European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5631

30.9.2024

Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Lúnasa 2024 – Salzburger Sparkasse Bank v BRA

(Cás T-407/23)  (1)

(Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta - Aontas Baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Ciste Réitigh Aonair (CRA) - Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2023 - Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 - Caingean a bhfuil bunús maith léi - Teorannú ar éifeachtaí ama an ordaithe)

(C/2024/5631)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Salzburger Sparkasse Bank AG (Salzburg, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, C. Flynn agus D. Ceran, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Meyring agus T. Klupsch, Dlíodóirí)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh SRB/ES/2023/23 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh ranníocaíochtaí ex ante 2023 leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) ar neamhní, a mhéid a bhaineann an cinneadh sin leis.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Cinneadh SRB/ES/2023/23 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh ranníocaíochtaí ex ante 2023 leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) ar neamhní a mhéid a bhaineann sé le Salzburger Sparkasse Bank AG.

2)

Coimeádtar éifeachtaí an chinnidh SRB/ES/2023/23 a mhéid a bhaineann sé le Salzburger Sparkasse Bank go dtí go mbeidh na bearta is gá déanta ag BRA chun an t-ordú seo a chomhlíonadh laistigh de thréimhse réasúnach nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná sé mhí ón dáta a bheidh an t-ordú reatha críochnaitheach;

3)

Ordaítear do BRA a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Salzburger Sparkasse Bank a íoc.


(1)   IO C 314, 4.9.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5631/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)