European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5732

17.10.2024

P9_TA(2024)0043

Tionchar na hiascaireachta neamhdhleathaí ar an tslándáil bia - ról an Aontais Eorpaigh

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 ar thionchar na hiascaireachta neamhdhleathaí ar an tslándáil bia - ról an Aontais Eorpaigh (2023/2027(INI))

(C/2024/5732)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Choinbhinsiún 1982 ó na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

ag féachaint do Chomhaontú 1995 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Stoic Éisc,

ag féachaint do Chomhaontú 1995 ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) na Náisiún Aontaithe chun Comhlíontacht Bád Iascaireachta ar an Mórmhuir i dtaca le Bearta Idirnáisiúnta Caomhantais agus Bainistíochta a chur chun cinn,

ag féachaint do Chód Iompair 1995 ó FAO le haghaidh Iascach Freagrach,

ag féachaint do Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta 2001 ó FAO chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú,

ag féachaint do Choinbhinsiún Uimh. 188 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht an 14 Meitheamh 2007,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (1) (an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN),

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (2) (an Rialachán um Rialú ar Iascach),

ag féachaint do Chomhaontú 2009 ó FAO ar Bhearta Stát an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú,

ag féachaint do Chomhaontú Cape Town 2012 maidir le Cur chun feidhme Fhorálacha Phrótacal Torremolinos 1993 a bhaineann le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Torremolinos um Shábháilteacht Soithí Iascaireachta, 1977,

ag féachaint do Threoirlínte Deonacha 2014 ó FAO maidir le Feidhmíocht Stát Brataí.

ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (3),

ag féachaint do thuarascáil mhí na Nollag 2021 ó Chomhghuaillíocht Iascaireachta NNN an Aontais dar teideal ‘ Seafood traceability: Aligning RFMO catch documentation schemes to combat IUU fishing’ [Inrianaitheacht bhia na mara: Scéimeanna Doiciméadúcháin Gabhálacha de chuid ERBI chun iascaireacht NNN a chomhrac],

ag féachaint don staidéar in 2022 ón gCoimisiún dar teideal [Staidéar ar chreataí reachtacha agus córais forfheidhmithe na mBallstát maidir le hoibleagáidí agus smachtbhannaí a chuirtear ar náisiúnaigh as sáruithe ar na rialacha a eascraíonn as an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN],

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 20/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 26 Meán Fómhair 2022 dar teideal ‘ EU action to combat illegal fishing – Control systems in place but weakened by uneven checks and sanctions by Member States’ [Gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach – Córais um rialú i bhfeidhm, ach tá siad lagaithe ag seiceálacha agus smachtbhannaí neamhchothroma ag na Ballstáit], ina gcumhdaítear beartas an Aontais ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac,

ag féachaint do thuarascáil 2022 FAO dar teideal ‘ The State of World Fisheries and Aquaculture 2022 – Towards Blue Transformation’ [Staid an Iascaigh Dhomhanda agus an Dobharshaothraithe 2022 — I dTreo Claochlaithe Ghoirm],

ag féachaint don IUU Fishing Action Alliance Pledge chun uaillmhian agus gníomhaíocht a spreagadh sa chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a comhaontaíodh an 28 Meitheamh 2022,

ag féachaint do chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Fóirdheontais Iascaigh, lena gcuirtear toirmeasc ar fhóirdheontais iascaigh díobhálacha,

ag féachaint do threoirdhoiciméad 2023 ó FAO dar teideal ,

ag féachaint do threoirlíne theicniúil 2023 ó FAO dar teideal ‘ Implementation of the International Plan of Action to Prevent, Deter and Eliminate Illegal, Unreported and Unregulated Fishing – 1. [Cur chun Feidhme an Phlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú – 1.] Methodologies and indicators for the estimation of the magnitude and impact of illegal, unreported and unregulated fishing: [Modheolaíochtaí agus táscairí chun meastachán a dhéanamh ar mhéid agus tionchar na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte:] 1.1 Principles and approaches’ [prionsabail agus cuir chuige],

ag féachaint do chomhairle chomhpháirteach ón gComhairle Chomhairleach um Margaí agus ón gComhairle Chomhairleach Fadraoin an 21 Aibreán 2023 maidir leis an ngá atá le rialuithe allmhairiúcháin comhchuibhithe idir na Ballstáit chun táirgí a thagann ó iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (NNN) a chosc ó theacht isteach i margadh an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do sheasamh Pharlaimint na hEorpa maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais (COM(2022)0453).

