European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5722

17.10.2024

P9_TA(2024)0031

Comhar um fhorbairt AE chun tacú le rochtain ar fhuinneamh i dtíortha i mbéal forbartha

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 maidir le comhar um fhorbairt AE chun tacú le rochtain ar fhuinneamh i dtíortha i mbéal forbartha (2023/2073(INI))

(C/2024/5722)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), go háirithe SDG 1 maidir le díothú na bochtaineachta, SDG 7 maidir le rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a áirithiú do chách, SDG 9 maidir le tionsclaíocht agus bonneagar, agus SDG 13 maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus SDG 5 maidir le comhionannas inscne a bhaint amach agus na mná agus na cailíní uile a chumhachtú,

ag féachaint d’Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina bhfuil laghdú na bochtaineachta agus, san fhadtéarma, díothú na bochtaineachta, mar phríomhchuspóir ag beartas forbartha AE, lena gceanglaítear go gcuirfidh ‘an tAontas san áireamh cuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuireann sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha i mbéal forbartha’,

ag féachaint d’Airteagail 3(5) agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina leagtar amach tiomantas an Aontais do chur chuige luachbhunaithe maidir le comhar um fhorbairt chun comhsheasmhacht maidir lena ghníomhaíocht sheachtrach a áirithiú, agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á n-urramú agus forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha a chothú,

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ón bParlaimint agus ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2017 i dtaca leis an Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – Our world, our dignity, our future [Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí] (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (2),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le maoiniú don aeráid in oirchill an 27ú Comhdháil de na Páirtithe (COP27) in Sharm El-Sheikh an 6-18 Samhain 2022, an 25 Eanáir 2021 maidir leis an taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh – dul chun cinn a dhéanamh maidir le gné sheachtrach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an 28 Samhain 2016 maidir le fuinneamh agus forbairt,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘ The European Green Deal’ [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2023/1184 an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (3),

ag féachaint do theachtaireacht an 16 Márta 2023 ón gCoimisiún maidir leis an mBanc Hidrigine Eorpach (COM(2023)0156),

ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal ‘ A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach] (COM(2020)0301),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘ EU external energy engagement in a changing world’ [Rannpháirtíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh sheachtraigh i ndomhan atá ag athrú] (JOIN(2022)0023),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘ The Global Gateway’ [An Tairseach Dhomhanda] (JOIN(2021)0030),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Márta 2020, dar teideal ‘ Towards a comprehensive Strategy with Africa’ [I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic] (JOIN(2020)0004),

ag féachaint do thuarascáil an 5 Eanáir 2023 ó Rapóirtéir Speisialta Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le saincheist na n-oibleagáidí maidir le cearta an duine a bhaineann le timpeallacht shábháilte, ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe a theachtadh dar teideal ‘ Women, girls and the right to a clean, healthy and sustainable environment’ [Mná, cailíní agus an ceart chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe],

ag féachaint don chomhaontú comhpháirtíochta nua idir an tAontas Eorpach agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC) (Comhaontú Shamó), a thiocfaidh i bhfeidhm ach a dtoileoidh Parlaimint na hEorpa leis agus ach a ndaingneoidh na Páirtithe é,

ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus do Phrótacal Kyoto a ghabhann leis, don 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras, an Nollaig 2015, arbh é an chéad chomhaontú uilíoch domhanda é riamh maidir leis an athrú aeráide a bhí ceangailteach ó thaobh dlí, agus don Chúigiú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide,

ag féachaint do thuarascáil speisialta an 24 Meán Fómhair 2019 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú,

ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 13 Meán Fómhair 2007,

ag féachaint do Thuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2022 de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, agus don dara tuarascáil sintéise uaithi ar tháirgeadh breosla iontaise (Tuarascáil maidir le Bearna sa Táirgeacht, 2021) (4),

ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, a d’fhormhuinigh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 16 Meitheamh 2011,

ag féachaint do Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus do Threoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Freagrach Gnó,

ag féachaint d’fhaisnéisiú beartais 2018 ó Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘ Policy Brief #12: Global Progress of SDG7 – Energy and Gender’ [Achoimre Beartais #12: Dul chun cinn domhanda SDG7 – Fuinneamh agus inscne],

ag féachaint do thuarascáil 2022 ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite dar teideal ‘ World Energy Transitions Outlook 2022: 1.5 °C Pathway’ [Ionchas maidir le hAistrithe Domhanda Fuinnimh, 2022: An Chonair chuig 1.5 °C] (5),

ag féachaint do thuarascáil chomhpháirteach 2023 ón mBanc Domhanda, ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh, ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite, ó na Náisiúin Aontaithe agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte dar teideal ‘ Tracking SDG 7: The Energy Progress Report, 2023’ [SDG 7 a rianú: An Tuarascáil um Dhul chun Cinn an Fhuinnimh, 2023] (6),

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais Afracaigh maidir le Téarnamh Glas, 2021-2027, lena gcuirtear straitéis chuimsitheach ar fáil atá dírithe ar thionscnaimh ghlasa a chur chun cinn, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ar an gcomhshaol a chosaint agus ar athléimneacht maidir le hathrú aeráide a fheabhsú (7),

ag féachaint do Dhearbhú Nairobi maidir leis an Athrú Aeráide agus an Ghairm chun Gnímh ó Cheannairí na hAfraice, 6 Meán Fómhair 2023,

ag féachaint do Dhearbhú Aeráide agus Forbartha Phobal na hAfraice, 2023,

ag féachaint do rúin uaithi an 14 Márta 2023 maidir le Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt (8), an 25 Márta 2021 maidir le Straitéis nua idir an tAontas agus an Afraic – comhpháirtíocht d’fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach (9), an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (10), an 1 Nollaig 2016 maidir le rochtain ar fhuinneamh i dtíortha atá i mbéal forbartha (11) agus an 2 Feabhra 2012 maidir le comhar an Aontais um fhorbairt chun tacú leis an gcuspóir rochtain uilíoch ar fhuinneamh a bhaint amach faoi 2030 (12),

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an gComhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan sa Chaidreamh Seachtrach, 2021–2025 (GAP III),

ag féachaint do thuarascáil mhí na Bealtaine 2022 ón gCoimisiún Eacnamaíoch do Mheiriceá Laidineach agus do Mhuir Chairib dar teideal ‘ Energy in Latin America and the Caribbean: access, renewability and efficiency’ [Fuinneamh i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib: rochtain, inathnuaiteacht agus éifeachtúlacht],

ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún Domhanda maidir le Dambaí an 16 Samhain 2000 dar teideal ‘ A new framework for decision-making’ [Creat nua cinnteoireachta],

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0441/2023),

A.

de bhrí go bhfuil an fuinneamh i gceartlár na spriocanna forbartha inbhuanaithe uile, ach gurb é tátal na Tuarascála maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, 2023 (13) nach bhfuil an domhan fós ar an mbóthar ceart chun rochtain uilíoch ar fhuinneamh a bhaint amach; de bhrí gur fachtóir cumasúcháin é an fuinneamh san fhorbairt, go háirithe forbairt na talmhaíochta, an ghnó, na cumarsáide, an oideachais, an chúraim sláinte agus an iompair, agus i bhfeidhmiú an stáit;

B.

de bhrí go sonraítear in SDG 7 an aidhm rochtain inbhuanaithe ar fhuinneamh inacmhainne agus glan a bhaint amach faoi 2030, go háirithe trí chomhar idirnáisiúnta níos fearr a iarraidh chun rochtain ar thaighde, bonneagar agus teicneolaíocht fuinnimh ghlain agus inathnuaite a éascú agus chun infheistíocht chun na gcríoch sin a chur chun cinn; de bhrí gur den ríthábhacht é iarrachtaí taidhleoireachta a neartú chun uaillmhian pholaitiúil níos mó a chothú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbochtaineacht fuinnimh agus deireadh a chur léi;

C.

de bhrí, de réir na Náisiún Aontaithe, amhail ó lár 2023, go bhfuil thart ar 733 mhilliún duine ar fud an domhain, a bhfuil cónaí ar 80 % acu san Afraic fho-Shahárach, nach bhfuil rochtain fós acu ar fhuinneamh atá inacmhainne, iontaofa, glan agus ar ardchaighdeán (14);

D.

de bhrí go bhfuil an-éagsúlacht sa rochtain ar fhuinneamh i measc na dtíortha atá i mbéal forbartha; de bhrí go maireann 52 % de dhaonra na hAfraice fo-Shaháraí gan rochtain ar leictreachas agus gurb é an t-aon réigiún ar domhan é ina bhfuil méadú ag teacht ar an sciar den phobal atá gan leictreachas; de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí móra faoi cheilt san fhigiúr sin, agus nach bhfuil rochtain rialta ar fhuinneamh ach ag 30,4 % de dhaonra tuaithe an réigiúin, i gcomparáid le 80,7 % den daonra uirbeach ann; de bhrí go n-aithnítear go bhfuil an t-oideachas ar cheann de na gnéithe is riachtanaí de laghdú na bochtaineachta; de bhrí go dtacaíonn rochtain ar leictreachas le hoideachas ardcháilíochta freisin, ach nach bhfuil leictreachas ach ag 47 % de na scoileanna san Afraic fho-Shahárach;

