European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5705

17.10.2024

P9_TA(2024)0011

An beartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2023 (2023/2077(INI))

(C/2024/5705)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 101 go hAirteagal 109 de,

ag féachaint do na rialacha, treoirlínte, rúin, comhairliúcháin phoiblí, teachtaireachtaí agus doiciméid ábhartha ón gCoimisiún maidir leis an iomaíocht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 dar teideal ‘Tuarascáil ar Bheartas Iomaíochta 2022’ (COM(2023)0184) agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin lena ngabhann (SWD(2023)0076),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2023 ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2022 (1),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640),

ag féachaint do na treoirlínte athbhreithnithe ón gCoimisiún maidir le státchabhair chun infheistíochtaí airgeadais riosca a chur chun cinn an 6 Nollaig 2021,

ag féachaint do bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 13 Iúil 2022 i gCás T-227/21 (2),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 dar teideal ‘Creat Sealadach Géarchéime le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine’  (3),

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (5),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (6),

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (7),

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí a bheith á seoladh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE (8),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2022 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022’  (9),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2023 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh líonraí leathanbhanda’  (10),

ag féachaint don dréachtfhógra ón gCoimisiún maidir le sainmhíniú an mhargaidh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Aontais,

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 1 Nollaig 2022 dar teideal Evaluation of the State subsidy rules for health and social services of general economic interest (‘SGEIs’) and of the SGEI de minimis Regulation [Meastóireacht ar na rialacha maidir le fóirdheontais Stáit le haghaidh seirbhísí sláinte agus sóisialta ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (‘SGEInna’) agus Rialachán SGEI de minimis (SWD(2022)0388)],

ag féachaint do theacht i bhfeidhm an phacáiste beart a glacadh an 20 Aibreán 2023 an 1 Meán Fómhair 2023, atá ceaptha chun na nósanna imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar chumaisc áirithe nach ábhar imní iad maidir le hiomaíocht a shimpliú agus a chuíchóiriú (C(2023)2400, C(2023)2401, C(2023)2402),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach (11),

ag féachaint don Aitheasc ar Staid an Aontais 2023 a thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen (12),

ag féachaint don chinneadh ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2023 maidir le geatóirí a ainmniú faoin nGníomh um Margaí Digiteacha (DMA),

ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/914 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún (13),

ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití an 23 Eanáir 2023 ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach (14),

ag féachaint do bhreithiúnas ó CBAE an 4 Iúil 2023 i gCás C-252/21 (15),

ag féachaint don doiciméad dar teideal DG COMP Code of good practices for a transparent, inclusive, faster design and assessment of IPCEIs’ an 17 Bealtaine 2023  (16),

ag féachaint don tuarascáil ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), dar teideal ‘Tuarascáil ar Sciar den Mhargadh CRA a Ríomh’ an 15 Nollaig 2022,

ag féachaint d’fhógra ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2004 maidir le treoir neamhfhoirmiúil a bhaineann le ceisteanna nua i ndáil le hAirteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE a thagann chun cinn i gcásanna aonair (treoirlitreacha) (17),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Iúil 2023 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe comhair cothrománacha’  (18),

ag féachaint don Chinneadh ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena dtoirmisctear éadáil bheartaithe Flugo Group Holdings AB (‘eTraveli’) ag Booking Holdings (‘Bookings’),

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (19),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0427/2023),

A.

de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag beartas iomaíochta an Aontais maidir le coinníollacha córa a shocrú chun gnó a dhéanamh sa mhargadh aonair d’fhonn margaí a chosaint ar chomhchruinnithe agus ar charnadh míchuí chumhacht an mhargaidh agus chun nuálaíocht agus fás a spreagadh do na cuideachtaí – go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) – laistigh den mhargadh aonair agus, dá réir sin, leas na dtomhaltóirí a chur chun cinn agus rogha níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí;

B.

de bhrí gur gá idirghníomhú tairbhiúil idir an beartas iomaíochta agus beartais earnála eile; de bhrí go bhféadfadh an beartas iomaíochta rannchuidiú le hathléimneacht, sláine agus iomaíochas an mhargaidh inmheánaigh a neartú, chomh maith le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Chompáis Dhigitigh agus cuspóirí AE atá cumhdaithe in Airteagal 3 CAE a bhaint amach;

C.

de bhrí go bhfuil malartú agus comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun cothrom iomaíochta domhanda a bhaint amach agus chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach ar bhealach comhordaithe;

D.

de bhrí go dteastaíonn réitigh fhreagracha iomaíocha fresin i réimse an bheartais iomaíochta de bharr imthosca geopholaitiúla domhanda; de bhrí gur cheart don Aontas na huirlisí polaitiúla agus reachtacha ar fad atá ar fáil aige a úsáid chun sláine, athléimneacht agus iomaíochas a mhargadh inmheánach a chosaint i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le líon méadaitheach na gcoinbhleachtaí ar fud an domhain, teannas trádála i measc na dtíortha iomaíocha, géarchéim an athraithe aeráide agus brú an bhoilscithe agus leibhéil ísle an fháis eacnamaíoch; de bhrí go bhfuil gá le spleáchais dhochracha an Aontais ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus cumhachtaí domhanda i réimsí amhail fuinneamh, leigheasanna, teicneolaíocht nó amhábhair a laghdú;

E.

de bhrí gur gá don Choimisiún agus d’údaráis náisiúnta iomaíochta gníomhú ar bhealach neamhchlaonta agus oibiachtúil chun creidiúnacht bheartas iomaíochta an Aontais a chaomhnú;

F.

de bhrí go dtagann neart agus tábhacht mhargadh aonair an Aontais ar an leibhéal domhanda as a iomaíochas inmheánach agus as a mhachaire comhréidh comhionann;

Ról na hiomaíochta agus na freagartha beartais ar an gcogadh san Úcráin, ar Acht um Laghdú Boilscithe na Stát Aontaithe agus ar dhúshláin leanúnacha de thoradh phaindéim COVID-19

1.