ag féachaint do rún uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis na himpleachtaí atá ag gníomhaíochtaí iascaireachta na Síne ar iascach an Aontais agus an bealach chun cinn (4),

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, go háirithe Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 ‘ Life Below Water: Conserve and sustainably use the oceans, seas and marine resources for sustainable development’ [Beatha Faoin Uisce: Na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar shlí inbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe],

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0433/2023),

A.

de bhrí go bhfuil ról lárnach ag AE sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN ar fud an domhain, mar mhórghníomhaí domhanda san earnáil iascaigh, agus cabhlach iascaireachta thart ar 73 000 soitheach aige, agus mar gheall ar a stádas mar an t-allmhaireoir is mó ar domhan de tháirgí iascaigh, gurb ionann sin agus 34 % den trádáil dhomhanda uile ó thaobh luacha de, agus go n-allmhairítear nach mór 70 % de na táirgí bia mara a chaitear san Aontas;

B.

de bhrí go bhfuil 124 000 iascairí fostaithe in earnáil na hiascaireachta san Aontas agus go ngintear ioncam de EUR 6,3 bhilliún ann gach bliain;

C.

de bhrí go bhfuil sé deacair a mheas a mhéid atá iascaireacht NNN ann agus a luach eacnamaíoch; de bhrí go bhfuarthas amach i staidéir gurb ionann an chainníocht dhomhanda de ghabhálacha neamhthuairiscithe agus thart ar 28 milliún tona in 2016, agus luach measta USD 41 bhilliún air; de bhrí gur measadh ag tús na 2000í gurb ionann gabhálacha neamhdhleathacha agus idir 10 milliún agus 26 mhilliún tona éisc, agus luacht measta USD 10-23 bhilliún air; de bhrí, in AE, go meastar gurb ionann táirgí a ghabhtar mar gheall ar iascaireacht NNN a allmhairítear go bliantúil agus 500 000 tona, ag luach EUR 1,1 bhilliún (5);

D.

de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag cleachtais iascaireachta NNN ar shlándáil bia agus deiseanna fostaíochta do phobail chósta, agus gur bagairt mhór iad freisin ar éiceachórais mhuirí agus stoic éisc, rud a fhágann gur bagairt thromchúiseach iad ar shlí bheatha na n-iascairí agus na bpobal cósta laistigh de AE agus i dtríú tíortha, agus go gcruthaítear leo iomaíocht éagórach ar an margadh um tháirgí iascaigh;

E.

de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta cuspóir 14.4 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, arb é an sprioc sin deireadh a chur le hiascaireacht NNN faoi 2020, agus deireadh a chur, a mhéid is féidir, le hallmhairiú táirgí a eascraíonn as iascaireacht NNN atá fós ag teacht isteach i margadh an Aontais;

F.

de bhrí go bhfuil cabhlach cianuisce AE in iomaíocht le cabhlaigh eachtracha áirithe a gcuirtear ina leith iascaireacht NNN a dhéanamh, lena n-áirítear saothar éigeantais, dúshaothrú saothair agus gáinneáil ar dhaoine, rud dá réir sin a bhaineann an bonn de shlite beatha agus cearta an duine d’iascairí ar fud an domhain agus inbhuanaitheacht na stoc éisc, agus de tháirgí iascaigh ar chostas íseal a dhíol le margadh AE, rud a fhágann go bhfuil táirgí ardcháilíochta AE neamhiomaíoch; de bhrí go rannchuidíonn gníomhaíocht AE i gcoinne iascaireacht NNN machaire comhréidh idir AE agus oibreoirí neamh-AE a áirithiú;

G.

de bhrí go bhfuil creat láidir reachtaíochta iascaigh ag an Aontas, lena n-áirítear bearta chun na hacmhainneachtaí faireacháin, cigireachta, rialaithe agus faireachais, a úsáidtear chun iascaireacht NNN a chomhrac, a fheabhsú;

H.

de bhrí, de réir na Tuarascála Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le gníomhaíocht AE chun iascaireacht NNN a chomhrac, go bhfuil Rialachán NNN tar éis feabhas a chur ar inrianaitheacht agus tar éis an rialú ar allmhairí a athneartú, go bhfuil cruthúnas ann go bhfuil sé úsáideach agus gur spreagadh leis athchóiriú dearfach sa chuid is mó de na tíortha atá i gceist, ach go dtagtar ar an gconclúid mar sin féin go lagaítear córais rialaithe mar gheall ar sheiceálacha agus smachtbhannaí neamhchothroma ó na Ballstáit;

