|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5610 |
30.9.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) a taisceadh an 5 Iúil 2024 – SX Ltd v Ministero dell’Economia e delle Finanze agus páirtithe eile
(Cás C-476/24, SX)
(C/2024/5610)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SX Ltd
Cosantóirí: Ministero dell’Economia e delle Finanze, Comando Generale della Guardia di Finanza, Agenzia del Demanio
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gcuirtear cosc le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (1) ar léiriú ar dá réir – i gcás ina bhfuil sócmhainní nó acmhainní arna sealbhú in iontaobhas lánroghnach (a liostaítear a thairbhí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán thuasluaite) – go bhfuil na sócmhainní agus/nó na hacmhainní sin le meas mar shócmhainní agus/nó acmhainní ‘a bhaineann’ leis an tairbhí iontaobhais fiú má thoirmisctear go sainráite leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an iontaobhas (nó fiú clásal coimirce conarthach a chuirtear isteach san ionstraim iontaobhais) ar an tairbhí aon ghníomh teachtadh agus diúscairt sócmhainní/acmhainní iontaobhais a dhéanamh fad a liostaítear an duine aonair sin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, nó in aon chás fad a bheadh úsáid/diúscairt sócmhainní/acmhainní den sórt sin ina shárú ar dhlí [an Aontais Eorpaigh]? |
|
2. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist, an gcuirtear cosc le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ar léiriú ar dá réir – i gcás ina bhfuil sócmhainní nó acmhainní arna sealbhú in iontaobhas lánroghnach (a liostaítear a thairbhí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán thuasluaite) – nach mór a mheas mar sin féin go bhfuil na sócmhainní agus/nó na hacmhainní sin faoi réir ‘rialú’ an tairbhí iontaobhais fiú má thoirmisctear go sainráite leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an iontaobhas (nó fiú clásal coimirce conarthach a chuirtear isteach san ionstraim iontaobhais) ar an tairbhí aon ghníomh teachtadh agus diúscairt sócmhainní/acmhainní iontaobhais a dhéanamh chomh fada agus a liostaítear an duine aonair sin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, nó in aon chás chomh fada agus a bheadh úsáid/diúscairt sócmhainní/acmhainní den sórt sin ina shárú ar dhlí [an Aontais Eorpaigh]? |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2014 L 78, lch. 6).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5610/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)