European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5858

27.9.2024

Foilsiú teachtaireachta maidir formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(C/2024/5858)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

‘Babadag’

PDO-RO-A1424-AM01

Dáta na teachtaireachta: 1 Iúil 2024

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA LEIS

1.   Cineálacha fíonchaor a chur isteach chun fíon a tháirgeadh

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun cineálacha fíonchaor nua a chur san áireamh, ar cineálacha iad is féidir a úsáid chun na fíonta a tháirgeadh, is é sin na cineálacha geala Riesling de Rhin, Tămâioasă românească, Crâmpoșie, Traminer roz agus Viognier, agus na cineálacha fíona dheirg Syrah, Burgund mare, Petit verdot agus Cabernet franc.

Leasaíodh Caibidil IV den tSonraíocht Táirge agus pointe 7 den doiciméad aonair.

2.   Saintréithe orgánaileipteacha nua na bhfíonta a chur isteach

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun saintréithe orgánaileipteacha fíonta a tháirgtear ó na cineálacha fíonchaor a iarradh lena dtáirgeadh a chur isteach, le haghaidh fíonta geala (Riesling de Rhin, Tămâioasă românească, Crâmpoșie, Traminer roz agus Viognier) agus le haghaidh fíonta dearga (Syrah, Burgund mare, Petit verdot agus Cabernet franc) araon.

Leasaíodh Caibidil XI den tSonraíocht Táirge, gan aon athrú ar an doiciméad aonair.

3.   Leasú ar tháirgeacht fíonchaor agus fíona

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun táirgeacht fíonchaor agus fíona a mhéadú, toisc gur léirigh fíonghoirt a cruthaíodh faoi chláir athstruchtúraithe/tiontaithe ina n-úsáidtear clóin roghnaithe méadú ar na huasleibhéil táirgthe fíonchaor agus, ar an gcaoi sin, ar tháirgeadh fíona. Ciallaíonn sé sin gur gá na huasluachanna a mhéadú agus, an tráth céanna, a áirithiú go ndéantar cáilíocht shonrach an ainmniúcháin tionscnaimh cláraithe a chaomhnú.

Leasaíodh Caibidlí V agus VI den tSonraíocht Táirge agus pointe 5.2 den doiciméad aonair.

4.   Athfhriotal a chur ar choinníollacha a bhaineann le fíonghoirt agus cáilíocht na mbarr

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge agus cuireadh athfhriotal ar choinníollacha áirithe a bhaineann le saintréithe na bhfíonghort. Áiríonn sé sin faisnéis maidir le híonacht chineáil, dlús plandála (líon íosta na stoc fíniúnacha in aghaidh an heicteáir) agus glasbhuaint.

Leasaíodh Caibidil VIII den tSonraíocht Táirge dá bhrí sin, gan aon athrú ar an doiciméad aonair.

5.   Coinníoll buainte a chur leis - an leibhéal siúcra nuair a bhuantar na fíonchaora

Déantar foráil i reachtaíocht náisiúnta na Rómáine maidir le cion siúcra íosta 230 g/l tráth buainte na bhfíonchaor le haghaidh fíonta is féidir a lipéadú leis an téarma traidisiúnta DOC-CIB [ainmniúchán tionscnaimh cláraithe – arna mbuaint nuair atá lobhadh uasal ar na fíonchaora]. Dá bhrí sin, ba ghá an tSonraíocht Táirge a leasú chun an fhoráil reachtach sin a chur san áireamh, ós rud é gur féidir leis an gcion siúcra an leibhéal sin a bhaint amach i bhfíonchaora i limistéar an ainmniúcháin tionscnaimh. Sin é an fáth ar ghá an ceanglas sin a chur san áireamh le haghaidh fíonchaora a bhuaintear chun fíonta Babadag lena ngabhann ainmniúchán tionscnaimh cláraithe a tháirgeadh.

Leasaíodh Caibidil VII den tSonraíocht Táirge, gan aon athrú ar an doiciméad aonair.