á iarraidh ar an gCoimisiún sláine an mhargaidh aonair a choimirciú; á mheabhrú nár cheart an fhreagairt ar Acht um Laghdú Boilscithe na Stát Aontaithe a bheith bunaithe ar úsáid Státchabhrach amháin, ach freisin ar thimpeallacht níos fabhraí a chruthú chun dul i mbhun gnó agus ar chreat iomaíochta athnuaite a chruthú lena gcuirtear luas agus solúbthacht ar fáil do chuideachtaí atá ag infheistiú agus atá in iomaíocht go cothrom san Eoraip agus spriocanna aeráide an Aontais a chomhlíonadh;

2.

ag cur sonrú sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe (TCTF), chomh maith leis an nuashonrú ar an leabhar rialacha maidir le Státchabhair lena gceadaítear infheistíochtaí don aistriú glas agus don aistriú digiteach; ag cur sonrú ar ghlacadh agus cuimsiú an ‘clásail comhfhreagrach’ i 2023; á iarraidh ar an gCoimisiún cruthú na gcoinníollacha do rás fóirdheontas a sheachaint go cúramach agus úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dó chun iomaíocht éagórach fóirdheontais a chosc agus chun dul i ngleic léi; á chur i bhfáth nach mór aon tacaíocht stáit bhreise a bheith de chineál spriocdhírithe agus sealadach; ag seasamh gur cheart don státchabhair a bheith comhsheasmhach le cuspóirí beartais an Aontais amhail an Comhaontú Glas agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar easpa comhchuibhithe na meicníochtaí aisghlámtha sna Ballstáit;

3.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil gach ionstraim státchabhrach sealadach spriocdhírithe go leordhóthanach chun ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint;

4.

á chur i bhfáth go mbeidh gá le hinfheistíocht bhreise phoiblí agus phríobháideach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua; á chur i bhfios go láidir gur gá buiséad an Aontais a bheith maoinithe go cuí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na todhchaí, lena n-áirítear ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, tacú le straitéis thionsclaíoch AE, ár spleáchais chriticiúla a laghdú agus ár n-uathriail straitéiseach oscailte a áirithiú; á thabhairt chun suntais nach féidir dul i ngleic leis na dúshláin seo trí chaiteachas poiblí amháin;

5.

á mheabhrú go bhféadfadh cur chuige ilroinnte maidir le státchabhair éagothroime iomaíochta a chruthú laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais toisc nach bhfuil an spás fioscach céanna ag gach Ballstát chun tacaíocht a sholáthar; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar faireachán ar iarmhairtí saobhacha féideartha agus go gcuirfí aon solúbthacht sa tacaíocht phoiblí i bhfeidhm ar thacaíocht a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais amháin;

6.

á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag boilsciú ar iomaíocht trí dhreasachtaí a chruthú do chuideachtaí chun comhoibriú le hiomaitheoirí chun praghsanna a chomhordú (20) , chomh maith lena iarmhairtí do mhargaí agus do leas tomhaltóirí; ag tarraignt aird ar an ngá atá le feabhas a chur ar na sonraí ar bhrabúis chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, mar go dtugann taighde ón mBanc Ceannais Eorpach agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta le fios gur príomhchúiseanna sealadacha tábhachtacha iad brabúis chorparáideacha leis an mboilsciú; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh, in éineacht leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, ar iarmhairtí an iompair fhrithiomaíoch agus ar a ról i bhforbairtí boilscithe; á athdhearbhú nach mór don Choimisiún úsáid a bhaint as na huirlisí go léir atá ar fáil faoi dhlí na hiomaíochta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim costais mhaireachtála;

7.

á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh na n-údarás iomaíochta ar fud roinnt Ballstát (21) chun cumhachtaí nua um imscrúdú margaidh a thabhairt isteach fad is nach mbeidh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh mar thoradh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlis imscrúdaithe margaidh chomhchosúil a thabhairt isteach chun bearnaí forfheidhmithe a sheachaint i gcás ina dtarlaíonn cleachtais thar theorainneacha náisiúnta laistigh den Aontais agus leigheasanna uile-earnála a ghlacadh nuair is gá chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar iompraíocht fhrithiomaíoch; ag meabhrú thionscnamh an Choimisiúin le haghaidh ‘Uirlis Nua Iomaíochta’, a raibh sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na bearnaí idir rialacha iomaíochta an Aontais agus uirlisí idirghabhála i gcoinne fadhbanna struchtúracha iomaíochta ar fud na margaí; ag tabhairt dá haire go mbeadh an Coimisiún in ann saincheisteanna iomaíochta ar fud na n-earnálacha ar fad a imscrúdú leis an uirlis iomaíochta nua; á iarraidh ar an gCoimisiún an ‘Uirlís Nua Iomaíochta’ a athmheasúnú.