I.

de bhrí go laghdófar na deiseanna i gcomhair allmhairí calaoiseacha le digitiú na ndeimhnithe gabhála NNN trí chóras TF CATCH; de bhrí, thairis sin, gurb í scéim deimhniúchán gabhála AE an scéim is cuimsithí, i gcomparáid le scéimeanna na Stát Aontaithe agus na Seapáine, atá ar an dara agus an tríú hallmhaireoir is mó ar domhan faoi seach;

J.

de bhrí go gcoisctear le hAirteagal 12 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN táirgí iascaigh arna bhfáil le hiascaireacht NNN a allmhairiú agus go bhféadfar tríú tíortha a shainaithint mar thríú tíortha neamh-chomhoibríocha i gcomhréir le forálacha Airteagail 31-36 de; de bhrí go bhfuil beartas neamhfhulaingthe maidir le hiascaireacht NNN ag AE, a bhfuil feidhm leis maidir le gach gné den iascaireacht gan beann ar cé acu a tharlaíonn sé laistigh nó lasmuigh de AE;

K.

de bhrí go bhfuil cárta dearg ag 5 thríú tír agus go bhfuil cárta buí ag 8 dtríú tír faoi láthair; de bhrí, áfach, nach raibh Daon-Phoblacht na Síne, ar ceann í de na táirgeoirí móra bia mara, faoi réir nós imeachta faoin Rialachán maidir le hIascaireacht NNN riamh in ainneoin an chruthúnais go bhfuil baint shuntasach aici, atá ag fás, le hiascaireacht NNN agus de bhrí gur bagairt shuntasach iad a hoibríochtaí iascaireachta neamhrialáilte agus teimhneacha do mharthanas acmhainní iascaigh agus slabhraí soláthair ar fud an domhain;

L.

de bhrí gur cuireadh tacaíocht ar fáil sa Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh do ghníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe agus forfheidhmithe, arb é EUR 580 milliún luach an bhuiséid a cuireadh in áirithe dóibh;

M.

de bhrí go gcuirtear tacaíocht thábhachtach ar fáil sa Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) do ghníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe agus forfheidhmithe, agus cuspóir sonrach leis chun ‘rialú agus forfheidhmiú éifeachtúil iascaigh a chothú, lena n-áirítear iascaireacht NNN a chomhrac’ faoi Thosaíocht 1 – iascaigh inbhuanaithe a chothú agus athchóiriú agus caomhnú na n-acmhainní bitheolaíocha uisceacha;

N.

de bhrí go mbíonn riosca ag baint leis na táirgí a thagann ó iascaireacht NNN do shlándáil bia shaoránaigh an Aontais Eorpaigh trí rochtain ar bhia sábháilte, inacmhainne, ardcháilíochta agus inrianaithe do chách a chur i mbaol;

O.

de bhrí go n-aithníonn sí go bhfuil tionchar díréireach ag iascaireacht NNN ar phobail leochaileacha agus imeallaithe, in AE agus i dtríú tíortha araon;

P.

de bhrí go ndeachaigh AE isteach sa Chomhaontas Gníomhaíochta Iascaireachta NNN i mí Márta 2023;

1.

á athdhearbhú gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit leanúint de chur chuige neamhfhulaingthe a úsáid i leith iascaireacht NNN, agus an cur chuige seo á chur i bhfeidhm go cothrom ar gach tír, beag beann ar a méid, agus gur gá iascaigh inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, an chomhshaoil agus na sochaí de a chur chun cinn d’fhonn an ró-iascaireacht, díothú na n-éiceachóras muirí, agus iomaíocht éagórach in earnáil iascaireachta an Aontais a chomhrac, agus slándáil bia á háirithiú agus an tsláinte phoiblí á cosaint ag an am céanna;

2.

ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag an earnáil iascaireachta maidir le slándáil dhomhanda bia agus cothaithe a chosaint agus slí mhaireachtála a sholáthar do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir chósta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil forbairt inbhuanaithe d’iascaigh dhomhanda an-tábhachtach don Aontas, chomh maith le deireadh a chur le saothar éigeantais, gáinneáil agus cineálacha eile treascairtí, lena n-áirítear san earnáil iascaireachta; ag aithint an tiomantais agus an chomhlíonta a léirigh go leor iascairí AE chun a áirithiú go mbainistítear acmhainní iascaigh ar bhealach inbhuanaithe;

3.

