhallstát B chuig tríú tír. De réir rialacha Airteagal 11(5) RFEUA, sanntar Y do na húdaráis inniúla i mBallstát A (A-DGCA). UllmhaíonnY a oibleagáidí tuairiscithe bliantúla faoi Airteagal 8 RFEUA (trí Iarscríbhinn II den Rialachán a leanúint) agus an fhaisnéis atá le soláthar faoi Airteagal 5(2). Sa sampla seo, tá na hoibleagáidí seo a leanas ar an oibreoir aerárthaí:
|
(1) |
Ó Bhallstát A go Ballstát B: Sa sampla seo, comhlíonann Y an ceanglas 90 % maidir le hathbhreoslú (féach Airteagal 5(1) RFEUA) ag an aeradróm imeachta ón Aontas i mBallstát A. Ní mór do Y tuairisciú do A-DGCA toisc gur do Bhallstát A atá sé sannta. Ní mór dó tuairisciú do EASA freisin, chun na hoibleagáidí a bhunaítear in Airteagal 8(1) RFEUA a chomhlíonadh. |
|
(2) |
Ó Bhallstát B chuig tríú tír: tar éis measúnú a dhéanamh ar a oibleagáidí athbhreoslaithe bliantúla, tuigeann Y go dtiteann sé faoi bhun na tairsí 90 % a bhunaítear in Airteagal 5(1) RFEUA ag an aeradróm imeachta ón Aontas i mBallstát B. Mar sin féin, is é tuairim Y go bhfuil bonn cirt le titim faoin tairseach ar chúiseanna sábháilteachta breosla i gcomhréir le hAirteagal 5(2) RFEUA. |
Sa sampla seo, bheadh oibleagáid dhúbailte ar Y: (i) ní mór dó bonn cirt a thabhairt don údarás inniúil i mBallstát B (áit na gcomhlíonann sé an ceanglas athbhreoslaithe) maidir leis an bhfáth nach gcomhlíonann sé an ceanglas athbhreoslaithe sin; agus (ii) ní mór dó na cainníochtaí nár tugadh ar bord agus na boinn chirt ábhartha a thuairisciú do A-DGCA agus do EASA, faoi Airteagal 8(1) RFEUA.
|
→ |
Ag leanúint as an sampla sin, is é A-DGCA an t-údarás inniúil a shanntar do Y. Mar a mhínítear, dá bhrí sin, is é faighteoir na n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 8(1) RFEUA arna gcur isteach ag an oibreoir aerárthaí sin. Is é A-DGCA an t-údarás inniúil freisin maidir le fíneálacha a fhorchur ar Y as gan Airteagal 5(1) RFEUA a chomhlíonadh má chinneann A-DGCA go ndearnadh sárú ag an aeradróm imeachta ón Aontas i mBallstát B tar éis measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil agus dul i gcomhairle le húdarás inniúil B (i gcás inarb ábhartha). |
Sampla 7: cé hé an t-údarás inniúil faoi Airteagal 5(3) RFEUA?
Imíonn oibreoir aerárthaí Y ó aerfort de chuid an Aontais atá lonnaithe i bpríomhchathair Bhallstát B, eitlíonn sé go haerfort de chuid an Aontais atá lonnaithe ar oileán i mBallstát C, agus filleann sé ansin ar an bpríomhchathair i mBallstát B (bealach B-C-B). Sa sampla seo, cinneann Y gur gá dó díolúine a iarraidh faoi Airteagal 5(3)(a) RFEUA don bhealach C-B, toisc nach ráthaítear soláthar breosla i mBallstát C le linn an bhuaicshéasúir, agus bíonn agaí athluchtaithe míréasúnta mar thoradh air sin. Rinne an t-oibreoir aerárthaí measúnú ar na ceanglais is gá faoi Airteagal 5(3)(a) agus tuigeann sé go gcomhlíontar iad sin. Ní mór do Y an díolúine a iarraidh ón údarás inniúil i mBallstát C (i.e., údarás inniúil Bhallstát an aerfoirt de chuid an Aontais nach bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir aerárthaí athbhreoslú a dhéanamh ann).
Agus díolúine á hiarraidh faoi Airteagal 5(3)(a) nó (b) RFEUA le haghaidh eitiltí triantánacha, ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid údarás inniúil an aerfoirt nach féidir leis an oibreoir aerárthaí athbhreoslú a dhéanamh ann.
