|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5458 |
6.9.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11667 – FRANCISCO PARTNERS / TA ASSOCIATES / ORISHA)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/5458)
1.
An 30 Lúnasa 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Francisco Partners Management, L.P. (‘Francisco Partners’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
|
— |
TA Associates Management, L.P. (‘TA Associates’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
|
— |
Dali Topco SAS (‘Orisha’, an Fhrainc), atá faoi rialú aonair TA Associates. |
Gheobhaidh Francisco Partners agus TA Associates rialú comhpháirteach ar Orisha de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Francisco Partners: gnólacht infheistíochta domhanda, arb é an speisialtóireacht atá aige oibriú i gcomhpháirt le gnólachtaí teicneolaíochta agus gnólachtaí teicneolaíocht-chumasaithe, |
|
— |
TA Associates: comhairleoir infheistíochta cláraithe do chistí TA Associates, ar cistí iad a infheistíonn i gcúig phríomhearnáil den chuid is mó, is iad sin tionscal na teicneolaíochta, tionscal na seirbhísí airgeadais, tionscal an chúraim sláinte, tionscal na seirbhísí do thomhaltóirí, agus tionscal na seirbhísí gnó, i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip agus san Áise. |
3.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó an ghnóthais Orisha: foilsitheoir bogearraí gnó, ar bogearraí iad atá le húsáid ag cuideachtaí in earnálacha an mhiondíola, na réadmhaoine, an chúraim sláinte, an agraibhia, agus na tógála den chuid is mó.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11667 – FRANCISCO PARTNERS / TA ASSOCIATES / ORISHA
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5458/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)