á aithint go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN, lena dtugtar aghaidh ar na cúiseanna atá le hiascaireacht NNN, amhail an bhochtaineacht, easpa roghanna eacnamaíocha eile agus rialachas lag i roinnt réigiún; ag spreagadh an Choimisiúin páirt a ghlacadh i gcláir forbartha acmhainní agus dul i mbun comhar idirnáisiúnta chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna bunúsacha sin agus cleachtais inbhuanaithe iascaireachta a chur chun cinn;

4.

ag tathant ar an gCoimisiún dul i dteagmháil go háirithe le tríú tíortha, ar onnmhaireoirí suntasacha de tháirgí iascaireachta chuig AE iad chun a áirithiú go gcuirfidh siad bearta chun iascaireacht NNN a chosc chun feidhme, lena n-áirítear rialacháin saothair agus chomhshaoil; ag spreagadh an Choimisiúin breathnú ar smachtbhannaí nó bearta trádála eile má theipeann ar thríú tíortha noirm idirnáisiúnta a chomhlíonadh;

5.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún cúnamh teicniúil a chur ar fáil agus forbairt acmhainní a chur chun cinn, ag baint úsáid as na bealaí uile is féidir a úsáid faoi chuimsiú an chomhbheartais iascaigh, i gcomhréir le spriocanna idirnáisiúnta an Aontais maidir le rialachas aigéan, chun stáit chósta a spreagadh agus chun tacú leo, ar stáit iad lena gcothaíonn an Aontas idirphlé chun dlús a chur lena gcomhrac in aghaidh iascaireacht NNN agus chun na ceanglais inbhuanaitheachta agus trédhearcachta a neartú sna coinníollacha chun rochtain a fháil ar a limistéir eacnamaíocha eisiacha;

6.

á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún chun suíomh gréasáin a sheoladh, an 10 Bealtaine 2023, ar a mbeidh sonraí maidir leis na húdaruithe iascaireachta a deonaíodh do shoithí an Aontais a bhíonn ag iascaireacht lasmuigh d’uiscí an Aontais agus do shoithí nach soithí de chuid an Aontais iad a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais; ag tathant ar údaráis iascaigh tríú tíortha agus eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh bearta comhchosúla a ghlacadh;

7.

á chur in iúl gur geal léi go gceanglaítear leis an Rialachán nua maidir le Rialú ar Iascach go léirítear uimhir IMO an tsoithigh iascaireachta, nó aitheantóir uathúil soithigh eile mura bhfuil feidhm ag uimhir IMO, ar tháirgí iascaigh a allmhairítear isteach san Aontas agus a ghabhtar ar muir;

8.

á chur in iúl gur geal léi Gealltanas an Chomhaontais Gníomhaíochta Iascaireachta NNN chun uaillmhian agus gníomhaíocht a spreagadh sa chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a comhaontaíodh an 28 Meitheamh 2022; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an tAontas Eorpach isteach le déanaí sa Chomhghuaillíocht Gníomhaíochta Iascaireachta NNN; ag tathant ar chomhaltaí na comhghuaillíochta a gcórais náisiúnta a chomhordú chun dul i ngleic le hiascaireacht NNN agus, go háirithe, féachaint an bhféadfaí ‘cártaí buí’ agus ‘cártaí dearga’ nó ionstraimí comhchosúla eile a eisiúint go comhpháirteach;

9.

ag cur béim ar an ngá atá le diantaighde eolaíoch agus bailiú sonraí a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair shonracha iascaireachta NNN ar shlándáil bia, geilleagair áitiúla agus an comhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú agus acmhainní a leithdháileadh don taighde sin agus a mheasúnuithe a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise;

10.

á chur i bhfios go láidir nach mór rialacháin NNN AE a chur chun feidhme i gcur chuige comhchuibhithe, lena n-áiritheofar an leibhéal céanna cur chun feidhme ar fud na mBallstát uile, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos éifeachtaí nuair a úsáidfear é agus go gcuirfí cosc ar aon lúb ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann;

11.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar le treoirlínte an Aontais treoir maidir le conas cur chun feidhme Rialachán an Aontais maidir le hIascaireacht NNN a fheabhsú sna Ballstáit nach bhfuil ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin, agus conas an fhaisnéis a sholáthraítear sna tuarascálacha débhliantúla a fhíorú ar an mbealach is fearr;

12.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé níos mó rialuithe allmhairiúcháin a thabhairt isteach chun an tsláinte phoiblí agus iomaíochas thionscal iascaireachta an Aontais a chosaint trí bhearta agus smachtbhannaí láidre agus tráthúla a chur chun feidhme;

13.