Sampla 8: údaráis inniúla i gcás eitiltí triantánacha
Ar bhealach A-B-C-D-A, ní féidir le hoibreoir aerárthaí Y athbhreoslú in aerfoirt B agus D de chuid an Aontais ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo faoi Airteagal 5(3)(a) nó (b). Ba cheart d’oibreoir aerárthaí Y (i) díolúine a iarraidh ar údarás inniúil aerfort B de chuid an Aontais le haghaidh bhealach B-C, agus (ii) díolúine eile a iarraidh ar údarás inniúil aerfort D de chuid an Aontais le haghaidh bhealach D-A.
7. COMHAR IDIR ÚDARÁIS
Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 11(3) RFEUA: ‘Oibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht (EASA) agus údaráis inniúla na mBallstát i gcomhar le chéile agus malartóidh siad an fhaisnéis ábhartha uile chun cur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú’.
Le hAirteagal 11(3) RFEUA ceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát dul i gcomhar le chéile agus gach faisnéis ábhartha a mhalartú chun cur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin a áirithiú. Áirítear leis sin díolúintí a d’fhéadfadh a bheith deonaithe faoi Airteagal 5(3) RFEUA. Ar an gcaoi chéanna, ní mór do na húdaráis inniúla, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach Airteagal 5 RFEUA a áirithiú, dul i gcomhar le EASA agus leis an gCoimisiún agus faisnéis a mhalartú leo. Tá gá le comhar den sórt sin ó fhreagrachtaí na n-údarás inniúil, ach is féidir leis an gCoimisiún agus le EASA é a éascú.
Ní mór an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá a bheith i bhfeidhm ag an údarás nó ag na húdaráis ainmnithe ar an leibhéal náisiúnta chun bailiú na bhfíneálacha a áirithiú, de bhun Airteagal 12(9) RFEUA.
Úsáidfear an fhaisnéis a gheobhaidh an t-údarás inniúil faoi Airteagal 5(2) RFEUA de réir Airteagal 11(6) RFEUA má tá gá le comhar idir na húdaráis i gcomhthéacs, mar shampla, tuarascáil bhliantúil a athbhreithniú nó cinneadh a dhéanamh maidir le fíneáil a fhorchur. Féadfaidh an t-údarás atá freagrach as fíneálacha a fhorchur tuairim an údaráis a iarraidh i gcás nár comhlíonadh an tairseach athbhreoslaithe in Airteagal 5(1) RFEUA chun na rialacha maidir le sábháilteacht breosla a chomhlíonadh.
8. MAIDIR LEIS AN BPRÓISEAS CHUN DÍOLÚINE A IARRAIDH FAOI AIRTEAGAL 5(3)(A) NÓ (B) RFEUA AGUS RÓL AN CHOIMISIÚIN
8.1. Fad agus athnuachan na díolúine
Luaitear in Airteagal 5(5) RFEUA go bhfuil tréimhse theoranta bailíochta nach féidir a bheith níos faide ná bliain amháin ag an díolúine/na díolúintí arna (n)deonú ag an údarás inniúil. Ba cheart don údarás inniúil, dá bhrí sin, fad beacht na díolúine a shonrú sa chinneadh lena ndeonaíonn sé díolúine, i gcomhréir le hAirteagal 5(3)(a) nó (b) RFEUA. D’fhéadfadh an fad sin a bheith i gcomhthráth le fad an fhachtóra ag an aerfort a chuireann bac ar bhreosla a chur ar bord, ach ní fhéadfaidh sé an teorainn 1 bhliain amháin a shárú.
Féadfaidh an t-údarás inniúil, arna iarraidh sin don oibreoir aerárthaí, athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine sula rachaidh sí in éag. Ba cheart aon iarraidh ar athnuachan a chur isteach 3 mhí ar a laghad roimh dháta éaga na díolúine.
Sampla 9: Fad na díolúine
D’fhéadfadh díolúine a bheith ag teastáil ó oibreoir aerárthaí Y ag aerfort beag plódaithe de chuid an Aontais atá suite ar oileán, le linn thréimhse sceidealaithe an tsamhraidh toisc gurb í seo an tréimhse is gnóthaí den bhliain. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le díolúine ar an oileán céanna le linn thréimhse sceidealaithe an gheimhridh. Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais in Airteagal 5(3) RFEUA agus deonóidh sé an díolúine ar feadh fhad na bhfadhbanna arna sainaithint lena dtugtar bonn cirt leis na díolúintí, agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná 1 bhliain amháin.
