European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5467

9.9.2024

Teachtaireacht ó Rialtas Phoblacht na Polainne i ndáil le Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón

Fógra um iarratas ar lamháltas maidir le sirtheoireacht agus taiscéalaíocht meatáin atá i bhfosuithe guail chrua agus eastóscadh meatáin atá i bhfosuithe guail chrua i limistéar ‘Kaczyce I’

(C/2024/5467)

ROINN I: BUNÚS DLÍ

1.

Airteagal 49ec(2) den Ghníomh um an Dlí Geolaíochta agus Mianadóireacht an 9 Meitheamh 2011 (Iris na nDlíthe [Dziennik Ustaw] 2023, mír 633, arna leasú)

2.

Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón (IO L 164, 30.6.1994, lch. 3; Eagrán speisialta sa Pholainnis: Caibidil 6, Imleabhar 2, lch. 262)

ROINN II: EINTITEAS AG LORG TAIRISCINTÍ

Ainm: Ministerstwo Kimatu i Środowiska [An Aireacht Aeráide agus Comhshaoil]

Seoladh poist: ul. Wawelska 52/54, 00-922 Warszawa

Teil. +48 223692449

Facs +48 223691100

Suíomh gréasáin: www.gov.pl/web/klimat

ROINN III: ÁBHAR AN NÓS IMEACHTA

1)   Faisnéis maidir le hiarratais ar lamháltas a chur isteach:

Iarratas ar lamháltas maidir le sirtheoireacht agus taiscéalaíocht meatáin atá i bhfosuithe guail chrua agus eastóscadh meatáin atá i bhfosuithe guail chrua i limistéar ‘ Kaczyce I ’, cuireadh faoi bhráid an údaráis lamháltais é.

2)   An cineál gníomhaíochta a bhfuil an lamháltas le deonú ina leith:

Lamháltas maidir le sirtheoireacht agus taiscéalaíocht meatáin atá i bhfosuithe guail chrua agus eastóscadh meatáin atá i bhfosuithe guail chrua i limistéar ‘ Kaczyce I, ’ cuid de bhloc lamháltais Uimh. 410. .

3)   An limistéar ina mbeidh na gníomhaíochtaí le déanamh:

Sainítear teorainneacha an limistéir le línte lena gceanglaítear pointí ag a bhfuil na comhordanáidí seo a leanas i gcóras comhordanáidí PL-1992:

Uimh.

X [PL-1992]

Y [PL-1992]

1.

219 954,4 .

470 530,9 .

2.

219 901,1 .

470 538,6 .

3.

219 592,8 .

470 233,3 .

4.

219 418,0 .

470 112,2 .

5.

219 333,2 .

470 013,7 .

6.

219 173,8 .

469 696,4 .

7.

219 043,5 .

469 508,8 .

8.

218 628,4 .

469 058,8 .

9.

218 476,1 .

469 109,4 .

10.

218 001,4 .

469 069,2 .

11.

217 731,5 .

469 238,9 .

12.

217 546,5 .

469 543,6 .

13.

217 136,7 .

469 648,3 .

14.

216 881,7 .

469 997,9 .

15.

216 646,8 .

470 067,8 .

16.

216 112,2 .

469 997,8 .

17.

215 592,5 .

470 117,2 .

18.

215 342,6 .

470 251,9 .

19.

215 176,1 .

470 643,7 .

20.

215 022,5 .

470 796,4 .

21.

214 503,9 .

470 766,2 .

22.

214 372,9 .

470 875,9 .

23.

214 767,9 .

472 395,1 .

24.

219 245,6 .

472 397,6 .

Is é 12,92 km2 achar dromchla theilgean ceartingearach an limistéir.

