|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5824 |
7.10.2024 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 12 Lúnasa 2024 – Nuctech Warsaw Company Limited agus Nuctech Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-284/24 R)
(Imeachtaí idirlinne - Fóirdheontais eachtracha - Cigireachtaí laistigh den Aontas - Rialachán (AE) 2022/2560 - Iarratas ar oibriú a chur ar fionraí - Easpa práinne - Easpa fumus boni juris - Cothromú leasanna)
(C/2024/5824)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Nuctech Warsaw Company Limited sp. z o.o. (Varsovie, an Pholainn), Nuctech Netherlands BV (Rotterdam, an Ísiltír) (ionadaithe : J.-F. Bellis agus S. Ross, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, M. Farley agus A.-L. Delbac, Gníomhairí)
Ábhar
Lena n-iarratas de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí oibriú Chinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 16 Aibreán 2024 lena gceanglaítear ar ghnóthas atá gníomhach in earnáil na gcóras braite bagairtí géilleadh do chigireachtaí de bhun Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Cás FS.100068 – MARE) ar fionraí mar aon le gach gníomh nó iarraidh ina dhiaidh atá bunaithe air.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don iarratas ar bhearta idirlinne. |
|
2. |
Forchoimeádtar na costais. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5824/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)