8.2. Cathain ba cheart an iarraidh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil?
Ní mór don oibreoir aerárthaí a iarraidh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil 3 mhí ar a laghad roimh an dáta cur i bhfeidhm atá beartaithe don díolúine (Airteagal 5(3) RFEUA). Is féidir díolúintí a iarraidh ag amanna éagsúla i rith na bliana. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil an díolúine a dheonú ach amháin má chomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 5(3)(a) nó (b) agus má tá údar cuí leis an iarraidh. Ceanglaítear ar an údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh gan moill mhíchuí, agus ar a dhéanaí 1 mhí amháin roimh dháta chur i bhfeidhm na díolúine atá beartaithe, de bhun Airteagal 5(5) RFEUA.
8.3. Féadfaidh an t-údarás inniúil faisnéis bhreise a iarraidh
Luaitear in Airteagal 5(4) RFEUA gur féidir leis an údarás inniúil, agus measúnú á dhéanamh aige ar iarrataí ar dhíolúintí faoi Airteagal 5(3)(a) nó (b) RFEUA, faisnéis bhreise a iarraidh ar an oibreoir aerárthaí i dteannta na réasúnuithe a chuir an t-oibreoir aerárthaí ar fáil cheana féin. Cinneann an t-údarás inniúil an fhaisnéis a theastaíonn uaidh chun go mbeidh sé in ann measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar dhíolúine.
Má iarrann an t-údarás inniúil faisnéis bhreise, cuirfear an sprioc-am chun cinneadh a dhéanamh ar fionraí go dtí go gcuirfidh an t-oibreoir aerárthaí faisnéis iomlán ar fáil.
8.4. Cinneadh an údaráis inniúil (Airteagal 5(6) RFEUA)
Ní mór don údarás inniúil cinneadh a dhéanamh glacadh leis an gcéad iarraidh ar dhíolúine arna cur isteach ag oibreoir aerárthaí faoi Airteagal 5(3)(a) nó (b) RFEUA nó an iarraidh sin a dhiúltú. Ní féidir leis an oibreoir aerárthaí mainneachtain cinneadh a ghlacadh laistigh de na sprioc-amanna a bhunaítear in Airteagal 5(5) RFEUA a mheas mar chinneadh lena n-údaraítear an díolúine a iarradh.
I gcás nach nglacfar cinneadh maidir le hiarrataí ar athnuachan 1 mhí amháin ar a dhéanaí roimh dhul in éag na díolúine a deonaíodh roimhe sin, measfar gur cinneadh é sin chun an cur i bhfeidhm leanúnach a údarú maidir leis an díolúine a iarradh ar athnuachan. Is amhlaidh a bheidh an cás más rud é gur thacaigh an t-oibreoir aerárthaí lena iarraidh ar athnuachan le bonn cirt mionsonraithe agus leordhóthanach 3 mhí ar a laghad roimh dhul in éag na díolúine.
8.5. Cathain a thagann an cinneadh náisiúnta i bhfeidhm?
Foráiltear le hAirteagal 5(7) RFEUA go bhfuil sé de cheart ag an oibreoir aerárthaí achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón údarás inniúil lena ndiúltaítear iarraidh ar dhíolúine. I gcás achomhairc, i gcomhréir le neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha agus cinnfidh siad ar cheart an cinneadh náisiúnta a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne a chur ar fionraí nó nár cheart.
8.6. Ról an Choimisiúin
8.6.1. Foilsiú liosta na ndíolúintí
Ní mór d’údaráis inniúla fógra a thabhairt don Choimisiún faoi liosta na ndíolúintí údaraithe agus diúltaithe. Beidh an bonn cirt agus an measúnú maidir le glacadh leis an iarraidh ar dhíolúine nó diúltú di ag gabháil leis an liosta (Airteagal 5(8) RFEUA). Is féidir an cleachtadh sin a dhéanamh le bloic catagóirí (e.g. gan ceann de na ceanglais a bheith cruthaithe, gan na spriocdhátaí a bheith comhlíonta).
I gcomhréir le hAirteagal 5(8), ní mór don Choimisiún liosta na ndíolúintí údaraithe a fhoilsiú agus an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad.
8.6.2. Maidir le gearáin a bhaineann le díolúintí deonaithe
I gcomhréir le hAirteagal 5(9) agus (10) agus Airteagal 16(2) RFEUA, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-iarrtar ar an údarás inniúil nó ar na húdaráis inniúla cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear díolúine ar leith ó thús na chéad tréimhse sceidealaithe eile.