6.   Léiriú ar choinníollacha a bhaineann le próiseáil fíonchaor/cóireáil agus buidéalú fíonta

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun coinníollacha áirithe a bhaineann le próiseáil agus cóiriú fíonchaor agus le buidéalú na bhfíonta a chur san áireamh, ar coinníollacha iad a bhaineann leis an limistéar críochaithe agus leis na limistéir chomharsanachta.

Féadfar bearta áirithe a dhéanamh i limistéir chomharsanachta, i mbunaíochtaí atá ann cheana san aonad riaracháin céanna nó sna bunaíochtaí atá ann cheana sna haonaid riaracháin atá tadhlach leis. Ní mór fógra a thabhairt don údarás inniúil ina leith sin.

Féadfar fíonta a chóiriú agus a bhuidéalú lasmuigh de chomharsanacht an limistéir chríochaithe má chomhlíontar na rialacha táirgthe a leagtar amach sa tSonraíocht Táirge le linn an phróisis.

Leasaíodh Caibidil IX den tSonraíocht Táirge agus pointe 9 den doiciméad aonair.

7.   Cleachtais theicneolaíocha a chur leis maidir le fíonta áirithe a phróiseáil

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun mionsonraí gearra a chur san áireamh maidir le roinnt teicnící próiseála fíona: fíon rosé a fháil ó fhíonchaora geala, fíonta geala a fháil ó fhíonchaora dearga, fíon oráiste a fháil ó fhíonchaora geala, agus fíon oighir mar fhíon socair a fháil trí ró-aibiú, chun raon na gcineálacha fíonta socra is féidir a phróiseáil ó fhíonchaora geala agus dearga a leathnú.

Leasaíodh Caibidil IX den tSonraíocht Táirge agus pointe 9 den doiciméad aonair.

8.   Paraiméadair nua anailíseacha/orgánaileipteacha na bhfíonta a chur leis

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun forálacha áirithe a bhaineann le saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha na bhfíonta a chur san áireamh.

Ar mhaithe le soiléireacht, agus á chur san áireamh go bhfuiltear ag tosú ar fhíonta a tháirgeadh a dhealraíonn a bheith ag forbairt i dtreo nearta alcóil níos airde ná an 15 % de réir toirte a leagtar síos sa reachtaíocht, ba ghá an fhoráil a chur san áireamh go méadófar an neart alcóil go dtí an t-uasmhéid 20 % de réir toirte a leagtar síos le reachtaíocht, nuair a tháirgtear fíonta gan saibhriú, a chur san áireamh sa tSonraíocht Táirge.

Cuireadh isteach na paraiméadair orgánaileipteacha shonracha le haghaidh na gcineálacha fíonchaor a iarradh iad a tháirgeadh.

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun coinníollacha a chur san áireamh a bhaineann leis na cineálacha fíona is féidir a tháirgeadh, arna n-aicmiú de réir a gcion siúcra, arna shloinneadh mar ghlúcós + fruchtós.

Leasaíodh Caibidil XI den tSonraíocht Táirge agus pointe 4 den doiciméad aonair.

9.   Athfhriotal a chur ar choinníollacha margaíochta

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun coinníoll roghnach maidir le lipéadú a áireamh, ar coinníoll é ina liostaítear tásca amhail ‘fíonghort’, ‘eastát’, nó tagairtí d’idirdhealuithe a bhronntar le haghaidh coinsíneachtaí fíona, blianta fíona eisceachtúla nó aon teagmhais thábhachtacha eile a bhaineann le táirgeadh/margú an fhíona.

Ar mhaithe le soiléireacht, agus chun reachtaíocht náisiúnta maidir le lipéadú a chomhlíonadh, cuireadh athfhriotal ar fhoclaíocht roinnt de na coinníollacha a bhaineann le buidéalú fíonta agus ar na téacsanna a úsáidtear sa lipéadú.

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun coinníoll a áireamh a bhaineann le fíonta a raibh tréimhse aibithe 2 bhliain ar a laghad ann ina leith nó ag a bhfuil neart alcóil iomlán de réir toirte atá comhionann le 13 %, nó níos mó ná 13 %, ar fíonta iad atá díolmhaithe ó theorainneacha aigéadachta luainí, i gcás fíonta geala agus fíonta dearga.