E.

de bhrí go bhfuil tionchar ag an easpa rochtana ar leictreachas i dtimpeallachtaí uirbeacha nó peirea-uirbeacha ar na pobail atá i lonnaíochtaí móra neamhrialta, agus ar dhaoine agus ar dhídeanaithe atá easáitithe go héigeantach; de bhrí, fiú nuair a bhíonn rochtain ann ar leictreachas, gur minic a bhíonn cáilíocht na seirbhísí sin go dona;

F.

de bhrí gur deacra fós rochtain a fháil ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, glan agus ar ardchaighdeán i dtíortha atá buailte ag coinbhleachtaí agus le tubaistí nádúrtha; de bhrí, fiú i réigiúin a bhfuil rochtain níos fearr acu ar fhuinneamh, amhail an Áise agus an tAigéan Ciúin nó Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, go bhfuil éagothromaíochtaí móra ann idir a tíortha agus i measc na bpobal;

G.

de bhrí go bhfuil an ghéarchéim fuinnimh arb í ionradh na Rúise ar an Úcráin ba chionsiocair léi fós dian, agus go bhfuil na praghsanna arda fuinnimh ag cur isteach orthu siúd is leochailí thar aon dream eile, i ngeilleagair atá i mbéal forbartha go háirithe;

H.

de bhrí go bhfuil rochtain ar fhuinneamh fíor-riachtanach d’eagraíochtaí daonnúla agus forbartha chun cabhair dhaonnúil éifeachtúil a sholáthar, cúram leighis agus éigeandála go háirithe;

I.

de bhrí go dtugann na réamh-mheastacháin reatha le fios go mbeidh thart ar 660 milliún duine ar fud an domhain gan rochtain ar leictreachas in 2030 agus go mbeidh thart ar aon bhilliún duine ar fud an domhain gan rochtain ar chócaireacht ghlan mura ndéanfar gníomhaíocht iomchuí;

J.

de bhrí go mbeidh de thoradh ar rochtain níos fearr ar fhuinneamh inacmhainne agus glan go músclófar fás eacnamaíoch inbhuanaithe, go meallfar gnólachtaí agus fiontraíocht agus go bhfeabhsófar sláinte, folláine agus slándáil an duine;

K.

de bhrí gur saincheist inscne, i measc nithe eile, í an bhochtaineacht fuinnimh, a shainítear mar easpa foinsí inbhuanaithe, glana agus sábháilte fuinnimh, agus suas le tuairim agus 18 n-uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar an meán á gcaitheamh chun breoslaí cócaireachta a bhailiú (15);

L.

de bhrí go bhfuil mná go mór faoi ghannionadaíocht i lucht saothair na hearnála fuinnimh ar fud an domhain, i róil bhainistíochta go háirithe; de bhrí go bhfeabhsófar an inbhuanaitheacht agus go méadófar torthaí dearfacha inscne ach mná a bheith rannpháirteach mar ghníomhairí gníomhacha i réitigh fuinnimh inathnuaite, i gcomhréir le GAP III an Aontais;

M.

de bhrí gurb iad na breoslaí traidisiúnta cócaireachta (bithmhais sholadach, ceirisín agus gual) is mó a chuireann le hastaíochtaí carbóin, leis an dífhoraoisiú agus leis an athrú aeráide agus gur bagairt iad ar shláinte na ndaoine; de bhrí go mbraitheann 2,4 billiún duine ar fud an domhain ar na breoslaí sin, rud a fhágann go bhfaigheann thart ar 3,7 milliún duine bás anabaí in aghaidh na bliana, agus gur mná agus leanaí is mó atá thíos leis; de bhrí, in 2019, go bhfuair 700 000 duine bás ó thruailliú aeir tí san Afraic amháin;

N.

de bhrí go bhfuil cistiú ón Aontas le haghaidh breoslaí glana cócaireachta an-íseal ar fad; de bhrí, fiú nuair a bhíonn straitéisí cócaireachta glaine ann, go mbíonn an cur chun feidhme lag agus gur beag an t-airgeadas a bhíonn ar fáil, mar sin is deacair gnóthachain bheaga a bhaint amach, agus go bhfuil glacadh sorn cócaireachta feabhsaithe agus an úsáid leanúnach a bhaintear astu íseal go fóill; de bhrí go bhfuil faoi bhun 10 % de na daoine nach bhfuil rochtain acu ar chócaireacht ghlan ina gcónaí i dtíortha a bhfuil beartais éifeachtacha agus cistiú leordhóthanach acu chun rochtain uilíoch a bhaint amach faoi 2030;

O.

de bhrí gur cuireadh, de dheasca phaindéim COVID-19 agus an mhéadaithe ar phraghas an fhuinnimh, moill ar an dul chun cinn maidir leis an rochtain ar chócaireacht ghlan a leathnú; de bhrí, i dtíortha i mbéal forbartha a bhíonn ag brath go mór ar bhithmhais le haghaidh cócaireachta, gur cheart don Aontas tacú le roghanna eile de mhalairt ar thomhaltas adhmaid agus réitigh amhail cócaireáin ghréine a chur chun cinn;

P.

de bhrí go mbíonn de thoradh ar an easpa rochtana ar chócaireacht ghlan go méadaítear an méid ama a chaitheann mná agus cailíní ag cócaireacht; de bhrí go mbíonn de thoradh air sin go dtreisítear dáileadh éagothrom na hoibre baile idir fir agus mná; de bhrí go meastar go mbeadh de thoradh ar rochtain ar chócaireacht ghlan go mbeadh 1,5 uair an chloig bhreise ar an meán ag mná agus ag cailíní in aghaidh an lae, am a d’fhéadfaidís a úsáid le haghaidh fóillíochta agus/nó oideachais;

Q.

de bhrí go bhfuil flúirse foinsí inathnuaite fuinnimh ag tíortha i mbéal forbartha, ach gur minic a bhíonn siad d’uireasa beartas cumasúcháin agus creat rialála agus na ndálaí tionsclaíocha agus teicneolaíocha is gá le haghaidh forbairt agus úsáid inbhuanaithe fuinnimh; de bhrí go bhfuil dúshláin iomadúla rompu freisin, amhail an t-athrú aeráide, rófhéichiúnas agus fás déimeagrafach tapa, a bhfuil tionchar acu go léir ar an éileamh ar fhuinneamh agus ar an tomhaltas fuinnimh; de bhrí go bhfuil tíortha amhail an Namaib agus Angóla rannpháirteach i dtionscadail uaillmhianacha fuinnimh inathnuaite; de bhrí go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag roinnt tíortha i mbéal forbartha, amhail an tSeineagáil, Ruanda agus an Chéinia, i réimse na rochtana ar fhuinneamh; de bhrí gur gá na comhthéacsanna éagsúla i ngach tír a chur san áireamh chun urfhuascailtí a bhaint amach ó thaobh rochtain ar fhuinneamh, le leibhéil iomchuí tola polaitiúla agus tacaíochta ón Aontas;

R.

de bhrí go bhfuil traidisiún fada ag an Aontas ó thaobh comhar fuinnimh san Afraic; de bhrí go ndearna an tAontas mar aon lena Bhallstáit formhór mór an mhaoinithe maidir le cúnamh oifigiúil um fhorbairt a sholáthar do thionscadail de chuid SDG 7 san Afraic idir 2014 agus 2020, arbh ionann é agus EUR 13,8 billiún; de bhrí nach leor fós é sin agus gur gá tuilleadh iarrachta a dhéanamh; de bhrí gur i bhfoirm iasachtaí a bhí thart ar 53 % de na heisíocaíochtaí, ach go bhfuil de thoradh ar an bhfiachas breise sin go laghdaítear cumas na dtíortha sin infheistíocht a dhéanamh sna SDGanna, lena n-áirítear SDG 7; de bhrí, in 2023, go bhfuil 21 thír ísealioncaim san Afraic in anás fiachais, nó go bhfuil an baol ann go mbeidh siad in anás fiachais;

S.

de bhrí go bhfuil sreafaí airgeadais le haghaidh fuinnimh fós comhchruinnithe i ngrúpa beag tíortha, agus gur minic a fhágtar na tíortha is lú forbairt ar lár dá chionn sin; de bhrí, maidir le spriocdhíriú geografach, nach bhfuil ach trí cinn de na deich dtairbhí is mó ina dtíortha is lú forbairt, agus go léirítear leis sin nár leithdháileadh acmhainní chun an rochtain ar fhuinneamh a leathnú agus chun an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac de réir ord tosaíochta;

T.

de bhrí go bhfuil an t-aistriú fuinnimh an-tearcmhaoinithe agus tearcmhaoinithe go leanúnach i dtíortha i mbéal forbartha, sna tíortha is lú forbairt go háirithe; de bhrí gurb é an sainmhíniú atá ag an Institiúid um Rialachas Acmhainní Nádúrtha ar an srian acmhainní gur teip atá ann ar thaobh a lán tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de tairbhe iomlán a bhaint as a rachmas acmhainní nádúrtha, agus go dteipeann ar rialtais na dtíortha sin freagairt go héifeachtach do riachtanais leasa an phobail (16); de bhrí go bhfuil an baol ann go mbeidh an t-éagsúlú eacnamaíoch íseal de bharr spleáchas iomarcach ar onnmhairí breoslaí iontaise;

