European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5499

23.9.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) (an Laitvia) a taisceadh an 9 Iúil 2024 – Ģenerālprokuratūra v SIA ‘ČIEKURI-SHISHKI’, SIA ‘COUNTRY HELI’

(Cás C-480/24, Čiekuri-Shishki)

(C/2024/5499)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Augstākā tiesa (Senāts)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Ģenerālprokuratūra

Páirtithe eile sna himeachtaí: SIA ‘ČIEKURI-SHISHKI’, SIA ‘COUNTRY HELI’

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Cad iad na himthosca inar féidir duine a mheas mar dhuine a bhfuil baint aige [le daoine, eintitis, comhlachtaí a liostaítear: ‘lena mbaineann’] de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1) (‘Rialachán Uimh. 269/2014’), agus an féidir duine dlítheanach a aicmiú mar dhuine dlítheanach lena mbaineann má tá 50 % dá scairchaipiteal á shealbhú ag duine dlítheanach a bhfuil a úinéir tairbhiúil san áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin? (2)

2)

Más freagra dearfach a thabharfar ar an dara cuid den chéad cheist, an gcaithfear duine dlítheanach a mheas mar dhuine dlítheanach lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 269/2014 freisin má tá 50 % de scairchaipiteal an duine dhlítheanach a luaitear sa chuid sin den chéad cheist ina sheilbh aige?

3)

An gcaithfear na daoine dlítheanacha lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 269/2014 a mheas freisin mar dhaoine, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(b) de Rialachán Uimh 269/2014?

4)

An gceanglaítear ar an mbreitheamh, agus scrúdú á dhéanamh aige ar gach éileamh, a fhíorú ex officio más duine dá dtagraítear in Airteagal 2 nó in Airteagal 11(1)(a) nó (b) de Rialachán Uimh. 269/2014 é duine de na páirtithe sna himeachtaí?

5)

Cad iad na héifeachtaí dlíthiúla atá le hAirteagal 11(1) de Rialachán Uimh. 269/2014 ina sonraítear ‘nach sásófar aon éileamh’ ó dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(a) nó (b), agus an bhféadfaí éileamh den sórt sin a scrúdú ar a fhiúntas má fhoráiltear leis an gcuid oibríochtúil de bhreithiúnas nach bhfuil an breithiúnas infhorghníomhaithe fad is atá na daoine sin ar an liosta úd?

6)

An dtugtar éifeachtaí dlíthiúla le hAirteagal 11(1) de Rialachán Uimh. 269/2014 i gcás nach duine de na daoine dá dtagraítear faoi (a) nó (b) den mhír sin é an t-iarratasóir, ach gur duine den sórt sin é an cosantóir?

7)

An gcaithfear sonraí an duine nádúrtha atá faoi réir smachtbhannaí (sloinne agus céadainm) a nochtadh i bhforais an bhreithiúnais agus an gcaithfear ainm samhailteach a thabhairt dóibh nuair a fhoilsítear an breithiúnas?


(1)   IO 2014, L 78, lch. 6.

(2)   IO 2022, L 58, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5499/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)