An suíomh riaracháin:

Cúige Śląskie

Ceantar Cieszyn, Bardais Tuaithe Hażlach agus Zebrzydowice

4)   An sprioc-am chun iarratas ar lamháltas a chur isteach ó eintitis eile ar spéis leo an ghníomhaíocht dá bhfuil an lamháltas le deonú, is éard a bheidh ann sprioc-am nach lú ná 90 lá ó dháta foilsithe an fhógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

Ní mór iarratais ar lamháltas a chur faoi bhráid na hAireachta Comhshaoil tráth nach déanaí ná 12:00 uair an mheán lae (CET/CEST) ar an lá deiridh den tréimhse 90 lá dar tús an lá tar éis dháta foilsithe an fhógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5)   Critéir mheasúnaithe agus ualuithe le haghaidh iarratas ar lamháltas, arna leagan síos le haird chuí ar Airteagal 49k(1), (1a) agus (3) den Ghníomh um an Dlí Geolaíochta agus Mianadóireacht:

Déanfar measúnú ar na hiarratais a gheofar ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

30 %

raon feidhme agus sceideal na n-oibreacha geolaíocha atá beartaithe, lena n-áirítear oibríochtaí geolaíocha, nó oibríochtaí mianadóireachta;

20 %

acmhainní airgeadais lena dtairgtear ráthaíocht leormhaith go ndéanfar gníomhaíochtaí a bhaineann le sirtheoireacht agus taiscéalaíocht fosuithe hidreacarbóin agus le heastóscadh hidreacarbón, agus go háirithe na foinsí agus na modhanna chun na gníomhaíochtaí atá beartaithe a mhaoiniú, lena n-áirítear an sciar de chistí dílse agus de mhaoiniú seachtrach;

20 %

an teicneolaíocht atá beartaithe chun oibreacha geolaíocha a dhéanamh, lena n-áirítear oibríochtaí geolaíocha, nó oibríochtaí mianadóireachta;

15 %

acmhainní teicniúla maidir le sirtheoireacht agus taiscéalaíocht fosuithe hidreacarbóin agus eastóscadh hidreacarbón, agus go háirithe infhaighteacht poitéinsil acmhainní iomchuí teicniúla, eagraíochtúla, lóistíochta agus daonna;

10 %

raon feidhme agus sceideal an bhailiúcháin shainordaithigh samplaí a fhaightear le linn oibríochtaí geolaíocha, lena n-áirítear croíleacáin druilirí;

5 %

taithí ar shirtheoireacht agus taiscéalaíocht fosuithe hidreacarbóin nó ar eastóscadh hidreacarbón, lena n-áirithítear oibriú sábháilte, cosaint beatha agus sláinte daoine agus ainmhithe, agus cosaint an chomhshaoil.

Más rud é, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar iarratais ar bhonn na gcritéar a shonraítear thuas, go bhfaigheann dhá thairiscint nó níos mó an scór céanna, úsáidfear méid na táille chun cearta úsáide mianadóireachta a bhunú a bheidh dlite le linn na céime sirtheoireachta agus taiscéalaíochta mar chritéar breise lena bhféadfar rogha deiridh a dhéanamh idir na tairiscintí lena mbaineann.

ROINN IV: FAISNÉIS BHREISE

IV.1)   Ba cheart iarratais a chur chuig an seoladh seo a leanas:

Ministerstwo Klimatu i Środowiska

Departament Geologii

ul. Wawelska 52/54

00-922 Warszawa

AN PHOLAINN

IV.2)   Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar na bealaí seo a leanas:

suíomh gréasáin na hAireachta Aeráide agus Comhshaoil: https://www.gov.pl/web/klimat

an Roinn Geolaíochta

Ministerstwo Klimatu i Środowiska

ul. Wawelska 52/54

00-922 Warszawa

AN PHOLAINN

Teil. +48 228263692, 449

Facs +48 228261100

R-phost: departament.geologii@klimat.gov.pl

IV.3)   Cinneadh maidir le cáilíocht:

Eintitis ar eisíodh cinneadh ina leith lena ndeimhnítear toradh dearfach nós imeachta um cháilíocht, féadfaidh siad iarratais ar lamháltas a chur isteach, mar a fhoráiltear in Airteagal 49a(17) den Ghníomh um an Dlí Geolaíochta agus Mianadóireacht.