á chur i bhfios gur gá do na mBallstát acmhainneacht leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun cur chun feidhme éifeachtach na rialuithe allmhairiúcháin a áirithiú;

14.

ag spreagadh na n-údarás náisiúnta cur chun feidhme leordhóthanach Rialachán NNN a áirithiú chun dea-chleachtas a leagan síos do na Ballstáit eile, rannchuidiú le córas leormhaith inrianaitheachta a chur chun feidhme agus cleachtais iascaireachta fhreagracha a áirithiú, sábháilteacht ar muir agus dálaí saothair ar shoithí iascaireachta a fheabhsú, agus tuairisciú cruinn ar ghabhálacha a fheabhsú;

15.

á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún tacaíocht leormhaith a thabhairt do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as rialú táirgí agus allmhairí iascaigh, agus ag tabhairt dá haire go bhféadfar a áireamh leis an tacaíocht seo, i gcás ina mbeidh fáil orthu, liosta na mbeart bainistithe agus caomhnaithe is infheidhme i dtríú tíortha a tháirgeadh, agus faisnéis mhionsonraithe a chomhroinnt ar na laigí arna sainaithint i gcomhthéacs chur chun feidhme Rialachán an Aontais maidir le hIascaireacht NNN a mhéid a bhaineann le tríú tíortha;

16.

á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún, in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, tacaíocht bhreise a thabhairt do na húdaráis áitiúla maidir leis an mbealach is fearr chun an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN a chur chun feidhme, agus go mbeadh an tacaíocht seo i bhfoirm treorach, malartuithe dea-chleachtas, oiliúint agus gnéithe cosúla, rud a fhágfaidh go bhféadfaidh iascaigh náisiúnta a n-iomaíochas a fháil ar ais;

17.

á iarraidh ar na Ballstáit CEMID a úsáid chun a áirithiú go gcuirfidh sé an tacaíocht spriocdhírithe is gá ar fáil d’iascairí ar mionscála agus iascairí ceirde, a mbíonn dúshláin uathúla rompu go minic maidir le rialacháin NNN a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag na hiascairí sin i slándáil bia áitiúil agus gur cheart dóibh an cúnamh a theastaíonn uathu a fháil;

18.

ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar roghanna chun tacú le pobail a ndéantar difear dóibh sna Ballstáit; á aithint go bhféadfadh cur isteach eacnamaíoch agus caillteanas post a bheith mar thoradh ar an aistriú chuig cleachtais iascaireachta inbhuanaithe, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí bearta chun slite beatha na ndaoine sin atá ag brath ar thionscal na hiascaireachta a chosaint, amhail gairmoiliúint agus tacaíocht aistrithe airgeadais;

19.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme comhleanúnach na nósanna imeachta rialaithe allmhairiúcháin a áirithiú ar fud an Aontais, lena n-áirítear seiceálacha ar dheimhnithe gabhála, cur chuige rioscabhunaithe, fíoruithe agus nósanna imeachta um shárú a thionscnamh;

20.

ag moladh, i gcomhréir leis an gcomhaontú a rinneadh le déanaí maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán um Rialú ar Iascach, go dtabharfaí isteach bearta cianfhaireacháin leictreonacha in uiscí nach uiscí de chuid an Aontais iad chun dul i ngleic le hiascaireacht NNN;

21.

ag dréim leis go dtacóidh an Coimisiún leis an nuálaíocht agus leis an taighde chun ionstraimí faireacháin, rianaithe agus geoshuímh a fhorbairt do shoithí ar an mórmhuir trí thacú le cur chun feidhme tionscnamh idirnáisiúnta a ceapadh chun córais sonraí a chomhordú agus sonraí iomlána, beachta agus faisnéis thrédhearcach a chur ar fáil maidir le suíomh, bunús agus gníomhaíocht soithí iascaireachta;

22.

á mheabhrú don Choimisiún gur gá rialuithe allmhairiúcháin a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát chun táirgí a thagann ó iascaireacht NNN a chosc ó theacht isteach i margadh an Aontais agus ag spreagadh an Choimisiúin go láidir bearta breise a dhéanamh chuige sin; á chur i bhfáth gur gá don Aontas feabhas a chur ar rialú agus ar fhorfheidhmiú chun saothar éigeantais a chomhrac i dtionscail iascaireachta agus próiseála táirgí allmhairithe araon;

23.