U.

de bhrí gur cheart do Aontas maoiniú an fhuinnimh inathnuaite i dtíortha i mbéal forbartha a mhéadú, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil nua arna chruthú ag ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar éilliú agus ar institiúidí laga, a mbíonn de thoradh orthu go gcuirtear le fadhbanna an tearcmhaoinithe, sna tíortha is lú forbairt go háirithe;

V.

de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag formhór na dtionscadal atá á gcistiú ag an Aontas giniúint leictreachais a chur chun cinn, ach gurb é an deighleog a bhaineann le dáileachán leictreachais an ceann is laige, in ainneoin go bhfuil sí riachtanach chun SDG 7 a bhaint amach; de bhrí go bhfuil a lán tíortha atá i mbéal forbartha fós ag brath ar ghual mar an phríomhfhoinse fuinnimh i gcomhair giniúint leictreachais;

W.

de bhrí gurb iad na tíortha is mó a ndéanann iarmhairtí diúltacha an athraithe aeráide difear dóibh is lú atá freagrach as na hastaíochtaí; de bhrí go bhfuil beagnach 18 % de dhaonra an domhain san Afraic ach nach n-úsáideann an Afraic ach faoi bhun 6 % d’fhuinneamh an domhain; de bhrí nach bhfuil an Afraic freagrach ach as 3 % d’astaíochtaí CO2 an domhain a bhaineann le fuinneamh; de bhrí gurb iad tíortha G20 is cúis le 80 % de na hastaíochtaí domhanda;

X.

de bhrí go ndearnadh an Chomhpháirtíocht Fuinnimh idir an Afraic agus an tAontas Eorpach a athnuachan i mí Feabhra 2022 chun go léireofaí inti Clár Oibre 2063 an Aontais Afracaigh agus tosaíochtaí an Aontais maidir leis an athrú aeráide, an tslándáil fuinnimh, REPowerEU agus an Tairseach Dhomhanda, arb é is cuspóir dóibh giniúint agus dáileadh fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn, lena n-áirítear lena onnmhairiú chuig an Eoraip; de bhrí gur fógraíodh pacáiste infheistíochta thart ar EUR 150 billiún chun tacú le huaillmhianta coiteanna na mór-roinne, mar a leagtar amach i gClár Oibre 2030 agus i gClár Oibre 2063 an Aontais Afracaigh, agus é mar aidhm leis, i measc nithe eile, a áirithiú go dtarlóidh aistriú fuinnimh atá costéifeachtach, nua-aimseartha, éifeachtúil, iontaofa, cothrom, cóir agus cothromasach;

Y.

de bhrí gur sampla í comhpháirtíocht an Aontais um aistriú cóir fuinnimh leis an Afraic Theas de thoilteanas an Aontais é féin a chur sa riocht gur ceannaire domhanda san aistriú cóir fuinnimh é, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an ngné sheachtrach de straitéis fuinnimh agus aeráide an Aontais agus le huaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun cinn ar fud an domhain;

Z.

de bhrí gur cheart neamhspleáchas fuinnimh na Stát Oileánach Beag atá i mBéal Forbartha, ag tógáil ar a n-ardacmhainneacht fuinnimh inathnuaite, a bheith ina chuspóir soiléir i gcónaí;

AA.

de bhrí gur féidir hidrigin a tháirgtear trí úsáid a bhaint as cumhacht núicléach agus as gás nádúrtha a áireamh faoin lipéad ‘hidrigin ísealcharbóin’, rud a chiallaíonn nach gá go mbeadh sí saor ó astaíochtaí; de bhrí gurb í an hidrigin ghlas ó fhoinsí inathnuaite an t-aon chineál hidrigine ar féidir léi rannchuidiú go fírinneach le haeráidneodracht i bhfad na haimsire;

AB.

de bhrí go leagtar síos le REPowerEU sprioc 10 milliún tona de hidrigin ghlas a allmhairiú in aghaidh na bliana faoi 2030; de bhrí, chun na críche sin, gur shínigh an Coimisiún meabhráin tuisceana le haghaidh comhpháirtíochtaí straitéiseacha hidrigine inathnuaite leis an Namaib agus leis an Éigipt i mí na Samhna 2022, i measc tionscnaimh eile;

AC.

de bhrí, de réir Athbhreithniú Hidrigine Domhanda na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, 2023 (17), gur as breoslaí iontaise a dhéantar 99 % den hidrigin a tháirgtear ar fud an domhain;

AD.

de bhrí go bhfuil sé de mhianach sa hidrigin ghlas dlús a chur leis an gconair i dtreo dhícharbónú an táirgthe thionsclaíoch i dtíortha comhpháirtíochta, ar choinníoll nach gcuirfear moill dá barr ar an aistriú fuinnimh áitiúil agus gur cuid í de straitéis níos leithne chun tomhaltas foriomlán fuinnimh i dtíortha forbartha a laghdú chun teorainneacha pláinéadacha a urramú; de bhrí, ag an am céanna, nach mór aird chuí a thabhairt ar an bhfíoras go bhfuil an bonneagar is gá don hidrigin ghlas dian ar chaipiteal agus ar theicneolaíocht, go bhfuil iompar agus stóráil fadraoin hidrigine dian ar fhuinneamh agus costasach, agus go bhfuil méideanna ollmhóra talún agus uisce ag teastáil chun hidrigin ghlas a tháirgeadh ar mhórscála;

AE.

de bhrí nach mbainfear cuspóirí aeráide 2030 agus 2050 amach gan dícharbónú eochairearnálacha ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú; de bhrí gur cuid thábhachtach de chomhpháirtíochtaí straitéiseacha nua an Aontais é hidrigin ghlas a allmhairiú ó thíortha lasmuigh den Aontas; de bhrí, de réir Athbhreithniú Hidrigine Domhanda na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, 2023 go bhfuil dúshláin chostais ag bagairt ar an mbrabúsacht fhadtéarmach a ghabhann le cur chun feidhme an táirgthe hidrigine; de bhrí go bhféadfadh riosca a bheith i gceist le húsáid táirgthe hidrigine go leathnófaí úsáid breoslaí iontaise agus go leathnófaí cleachtais eastóscacha, lena n-áirítear go bhféadfaí talamh, uisce agus fuinneamh a urghabháil ar mhórscála i dtíortha i mbéal forbartha ar táirgeoirí iad;

AF.

de bhrí go bhfuil ról lárnach ag amhábhair chriticiúla maidir le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a áirithiú do chách, de bhrí go bhfuil an tAontas i mbun creat comhleanúnach a bhunú chun a soláthar leanúnach, slán agus freagrach a áirithiú, agus cearta an duine á gcaomhnú agus ag tacú leis an bhforbairt áitiúil ag an am céanna;

AG.

de bhrí go gcuirtear réitigh maithe ar fáil do phobail iargúlta le fuinneamh inathnuaite díláraithe mioneangaí agus eiseangaí, go háirithe maidir le cruthú post, oideachas agus sláinte, ach gur gá tacaíocht phoiblí a bheith ag gabháil leis chun samhail ghnó inmharthana agus fhreagrach a chruthú;

AH.

de bhrí go bhfuil dúshláin ag baint freisin le leathnú foinsí inathnuaite fuinnimh atá bunaithe ar chumhacht na gréine agus na gaoithe, le táirgeadh hidrigine inathnuaite agus le tógáil dambaí hidrileictreacha toisc go dteastaíonn limistéir mhóra talún lena n-aghaidh, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar úsáid talún agus ar riachtanais áitiúla atá ann cheana, go háirithe maidir le rochtain ar uisce, agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le heasáitiú pobal áitiúil agus dúchasach, agus le dochar a dhéanamh d’éiceachórais agus do ghnáthóga nádúrtha; de bhrí gur gá limistéir thalún agus farraige a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh giniúint fuinnimh inathnuaite a shainaithint agus, ag an am céanna, urraim don bhithéagsúlacht, an geilleagar áitiúil agus toiliú na bpobal dúchasach á gcur san áireamh;

AI.

de bhrí go meastar go gcruthófar tuilleadh fostaíochta in earnáil na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh leis an aistriú chuig foinsí inathnuaite fuinnimh; de bhrí go bhfuil sé de mhianach sna teicneolaíochtaí nua inathnuaite fuinnimh deiseanna eacnamaíocha a ghiniúint, ar deiseanna iad atá in ann, dá réir sin, tacú le baint amach an chirt chun slí beatha agus oibre cuibhiúla; de bhrí go bhfuil gealladh faoi thodhchaí na hAfraice i gcórais fuinnimh inathnuaite, agus 60 % de na hacmhainní gréine is fearr ar domhan san Afraic ach gan ach 1 % den acmhainneacht fuinnimh gréine suiteáilte inti; de bhrí go bhfuil Meiriceá Laidineach ar cheann de na réigiúin is tábhachtaí ar domhan ó thaobh úsáid agus giniúint fuinnimh inathnuaite;