8.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) chun mórthionscadail thrasnáisiúnta a mhaoiniú agus chun tosaíochtaí straitéiseacha AE a bhaint amach; ag tabhairt dá haire na critéir shonracha do IPCEIanna chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na státchabhrach leis an margadh inmheánach; á chur in iúl gur saoth léi gur minic go mbíonn na nósanna imeachta fada agus casta a éilítear ró-ualach do FBManna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear aon fhógra i gcrích laistigh de shé mhí ar a dhéanaí; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh fíor-bhreisluach Eorpach ag IPCEIanna;

9.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndearna prionsabail iomaíochta an Aontais difear do sholáthar seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta, i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 agus na gcostas méadaithe maireachtála; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar staid na seirbhísí sóisialta ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne agus ar dhíolúine ó SGEI do thithíocht inacmhainne;

10.

á chur in iúl gur geal léi Treoirlínte an Choimisiúin maidir le dlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm ar chomhaontuithe comhchoiteanna, lena soiléirítear nach gcuireann dlí iomaíochta an Aontais cosc ar oibrithe féinfhostaithe aonair dul i mbun cómhargála; á mheabhrú gur minic a bhíonn rochtain theoranta ag oibrithe féinfhostaithe nó nach mbíonn rochtain ar bith acu ar chómhargáil, rud a bhféadfadh dálaí oibre forbhásacha a bheith mar thoradh uirthi;

11.

á mheabhrú go bhfuil nasc dílis idir an beartas iomaíochta agus an margadh inmheánach, rud atá soiléir ón téacs féin d'Airteagail 101 agus 102 CFAE lena rialaítear beartas iomaíochta an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur aithin an Coimisiún, ina chuid oibre reachtaí agus beartais araon, gur gá an beartas iomaíochta a chomhtháthú le cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh a chumann é;

12.

á chur i bhfios gur gá aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar shaobhadh margaidh agus ar theipeanna margaidh agus feabhsú a chur leis an iomaíocht trí bhacainní rialála nach bhfuil údar leo láithreacha a bhaint agus trí ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú chun go n-éascófar d’iomaitheoirí nua dul isteach;

13.

ag cur béim ar ábharthacht bhreithiúnais CBAE i gcásanna C-555/21 (UniCredit Bank Austria) agus C-383/18 (Lexitor sp. z o.o.) chun cothrom na féinne a áirithiú i margadh na creidmheasa tomhaltóra agus chun a shaobhadh iomaíoch a sheachaint;

Forfheidhmiú beartais iomaíochta agus treochtaí domhanda

14.

á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún go seolfaidh sé imscrúdú frith-fhóirdheontais ar fheithiclí leictreacha Síneacha faoi Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (22); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ionstraimí an Aontais maidir le fóirdheontais eachtracha lena n-áirítear Rialachán (AE) 2022/2560 maidir le fóirdheontais eachtracha a chur chun feidhme go héifeachtach chun maolú ar éifeachtaí a d’fhéadfadh an margadh aonair a shaobhadh a áirithiú; ag tarraingt aird ar an easpa acmhainní agus nach bhfuil ach ocht gcoibhéisí lánaimseartha (FTEnna) laistigh den Choimisiún;

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha soláthair phoiblí a nuachóiriú chun déileáil le tosaíochtaí nua agus le dúshláin oibríochtúla, d’fhonn cabhrú le tionscal níos glaise agus caighdeáin Eorpacha a chothú;

16.

á chur i bhfáth gur cheart go rannchuideodh rialacha iomaíochta an Aontais le cuspóir an Aontais mar a shainítear in Airteagal 3 CAE; á chur i bhfáth nach é ‘praghas cóir’ na dtáirgí an praghas is ísle is féidir don tomhaltóir, ach praghas lena cheadaítear luach saothair cothrom na bpáirtithe go léir feadh an tslabhra soláthair, agus gan seachtrachtaí diúltacha a bheith mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí ní hamháin breithnithe maidir le leibhéil praghsanna, ach breithnithe inbhuanaitheachta freisin agus tionchair ar phríobháideachas na saoránach nuair a chuirtear beartas iomaíochta i bhfeidhm chun leasa na dtomhaltóirí;

17.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag an nGréasán Eorpach Iomaíochta (ECN) mar fhóram chun comhoibriú agus comhar a chothú i measc údaráis iomaíochta Eorpacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a dhícheall a dhéanamh idirphlé agus comhar cuiditheach leanúnach a bhaint amach ar an leibhéal idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir gur gá comhoibriú a mhéadú idir rialálaithe in aghaidh trustaí agus rialálaithe earnála eile, amhail iad siúd a bhíonn ag déileáil le príobháideachas sonraí, chun maoirseacht a dhéanamh ar mhí-úsáid sonraí corparáideacha agus chun cosc a chur ar chuideachtaí sonraí tomhaltóirí a úsáid chun buntáiste iomaíoch éagórach a fháil; á chur in iúl gur geal léi ról ábhartha na n-údarás inniúil náisiúnta (ÚINanna) maidir le rialacha DMA a fhorfheidhmiú agus na tionscnaimh reachtacha náisiúnta atá á gcur ar bun chun dul i ngleic le hiompar frithiomaíoch na n-ardán mór ar líne in earnálacha digiteacha; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá gníomhaíocht chomhordaithe agus aonchineálach nach ndéanann dochar d’fheidhmiú DMA, ar thaobh amháin, agus do rialacha náisiúnta iomaíochta san earnáil dhigiteach, ar an taobh eile, dá bhforáiltear in Airteagal 1(6) de DMA;

18.