á aithint gur ionstraimí tábhachtacha iad Comhaontú Cape Town IMO 2012, Comhaontú FAO 2009 maidir le Bearta Stát an Chalafoirt, Prótacal EIS a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) agus Coinbhinsiún EIS maidir le hObair san Iascaireacht (Uimh. 188) chun dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú agus chun cabhrú le cineálacha oibre do-ghlactha a chosc d’iascairí uile, go háirithe saothar éigeantais, gáinneáil agus mí-úsáid eile, agus chun iascaireacht NNN a chomhrac; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit na coinbhinsiúin sin a shíniú agus a dhaingniú nó aontú dóibh;

24.

á iarraidh ar an gCoimisiún feasacht a mhéadú maidir le cosaint chearta an duine in earnáil na hiascaireachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil riosca níos airde ag earnáil an iascaigh i limistéir gheografacha shonracha maidir le saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit; ag tathant, nuair a shainaithnítear saothar éigeantais, gur cheart go mbeadh toirmeasc ar tháirgí a n-eascraíonn as dul isteach i margadh AE;

25.

á éileamh go ndéanfadh an Coimisiún bearta chun stop a chur le húsáid bratacha áise; á iarraidh go mbeadh rochtain éasca ar fhaisnéis maidir le húinéireacht éifeachtach bád iascaireachta de gach bratach; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún feabhas a chur ar a chóras chun soithí atá ag gabháil d’iascaireacht NNN a shainaithint, dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1184, ionas gur féidir tír thionscnaimh soithigh a shainaithint fiú mura bhfuil a stát brataí soiléir agus ionas go n-áirítear soithí ar braitheadh sáruithe ar chearta an duine orthu;

26.

á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear toirmeasc leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le Rialú ar Iascach, i bhforálacha ar leith, ar oibreoirí an Aontais, lena n-áirítear úinéirí tairbhiúla, a bheith ina n-úinéirí, nó oibriú nó bainistiú a dhéanamh, ar shoithí atá cláraithe faoi bhratach tíortha ar eisíodh cárta dearg dóibh mar gheall ar neamh-chomhoibriú chun iascaireacht NNN a chomhrac;

27.

ag tathant ar na Ballstáit bunachair sonraí chuimsitheacha a bhunú agus a chothabháil ina mbaileofar agus ina dtaifeadfar faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla soithí cláraithe;

28.

ag spreagadh na mBallstát comhoibriú leis na húdaráis ábhartha chun cruinneas na sonraí arna mbailiú maidir le húinéireacht thairbhiúil soithí a áirithiú chun foirmiú beartas agus forfheidhmiú an Rialacháin athbhreithnithe maidir le Rialú ar Iascach a éascú;

29.

ag spreagadh an Choimisiúin oibriú go tapa chun a áirithiú go bhfuil córas TF CATCH lánfheidhmiúil agus go bhfuil údaráis náisiúnta na mBallstát go hiomlán ar an eolas faoina úsáid laistigh de 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm Airteagal 4 den Rialachán athbhreithnithe maidir le Rialú ar Iascach;

30.

á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní daonna leordhóthanacha a dhaingniú chun seachadadh níos tapúla agus níos éifeachtúla an chórais TF thuasluaite a áirithiú sna Ballstáit;

31.

á chur in iúl gur geal léi go mór bunú chóras nua TF CATCH leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le Rialú ar Iascach;

32.

ag spreagadh cuimsiú tapa critéar riosca agus cros-seiceálacha sonraí níos cuimsithí sna leaganacha amach anseo de chóras TF CATCH, mar atá molta ag an gComhairle Chomhairleach Fadraoin; á mheas, chun ‘sodar go barr’ a áirithiú, gur gá don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an measúnú riosca a chuirtear i bhfeidhm in CATCH chomh críochnúil, ar a laghad, leis na measúnuithe riosca a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit a bhfuil córas leictreonach acu cheana chun deimnithe gabhála a sheiceáil; á mheas, idir an dá linn, nach mór don Choimisiún a áirithiú go bhfuil idir-inoibritheacht ann idir CATCH agus na córais TF náisiúnta gan an t-ualach atá ar na hoibritheoirí eacnamaíocha a mhéadú;

33.

ag tathant ar an gCoimisiún líon na mball foirne atá ag obair ar rialachas na n-aigéan agus ar iascaireacht NNN laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta sa Choimisiún a mhéadú;

34.