AJ.

de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, go dtiocfaidh méadú 17 % ar an acmhainneacht hidreachumhachta dhomhanda idir 2021 agus 2030; de bhrí gur i ngeilleagair atá i mbéal forbartha san Afraice, san Áise agus i Meiriceá Laidinigh is mó atá an acmhainneacht hidreachumhachta neamhshaothraithe; de bhrí, áfach, go bhfuil baint ag tionscadail hidreachumhachta ar mhórscála le tionchair dhiúltacha shóisialta agus chomhshaoil, idir easáitiú pobal leochaileach daonna agus scriosadh bithéagsúlachta uathúla agus a lán eile nach iad; de bhrí go n-eascraíonn dúshláin nua as an hidreachumhacht i gcomhthéacs an athraithe aeráide, a mbeidh de thoradh air go dtiocfaidh méadú mór ar mhinicíocht na dtuilte agus na dtriomach ar na haibhneacha ina n-oibríonn tionscadail hidreachumhachta, ag méadú rioscaí do shábháilteacht na dtionscadal agus dá n-acmhainneacht leictreachas a ghiniúint;

AK.

de bhrí go bhfuil freagracht atá i bpáirt acu ach difreáilte ar an Aontas agus ar na tíortha comhpháirtíochta araon aistriú chuig fuinnimh inbhuanaithe a bhaint amach; de bhrí, ar an gcéad dul síos, nach mór do thacaíocht an Aontais do thionscadail fuinnimh inathnuaite riachtanais an daonra áitiúil a chomhlíonadh sula dtacaítear leis an onnmhairiú;

AL.

de bhrí gur cheart anailís a dhéanamh freisin ar mhian shainráite tíortha áirithe atá i mbéal forbartha leas a bhaint as a n-acmhainní hidreacarbóin i bhfianaise éileamh an Aontais go ndéanfaí gealltanas domhanda ag COP28 i dtaobh breoslaí iontaise a chéimniú amach; de bhrí go bhféadfadh úsáid acmhainní nádúrtha le haghaidh giniúint fuinnimh deiseanna eacnamaíocha a chruthú, mar sin féin, trí thosaíocht a thabhairt d’onnmhairiú fuinnimh inathnuaite, d’fhéadfadh tíortha i mbéal forbartha a n-aistriú fuinnimh intíre a chur i mbaol agus méadú a chur ar an sciar dá meascán leictreachais féin arb ídiú breoslaí iontaise é;

AM.

de bhrí, de réir Institiúid Acmhainní an Domhain, go mbíonn 25 % de dhaonra an domhain faoi an-strus acmhainní uisce gach bliain; de bhrí go bhfuil an t-uisce lárnach ó thaobh barra a fhás agus beostoc a thógáil, leictreachas a ghiniúint, sláinte an duine a chothú, sochaithe cothroma a chothú agus spriocanna aeráide an domhain a bhaint amach;

AN.

de bhrí go n-ídíonn córais agraibhia thart ar 30 % d’fhuinneamh an domhain agus go dtagann aon trian d’astaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála ó úsáid fuinnimh; de bhrí go bhfuil an t-aistriú fuinnimh agus claochlú na gcóras agraibhia fite fuaite ina chéile;

Rochtain uilíoch ar fhuinneamh glan a chur chun cinn

1.

á mheabhrú gur ceart bunúsach de chuid an duine í rochtain ar fhuinneamh uilíoch, inacmhainne agus inbhuanaithe agus gur réamhchoinníoll í chun na SDGanna a bhaint amach agus chun an cuspóir gan aon duine a fhágáil ar lár a bhaint amach; ag aithint, chun na críche sin, an róil atá ag maoiniú poiblí agus ag maoiniú príobháideach; á chur i bhfáth gur gá todhchaí atá neodrach ó thaobh carbóin de agus forbairt foinsí inathnuaite fuinnimh a bheith fite fuaite in éagsúlú eacnamaíoch, i dtionsclú glas, i ndícharbónú, i laghdú na bochtaineachta agus i gcur chuige atá bunaithe ar chearta an duine;

2.

á chur i bhfáth nach saincheist eacnamaíoch agus lóistíochta amháin é soláthar fuinnimh cobhsaí a áirithiú, ach gur saincheist gheopholaitiúil é freisin; á mheabhrú go raibh tionchar tromchúiseach ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar a margaí fuinnimh domhanda, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus go bhfuil gá fós le gníomhaíocht chomhordaithe chun soláthairtí cobhsaí fuinnimh agus praghsanna inacmhainne a áirithiú;

3.

á iarraidh ar an Aontas rochtain ar fhuinneamh inathnuaite a chothú i dtíortha atá i mbéal forbartha trí thacaíocht bheartais, rialála agus riaracháin, lena n-áirítear fothú acmhainneachta agus aistrithe teicneolaíochta; ag spreagadh comhpháirtíochtaí ina mbogtar ar shiúl ó shaothrú acmhainní iontaise agus ina ndírítear ar úsáid fuinnimh ghlain; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh infheistíochtaí glasa ina rannchuidiú leis an bhforbairt shocheacnamaíoch agus le rannpháirtíocht mhéadaithe ag tíortha i mbéal forbartha sa tírdhreach nua geopholaitiúil glan-nialasach ó thaobh fuinnimh de;

4.

á thabhairt chun suntais gur gá forbairt a dhéanamh ar réitigh lena gcabhrófar le fuinneamh inathnuaite a chur in úsáid i dtíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear fuinneamh muirí agus abhann, agus an bhithéagsúlacht á cosaint ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhfuil poitéinseal suntasach ann saoráidí giniúna fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a shuiteáil i dtíortha atá i mbéal forbartha; ag cur béim ar an ngá atá le bainistiú iomlánaíoch a dhéanamh ar limistéir mhuirí, ina mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach agus toiliú na bpobal áitiúil á urramú;

5.

ag moladh go láidir do thíortha atá i mbéal forbartha gealltanas a thabhairt go seasfaidh siad leis an gceartas fuinnimh trína gcreataí rialála, lenar cheart go n-áiritheofaí inghlacthacht áitiúil, rannpháirtíocht an phobail, cosaint do chearta talún agus go gcloífear le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le cearta an duine, agus é mar aidhm acu rochtain agus fuinneamh inacmhainne a áirithiú do chách; á chur i bhfios go láidir gur gá comhpháirtíochtaí fuinnimh a nascadh le glacadh creataí rialála agus gur gá cúnamh teicniúil a sholáthar dá n-achtú;

6.

á chur i bhfios go n-éilítear leis an tslándáil fuinnimh cur chuige inscneshonrach; á chur i bhfáth go mbíonn tionchar díréireach ag an mbochtaineacht fuinnimh ar mhná agus ar chailíní; á thabhairt chun suntais go mbíonn cúram laethúil orthu maidir le connadh agus fioghual a bhailiú i bhfad óna n-áiteanna cónaithe; á iarraidh go n-áireofaí mná mar ghníomhairí gníomhacha sa phróiseas aistrithe fuinnimh, lena n-áirítear i limistéir chaomhnaithe mhuirí;

7.

á iarraidh ar an Aontas dlús a chur lena thacaíocht theicniúil maidir le hinscne a phríomhshruthú san aistriú fuinnimh, lena n-áirítear trí thosaíocht a thabhairt do thionscadail fuinnimh inscne-fhreagrúla ina bhfuil eagraíochtaí agus gnólachtaí fuinnimh faoi stiúir ban rannpháirteach agus lena n-áirithítear úinéireacht áitiúil freisin, agus aird ar leith á tabhairt ar na tíortha is lú forbairt agus ar thíortha meánioncaim atá thíos le neamhionannais shuntasacha laistigh de na tíortha sin ó thaobh rochtain ar fhuinneamh agus cócaireacht ghlan de; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú maidir le rochtain ar fhuinneamh chun gníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le fuinneamh a threorú; á chur i bhfios go bhfuil tionchar ag an mbochtaineacht fuinnimh ar mhionlaigh agus ar phobail imeallaithe freisin;

8.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarmhairtí sláinte agus comhshaoil a bhaineann le hastaíochtaí breosla tí, amhail galair riospráide agus chardashoithíocha agus ailse, díghrádú foraoise, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus cailliúint na bithéagsúlachta; ag tarraingt aird ar an riosca a bhaineann leis an méadú atá ag teacht ar úsáid breoslaí cócaireachta neamhghlana chun freastal ar riachtanais fuinnimh an phobail atá ag dul i méid, san Afraic fho-Shahárach go háirithe;

9.

á chur i bhfáth nach bhfuil rochtain a thuilleadh ag daoine atá ag maireachtáil i bhfíorbhochtaineacht ar chonnadh agus, dá bhrí sin, go n-úsáideann siad ábhair eile a fhaightear timpeall an tí nó in aice láimhe, amhail boinn agus substaintí eile atá díobhálach don tsláinte; á thabhairt chun suntais, i bhfianaise an mhéid sin, go bhfuil tionchar díréireach ag truailliú aeir tí ar mhná agus ar chailíní;

10.