Leasaíodh Caibidil XII den tSonraíocht Táirge, gan aon athrú ar an doiciméad aonair.

10.   Ainm téarma thraidisiúnta atá ann sa reachtaíocht náisiúnta a chur isteach

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun ainm téarma thraidisiúnta a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh, is é sin DOC-CIB (‘cules la innobilarea boabelor’) [arna mbuaint nuair atá lobhadh uasal ar na fíonchaora]. Baineann an téarma sin leis an gcion siúcra tráth buainte na bhfíonchaor, agus is féidir é a úsáid sa lipéadú, nuair atá an cion siúcra 230 g/l ar a laghad tráth buainte na bhfíonchaor.

Rialaítear an téarma DOC-CIB le reachtaíocht náisiúnta (Iarscríbhinn 5 a ghabhann le hOrdú Uimh. 732/2005 ón Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, arna leasú).

Leasaíodh Caibidil XIII den tSonraíocht Táirge, gan aon athrú ar an doiciméad aonair.

11.   Athfhriotal a chur ar na coinníollacha a bhaineann le fíon neamhchomhlíontach

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun athfhriotal a chur ar choinníollacha áirithe a bhaineann le margaíocht fíon nach bhfuil comhlíontach a thuilleadh, ar coinníollacha iad lena leagtar amach na bearta agus na coinníollacha faoinar féidir an fíon a athaicmiú le haghaidh neamhchomhlíontachta.

Leasaíodh Caibidil XIV den tSonraíocht Táirge, gan aon athrú ar an doiciméad aonair.

12.   Sonraí teagmhála an údaráis inniúil a thabhairt cothrom le dáta

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun sonraí teagmhála an údaráis inniúil atá freagrach as rialú agus bainistiú an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint a thabhairt cothrom le dáta.

Leasaíodh Caibidil XV den tSonraíocht Táirge, gan aon athrú ar an doiciméad aonair.

13.   Cur i láthair na gcoinníollacha maidir le leasú na Sonraíochta Táirge

Leasaíodh an tSonraíocht Táirge chun na coinníollacha ar fúthu a fhéadfar leasú a dhéanamh ar na sonraíochtaí fíona chun na forálacha dlíthiúla maidir le hathrú ar shonraíocht táirge a chomhlíonadh.

Leasaíodh Caibidil XV den tSonraíocht Táirge, gan aon athrú ar an doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Babadag

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC - Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí an táirge fíniúna

1.

Fíon

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 – fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas úrfhíon fíonchaor faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   Saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha fíonta geala/rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Tá struchtúr comhchuí cothrom ag na fíonta geala socra agus baineann aigéadacht mhaith leo. Bíonn dea-bholaithe torthaíocha orthu (torthaí citris, piorraí, úlla), mar aon le blasanna bláthacha de chuid bláthanna fíniúna, féar tirim úrghearrtha, bláth troim, teile agus acáise. Bíonn réimse dathanna orthu ó dhath buí go dath glasbhuí, dath buí na tuí agus, fiú, dath buí órga. Tá an blas torthaíoch agus úr.

Bíonn dea-bholaithe de chuid torthaí dearga, sútha talún, silíní agus sútha craobh ar na fíonta rosé socra, agus bíonn blas úr briosc orthu. D’fhéadfadh dath bándearg an bhradáin, dath bándearg an róis nó dath bándearg chraiceann an oinniúin a bheith orthu.

Saintréith de na fíonta tirime is ea dea-bholaithe mianracha, bláthacha, péitseog agus siosta líomóide. D’fhéadfadh fíonta ina bhfuil siúcra iarmharach a bheith milithe, bláthach agus olartha, agus dea-bholaithe de chuid torthaí aibí buí orthu. Tá acmhainneacht iontach ag na fíonta tirime agus ag na fíonta sin a bhfuil siúcra iarmharach iontu forbairt le himeacht aimsire, rud a fhágann go mbíonn castacht aramatach agus struchtúrach ag baint leo.

(Féadfaidh an uasteorainn le haghaidh neart alcóil iomlán a bheith suas le 20 % de réir toirte i gcás fíonta a táirgeadh gan aon saibhriú).