ag spreagadh na mBallstát a áirithiú go gcuirfear na nósanna imeachta riachtanacha i bhfeidhm ar mhaithe le hullmhú do ghlacadh dlíthiúil chóras TF CATCH agus chun a áirithiú go mbeidh an córas réidh le húsáid a luaithe is féidir;

35.

ag tathant ar na Ballstáit a gcórais rialaithe a atreisiú chun allmhairiú neamhdhleathach táirgí iascaigh a chosc agus chun an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi inrianaitheacht iomlán táirgí iascaireachta úra, reoite agus próiseáilte mar a comhaontaíodh sa Rialachán nua maidir le Rialú ar Iascach, rud a d’fhéadfadh cur le sábháilteacht bia in AE agus a d’fhéadfadh tríú tíortha a spreagadh chun cur le hinrianaitheacht chun go mbeidh a dtáirgí iascaireachta in ann teacht isteach i margadh an Aontais;

36.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá inrianaitheacht fheabhsaithe do gach táirge bia iascaigh agus dobharshaothraithe chun go mbeidh tomhaltóirí in ann cinntí eolasacha a dhéanamh agus na táirgí sin á gceannach acu; á chreidiúint gur cheart lipéadú níos sonraí agus níos trédhearcaí a mheas, lena léirítear go soiléir conairí táirgí ó tháirgeadh go pláta, do tháirgí AE agus neamh-AE araon; ag spreagadh na mBallstát feachtais chur chun cinn iomchuí a sheoladh le haghaidh táirgí bia mara, chun feasacht tomhaltóirí a mhéadú maidir lena bhfuil á gceannach acu agus maidir le bearta inrianaitheachta;

37.

ag tathant ar na Ballstáit an Rialachán nua maidir le Rialú ar Iascach a chur chun feidhme go pras chun a n-oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a bheith acu i gcoinne iascaireacht NNN, rud a laghdódh dreasachtaí chun iascaireacht NNN a dhéanamh agus aon sáruithe amach anseo a dhíspreagadh;

38.

á chur i bhfáth go bhfuil comhar iltaobhach agus beartas comhleanúnach domhanda maidir le NNN, trádáil agus rialachas aigéan ríthábhachtach chun iascaireacht NNN a chomhrac go héifeachtúil; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún leanúint dá chomhpháirtithe a spreagadh, trína Chomhaontuithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe, trína bheartas NNN, in ERBInna agus in EDT, agus dlús a chur lena chomhar le Stáit Aontaithe Mheiriceá, leis an Ríocht Aontaithe, leis an tSeapáin agus le príomhghníomhaithe eile i mbeartas iascaigh agus aigéin trí ionstraimí taidhleoireachta agus trádála, agus tíortha eile nach bhfuil san Aontas a spreagadh chun reachtaíocht agus bearta láidre a ghlacadh chun iascaireacht NNN a chomhrac;

39.

á aithint go bhfuil gá le comhar idir na Ballstáit agus le cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun rialacháin maidir le hiascaireacht NNN a fhorfheidhmiú go héifeachtach; ag spreagadh an Choimisiúin, in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, na hiarrachtaí comhordúcháin a mhéadú chun iascaireacht NNN a chomhrac, dea-chleachtais a roinnt agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát;

40.

ag aithint a thábhachtaí atá sé comhar a chothú le geallsealbhóirí sochaí sibhialta agus pobail sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí chun Rialachán NNN a chur chun feidhme ar an mbealach is fearr is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí sin chun cleachtais iascaireachta inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun a áirithiú go n-éistfear le guthanna na bpobal a ndéantar difear dóibh sa phróiseas cinnteoireachta;

41.

á iarraidh go mbunófaí clár cuimsitheach cosanta do sceithirí laistigh den Aontas chun daoine a bhfuil eolas acu ar ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN a spreagadh chun teacht chun cinn agus faisnéis ríthábhachtach a sholáthar; á chur i bhfios go láidir gur cheart coimircí dlíthiúla, anaithnideacht agus dreasachtaí a bheith san áireamh i gclár den sórt sin do sceithirí sáruithe a thuairisciú gan eagla roimh fhrithbheart;

42.