á chur i bhfios nach bhfuil an luas ar a bhfuil an rochtain ar bhreoslaí cócaireachta glana á leathnú faoi láthair i roinnt mhaith tíortha atá i mbéal forbartha tapa go leor chun na spriocanna gaolmhara faoi SDG 7 a bhaint amach faoi 2030; ag admháil na ndúshlán ilghnéitheach a bhaineann le glacadh cócaireachta glaine agus cócaireán iomchuí atá i gcomhréir le caighdeáin EDS; á iarraidh go n-ardófaí an fheasacht maidir leis na rioscaí sláinte a bhaineann le truailliú aeir tí ó chleachtais thraidisiúnta chócaireachta agus maidir leis na tairbhí a bhaineann le roghanna malartacha; ag tathant ar an Aontas tacaíocht airgeadais a thabhairt le haghaidh gníomhaíocht náisiúnta i dtíortha comhpháirtíochta, cur ar son na gníomhaíochta sin agus í a spreagadh;

11.

á iarraidh, thairis sin, ar an Aontas rochtain ar chócaireacht ghlan a ionchorprú mar thosaíocht laistigh dá chomhpháirtíochtaí fuinnimh agus dá chláir ilbhliantúla tháscacha le tíortha atá i mbéal forbartha agus i gclársceidealú an chomhair ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta ar an láthair, go háirithe le heagraíochtaí atá faoi stiúir na mban, d’fhonn comhionannas inscne a bhaint amach agus comhroinnt níos cothroime na hoibre tí agus na hoibre cúraim a chur chun cinn idir fir agus mná i gcomhréir le coincheap na sochaí cúraim; á chur i bhfios gur ann do dheiseanna de dhroim thionscnaimh na Tairsí Domhanda amhail an tionscnamh um an tSaoráid Chócaireachta Nua-Aimseartha don Afraic agus an tionscnamh um an Timpeallacht Fiontraíochta a Neartú le haghaidh Cócaireacht Ghlan;

12.

á iarraidh, thairis sin, ar an Aontas aird ar leith a thabhairt ar bhonneagar agus ar fhóntais, lena n-áirítear córais séarachais a thógáil agus rochtain orthu, agus rochtain teaghlach nó pobal ar thoibreacha nó ar chórais íonaithe uisce;

13.

á chur in iúl gur oth léi an tionchar tubaisteach atá ag an easpa rochtana ar leictreachas ar bhunriachtanais na bpobal; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tosaíocht a dhéanamh den leictriú ina gcomhar agus ina gcomhpháirtíochtaí le tíortha atá i mbéal forbartha; á chur i bhfáth, go háirithe, gur gá infheistíocht a dhéanamh san acmhainneacht ghiniúna, go háirithe san Afraic fho-Shahárach, chun go mbainfear amach an cuspóir go mbeadh rochtain ag cách ar fhuinneamh;

14.

g tarraingt aird ar dheiseanna rochtana ar fhuinneamh malartach, amhail acmhainní fuinnimh gheoiteirmigh neamhshaothraithe; á chur i bhfios go bhfuil tacaíocht d’inacmhainneacht na gcostas fuinnimh ríthábhachtach chun rochtain ar leictreachas a leathnú, go háirithe san Afraic, áit a bhfuil 30 % den daonra nach bhfuil in acmhainn cuach riachtanach de sheirbhísí leictreachais a fháil;

15.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil méadú ag teacht ar riachtanais fuinnimh i measc dídeanaithe agus daoine easáitithe a chónaíonn i gcampaí; á chur in iúl gur oth léi go mbíonn de thoradh ar neamhdheimhneacht fuinnimh nach féidir le clinicí sláinte áitiúla ná le scoileanna feidhmiú go hiomlán i gceantair iargúlta agus i suíomhanna daonnúla;

16.

á chur i bhfáth gur gá líne bhuiséid na cabhrach daonnúla a mhéadú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil chun freastal ar riachtanais dhaonnúla, lena n-áirítear trí dhlús a chur le cúnamh airgeadais chun soláthar fuinnimh a áirithiú i gcampaí, lena n-áirítear trí thionscadail ghlasa eiseangaí, mioneangaí agus fuinnimh inathnuaite, chun a ráthú gur féidir le heagraíochtaí daonnúla ar an láthair cabhair bhunúsach dhaonnúil a chur ar fáil, cúram leighis agus cúram práinneach go háirithe;

Tacú leis an aistriú fuinnimh i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt

17.

ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit comhleanúnachas beartais a áirithiú ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe ar fud chlár oibre seachtrach fuinnimh an Aontais, ar cheart é a chur in oiriúint do shainiúlachtaí áitiúla agus do riachtanais áitiúla;

18.

á athdhearbhú go bhfuil sé tiomanta don cheartas fuinnimh; á iarraidh ar an Aontas tacú le tíortha atá i mbéal forbartha chun córais fuinnimh inathnuaite atá bunaithe ar chearta a chur chun feidhme, ar córais iad a rannchuidíonn go héifeachtach lena bhforbairt inbhuanaithe; á chreidiúint gur réamhchoinníoll é an prionsabal go mbeadh toiliú saor, roimh ré agus feasach ag na pobail a ndéantar difear dóibh le haghaidh aistriú rathúil, glas agus cóir fuinnimh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé éifeachtúlacht fuinnimh agus scileanna áitiúla a chur chun cinn agus nuálaíocht teicneolaíochta, aistriú teicneolaíochta agus comhar teicniúil a spreagadh sna tionscadail aistrithe fuinnimh sin;

19.

á chur i bhfáth nach mór don Aontas tacú le tíortha atá i mbéal forbartha, i gcás inar gá, agus iad ag bunú nó ag treisiú creataí rialála lena ráthaítear dáileadh fuinnimh agus seirbhís uilíoch ar fud a gcríoch, chomh maith le hacmhainneacht dea-rialachais agus trédhearcacht in aon tionscadail aistrithe fuinnimh; á iarraidh ar an Aontas feabhas a chur ar chúnamh teicniúil chun córais leictreachais a athchóiriú; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le feabhas a chur ar rochtain fuinnimh agus ar rialáil na hearnála fuinnimh trí thionscadail thiomnaithe de chuid an Aontais agus trí infheistíochtaí i dtíortha comhpháirtíochta atá i mbéal forbartha;

20.

á thabhairt chun suntais gur ann do rioscaí féideartha de dhroim coinbhleachtaí úsáide talún agus úsáide uisce, go háirithe athlonnú éigeantach agus díshealbhú le haghaidh suiteálacha fuinnimh inathnuaite ar mhórscála; ag tathant ar an Aontas, trína chomhpháirtíochtaí, tacú le rialtais na dtíortha atá i mbéal forbartha:

(a)

mapáil neamhspleách neamhchlaonta a dhéanamh ar úsáid thraidisiúnta talún agus uisce, lena n-áirítear le haghaidh innilt thréimhsiúil, oidhreacht chultúrtha dhúchasach agus córais bhithéagsúlachta ardluacha, sula bhforbrófar tionscadail fuinnimh inathnuaite, d’fhonn pleanáil inbhuanaithe maidir le húsáid talún a spreagadh agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil agus sóisialta;

(b)

saorthoiliú roimh ré agus feasach a lorg ó na pobail áitiúla, agus a gceart gan a dtoil a thabhairt a ráthú, chomh maith lena gcearta chun ceartais, sásaimh, cúitimh agus luacha saothair;

(c)

critéir chomhshaoil agus shóisialta agus cleachtais fhreagracha ghnó a shainiú i gcomhréir le creataí rialála idirnáisiúnta agus a gcomhlíonadh a áirithiú trí shásraí maoirseachta agus casaoide;

(d)

cosaint gníomhaithe ar son na haeráide a áirithiú;

(e)

comhroinnt eolais agus dea-chleachtas a éascú idir tíortha agus réigiúin i mbéal forbartha ar éirigh leo coinbhleachtaí úsáide talún a bhaineann le tionscadail fuinnimh a bhainistiú go rathúil;

21.

ag tabhairt dá haire, i gcás roinnt tionscadail fuinnimh ghlais ar mhórscála (amhail tionscadail ghaothchumhachta agus ghrianchumhachta), amhail iad siúd atá á mbunú i limistéir talamh tirim, mar shampla, gur den ríthábhacht é dul i gcomhairle go leormhaith leis na gnáthúsáideoirí talún (amhail tréadaithe); á mheabhrú go bhfuil stádas dlíthiúil sách lag ag gabháil le cearta comhchoiteanna traidisiúnta agus gur minic nach gcuirtear chun feidhme iad, agus baol méadaithe ann dá réir go ndéanfaí grabáil talún; á iarraidh ar an Aontas Eorpach, i bhfianaise an mhéid sin, agus ar a thíortha comhpháirteacha cearta na ndaoine dúchasacha maidir le gnáthúinéireacht agus rialú a dtailte agus a n-acmhainní nádúrtha a aithint agus a chosaint mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus i gCoinbhinsiún 169 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, agus prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré a chomhlíonadh;

22.

