|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5751 |
17.10.2024 |
P9_TA(2024)0017
Creat-Chomhaontú AE/na hIndinéise maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach: aontachas Phoblacht na Cróite le AE
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar an Dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, an Phrótacail Aontachais a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (12975/2014 – C9-0314/2023 – 2014/0220(NLE))
(Toiliú)
(C/2024/5751)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12975/2014), |
|
— |
ag féachaint don Phrótacal Aontachais a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (1), |
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207, Airteagal 209 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0314/2023), |
|
— |
ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0428/2023), |
|
1. |
ag tabhairt a toilithe an prótacal a thabhairt i gcrích; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na hIndinéise. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5751/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)