I gcásanna ina dtosóidh an tréimhse sceidealaithe níos lú ná 2 mhí tar éis don údarás inniúil an cinneadh lena n-aisghairfear an díolúine a fhoilsiú, ní bheidh feidhm ag an gcinneadh lena n-aisghairfear an díolúine sin ach ó thús an tséasúir sceidealaithe (46) ina dhiaidh sin.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gníomhú ar a thionscnamh féin nó tar éis measúnú a dhéanamh ar ghearán i scríbhinn maidir le díolúine deonaithe arna thíolacadh ag:
|
— |
Ballstát, |
|
— |
oibreoir aerárthaí, |
|
— |
comhlacht bainistíochta an aerfoirt Aontais lena mbaineann, |
|
— |
soláthróir breosla eitlíochta |
Chun measúnú an Choimisiúin ar an ábhar a éascú agus chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gá gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun aisghairm na díolúine a deonaíodh a iarraidh, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá a iarraidh ar na Ballstáit agus ar oibreoirí aerárthaí. Le hAirteagal 5(10) RFEUA ceanglaítear ar na Ballstáit agus ar oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis a sholáthar gan moill mhíchuí agus ní mór do na Ballstáit soláthar faisnéise ag oibreoirí aerárthaí a éascú.
(1) IO L, 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj.
(2) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(3) Is cleachtas é forlíonadh na n-umar breosla trína n-iompraíonn aerárthach níos mó breosla ná mar is gá le haghaidh a eitilte chun athbhreoslú ag an aerfort cinn scríbe a laghdú nó a sheachaint.
(4) Foghrúpa um eitlíocht inbhuanaithe (E03118/2): https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=ga&groupId=104312&fromMeetings=true&meetingId=51877.
(5) Ba cheart an coincheap maidir le heitilt a oibriú a thuiscint sa chiall eacnamaíoch. Ciallaíonn sé sin nach dtagraíonn an “duine” a luaitear sa sainmhíniú ar “oibreoir aerárthaí”, mar shampla, don phíolóta a eitlíonn an t-aerárthach thar ceann duine dlítheanach.
(6) Tá sainitheoirí EESI le fáil i nDoiciméad 8585 — Sainitheoirí le haghaidh Gníomhaireachtaí Oibríochta Aerárthaí, Údaráis Aerloingseoireachta agus Seirbhísí.
(7) De réir bhrí reachtaíocht beartais imirce agus tearmainn an Aontais.
(8) Féach liosta na n-oibreoirí aerárthaí a thagann faoi raon feidhme RFEUA ar shuíomh gréasáin AS MOVE (https://transport.ec.europa.eu/transport-modes/air/environment/refueleu-aviation_en?prefLang=ga).
(9) Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach pointe CAT.OP.MPA.181 Scéim breosla/fuinnimh – pleanáil breosla/fuinnimh agus beartas athphleanála eitilte – eitleáin.
(10) Airteagal 2(1) de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt (an Treoir maidir le Muirir Aerfoirt) (IO L 70, 14.3.2009, lch. 11).
(11) Féach liosta aerfoirt an Aontais faoi raon feidhme RFEUA ar shuíomh gréasáin AS MOVE (https://transport.ec.europa.eu/transport-modes/air/environment/refueleu-aviation_en).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(13) CAT.OP.MPA.181, (c)(8) ‘ breosla lánroghnach, má cheanglaíonn an ceannasaí é ’, Iarscríbhinn IV, fochuid B de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún.
(14) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(15) https://www.easa.europa.eu/en/document-library/acceptable-means-of-compliance-and-guidance-materials/group/part-cat--commercial-air-transport-operations#part-cat--commercial-air-transport-operations.
(16) Tá tuilleadh sonraí maidir le conas tuairisciú a dhéanamh le fáil sa lámhleabhar d’oibreoirí aerárthaí agus d’fhíoraitheoirí (i.e comhlachtaí fíorúcháin) (Airteagal 8 agus Iarscríbhinn II RFEUA).
(17) Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 8(3) RFEUA: ‘Déanfar an tuarascáil a fhíorú ag fíoraitheoir neamhspleách i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 14 agus 15 de Threoir 2003/87/CE, agus sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar a mbonn’. Is é sin le rá, tá an próiseas fíorúcháin agus fíoraitheoirí creidiúnaithe chun críocha RFEUA á rialú ag rialacha CTA AE agus go háirithe na rialacha sin a bunaíodh d’earnáil na heitlíochta.
(18) Féach Airteagal 3 le haghaidh sainmhínithe, Airteagal 8 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe d’oibreoirí aerárthaí agus Iarscríbhinn II maidir le teimpléad tuairiscithe RFEUA.
