|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5965 |
14.10.2024 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 16 Iúil 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Genmab A/S
(Cás C-181/24 (1) , Genmab)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine - Deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte ((DFC) - Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 - Coinníollacha chun údarú a fháil - Airteagal 3(d) - An chéad údarú margaíochta (UM) - Táirgí íocshláinte ina bhfuil an comhábhar gníomhach céanna, tar éis roinnt údaruithe margaíochta a fháil - Tarraingt siar an údaraithe margaíochta roimhe sin)
(C/2024/5965)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Genmab A/S
Idiragraí: Szellemi Tulajdon Nemzeti Hivatala
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 3(d) de Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/933 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc leis ar an údarú margaíochta a chuirtear isteach mar thacaíocht le hiarratas ar dheimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirge a mheas mar an chéad údarú margaíochta, de réir bhrí na forála sin, más rud é gur deonaíodh údarú margaíochta roimhe sin le haghaidh an táirge sin ach gur tarraingíodh siar é sular cuireadh isteach an t-iarratas ar dheimhniú forlíontach cosanta.
(1) IO C, C/2024/3059.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5965/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)