á mholadh gur cheart do Bhallstáit an Aontais nach bhfuil Coinbhinsiún 169 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le pobail dhúchasacha agus threibheacha daingnithe acu déanamh amhlaidh;

23.

ag admháil an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cleachtais tiontaithe fuinnimh atá dian ar uisce, amhail gléasraí hidreachumhachta agus táirgeadh hidrigine, ar phobail talmhaíochta; á thabhairt chun suntais go mbíonn éifeachtaí díobhálacha ag dambaí hidreachumhachta ar aibhneacha agus ar an mbithéagsúlacht, go háirithe in inbhir, mar a leagtar amach i dtuarascáil an 16 Samhain 2000 ón gCoimisiún Domhanda maidir le Dambaí, i measc nithe eile; á chur i bhfáth, áfach, go bhféadfaí cumhacht osmóiseach a fhorbairt, go háirithe in inbhir agus i ndeiltí, chun réitigh a chur ar fáil chun fuinneamh inathnuaite a ghiniúint;

24.

á mheabhrú gur minic a bhíonn iliomad dúshlán roimh thionscadail mhóra hidreachumhachta i dtíortha i mbéal forbartha, lena n-áirítear réamhchostais thoirmeascacha, róchaiteachas mór agus moilleanna móra, deacrachtaí maidir le maoiniú a mhealladh, loirg shóisialta agus chomhshaoil, leochaileacht i leith an athraithe aeráide agus roinnt cuntais teiste lag maidir leis an gcumhacht a gealladh a bhaint amach; á chur i bhfáth gur den tábhacht é tionscadail hidreachumhachta inbhuanaithe a chur chun cinn trí mheasúnuithe cuimsitheacha tionchair comhshaoil agus sóisialta a dhéanamh agus trí rannpháirtíocht fhóinteach an phobail a áirithiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart, i gcás inar féidir, tosaíocht a thabhairt do thionscadail eile ar mhionscála agus do chineálacha éagsúla tionscadal fuinnimh inathnuaite;

25.

á chur i bhfáth gurb amhlaidh, de réir na moltaí a bhí i dtuarascáil an 16 Samhain 2000 ón gCoimisiún Domhanda maidir le Dambaí, gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar aon phleanáil a dhéantar ar dhambaí de réir cúig luach: cothromas, éifeachtúlacht, cinnteoireacht rannpháirteach, inbhuanaitheacht agus cuntasacht; á thabhairt chun suntais, ar bhonn níos leithne, gur cheart a chur san áireamh go hiomlán sa phróiseas cinnteoireachta maidir le dambaí coincheap chearta an duine, mar a chumhdaítear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, 1948 agus sna cúnaint ghaolmhara a glacadh ina dhiaidh sin, chun saincheisteanna casta a bhaineann le huisce, dambaí agus forbairt a réiteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas oibriú laistigh de shainchúram a chomhpháirtíochtaí le tíortha i mbéal forbartha chun a áirithiú go ndéanfar na pobail a ndéanann tionscadail dambaí difear dóibh a chúiteamh go leormhaith agus go gcuirfear bearta iomchuí um athbhunú slite beatha ar fáil dóibh;

26.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di leochaileacht na saoráidí in aghaidh eachtraí adhaimsire, mar a léiríodh leis na tuilte sa Libia le déanaí, a raibh de thoradh orthu gur scuabadh comharsanachtaí iomlána chun siúil agus go ndearnadh damáiste do bhonneagar criticiúil; á áitiú go gcaithfear seasamh le cuspóirí fíorthábhachtacha SDG 9, lena bhféachtar le bonneagar athléimneach a thógáil, tionsclú inbhuanaithe a chur chun cinn agus nuálaíocht a chothú;

27.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil líon méadaitheach tionscadail breoslaí iontaise san Afraic, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar dhul chun cinn tráthúil na hAfraice chuig fuinneamh inathnuaite; ag tabhairt dá haire freisin, cé go bhfuil 18 % de dhaonra an domhain ina gcónaí san Afraic, nach bhfuil i dtomhaltas fuinnimh na hAfraice ach 6 % den tomhaltas fuinnimh domhanda; á mheabhrú go bhfuil cion mór den táirgeadh ola, gáis agus guail san Afraic ceaptha lena onnmhairiú, cé go bhfuil an mhór-roinn fós ag fulaingt de bharr bochtaineacht fuinnimh; á áitiú gur gá tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht i mbonneagar fuinnimh inathnuaite inbhuanaithe san Afraic, i bpobail tuaithe agus imeallaithe go háirithe, trí chórais fuinnimh dhíláraithe agus líonraí micreangaí a bhunú;

28.

á iarraidh ar an Aontas spreagadh a thabhairt d’fhorbairt córas fuinnimh nach bhfuil baint acu le leathnú tionscadal breosla iontaise atá ann cheana ná le tionscadail breosla iontaise nua, agus nach bhfuil ag brath ar na tionscadail sin, i gcomhréir le moltaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí a théann chun tairbhe do thíortha onnmhairiúcháin agus dá bpobail ó thaobh fuinneamh inathnuaite de;

29.

ag cáineadh na gcaighdeán dúbailte trína mbíonn gealltanais á dtabhairt go mion minic ag institiúidí airgeadais príobháideacha agus poiblí i dtíortha forbartha go mbainfidh siad neodracht carbóin amach faoi 2050 agus forbairt agus leathnú breoslaí iontaise á maoiniú acu ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir nach mbeidh éifeacht ag na hiarrataí ar thíortha ísealioncaim agus meánioncaim a spleáchas ar ghual a laghdú fad a leanfaidh tíortha forbartha de bheith ag brath go láidir ar bhreoslaí iontaise eile;

30.

á mheabhrú gur féidir le roghanna malartacha atá bunaithe ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh foinse fuinnimh níos saoire, níos inrochtana, níos ionchuimsithí agus níos iontaofa a chur ar fáil go mion minic ar na saolta seo; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag fuinneamh inathnuaite ó thaobh oiriúnú agus éifeachtúlacht na gcóras agraibhia a mhéadú; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tús áite a thabhairt d’úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh i gcórais agraibhia ina gcomhaontuithe comhpháirtíochta le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad;

31.

á mholadh go ndéanfaí comhbheart pleanála maidir leis an aistriú fuinnimh faoi chuimsiú na comhpháirtíochta idir an tAontas agus an tAontas Afracach, ag tarraingt ar Chomhthionól Parlaiminteach na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin-AE agus ar shochaithe sibhialta na hAfraice, agus ceannasacht náisiúin na hAfraice á hurramú ag an am céanna; á mholadh go ndéanfaí treoirlínte a tharraingt suas maidir le comhroinnt chothrom infheistíochtaí, ioncam, teicneolaíochtaí agus scileanna;

32.

á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cláir oideachais agus oiliúna don phobal áitiúil a áireamh ina gcomhpháirtíochtaí fuinnimh le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun tacú leis an aistriú fuinnimh ar an láthair agus chun deiseanna fostaíochta a chruthú do phobail áitiúla; á iarraidh ar an Aontas, ar an gcaoi chéanna, dlús a chur leis an gcomhar eolaíoch le tíortha i mbéal forbartha maidir le rochtain ar thaighde agus ar theicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite; á chreidiúint gur cheart maitrís ghiniúna na bhfuinneamh inathnuaite a athrú chun imeacht ón bpeirspictíocht eastóscachais amháin;

33.

á mheabhrú go n-áirítear i Ráiteas Ghlaschú maidir le Tacaíocht Phoiblí Idirnáisiúnta don Aistriú chuig Fuinneamh Glan, 2021 gealltanas ó na sínitheoirí deireadh a chur le tacaíocht phoiblí dhíreach nua d’earnáil an fhuinnimh breosla iontaise; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dea-shampla a thabhairt agus stop a chur le maoiniú tionscadal breosla iontaise;

Hidrigin ghlas

34.

á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag hidrigin ghlas mar uirlis chun an córas fuinnimh a dhícharbónú, chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach ar fud an domhain faoi 2050 agus chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, ach á mheabhrú a thábhachtaí atá measúnuithe saolré lena gcuirtear san áireamh na modhanna táirgthe agus iompair a úsáidtear;

35.

ag tabhairt rabhadh i gcoinne an bhaoil fhéideartha a bhaineann le ‘mallacht na hidrigine glaise’ lena gcothófaí spleáchas na dtíortha i mbéal forbartha ar onnmhairí agus a d’fhéadfadh infheistíochtaí maidir le forbairt margaí fuinnimh áitiúla a phlódú; á chur in iúl gur féidir le tionscal na hidrigine glaise ról ríthábhachtach a bheith aige i bhforbairt tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de má bhíonn tosca áirithe ann, amhail dea-rialachas, cur chun feidhme creata fhónta dlí agus faireachán air, cosc an éillithe, feidhmiú an smachta reachta, agus trédhearcacht maidir le sreabha airgeadais;

36.