(19) Féach Airteagal 3 le haghaidh sainmhínithe, Airteagal 8 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe d’oibreoirí aerárthaí agus Iarscríbhinn II maidir le teimpléad tuairiscithe RFEUA.
(20) ‘Modh Inghlactha Comhlíonta 7’.
(21) Mar a thuairiscigh EASA agus oibreoirí aerárthaí ina bhfreagraí ar cheistneoir an Choimisiúin chun an doiciméad seo a ullmhú.
(22) Féach Iarscríbhinn III maidir le ceanglais eagraíochta i dtaca le hoibríochtaí aeir i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(23) Féach Iarscríbhinn IV maidir le hoibríochtaí aeriompair tráchtála i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(24) Aonad cumhachta cúnta.
(25) Tuarascáil mheitéareolaíoch ó aeradróm.
(26) Seirbhís uathoibríoch faisnéise críochfoirt.
(27) Réamhaisnéis limistéir chríochfoirt.
(28) Dóchúlacht 30 %.
(29) Faisnéis shuntasach mheitéareolaíoch.
(30) Córas faisnéise aimsire feabhsaithe.
(31) Soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta.
(32) Féach Iarscríbhinn IV maidir le hoibríochtaí aeriompair tráchtála i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(33) CAT.OP.MPA.181 (c)(8) ‘ breosla lánroghnach, má cheanglaíonn an ceannasaí é’ , Iarscríbhinn IV, fochuid B de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún.
(34) Féach, mar shampla, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Feabhra 2018, Altun agus eile, C-359/16, ECLI:EU:C:2018:63, míreanna 48 go 52.
(35) Féach an tagairt d’uirlis agus ríomh EESI CERT le modh Vincenty ag https://www.icao.int/environmental-protection/CORSIA/Pages/CERT.aspx.
(36) Féach an tagairt do sheirbhís sonraí EESI mar thagairt do Tháscairí Suímh Aeradróim https://www.icao.int/Aviation-API-Data-Service/Pages/default.aspx.
(37) Modhanna Inghlactha Comhlíonta 6 (https://www.easa.europa.eu/en/document-library/acceptable-means-of-compliance-and-guidance-materials/group/part-cat-commercial-air-transport-operations#par-cat---commercial-air-transport-operations).
(38) I gcomhréir leis na huainithe a thugtar i dTábla 18.2 d’Ionchuir Chaighdeánacha EUROCONTROL le haghaidh Anailísí Eacnamaíocha, eisiúint 10.0.3, a foilsíodh an 18 Aibreán 2023.
(39) Féach an doiciméad ag an nasc seo a leanas: https://ansperformance.eu/economics/cba/standard-inputs/
(40) Ní mór don oibreoir aerárthaí an fhaisnéis sin a áireamh freisin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 8 RFEUA (i.e. an tuarascáil bhliantúil), mar aon leis na cainníochtaí breosla gaolmhara arna dtuairisciú ar leithligh. Tá an tuarascáil seo le cur faoi bhráid an údaráis arna ainmniú faoi Airteagal 11(5) RFEUA. Ní mór an tuarascáil (lena n-áirítear na cainníochtaí a cuireadh ar bord ar chúiseanna sábháilteachta) a chur isteach faoin 31 Márta gach bliain tuairiscithe (a thuairiscítear go cúlghabhálach).
(41) Ní mór iarrataí ar dhíolúine ar bhealach faoi Airteagal 5(3) RFEUA a chur faoi bhráid an údaráis inniúil 3 mhí ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe an díolúine a chur i bhfeidhm (arna iarraidh roimh ré).
(42) Féach liosta na n-údarás inniúil ainmnithe faoi RFEUA ag suíomh gréasáin AS MOVE https://transport.ec.europa.eu/transport-modes/air/environment/refueleu-aviation_en)
(43) Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2009 maidir le liosta na n-oibreoirí aerárthaí a rinne gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh sin, lena sonraítear an Ballstát riaracháin do gach oibreoir aerárthaí (IO L 219, 22.8.2009, lch. 1).
(44) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(45) Léirítear i liosta na n-oibreoirí aerárthaí a thagann faoi raon feidhme RFEUA a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin AS MOVE an t-údarás dá sanntar gach oibreoir aerárthaí.
(46) Airteagal 2(d) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1), ciallóidh ‘tréimhse sceidealaithe’ séasúr an tsamhraidh nó séasúr an gheimhridh mar atá in úsáid i sceidil aeriompróirí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5997/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)