á chur in bhfios, i ndomhan domhandaithe, go bhfuil comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta a áirithiú; á chur i bhfáth gur féidir le comhaontuithe tiomnaithe comhair le tíortha nach baill den Aontas iad i réimse an bheartais iomaíochta rannchuidiú ar bhealach fóinteach lena éifeachtacht; á iarraidh ar an gCoimisiún tionchar an bheartais iomaíochta ar fud an domhain a fhorbairt, go háirithe trí chomhar a mhéadú le tíortha nach baill den Aontas iad trí chomhaontuithe comhair den dara glúin lena gceadaítear malartú faisnéise níos éifeachtaí idir údaráis iomaíochta;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos mó a bhaint as uirlisí fianaiseacha breise amhail léargais iompraíochta agus anailísíocht airgeadais, chomh maith le húsáid níos mó a bhaint as sonraí, eolaithe ríomhaireachta agus IS, agus eacnamaithe iompraíochta i bhforfheidhmiú dhlí na hiomaíochta;

20.

á thabhairt dá haire an leibhéal ard leanúnach de chomhchruinnithe an mhargaidh do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ós rud é go bhfuil sciar os cionn 90 % (23)den mhargadh ag na trí ghníomhaireacht rátála creidmheasa is mó; á athdhearbhú go bhfuil gá le hiomaíocht sa mhargadh seo a fheabhsú chun neamhchlaontacht agus muinín a áirithiú;

21.

á chur in iúl gur oth léi cinneadh Ernst & Young chun deireadh a chur le próiseas deighilte a ghnóthaí iniúchóireachta agus comhairleacha; á thabhairt dá haire gur féidir coinbhleachtaí leasa a bheith mar thoradh ar an gcomhcheangal de ghnóthaí iniúchta agus comhairleacha agus gur féidir leo ceannasacht margaidh gach ceann de na Ceithre Mhórghnólacht a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún an comhcheangal de ghnó iniúchóireachta agus comhairleacha a imscrúdú agus b'fhéidir bearta a thíolacadh chun coinbhleachtaí leasa agus ceannasacht an mhargaidh a chosc;

Rialú cumasc

22.

á thabairt dá haire go bhféadfadh sé go gcuirfí deireadh le nuálaíocht agus, sa deireadh, le hiomaíocht má cheannaíonn gníomhaí ceannasacha gnólachtaí nuathionscanta amach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go dtabharfaidh an Coimisiún aird ghéar ar an bhfeiniméan ‘éadálacha maraithe’ san earnáil dhigiteach nach mór a thuairisciú faoi DMA, agus gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh faoi Airteagal 22 de Rialachán CE um Chumaisc i gcás inarb iomchuí;

23.

á chur in iúl gur geal léi na cinntí a rinne an Coimisiún le déanaí maidir le cásanna cumaisc (24); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá réitigh struchtúracha i gcinntí cumaisc; á thabhairt dá haire go ndéanann na hardáin ar líne is mó agus is mó tionchar difear d’oibríochtaí laethúla na deicheanna míle FBManna; á chur i bhfáth nach féidir le héadáil ceannasacht cuideachta sa mhargadh óstán a neartú trí ligean di a seirbhísí éagsúla a thrasdhíol;

24.

á chur in iúl gur geal léi tionscnamh an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar a fhógra maidir leis an sainmhíniú ar ‘margadh ábhartha’ agus tá sí ag tnúth le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí; á chur i bhfios go láidir gur gá cur chuige níos dinimiciúla a ghlacadh, ar cur chuige é a rachaidh níos faide ná an cur chuige tradisiúnta, go háirithe le haghaidh margaí i mbéal forbartha amhail san earnáil dhigiteach agus ina gcuirfear san áireamh fís níos fadtéarmaí lena gcuimseofar an ghné dhomhanda agus an iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á chur in iúl gur saoth léi gur ghlac an Coimisiún, san am a chuaigh thart, peirspictíocht róchúng uaireanta ar an margadh ábhartha, rud a fhág nach raibh an deis ag cuideachtaí Eorpacha dul san iomaíocht go héifeachtach i réimse domhandaithe; tacaíonn sí leis an gCoimisiún leis an dochar a d’fhéadfadh a bheith ann don iomaíocht a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar chumaisc ina mbeadh sé d’éifeacht ag leathnú ar mhargaí cóngaracha ceannas an mhargaidh i gcroí-mhargadh na cuideachta éadála a neartú tuilleadh;

25.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an comhchruinniú forleathana i gcodanna áirithe de shlabhra an tsoláthair bia, chun aimhleasa na dtomhaltóirí, na bhfeirmeoirí, an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta;

26.

á mheabrú gur féidir leis na Ballstáit, faoi Rialachán CE um Chumaisc, bearta iomchuí a ghlacadh chun ábhair leasa phoiblí a chosaint, amhail cosaint na haeráide, inbhuanaitheacht agus an smacht reachta agus á iarraidh go dtabharfaí an deis chéanna don Choimisiún agus scrúdú á dhéanamh aige ar thionchar an chomhchruinnithe ar an margadh inmheánach;

Imeachtaí in aghaidh trustaí agus cairtéil

27.