á iarraidh ar na Ballstáit cleachtais chóirthrádála a chur chun cinn in earnáil an iascaigh chun fíorchothrom iomaíochta a bhaint amach idir táirgí iascaigh AE agus táirgí iascaigh tríú tíortha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta trádála a chur chun feidhme lena gcuirtear san áireamh caighdeáin chomhshaoil agus saothair na dtáirgí atá á n-allmhairiú;

43.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gan rochtain fabhrach ar an margadh a dheonú ar náisiúin a bhfuil baint acu le cleachtais iascaireachta NNN agus le sáruithe troma saothair, lena n-áirítear úsáid an tsaothair éigeantais; á mheas gur cheart don Aontas féachaint do chothrom iomaíochta dílis a bhunú idir bia na mara a tháirgtear san Aontas agus bia na mara a tháirgtear i dtríú tíortha; á mheas, go háirithe, maidir leis an ionstraim taraif-chuóta, rud atá fíor-riachtanach chun iomaíochas thionscal próiseála an Aontais a áirithiú agus chun a áirithiú nach gcuirfear táirgeadh tháirgí iascaigh an Aontais i mbaol trí sholáthar leordhóthanach táirgí iascaigh don thionscal próiseála a ráthú, gur cheart í a úsáid go heisiach i gcásanna nach bhfuil an soláthar bia mara le haghaidh mhargaí an Aontais leordhóthanach agus nár cheart í a úsáid chun táirgí a thagann ó iascaireacht NNN a allmhairiú nó chun brú ar chur ar phraghsanna na n-earraí a tháirgtear san Aontas;

44.

ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar cártaí dearga agus buí a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go dian, gan aird a thabhairt ar mhéid tíre ná ar thionchar eacnamaíoch agus tráchtála tíre. I ndáil leis sin, mar a iarradh sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa dar teideal ‘Impleachtaí oibríochtaí iascaireachta na Síne d’iascaigh AE agus don bhealach chun cinn’ (A9-0282/2023), á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar gach tionscnamh Síneach atá dírithe ar iascaireacht NNN a chomhrac, agus i bhfianaise na measúnuithe sin, gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh faoi Rialachán NNN;

45.

á chur i bhfáth go bhfuil bunachair sonraí NNN atá ar fáil thíos le teimhneacht, i.e. ainmneacha soithí anaithnide, tionscnamh anaithnid nó úinéireacht anaithnid, rud is cúis le caillteanas ioncaim, go háirithe i dtíortha bochta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do na comhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht NNN a ngníomhaíochtaí rialaithe iascaireachta NNN a chomhordú le bunachair sonraí leictreonacha chomhroinnte, straitéisí soiléire agus pleananna struchtúrtha as a n-eascraíonn an leibhéal is ísle is féidir de chleachtais iascaireachta NNN ar an leibhéal idirnáisiúnta;

46.

ag spreagadh na mBallstát gnáth-chomhroinnt faisnéise thráthúil a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le coinsíneachtaí diúltaithe, ar féidir leis an gcomhroinnt sin údaráis a chumasú an dlí a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an gComhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt ó FAO a bheith ina chúnamh ina leith sin;

47.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil ERBInna úsáideach sa chomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí; á iarraidh ar an gCoimisiún bunú ERBInna níos ábhartha a chur chun cinn go gníomhach; ag spreagadh na mBallstát tionscnaimh FAO agus ERBInna ábhartha a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a chomhrac agus faisnéis a mhalartú maidir le soithí iascaireachta a bhfuil amhras fúthu go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin ar bun acu;

48.

á chur i bhfáth, i leith scéimeanna doiciméadaithe gabhálacha iltaobhacha, atá ceaptha agus comhaontaithe ag páirtithe conarthacha agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, agus a dteastaíonn uathu faisnéis ríthábhachtach ar choinsíneacht a thaifeadadh agus a thraschur ar fud an tslabhra soláthair, go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil na scéimeanna sin ina n-uirlisí éifeachtacha chun inrianaitheacht a fheabhsú agus chun rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh iascaireacht NNN;

49.

ag meabhrú an chuspóra 30 % ar a laghad de na haigéin a chosaint faoi 2030; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bearta éifeachtacha i bhfeidhm roimh 2030, agus go gcuirfear Rialachán NNN chun feidhme go hiomlán;

50.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)   IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

(2)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(3)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0366.

(5)  Faisnéisiú – ‘Iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN)’, Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, 14 Deireadh Fómhair 2022, https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2017/614598/EPRS_BRI(2017)614598_EN.pdf; Temple, Andrew J. et al., Illegal, unregulated and unreported fishing impacts: A systematic review of evidence and proposed future agenda [Tionchair iascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte: Athbhreithniú córasach ar fhianaise agus clár oibre atá beartaithe don todhchaí], Marine Policy, Imleabhar 139, 2022, https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0308597X2200080X; Tuarascáil Speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 20/2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5732/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)