European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5788

7.10.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Bheilg) an 10 Iúil 2024 – Procureur général près la Cour d’appel de Liège v Aldi SA

(Cás C-483/24, ALDI)

(C/2024/5788)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Procureur général près la Cour d’appel de Liège

Freagróir: Aldi SA

An cheist a tharchuirtear

Leis na hoibleagáidí a leagtar síos le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (1) agus le hIarscríbhinn II den Rialachán sin agus go sonrach le pointí 2(c) de Chaibidil I, 1. (a) de Chaibidil V, 2., 3. agus 4. de Chaibidil IX, an bhforchuirtear oibleagáid chun toradh a bhaint amach ar oibreoirí na hearnála bia mórdhíola agus miondíola sa chaoi gur leor go dtugtar faoi deara rianta agus salachar lotnaidí i siopaí agus i dtrádstórais, seachas i gcás force majeure, cúis sheachtrach nó earráid dhosheachanta, chun sárú ar an Rialachán a chinneadh, nó an bhfuil oibreoirí san earnáil bia faoi réir oibleagáid díchill amháin, eadhon gach iarracht a dhéanamh chun lotnaidí a chosc sa chaoi nach leor go dtabharfaidh an t-údarás riaracháin náisiúnta rianta agus salachar lotnaidí faoi deara i siopa agus i dtrádstórais chun sárú ar an Rialachán sin a léiriú?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO 2004 L 139, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5788/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)