á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos fearr a bhaint as bearta idirlinne chun deireadh a chur le haon chleachtas lena ndéanfaí díobháil thromchúiseach don iomaíocht, go háirithe i ndáil le margaí dinimiciúla atá ag forbairt go tapa amhail margaí digiteacha;

28.

á chur in iúl gur geal léi an cur chuige nua sna cásanna in aghaidh trustaí is déanaí, i gcás go ndéanann an Coimisiún foráil den chéad uair agus faoi choinníollacha áirithe do leigheasanna struchtúracha a fhorchur chun stop a chur le hiompar frithiomaíoch, go háirithe nuair a bheidh an cleachtas frithiomaíoch atá i gceist athdhearbhaithe i ndeighleoga eile margaidh ag an gcuideachta chéanna thar na blianta; ag moladh don Choimisiún, i ndáil leis sin, leanúint ar aghaidh sa treo sin d’fhorfheidhmiú éifeachtach ex-post in aghaidh trustaí;

29.

á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta in aghaidh trustaí a bhrostú, teorainneacha ama iomchuí a leagan síos do na nósanna imeachta agus a áirithiú go leanfar go héifeachtach le cinntí chun nósanna imeachta fada a sheachaint, mar shampla i gcás Spotify, a rinne gearán i gcoinne Apple in 2019, níl aon ghníomhaíochtaí nithiúla déanta chun aghaidh a thabhairt ar shrianta Apple, d’ainneoin ráiteas agóidí a bheith eisithe ag an gCoimisiún, rud a chuirfeadh cosc ​​ar fhorbróirí aipe saorchumarsáid a dhéanamh lena n-úsáideoirí féin;

30.

á chur in iúl gur geal léi seoladh an tionscnaimh maidir leis na treoirlínte um mí-úsáidí eisiatacha ceannasachta, a dhréachtófar in 2024 agus a ghlacfar in 2025, agus gealltanas an Choimisiúin do chur i bhfeidhm bríomhar, éifeachtach agus pras Airteagal 102 CFAE i réimse na mí-úsáidí eisiatacha; á iarraidh ar an gCoimisiún forghníomhú rialacha in aghaidh trustaí atá bunaithe ar éifeachtaí a dheimhniú go nithiúil agus, go háirithe, ábharthacht na fianaise eacnamaíoch i gcásanna iomchuí; á iarraidh go gcuirfí leochaileacht tomhaltóirí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar mhí-úsáidí dúshaothraithe amhail praghsanna iomarcacha agus téarmaí éagóracha;

31.

á thabhairt dá haire oscailt imscrúdaithe fhoirmiúíl ar chleachtais fhrithiomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann trí ardán cumarsáide agus comhoibrithe a cheangal nó a chuachadh lena bhogearraí ceannasach agus móréilimh féin (25); á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar na lamháltais, a thairgeann geatóir go haontaobhach, leis na gnóthais lena mbaineann, chun a áirithiú go dtabharfaidh siad aghaidh ar ábhair imní na ngníomhaithe margaidh i ndáil leis na húsáideoirí nua agus na húsáideoirí atá ann cheana, chomh maith le saincheisteanna idir-inoibritheachta agus praghsála;

32.

á áitiú go mbeadh leigheasanna éifeachtacha ann lena n-éilítear comhordú níos fearr idir forfheidhmitheoirí agus tuilleadh idirphlé le tríú páirtithe, chomh maith le forfheidhmiú mhíchuí; á mheabhrú go raibh gnóthais a ainmníodh mar gheatóirí faoi réir rialuithe in aghaidh trustaí roimhe seo, nach raibh athruithe iompraíochta éifeachtacha mar thoradh orthu, go háirithe maidir le féintosaíocht i margaí digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos fearr a bhaint as leigheasanna struchtúracha mar rogha dheireanach; ag athdhearbhú a iarrata ar an gCoimisiún deireadh a chur le tosaíocht leigheasanna iompraíochta i ndlí an Aontais;

33.

ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar éifeacht fhrithiomaíoch na srianta soláthair críochacha d’fhonn margadh aonair lánfheidhmiúil a áirithiú agus leas a bhaint as na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis do thomhaltóirí;

34.

ag athdhearbhú, thairis sin, a hiarrata ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán gníomhach a dhéanamh ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar shrianta eile ar dhíolacháin trasteorann ar líne agus iadsan a bhaint, agus cur chuige atá ar son an tomhaltóra a bheith ina chroílár aige chun go mbeidh tomhaltóirí in ann rochtain a fháil ar rogha níos mó táirgí agus seirbhísí ar fud an Aontais;

Beartas iomaíochta sa ré dhigiteach

35.

á chur in iúl gur geal léi ainmniú seisear geatóirí – Alphabet, Amazon, Apple, ByteDance, Meta, Microsoft (26) – le haghaidh 22 seirbhísí lárnacha ardáin faoi DMA, na ceithre imscrúdú margaidh don fhrisnéis chomh maith leis an gcéad imscrúdú margaidh faoi Airteagal 3(8) DMA; ag moladh don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go pras chun na rialacha mionsonraithe cur i bhfeidhm a leathnú nó chun na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6, 7 agus 12 DMA a shonrú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú dian a dhéanamh ar cibé an bhfuil oibleagáidí DMA á gcomhlíonadh ag na geatóirí roimh an 6 Márta 2024 agus aiseolas a lorg ó thríú páirtithe i dtaobh an bhfuil margaí digiteacha níos cothroime agus níos iomaíche mar thoradh ar na réitigh chomhlíonta a thairgeann na geatóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh tríú páirtithe neamhspleácha bearta na ngeatóirí maidir le slándáil agus sláine a n-ardán, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chomhlíonadh DMA, a ghrinnfhiosrú agus nach mbeidh na bearta sin bunaithe ar mheasúnú na ngeatairí féin amháin;

36.