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte): 15,00

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte): 11,00

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 200

2.   Saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn na fíonta dearga socra tathagach, agus tainniní dea-chomhtháite acu, mar aon le himireacha ar dhath dearg an rúibín, ar dhath dearg scothchorcra, ar dhath donnrua agus ar dhath dearg an ghairnéid. Bíonn dea-bholaithe de thorthaí dearga, prúnaí agus torthaí foraoise dubha an-aibí orthu, agus bíonn dea-bholaithe fanaile, caife, seacláide agus spíosraí ar fhíonta aosaithe. D’fhéadfadh struchtúr tainneach iontach a bheith ag roinnt fíonta, agus tainniní láidre acu a fhágann go mbíonn dea-bholadh dlúth torthaí dearga iontu. Mar thoradh ar thréimhse fhada aibithe, tugtar cáilíochtaí ar leith agus blasanna spíosracha lena ngabhann dea-bholaithe fanaile. Mar thoradh ar an aosú, tá carachtar sonrach ann freisin, lena ngabhann tainniní dea-chomhtháite.

(Féadfaidh an uasteorainn le haghaidh neart alcóil iomlán a bheith suas le 20 % de réir toirte i gcás fíonta a táirgeadh gan aon saibhriú).

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte): 15,00

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte): 11,00

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150

3.   Saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Féadfaidh na fíonta oighir a bheith geal, rosé nó dearg. Bíonn dath buí órga ar na cinn gheala, bíonn dath bándearg geal ar na cinn rosé agus bíonn dath dearg scothchorcra ar na cinn dhearga. Tá blas iomlán ann, agus é uachtarúil, ar blas é a bhaineann le torthaí boga (aibreoga, péitseoga), sútha talún, sméara dubha agus torthaí foraoise ró-aibí.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte): 15,00

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte): 11,00

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtais fhíoneolaíocha

Srian ábhartha ar dhéanamh na bhfíonta

Féadfar na fíonchaora fíona óna bhfaightear fíonta ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh Babadag a phróiseáil sa limistéar críochaithe comhfhreagrach nó i limistéir chomharsanachta, laistigh den aonad riaracháin céanna nó i gcomharsanacht an limistéir sin. Féadfar na fíonchaora a phróiseáil lasmuigh de chomharsanacht an limistéir chríochaithe freisin má chomhlíontar na rialacha táirgthe a bhunaítear sa tSonraíocht Táirge le linn an phróisis.

Féadfar fíonta ag a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh a chóiriú agus a bhuidéalú i mbunaíochtaí sa limistéar críochaithe a chumhdaítear leis an ainmniúchán nó i limistéir chomharsanachta, i mbunaíochtaí atá ann cheana san aonad riaracháin céanna nó sna bunaíochtaí atá ann sna haonaid riaracháin atá tadhlach leis. Féadfar fíonta a chóiriú agus a bhuidéalú lasmuigh de chomharsanacht an limistéir chríochaithe má chomhlíontar na rialacha táirgthe a leagtar amach sa tSonraíocht Táirge le linn an phróisis.

Má dhéantar próiseáil na bhfíonchaor agus cóiriú agus buidéalú na dtáirgí fíona lasmuigh de limistéar críochaithe an ainmniúcháin tionscnaimh, ní mór don táirgeoir fógra a thabhairt do ONVPV [an Oifig Náisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon] 24 huaire an chloig ar a laghad roimh thús an phróisis theicneolaíoch a léirítear san fhógra, mura rud é gur leis an oibreoir eacnamaí céanna na hionaid fhíoneolaíocha agus/nó na saoráidí buidéalaithe agus go bhfuil na hionaid agus/nó na saoráidí sin suite laistigh den aonad riaracháin ina bhfuil an limistéar a chumhdaítear leis an ainmniúchán tionscnaimh suite, nó i gcontaetha comharsanacha (ba cheart na fíonghoirt, na hionaid fhíoneolaíochta agus na saoráidí buidéalaithe a bheith faoi úinéireacht an oibreora sin nó á n-oibriú aige).