á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar bhonneagar domhanda a bhaineann le táirgeadh, stóráil, iompar, dáileadh agus tomhaltas hidrigine glaise, na costais iompair fadraoin agus an tionchar ar an aeráid, na hinfheistíochtaí teoranta agus na hacmhainneachtaí airgeadais agus na rioscaí a bhaineann le hinstitiúidí laga agus le héilliú i roinnt tíortha i mbéal forbartha;

37.

á iarraidh ar an Aontas tacaíocht a thabhairt, go háirithe trí thionscnamh na Tairsí Domhanda, do chomhpháirtíochtaí a bheidh tairbhiúil do gach páirtí agus a rachaidh chun tairbhe do thíortha allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin araon agus dá bpobail; á iarraidh, chun na críche sin, ar an Aontas tacú le luachshlabhra hidrigine glaise a fhorbairt nuair a bheidh tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha comhionanna ag baint leis do thíortha onnmhairiúcháin, go háirithe ó thaobh oiliúint agus athsciliú an phobail áitiúil, cruthú post, dícharbónú gníomhaíochtaí tionsclaíocha ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú agus rochtain ar shoghluaisteacht agus fuinneamh níos glaine;

38.

á iarraidh ar an Aontas tacú le héagsúlú eacnamaíoch agus le rochtain intíre ar leictreachas agus ar uisce, agus lánurraim á tabhairt d’éiceachórais agus d’fhonn spleáchas iomarcach ar onnmhairí breoslaí iontaise a laghdú; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir le comhar feabhsaithe idir gnólachtaí an Aontais agus tíortha comhpháirtíochta agus FBManna, lena gcomhcheanglaítear saineolas comhpháirtithe éagsúla atá ar aon intinn leo, bealach a chruthú chun fiontraíocht fhónta a bhaint amach in earnáil na hidrigine glaise;

39.

ag admháil go bhféadfadh tionchar diúltach sóisialta agus comhshaoil a bheith ag leathnú na hidrigine glaise sa Domhan Theas, go háirithe ós rud é go mbraitheann sí ar mhianadóireacht agus ar úsáid amhábhar agus dúl tearc-chré, lena n-éilítear cainníochtaí móra fionnuisce agus lena dtruaillítear truailliú an t-uisce; á chur i bhfáth gur den tábhacht é córas domhanda rialachais acmhainní a fhorbairt lena dtabharfar tús áite don inbhuanaitheacht, don éifeachtúlacht agus don chiorclaíocht, d’fhonn an t-éileamh domhanda ar óghábhair a laghdú, agus na dúshláin a bhaineann leis sin a bhaint amach á n-aithint ag an am céanna;

40.

ag cur béim ar an ngá atá le cur chuige córasach chun measúnú a dhéanamh ar na deiseanna áitiúla agus ar na hiarmhairtí áitiúla a bhaineann le táirgeadh hidrigine glaise do riachtanais na hEorpa i dtíortha i mbéal forbartha; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a áirithiú go bhfuil bonn inbhuanaithe faoi na hamhábhair chriticiúla eastósctha, phróiseáilte agus athchúrsáilte atá bunriachtanach don teicneolaíocht hidrigine agus do na teicneolaíochtaí glan-nialasacha eile;

41.

ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, san easontas idir úsáid uisce a bhaineann le mianadóireacht agus forbairt gléasraí fuinnimh inathnuaite ar mhórscála, amhail saoráidí hidrigine glaise; á athdhearbhrú gur ceart bunúsach de chuid an duine í an rochtain ar uisce; á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar an mbonneagar uisce i réigiúin ina bhfuil gléasraí mianadóireachta agus gléasraí fuinnimh inathnuaite tábhachtach trí infheistíocht a dhéanamh i saoráidí cóireála uisce agus i gcórais athchúrsála uisce;

42.

á chur i bhfáth gur gá uisce a rialáil mar acmhainn le haghaidh táirgeadh hidrigine glaise ar bhealach inbhuanaithe, i réigiúin thura go háirithe, lena n-áirítear trí rialacháin a chur chun feidhme lena dtugtar sainordú i dtaobh teicnící inbhuanaithe foinsithe uisce, úsáid éifeachtúil uisce, agus íoslaghdú ar sceitheadh fuíolluisce, ionas nach gcuirtear rochtain na bpobal áitiúil ar uisce i mbaol agus nach méadaítear costais uisce;

43.

ag cur sonrú i leathadh gléasraí díshalannaithe chun dul i ngleic le ganntanas uisce; ag admháil gur féidir le gléasraí díshalannaithe dul chun tairbhe do phobail áitiúla agus don gheilleagar intíre, ach á chur i bhfios go bhféadfadh mórthionchair ar an gcomhshaol a bheith ag díshalannú uisce mara, ar an mbithéagsúlacht mhuirí go háirithe; á iarraidh go gcuirfí chun cinn cur chuige inbhuanaithe maidir le díshalannú uisce agus go gcuirfí chun cinn réitigh nach bhfuil aon tionchar acu ar limistéir chósta, amhail díshalannú domhainfharraige; á thabhairt chun suntais gur minic a bhíonn laghdú ar úsáid uisce agus athchúrsáil nó athúsáid fuíolluisce cóireáilte níos saoire ná díshalannú;

44.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh rioscaí a bheith ann ó thaobh grabáil uisce agus truailliú uisce a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche in éadálacha talún ar mhórscála le haghaidh fuinneamh inathnuaite; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dícheall cuí éigeantach agus caighdeáin tuairiscithe éigeantacha a bhaineann le huisce a achtú i gcomhair corparáidí;

45.

á áitiú nach mór do straitéisí hidrigine glaise caighdeáin láidre shóisialta agus inbhuanaitheachta a chomhlíonadh; á iarraidh ar an Aontas creataí iomchuí faireacháin a bhunú ina chomhaontuithe comhpháirtíochta lena gceadaítear measúnú a dhéanamh ar a dtionchar níos leithne ar fheidhmíocht na spriocanna forbartha inbhuanaithe, go háirithe trí tháscairí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a shonrú agus trí spriocanna intomhaiste a leagan síos; á iarraidh go ndéanfaí staidéir riachtanacha tionchair comhshaoil a chur i gcrích, lena n-áirítear le haghaidh díshalannú, agus go ndéanfaí teophointí bithéagsúlachta a eisiamh mar láithreáin le haghaidh saoráidí hidrigine glaise; á chreidiúint gur cheart do tháirgeadh hidrigine glaise spleáchas a léiriú ar ábhair arna bhfoinsiú faoi chaighdeáin chomhshaoil agus chearta an duine le haghaidh gníomhaíochtaí eastóscacha (mar shampla, ó thíortha ar sínitheoirí iad leis an Tionscnamh um Thrédhearcacht na dTionscal Eastóscach);

46.

ag tathant ar an gCoimisiún creat cuimsitheach rialachais a chur ar bun do chomhaontuithe comhpháirtíochta lena n-áirítear eagraíochtaí sochaí sibhialta chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal na neamhdhíobhála maidir le pobail áitiúla agus go mbainfear amach caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

Cistiú le haghaidh uas-scálú ar mhaithe le haistriú fuinnimh cóir

47.

á chur i bhfáth gur cheart do mhaoiniú an Aontas don fhuinneamh inathnuaite a bheith i gcomhréir le prionsabail an chothromais, na hinbhuanaitheachta agus an cheartais aeráide, a bhféadfaí a chuimsiú ann, i measc nithe eile, cúnamh fiachais, faoiseamh fiachais agus cealú fiachais, athstruchtúrú fiachais agus an Ciste Caillteanais agus Damáiste;

48.

á chur i bhfáth gur cheart infheistíochtaí i hidrigin inathnuaite arna tháirgeadh ag tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a bheith bunaithe ar phrionsabail idirnáisiúnta an díchill chuí, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Gnó Freagrach, ach gan bheith teoranta dóibh;

49.

á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit méid an Chúnaimh Oifigiúil um Fhorbairt atá dírithe ar earnáil an fhuinnimh a mhéadú, go háirithe faoi Cheannteideal 6 den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, agus go háirithe san Afraic, agus tús áite á thabhairt do dheontais thar iasachtaí agus maoiniú á atreorú i dtreo tíortha ina bhfuil rátaí níos ísle rochtana ar leictreachas agus an aidhm ann tacú lena n-aistrithe fuinnimh ghlain agus inathnuaite i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe;

50.

ag spreagadh forbairt comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha mar aon le cláir chun aistriú eolais agus teicneolaíochtaí glasa a éascú; á thabhairt chun suntais go bhfuil saintréithe sonracha ag gabháil le hearnálacha leictreachais a lán de thíortha na hAfraice (amhail fás mear ar éileamh, eangacha beaga, fóntais náisiúnta leochaileacha agus cumas teoranta na gcustaiméirí íoc) nach mór a chur san áireamh;

51.