á chur i bhfios go dtagann staidéar an Choimisiúin ar 'thionchar na bhforbairtí is déanaí san adtech agus ar a dtionchar ar phríobháideachas, ar na foilsitheoirí agus ar na fógróirí' ar an tátal go bhféadfadh bailiú agus próiseáil mórscála sonraí pearsanta chun críocha fógraíochta agus teimhneacht an mhargaidh fógraíochta dhigitigh a bheith mar spreagadh do chalaois i réimse na fógraíochta (27); á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhréir le moltaí an staidéir, anailís bhreise a dhéanamh ar roghanna reachtacha maidir le hidirghabhálacha beartais amach anseo, lena n-áirítear leigheasanna struchtúracha a fhorchur, chun aghaidh a thabhairt ar iompar frithiomaíoch, trí DMA agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) (28) a chomhlánú i ndáil leis sin;

37.

á thabhairt dá haire na himscrúduithe margaidh ar Edge agus Bing (29) de chuid Microsoft agus ar iOS agus iMessage (30) de chuid Apple chun a róil mar gheataí agus a suíomhanna daingnithe sa mhargadh a mheas, de réir an chinnidh Apple agus Microsoft a ainmniú mar gheatóirí faoi DMA; á thabhairt chun suntais go n-áirítear iMessage ar gach feiste iOS trí réamhshocrú le haghaidh níos mó ná 144 mhilliún úsáideoir; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá fóin chliste mar uirlis riachtanach phearsanta agus ghairmiúil; á thabhairt chun suntais go bhfuil forlámhas ag dhá chóras oibriúcháin ar mhargadh an lae inniu, a bhfuil a seirbhísí teachtaireachtaí neamh-idir-inoibritheacha féin acu, rud a chuireann teorainn leis an bhféidearthacht d’úsáideoirí agus do ghnólachtaí gluaiseacht gan bhac ó éiceachóras amháin go héiceachóras eile agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile gan uaim beag beann ar an gcóras oibriúcháin, rud atá go bunúsach in aghaidh mheon agus ábhar DMA; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún dul ar aghaidh go pras lena imscrúdú agus lena chur chun feidhme éifeachtach chun na tairbhí a bhaineann le hidir-inoibritheacht teachtaireachtaí a thabhairt do chách ar bhealach tráthúil;

38.

á thabhairt dá haire cinneadh CBAE i gcás Meta v Bundeskartellamt lena ndearbhaítear inniúlacht na n-údarás iomaíochta náisiúnta rialacha cosanta sonraí a fhorfheidhmiú faoi dhlíthe in aghaidh trustaí: á chur in iúl go ndearbhaíonn CBAE gur rud tábhachtach é cosaint sonraí pearsanta agus mí-úsáid ceannasachta á scrúdú agus go bhforchuirtear léi ceanglais maidir le húsáid sonraí pearsanta daoine aonair le haghaidh fógraíochta spriocdhírithe; ag moladh do na húdaráis iomaíochta imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (31) agus do na húdaráis um chosaint sonraí chun smachtbhannaí a chur ar sháruithe den sórt sin;

39.

á thabhairt dá haire conclúidí imeachtaí Bundeskartellamt agus Alphabet Inc. lena dtugtar roghanna níos fearr d’úsáideoirí Google maidir le conas a phróiseálann Google a gcuid sonraí; á dhearbhú nach mór an rogha a bheith ag tomhaltóirí an Aontais cibé an gceadaíonn siad ceirtleán agus próiseáil trassheirbhíse ar a sonraí pearsanta; ag moladh don Choimisiún comhordú gníomhaíochtaí forghníomhaithe a shaothrú agus comhoibriú le húdaráis iomaíochta náisiúnta chun idirghníomhú éifeachtach a éascú idir dlí na hiomaíochta agus DMA, go háirithe i gcomhthéacs ‘oibleagáidí breise’ DMA;

40.

á chur in iúl gur margadh atá ag dul i méid é Idirlíon na Rudaí Nithiúla: á chur n sé freisin gur mórfhoinse sonraí tomhaltóirí iad fheistí cliste bhaile, amhail folúsghlantóirí róbait; á thabhairt dá haire gur féidir le cumaisc agus éadálacha san earnáil seo damáiste mór iomaíoch a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a áireamh mar fhoinse cumhachta margaidh sa mheastóireacht ar chásanna cumaisc agus éadála san earnáil seo, go háirithe nuair a bhaineann na cásanna sin le cuideachtaí móra teicneolaíochta seanbhunaithe; á iarraidh, thairis sin, coinníollacha a fhorchur ar úsáid sonraí, más gá;

41.

