European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5512

11.9.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11644 – VREP / GILDE SFS / CONTEYOR / KTP)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/5512)

1.   

An 3 Meán Fómhair 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Gilde SFS B.V. (‘Gilde SFS’, an Ísiltír),

VR Equitypartner GmbH (‘VREP’, an Ghearmáin),

SFS Group B.V. (‘SFS Group’, an Ísiltír),

KTP Holding GmbH (‘KTP Holding’, an Ghearmáin).

Gheobhaidh Gilde SFS agus VREP rialú comhpháirteach ar SFS Group agus ar KTP Holding de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta sealbhaíochta é Gilde SFS atá faoi rialú Gilde Equity Management a infheistíonn i bhfhiontair mheánmhéide agus mhóra, go háirithe sa Bheilg, i Lucsamburg, agus san Ísiltír,

Is cuideachta infheistíochta é VERP a thacaíonn go príomha le cuideachtaí meánmhéide i dtíortha ina labhraítear an Ghearmáinis san Eoraip,

Is é SFS Group cuideachta sealbhaíochta Conteyor, a chuireann réitigh ar fáil maidir le pacáistíocht in-aischurtha, amhail teicstílí teicniúla, táirgí teirmidheilbhithe, coimeádáin phlaisteacha, agus racaí miotail,

Is é KTP Holding cuideachta sealbhaíochta KTP Group, grúpa Gearmánach atá gníomhach i réimse na réiteach maidir le pacáistíocht in-aischurtha agus a dhíríonn go sonrach ar mhonarú choimeádáin phlaisteacha iompair agus stórála atá infhillte.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11644 – VREP / GILDE SFS / CONTEYOR / KTP

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5512/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)