IV.4)   An íostáille maidir le cearta úsáide mianadóireachta a bhunú:

Is é PLN 6 000,00 (sé mhíle zloty) in aghaidh na bliana an íostáille chun cearta úsáide mianadóireachta a bhunú do limistéar ‘Kaczyce I’ le linn bhuntréimhse 5 bliana na céime sirtheoireachta agus taiscéalaíochta. Déanfar an táille bhliantúil chun cearta úsáide mianadóireachta a bhunú sa chéim shirtheoireachta agus taiscéalaíochta a innéacsú leis an meáninnéacs bliantúil praghsanna do thomhaltóirí arna leagan síos go carnach le haghaidh na tréimhse ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe go dtí an bhliain roimh dháta íocaíochta na táille, mar atá fógartha ag Uachtarán Oifig Staidrimh na Polainne in Iris Oifigiúil na Polainne (Monitor Polski).

IV.5)   Deonú an lamháltais agus ceart úsáide mianadóireachta a bhunú:

I ndiaidh don údarás lamháltais tuairimí nó comhaontuithe a cheanglaítear leis an nGníomh um an Dlí Geolaíochta agus Mianadóireacht a fháil, deonóidh sé lamháltas maidir le sirtheoireacht agus taiscéalaíocht fosuithe hidreacarbóin agus eastóscadh hidreacarbón:

1)

don eintiteas ar bronnadh an scór is airde ar a iarratas ar lamháltas, nó

2)

i gcás ina mbronntar an scór is airde ar iarratas ar lamháltas arna chur isteach ag roinnt eintiteas i gcomhpháirt, do na páirtithe a ghabhann leis an gcomhaontú comhair – a luaithe agus a bheidh an comhaontú sin curtha faoi bhráid an údaráis lamháltais.

- An tráth céanna diúltóidh sé lamháltais a dheonú do na heintitis eile (Airteagal 49ee(1) den Ghníomh um an Dlí Geolaíochta agus Mianadóireacht).

Tabharfaidh an t-údarás lamháltais conradh um cheart úsáide mianadóireachta i gcrích leis an eintiteas ar bronnadh an scór is airde ar a iarratas ar lamháltas; i gcás ina mbronntar an scór is airde ar iarratas ar lamháltas arna chur isteach ag roinnt eintiteas i gcomhpháirt, tabharfaidh sé conradh den sórt sin i gcrích leis na heintitis uile a chuir an t-iarratas comhpháirteach isteach (Airteagal 49ee(2) den Ghníomh um an Dlí Geolaíochta agus Mianadóireacht). Chun go mbeidh oibreoir in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh lena mbaineann sirtheoireacht agus taiscéalaíocht fosuithe hidreacarbóin agus eastóscadh hidreacarbón sa Pholainn, ní mór dó cearta úsáide mianadóireachta agus lamháltas araon a bheith aige.

IV.6)   Na ceanglais a bheidh le comhlíonadh in iarratais ar lamháltas agus i ndoiciméid a iarrfar ó iarratasóirí:

Sonraítear in Airteagal 49eb den Ghníomh um an Dlí Geolaíochta agus Mianadóireacht na comhpháirteanna den iarratas ar lamháltas.

Aois na bhfoirmíochtaí geolaíocha (aidhm gheolaíoch) mar a ndéanfar oibreacha geolaíocha, ba cheart í a léiriú mar aidhm na n-oibreacha, lena n-áirítear oibríochtaí geolaíocha.

IV.7)   An chatagóir íosta thaiscéalaíochta fosuithe:

Is é Catagóir C an chatagóir íosta thaiscéalaíochta le haghaidh meatán atá i bhfosuithe guail chrua i limistéar ‘Kaczyce 1’.

Thar ceann an Aire

An Aireacht Aeráide agus Comhshaoil


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5467/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)