á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta ar liosta na ngeatóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar imscrúduithe margaidh a oscailt faoi Airteagal 3(8) DMA (measúnú cáilíochtúil) san earnáil seo, i bhfianaise, go háirithe, struchtúr comhchruinnithe an mhargaidh agus cleachtais fhrithiomaíocha díobhálacha a chuir na húdaráis iomaíochta náisiúnta i dtábhacht; á thabhairt chun suntais go bhfuil ceannas ag roinnt gníomhaithe an-mhór ar an margadh néalríomhaireachta Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na seirbhísí incháilithe uile a ainmniú chun iomaíocht chóir chomhionann a athbhunú sa mhargadh néalríomhaireachta Eorpach;

42.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le himscrúdú margaidh a sheoladh faoi Airteagal 19 DMA, ag cur catagóirí nua croísheirbhísí ardáin faoi Airteagal 2(2) DMA i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta is déanaí a bhféadfadh cineálacha nua seirbhísí a bheith mar thoradh orthu ar seirbhísí iad nach dtagann faoi na catagóirí atá ann cheana amhail intleacht shaorga ghiniúnach; ag aithint gur féidir gnéithe nua arna gcumhachtú ag intleacht shaorga ghiniúnach a ionchorprú i seirbhísí digiteacha atá ann cheana, amhail innill chuardaigh ar líne, agus gur féidir iad a ghabháil leis an liosta croísheirbhísí ardáin atá ann cheana a d’fhéadfadh neartú na ngeatóirí atá ann cheana a bheith mar thoradh orthu;

43.

á thabhairt dá haire an ráiteas comhpháirteach ó údaráis iomaíochta G7 maidir le hiomaíocht agus intleacht shaorga, ag cur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar chun an iomaíocht sna margaí digiteacha a chur chun cinn (32); á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar an airdeall maidir le comhaontuithe comhair i gcomhthéacs forbairtí san intleacht shaorga chun a áirithiú nach cumaisc ná éadálacha maraithe a d'fhéadfadh a bheith i gcomhaontuithe comhair den sórt sin;

44.

á athdhearbhú go bhfuil bunús dlí difriúil ag DMA i gcodarsnacht leis an gcreat iomaíochta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cómhaireachtáil éifeachtach idir fhorghníomhú dhlí na hiomaíochta ex post agus forghníomhú ex ante DMA, i bhfianaise a gcineáil chomhlántaigh; á chur i bhfáth gur gá acmhainní leordhóthanacha foirne agus sineirgí a imscaradh chun na rialacha a chur chun feidhme go héifeachtach, agus forluí nó dúbailt na struchtúr agus na mbeart atá ann cheana a sheachaint;

45.

á thabhairt chun suntais na riachtanais nascachta a bheidh ag an Aontas amach anseo ó thaobh bonneagair agus infheistíochtaí de; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcleachtas iomaíochta reatha don mhargadh teileachumarsáide chun cruthú margaidh aonair lán-chomhtháite le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide a éascú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh gurb é comhdhlúthú an mhargaidh an t-aon bhealach chun bonneagar a dhíol de réir a chéile le cuideachtaí eachtracha nach de chuid an Aontais iad a sheachaint agus chun dul san iomaíocht go héifeachtach ar an leibhéal domhanda; á chur i bhfios go bhfuil fás na hearnála seo san Eoraip an-íseal le deich mbliana anuas agus gurb í an ilroinnt an phríomhchúis leis sin; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an fógra ón gCoimisinéir Breton i dtaca le hobair an Choimisiúin ar thogra nua maidir le Gníomh um Líonraí Digiteacha chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an mhargaidh, infheistíocht a mhealladh agus bonneagar teileachumarsáide agus nuálaíocht a neartú gan costais bhreise do thomhaltóirí agus gan neodracht líonra agus iomaíocht chóir ar an margadh idir na gníomhaithe uile a chur i mbaol;

46.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur féidir le geatóirí a fhorbraíonn buntáiste sonraí thar iomaitheoirí barainneachtaí scála criticiúla a bhaint amach, rud a chuireann le cothromaíochtaí iomaíocha sna margaí digiteacha a laghdú tuilleadh agus bac a chur ar an nuálaíocht;

47.

á chur i bhfáth gur cheart sócmhainní sonraí pearsanta a mheas agus a mheasúnú ar an mbealach céanna le sócmhainní traidisiúnta eile agus cinneadh á dhéanamh ar chumaisc agus éadálacha digiteacha; á chur i bhfáth, thairis sin, gur féidir ceannasacht a neartú trí chomhdhlúthú sonraí trí chumaisc agus éadálacha;

Cánachas

48.

á chur in iúl gur saoth léi iarmhairtí saobhacha na pleanála ionsaithí cánach agus na gcóras cánach i mBallstáit áirithe ar iomaíocht chóir, toisc go bhféadfadh siad an nuálaíocht a chosc agus iniomaíocht na margaí a chur i mbaol, go háirithe do FBManna; á iarraidh go ndéanfaí cuideachtaí a bhíonn i mbun seachaint cánach agus a úsáideann tearmainn chánach tíortha nach baill den Aontas iad a eisiamh ó nósanna imeachta soláthair phoiblí, agus go gcuirfí cosc orthu státchabhair a fháil, toisc go bhfuil na cuideachtaí sin in iomaíocht faoi choinníollacha éagóracha le cuideachtaí atá bunaithe i dtearmainn nach bhfuil ina dtearmainn chánach; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún moladh an 14 Iúil 2020 gan tacaíocht airgeadais a dheonú do chuideachtaí a bhfuil naisc acu le tearmainn chánach agus cáiníocóirí macánta á gcosaint ag an am céanna;

49.