2.   Cleachtas saothraithe

Cleachtas saothraithe

Ní mór íonacht chineáil 85 % ar a laghad a bheith ag na fíonghoirt óna bhfaightear fíonta ar a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh cláraithe Babadag;

dlús plandála -4 000 stoc fíniúna ar a laghad in aghaidh an heicteáir;

glasbhuaint - líon na mbraislí fíonchaor ag tús an aibithe a laghdú nuair a sháraíonn an táirgeadh féideartha na huasteorainneacha a cheadaítear faoin tSonraíocht Táirge.

Ní mór cosaint éifeachtach fíteashláintíochta agus riocht maith sláinte a áirithiú i gcás an bhairr sna fíonghoirt, agus le linn tréimhsí báistí san fhómhar, i gcás ina bhfuil riosca ionsaí múscáin ann, moltar go ndéantar lomadh páirteach timpeall na bhfíonchaor le haghaidh fréamhstoic a bhfuil mais duilliúr shaibhir aige. I gcás fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe orthu, úsáidtear modhanna sonracha i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, chun a áirithiú go bhfaightear an cháilíocht a chomhfhreagraíonn do chatagóir an ainmniúcháin tionscnaimh cláraithe.

5.2.   Uastáirgeachtaí

1.

Aligote, Chardonnay, Pinot gris, Muscat Ottonel, Sauvignon, Riesling italian, Riesling de Rhin, Fetească regală, Fetească albă, Tămâioasă românească, Crâmpoșie, Columna, Traminer roze, Viognier

15 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

Cabernet Sauvignon, Merlot, Pinot noir, Fetească neagră, Syrah, Burgund mare, Petit verdot, Băbească neagră, Cabernet franc

14 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

3.

Aligote, Chardonnay, Pinot gris, Muscat Ottonel, Sauvignon, Riesling italian, Riesling de Rhin, Fetească regală, Fetească albă, Tămâioasă românească, Crâmpoșie, Columna, Traminer roze, Viognier

105 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.

Cabernet Sauvignon, Merlot, Pinot noir, Fetească neagră, Syrah, Burgund mare, Petit verdot, Băbească neagră, Cabernet franc

98 heictilítear in aghaidh an heicteáir

5.

Uastáirgeacht fíonchaor le haghaidh fíon oighir (kg/ha). Is é an táirgeacht fíona le haghaidh fíon oighir (hl/ha) 18 % hl/ha ar a mhéad agus 30 % ar a mhéad de na fíonchaora buainte.

6 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Contae Tulcea:

Baile Babadag

Bardas Sarichioi - sráidbhailte Sarichioi, Enisala, Visterna, Zebil agus Sabangia;

Bardas Ceamurlia de Jos - sráidbhailte Ceamurlia de Jos agus Lunca;

Bardas Valea Nucarilor - sráidbhailte Agighiol, Valea Nucarilor agus Iazurile;

Bardas Peceneaga - sráidbhaile Peceneaga;

Bardas Ostrov - sráidbhaile Ostrov;

Bardas Dăeni - sráidbhaile Dăeni;

Bardas Turcoaia - sráidbhaile Turcoaia;

Bardas Jurilovca - sráidbhaile Jurilovca;

Bardas Baia - sráidbhaile Baia;

Contae Constanța:

Bardas Mihai Viteazu - sráidbhailte Mihai Viteazu agus Sinoe;

Bardas Istria - sráidbhailte Istria agus Nuntaşi;

Común Cogealac - sráidbhailte Cogealac, Tariverde agus Fântânele.

7.   Cineál (nó cineálacha) fíonchaor

 

Aligoté B - Plant de trois, Plant gris, Vert blanc, Troyen blanc

 

Burgund Mare N - Ollbhriogadóir, Blaufränkisch, Kekfrankos, Frankovka, Limberger

 

Băbească neagră N - Grossmuttertraube, Hexentraube, Crăcana, Rară neagră, Căldărușă, Serecsia

 

Cabernet Franc N

 

Cabernet Sauvignon N - Petit Vidure, Burdeos tinto

 

Chardonnay B - Blainc Gentil, Pinot blanc Chardonnay

 

Columna B

 

Crâmpoșie B

 

