European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5421

16.9.2024

Ordú na Cúirte Ginearálta an 24 Iúil 2024 – an Fhrainc v an Coimisiún

(Cás T-19/24)  (1)

(Seirbhís shibhialta - Earcaíocht - Fógra comórtais - Comórtas oscailte EPSO/AD/411/23 - Socruithe teangacha - Idirdhealú bunaithe ar theanga - Teorainn le rogha teanga 2 go Béarla - Fógra leasaitheach - Féidearthacht na tástálacha a dhéanamh sna 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(C/2024/5421)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: B. Fodda, B. Travard agus S. Royon, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: I. Melo Sampaio, Gníomhaire)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na Fraince go gcuirfí fógra comórtais oscailte EPSO/AD/411/23, dar teideal ‘Riarthóirí (AD 7) sna réimsí seo a leanas: 1) Cigirí a bhfuil freagracht leo ar choimircí núicléacha, 2) oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléigh’ (IO C,C/2023/149) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

2.

Ordaítear do Phoblacht na Fraince agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.


(1)   IO C, C/2024/2049, 18.3.2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5421/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)