á chur i bhfáth nach mór rochtain ar mhaoiniú le haghaidh aistriú cóir fuinnimh a shimpliú agus dlús a chur léi do thíortha i mbéal forbartha; á thabhairt chun suntais gur féidir leis an Aontas réitigh nuálacha a chur ar fáil chun dlús a chur leis an aistriú glas agus chun méadú a chur ar an sciar domhanda de na foinsí fuinnimh ar foinsí inathnuaite iad; á iarraidh, chun na críche sin, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a machnamh a dhéanamh ar bhabhtálacha ‘fiachas ar scáth aeráide’ ionas gur féidir le tíortha féichiúnaithe i mbéal forbartha an t-airgead atá dlite a úsáid chun tionscadail oiriúnaithe agus maolaithe don athrú aeráide a mhaoiniú;

52.

á iarraidh, ar bhonn níos leithne, go gcuirfí sásra fadtéarmach babhtálacha ‘fiachas ar scáth aeráide’ i bhfeidhm faoi chuimsiú Thionscnamh G20 chun Seirbhísiú Fiachais a chur ar Fionraí agus go ndéanfaí Cearta Tarraingthe Speisialta CAI a athchainéalú;

53.

á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit méadú a chur ar an gcistiú atá dírithe ar chuidiú le tíortha i mbéal forbartha iad féin a chur in oiriúint don athrú aeráide, agus córais fuinnimh á gcur i riocht níos athléimní i gcoinne rioscaí aeráide; á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá fuinneamh glas i dtionscadail agrafhoraoiseachta agus i dtionscadail oiriúnúcháin don athrú aeráide, amhail an Balla Mór Glas;

54.

g tathant ar an gCoimisiún méadú a chur ar líon na gclár faoi thionscnamh na Tairsí Domhanda lena dtugtar tús áite do rochtain bhunúsach ar leictreachas agus ar chócaireacht ghlan, sna tíortha is mó atá i ngátar go háirithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an earnáil phríobháideach chun cistiú a uas-scálú le haghaidh rochtain bhunúsach ar fhuinneamh agus ar chócaireacht ghlan agus, ag an am céanna, rochtain phoiblí á ráthú agus soláthróirí náisiúnta fuinnimh phoiblí á neartú; á iarraidh, chun na críche sin, ar an gCoimisiún an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus a úsáid mar ionstraim chun tacú le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí i dtíortha i mbéal forbartha chun an bonneagar fuinnimh a neartú agus chun rochtain níos fearr ar fhuinneamh agus ar chócaireacht ghlan a chur ar fáil le haghaidh úsáid sa bhaile;

55.

ag tathant ar an Aontas tacú le tíortha i mbéal forbartha ó thaobh fóirdheontais breosla iontaise a chéimniú amach de réir a chéile agus díriú ar theicneolaíochtaí cócaireachta atá éifeachtúil, nua-aimseartha agus inacmhainne; ag tathant go ndéanfaí infheistíochtaí a shlógadh agus timpeallachtaí cumasúcháin a chruthú chun borradh a chur faoi thionscal téagartha cócaireachta glaine;

56.

á iarraidh ar an Aontas agus na hinstitiúidí maoiniúcháin forbraíochta Eorpacha an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

infheistíochtaí díreacha sa deighleog dháileacháin, leictriú tuaithe go háirithe, agus chun tús áite a thabhairt do chórais fuinnimh inathnuaite atá díláraithe, ar mhionscála agus lasmuigh den eangach i gcás ina bhfuil réitigh den sórt sin níos iomchuí ná leathnú eangaí chun cur ar chumas pobal tuaithe rochtain a fháil ar leictreachas;

(b)

infheistíochtaí a chomhordú i measc institiúidí éagsúla chun an tionchar a uasmhéadú agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint;

(c)

a áirithiú go ndéanfar measúnuithe tionchair atá neamhspleách agus neamhchlaonta ar chearta an duine, go ndéanfar na coimircí agus leigheasanna rialachais, sóisialta agus comhshaoil uile a chur chun feidhme go cuí agus go ndéanfar faireachán orthu, lena n-áirítear na treoirlínte maidir le cearta an duine agus tionacht talún;

(d)

a áirithiú go gcuirtear pobail áitiúla san áireamh agus go gcuirtear ar an eolas go cuí iad le linn na gcéimeanna pleanála agus seachadta tionscadail go léir;

(e)

an cur chuige cearta-bhunaithe a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go docht, ag soláthar sásraí éifeachtacha gearáin agus sásaimh, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cleachtais ghnó fhreagracha, agus ag ceangal go ndéanfar staidéir thionchair le haghaidh tionscadal, go háirithe maidir leis an athrú aeráide, maidir le neamhionannais agus maidir le heasáitiú pobal áitiúil, lena n-áirítear i dtionscadail faoi thionscnamh na Tairsí Domhanda;

(f)

a áirithiú go n-urramófar le haon tionscadal damba a bhfuil maoiniú faofa lena aghaidh na treoirlínte ón gCoimisiún Domhanda maidir le Dambaí;

(g)

tacú le tionscadail áitiúla agus réigiúnacha idirnaisc leictreachais;

(h)

tacaíocht theicniúil agus tionscnaimh fothaithe acmhainneachta a thairiscint chun atá i mbéal forbartha a chumhachtú chun tionscadail fuinnimh ghlain a chur chun feidhme go héifeachtach;

57.

á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí imdhealaithe a chur ar fáil maidir le méid na n-infheistíochtaí i rochtain ar fhuinneamh chun an méid a leithdháiltear ar SDG7 a rianú, chomh maith le sonraí a chur ar fáil maidir leis an bpríomhtháscaire feidhmíochta ‘Acmhainneacht giniúna fuinnimh inathnuaite arna suiteáil (MW) le tacaíocht ón Aontas’ a shonraítear faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda;

58.

á chur in iúl gur geal léi conclúidí COP28 2023, ina n-iarrtar, den chéad uair riamh, aistriú ó bhreoslaí iontaise a dhéanamh agus gealltanas soiléir a thabhairt don sprioc 1.5 céim, gníomhaíocht a dhéanamh ar scála domhandachun acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí agus feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a dhúbailt faoi 2030, agus cur chuige duinelárnach a chur chun cinn ar fud an domhain maidir le maoiniú don aeráid agus tionscadail bonneagair fuinnimh;

59.

á iarraidh ar an Aontas ról lárnach a bheith aige sa chaibidlíocht maidir le bearta maolúcháin do thíortha i mbéal forbartha chun dul i ngleic leis na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le húsáid breoslaí truaillitheacha, agus forbairt fuinnimh inbhuanaithe agus ghlain á cur chun cinn ag an am céanna;

°

° °

60.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún , agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta.

(1)   IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.

(2)   IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.

(3)   IO L 157, 20.6.2023, lch. 11.

(4)   Institiúid Comhshaoil Stócólm, an Institiúid Idirnáisiúnta um Fhorbairt Inbhuanaithe, an Institiúid um Fhorbairt Thar Lear, E3G, agus Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, 2021 Report – The Production Gap: Governments’ planned fossil fuel production remains dangerously out of sync with Paris Agreement limits [Tuarascáil 2021 – An Bhearna sa Táirgeacht: Tá táirgeadh breoslaí iontaise atá beartaithe ag Rialtais fós ag teacht salach ar theorainneacha Chomhaontú Pháras], 2021.

(5)   An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite, World Energy Transitions Outlook 2022: 1.5 °C Pathway [Ionchas maidir le hAistrithe Domhanda Fuinnimh, 2022: An Chonair chuig 1.5 °C]

(6)   An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh, Tracking SDG7: The Energy Progress Report, 2023 [SDG 7 a rianú: An Tuarascáil um Dhul chun Cinn an Fhuinnimh, 2023].

(7)   An tAontas Afracach, The African Union green recovery action plan [Plean gníomhaíochta an Aontais Afracaigh maidir le téarnamh glas], Ādis Ābeba, 2021.

(8)   IO C, C/2023/398, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/398/oj.

(9)   IO C 494, 8.12.2021, lch. 80.

(10)   IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(11)   IO C 224, 27.6.2018, lch. 167.

(12)   IO C 239 E, 20.8.2013, lch. 83.

(13)  Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe, The Sustainable Development Goals Report 2023: Special Edition – July 2023 [Tuarascáil maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023: Eagrán Speisialta – Iúil 2023], Nua-Eabhrac, SAM, 2023.

(14)  An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite, Basic Energy Access Lags Amid Renewable Opportunities New Report Shows [Léirítear i dTuarascáil Nua go bhfuil Rochtain Bhunúsach ar Fhuinneamh ag Titim chun Deiridh i bhFianaise Deiseanna Inathnuaite], 6 Meitheamh 2023.

(15)  Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, Energy and Gender Equality [Fuinneamh agus Comhionannas Inscne].

(16)  An Institiúid um Rialachas Acmhainní Nádúrtha, The Resource Curse – The Political and Economic Challenges of Natural Resource Wealth [An Mhallacht Acmhainní – Na Dúshláin Pholaitiúla agus Eacnamaíocha a Bhaineann le Saibhreas Acmhainní Nádúrtha], NRGI Reader, Márta 2015.

(17)  An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, Global Hydrogen Review 2023 [Athbhreithniú Domhanda ar Hidrigin, 2023], 2023, agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, Hydrogen [Hidrigin], 2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5722/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)