Fetească albă B - Păsărească albă, Poama fetei, Mädchentraube, Leányka, Leánka

 

Fetească neagră N - Schwarze Mädchentraube, Poama fetei neagră, Păsărească neagră, Coada rândunicii

 

Fetească regală B - Königliche Mädchentraube, Königsast, Királyleányka, Dănășană, Galbenă de Ardeal

 

Merlot N - Bigney rouge, Plandaí Medoc

 

Muscat Ottonel B - Muscat Ottonel blanc

 

Petit Verdot N

 

Pinot Gris G - Affumé, Grauer Burgunder, Grauburgunder, Grauer Mönch, Pinot cendré, Pinot Grigio, Ruländer

 

Pinot noir N - Blauer Spätburgunder, Blauer Burgunder, mic Burgund, roter Burgunder, Klăvner Morillon Noir

 

Pinot noir N - Spätburgunder, Pinot nero

 

Riesling de Rhin B - Weisser Riesling, White Riesling, Riesling Renano, Rheinriesling

 

Riesling italian B - Olasz Riesling, Olaszriesling, Welschriesling

 

Sauvignon B - Sauvignon blanc

 

Syrah N - Shiraz, Petit Syrah

 

Traminer Rose Rs - Rosetraminer, Savagnin Rose, Gewürztraminer

 

Tămâioasă românească B - Busuioacă de Moldova, Muscat blanc à petit grains

 

Tămâioasă românească B - Rumänische Weihrauchtraube, Tamianka, Tămâioasă albă de Drăgășani

 

Viognier B - Bergeron, Barbin, Rebolot, Greffou, Picotin Blanc, Vionnier

 

Viognier B - Petit Vionnier, Viogne, Galopine, Vugava bijela

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

Nasc leis an limistéar críochaithe

Tá an limistéar atá críochaithe le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh cláraithe Babadag suite in aonad moirfeastruchtúrtha lárnach Dobrogea, áit inarb é lós, atá níos mó ná 20 méadar ar tiús, an phríomhcharraig ar ar cruthaíodh ithreacha an limistéir sin. Tá airíonna fisiceacha agus ceimiceacha an-mhaith ag an ithir, agus tréscaoilteacht, póiriúlacht agus uigeacht ghainmheach dúrabhánach mheánach aici.

Is ón aicme ithreach seornaiseoim a thagann na príomhithreacha, agus iad lagsocraithe, agus lena ngabhann carachtar alcaileach (pH ó 8.0 go 8.2), cion measartha carbónáite cailciam, soláthar NPK, agus aicme oiriúnachta III, rud a léiríonn dálaí an-mhaith le haghaidh saothrú fíniúna. Tá meándoimhneacht an screamhuisce thart ar 10 m.

Bíonn an mheánteocht bhliantúil beagáinín os cionn 11 oC agus bíonn an bháisteach bhliantúil idir 400 mm agus 445 mm.

Sa limistéar atá críochaithe le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh Babadag, atá lonnaithe i gContae Tulcea, nach bhfuil i bhfad ó Loch Razelm, tugtar le chéile fíonghoirt atá suite i limistéir chnocacha, amhail Jurilovca, Sarichioi agus an Valea Nucarilor.

Tá an ceantar saibhir ó thaobh fionnachtana seandálaíochta de, ar fionnachtana iad a théann siar go dtí an 4ú agus an 5ú haois RC, rud a chruthaíonn gur saothraíodh fíniúnacha. Áiríonn sé sin fionnachtana seandálaíochta i gcathair ársa Histria, áit inar thángthas ar amfaraí faoi urlár teampaill nó i dtuama adhlactha, ar amfaraí iad inar coinníodh fíon mar ofráil.

Sa Mheánaois, le linn don chroiniceoir Siriach Pól as Aleppo a bheith ag taisteal in éineacht leis an bpatrarc Macarius as Antioch, scríobh sé faoi na ‘fíniúnacha urghnácha, as a ndéantar fíon sármhaith’ ar fíon é a fhaightear i limistéar Babadag.

