|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5428 |
16.9.2024 |
Caingean arna tabhairt an 2 Lúnasa 2024 – Vintae Luxury Wine Specialists v EUIPO – Grande Vitae (VITAE)
(Cás T-402/24)
(C/2024/5428)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Vintae Luxury Wine Specialists SLU (Logroño, an Spáinn) (ionadaithe: L. Broschat García agus L. Polo Flores, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Grande Vitae GmbH (Delmenhorst, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh VITAE – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 1 769 314
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 3 Meitheamh 2024 i gCás R 1156/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO an trádmharc atá i gceist a chealú mar gheall ar easpa fíorúsáide; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, chomh maith le costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc. Saincheisteanna dlí arna maíomh |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5428/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)