|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5617 |
30.9.2024 |
Achomharc arna thabhairt an 15 Lúnasa 2024 ag Deutsche Bank AG agus BHW Bausparkasse AG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Meádaithe) a fógraíodh an 5 Meitheamh 2024 i gCás T-182/22, Deutsche Bank agus páirtithe eile v BCE
(Cás C-556/24 P)
(C/2024/5617)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: Deutsche Bank AG agus BHW Bausparkasse AG (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Rechtsanwälte)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus norisbank GmbH
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
go gcuirfí ar ceal an breithiúnas faoi achomharc a mhéid a dhíbhtear an chaingean toisc í a bheith gan bhunús agus a ordaítear leis costais a íoc maidir leis an gcuid sin den chaingean, |
|
— |
go gcuirfí ar neamhní go páirteach Comhchinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh lena mbunaítear ceanglais stuamachta an 21 Nollaig 2022 (ECB-SSM-2022-DEDEB-44) i ndáil leis na ceanglais arna bhforchur ar na hachomharcóirí de réir mhír 1.3 den chinneadh sin, agus |
|
— |
a ordú do BCE na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú roimh chinneadh a chur in ionad Comhchinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh lena mbunaítear ceanglais stuamachta an 2 Feabhra 2022 (ECB-SSM-2022-DEDEB-6), a mhéid ar chinn an Chúirt Ghinearálta gur dho-ghlactha an chaingean sin. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur chinn an Chúirt Ghinearálta go hearráideach gur ghníomhaigh BCE de réir a thascanna agus a chumhachtaí faoi Airteagal 4(1)(f) agus 16(2)(d), (j) de Rialachán (AE) 1024/2013 (1) ón gComhairle agus na ceanglais faoi mhír 1.3 den chinneadh (‘Ceanglais IPC’) á bhforchur ar na hachomharcóirí. Áitíonn na hachomharcóirí nach bhfuil sé de chumhacht ag BCE asbhaint CET 1 a fhorchur ar na hachomharcóirí chun dul i ngleic leis an mbaol líomhainte go ndéanfaí áibhéil faoi CET 1 i ndáil leis an toimhde faoi ghealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna dtabhairt ag na hachomharcóirí don Chiste Réitigh Aonair agus don scéim ráthaithe taisce riachtanach.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí agus mífheidhm as Airteagal 16(1)(c), (2)(d) de Rialachán (AE) 1024/2013, trí ghlacadh leis go bhféadfadh an baol líomhainte go ndéanfadh na hAchomharcóirí áibhéil faoi CET 1 a bheith ina údar le Ceanglais IPC a fhorchur sa chás ar leith agus trí caighdeán dlí earráideach a chur i bhfeidhm le haghaidh an mheasúnaithe ar leith de réir Airteagal 16(1)(c) de Rialachán (AE) 1024/2013.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar saintascanna don Bhanc Ceannais Eorpach i ndáil le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5617/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)