Tá cnámhithreacha reinsíne ag fíonghoirt aonair Enisala, Sarichioi agus Zebil, ar thaobh Ardchlár Babadag os comhair na Mara Duibhe, ar ithreacha iad atá fabhrach do Cabernet, agus ar an taobh thiar theas den ardchlár, tá dálaí i bhfíonghoirt amhail Dăeni, Agighiol agus Valea Nucarilor fabhrach do cháilíocht eisceachtúil cineálacha amhail Riesling italian agus Merlot.

Táirgtear fíonta dearga tirime Cabernet Sauvignon den chaighdeán is airde i dtuaisceart Dobrogea ar thaobh Ardchlár Casimcea os comhair chóras murlaigh Razelm-Sinoe, agus ar an taobh atá os comhair na Danóibe, táirgtear fíonta geala tirime agus leath-thirime Riesling italian, chomh maith le fíonta sármhaithe Cabernet Sauvignon agus Merlot.

Tugann sé sin ar fad, in éineacht le gaireacht lochanna móra agus Dheilt na Danóibe, saintréithe speisialta do na fíonchaora agus do na fíonta a tháirgtear sa limistéar sin, saintréithe dá gcuid is ea iad neart alcóil cothromaithe agus aigéadacht chothromaithe, eastóscán ard agus saintréithe céadfacha luachmhara.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Coinníollacha margaíochta

Creat dlíthiúil:

sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Maidir le lipéadú na bhfíonta, féadfar ainmniúchán tionscnaimh cláraithe Babadag a fhorlíonadh le ceann amháin de na hainmneacha fíonghoirt aonair seo a leanas: DEALU MORFA, HERACLEEA, ENISALA, AGIGHIOL, VALEA NUCARILOR, DĂIENI, MIHAI VITEAZU, ISTRIA, COGEALAC, TARIVERDE.

Próiseáil, táirgeadh, cóiriú, buidéalú

Creat dlíthiúil:

i reachtaíocht an Aontais

Cineál coinníll breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar na fíonchaora fíona óna bhfaightear fíonta ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh Babadag a phróiseáil sa limistéar críochaithe comhfhreagrach nó i limistéir chomharsanachta, laistigh den aonad riaracháin céanna nó i gcomharsanacht an limistéir sin. Féadfar na fíonchaora a phróiseáil lasmuigh de chomharsanacht an limistéir chríochaithe freisin má chomhlíontar na rialacha táirgthe a bhunaítear sa tSonraíocht Táirge le linn an phróisis.

Féadfar fíonta ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh Babadag a chóiriú agus a bhuidéalú i mbunaíochtaí sa limistéar críochaithe a chumhdaítear leis an ainmniúchán nó i limistéir chomharsanachta, i mbunaíochtaí atá ann cheana san aonad riaracháin céanna nó sna haonaid riaracháin atá tadhlach leis. Féadfar fíonta a chóiriú agus a bhuidéalú lasmuigh de chomharsanacht an limistéir chríochaithe má chomhlíontar na rialacha táirgthe a leagtar amach sa tSonraíocht Táirge le linn an phróisis.

Má dhéantar próiseáil na bhfíonchaor agus cóiriú agus buidéalú na dtáirgí fíona lasmuigh de limistéar críochaithe an ainmniúcháin tionscnaimh, ní mór don táirgeoir fógra a thabhairt do ONVPV [an Oifig Náisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon] 24 huaire an chloig ar a laghad roimh thús an phróisis theicneolaíoch a léirítear san fhógra, mura rud é gur leis an oibreoir eacnamaí céanna na hionaid fhíoneolaíochta agus/nó na saoráidí buidéalaithe agus go bhfuil na hionaid agus/nó na saoráidí sin suite laistigh den aonad riaracháin ina bhfuil an limistéar a chumhdaítear leis an ainmniúchán tionscnaimh suite, nó i gcontaetha comharsanacha (ba cheart na fíonghoirt, na hionaid fhíoneolaíochta agus na saoráidí buidéalaithe a bheith faoi úinéireacht an oibreora sin nó á n-oibriú aige).

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.onvpv.ro/sites/default/files/caiet_de_sarcini_doc_babadag_modif_standard_579_26.03.2024_no_track_changes_2.pdf


(1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5858/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)