á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú isteach san fhéidearthacht go gcuirfí fíneáil ar thíortha a fhaightear a bheith ag sárú na rialacha maidir leis an státchabhair; ag spreagadh an Choimisiúin a chuid imscrúduithe ar chleachtais rialaithe chánach na mBallstát a shaothrú;

50.

Á thabhairt dá haire gealltanas Leas-Uachtarán Šefčovič agus Choimisinéir Hoekstra plé a sheoladh maidir le deireadh a chur le fóirdheontais breoslaí iontaise; ag meabhrú a héilimh chun beartais, amlínte agus bearta nithiúla a chur chun feidhme chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breoslaí iontaise trí bhearta cánach a luaithe agus is féidir;

51.

á chur in iúl gur geal léi forairdeall an Choimisiúin i dtaobh rialacha maidir le Státchabhair a fhorfheidhmiú i réimse an chánachais;

52.

á chur in iúl, ag an am chéanna, gur saoth léi go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt cinntí a rinne an Coimisiún le déanaí i gcásanna ardphróifíle i réimse an chánachais a neamhniú; á iarraidh ar an gCoimisiún a chásanna maidir le beartais iomaíochta a ullmhú ar bhealach níos críochnúla ionas gur féidir leo seasamh suas i gcúirt dlí; a thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbaineann riosca buiséadach don Aontas freisin le neamhniú fíneálacha agus le híocaíocht chúlghabhálach ús mainneachtana i gcásanna neamhnithe;

Rannpháirtíocht na Parlaiminte

53.

á chur i bhfáth gur cheart ról gníomhach a bheith ag an bParlaimint maidir le beartas iomaíochta a mhúnlú agus a bheith níos rannpháirtí i ngníomhaíocht mheithleacha agus sainghrúpaí; á mheas gur cheart úsáid níos minice a bhaint as ceart na Parlaiminte idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le dlí na hiomaíochta;

54.

á iarraidh ar an gCoimisinéir freagrach atá i bhfeighil an bheartais iomaíochta fanacht i ndlúth-theagmháil le Coiste inniúil na Parlaiminte agus lena grúpa oibre um shaincheisteanna iomaíochta;

°

° °

55.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí agus údaráis iomaíochta na mBallstát.

(1)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0227.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 13 Iúil 2022, Ilumina Inc. v An Coimisiún Eorpach, T-227/21, ECLI:AE:T:2022:447.

(3)   IO C 131 I, 24.3.2022, lch. 1.

(4)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

(5)   IO L 265, 12.10.2022, lch. 1.

(6)   IO L 11, 14.1.2019, lch. 3.

(7)   IO L 1, 4.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 123, 27.4.2004, lch. 18.

(9)   IO C 80, 18.2.2022, lch. 1.

(10)   IO C 36, 31.1.2023, lch. 1.

(11)   IO L 330, 23.12.2022, lch. 1.

(12)  European Commission, ‘ State of the Union address’, [Aitheasc ar Staid an Aontais] an 13 Meán Fómhair 2023.

(13)   IO L 119, 5.5.2023, lch. 22.

(14)   IO C 23, 23.1.2023, lch. 1.

(15)  Breithiúnas ón gCúirt (an Mór-Dhlísheomra) 4 Iúil 2023, Meta Platforms inc and Others v Bundeskartellamt , C-252/21, ECLI:EU:C:2023:537.

(16)   DG COMP Code of good practices for a transparent, inclusive, faster design and assessment of IPCEIs.

(17)   IO C 101, 27.4.2004, lch. 78.

(18)   IO C 259, 21.7.2023, lch. 1.

(19)  Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ‘ Tuarascáil ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2022’, an 25 Deireadh Fómhair 2023.

(20)  ECFE, ‘ Competition and Inflation: OECD Competition Policy Roundtable Background Note’, [Iomaíocht agus Boilsciú: Nóta Cúlra de Chruinniú Comhchéime maidir le Beartas Iomaíochta ECFE], 2022.

(21)  An Ghréig, an Ghearmáin.

(22)  Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55).

(23)  Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ‘ Tuarascáil ar Sciar den Mhargadh CRA a Ríomh ’, an 15 Nollaig 2022.

(24)  An Coimisiún Eorpach, ‘Booking Holdings/Etraveli Group’, dáta an chinnidh an 25 Meán Fómhair 2023

(25)  An Coimisiún Eorpach, ‘ Antitgrust: Commission opens investigation into possible anticompetitive practices by Microsoft regarding Teams ’, [In aghaidh trustaí: Osclaíonn an Coimisiún imscrúdú ar chleachtais fhrithiomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ag Microsoft maidir le Teams] an 27 Iúil 2023.

(26)   Féach cinntí oifigiúla DMA 100044, 100040, 100035, 100027, 18, 100026, 100025, 100024, 100020, 100018, 100017, 100016, 100013, 100011

(27)  An Coimisiún Eorpach, ‘Staidéar ar thionchar na bhforbairtí is déanaí san adtech agus ar a dtionchar ar phríobháideachas, ar na foilsitheoirí agus ar na fógróirí’, lgh. 263-264.

(28)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(29)  Cinneadh DMA 100015; An Gníomh um Margaí Digiteacha. 100028 agus DMA. 100034.

(30)  Cinneadh DMA. 100047 agus DMA. 100022.

(31)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(32)  Cruinniú G7 Hiroshima, ‘ Compendium of approaches to improving competition in digital markets ’, [Coimre de chuir chuige maidir le feabhas a chur ar iomaíocht sna margaí digiteacha] an 8 Samhain 2023


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5705/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)