European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5365

17.9.2024

Tuairim ó Choiste na Réigiún — Ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach san aistriú chuig geilleagar ciorclach

(C/2024/5365)

Rapóirtéir

:

Loredana CAPONE (IT/PSE), Uachtarán agus Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Apulia

Doiciméad tagartha

:

Tarchur ón Uachtaránacht, Riail 41(b)(i)

MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

An geilleagar ciorclach a athshuí chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thriarach phláinéadach

1.

Athdhearbhaíonn CnaR go láidir go bhfuil géarghá le dul i ngleic le fadhbanna leanúnacha i réimsí amhail cailliúint bithéagsúlachta, úsáid acmhainní, tionchar an athraithe aeráide agus rioscaí comhshaoil don tsláinte agus don fholláine. Tá sé den tuairim go mbeidh claochlú iomlán ar na príomhchórais ag teastáil chun inbhuanaitheacht a bhaint amach — an chaoi a ndéanaimid bia a tháirgeadh, earraí a tháirgeadh agus a thomhailt, an chaoi a ngluaisimid, a ndéanaimid ár gcathracha agus ár réigiúin a thógáil — agus chun borradh a chur faoi athléimneacht an dúlra agus ullmhú do thionchar an athraithe aeráide freisin. Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, beidh laghdú úsáide acmhainní agus aistriú an Aontais chuig geilleagar ciorclach ríthábhachtach chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 trínár mbrú ar acmhainní nádúrtha a laghdú, agus trí gheilleagair rathúla, dea-bhail inbhuanaithe agus fostaíocht ardcháilíochta a chruthú freisin.

2.

Meabhraíonn CnaR go bhfuil lorg amhábhair an Aontais, 14.1 tona per capita in 2021, thart ar 40-70 % níos airde ná na meastacháin ar leibhéil inbhuanaithe atá ar fáil agus ar féidir a mheas, tríd is tríd, a bheith comhsheasmhach leis an mbrú ar an gcomhshaol a theorannú laistigh de na teorainneacha pláinéadacha. Go dtí seo, tar éis ionradh brúidiúil na Rúise ar an Úcráin agus na géarchéime fuinnimh a d’eascair as, is ar an bhfuinneamh a díríodh go leor den phlé maidir le tomhaltas a laghdú, agus ligeadh i ndearmad nach mór tomhaltas acmhainní i gcoitinne a laghdú. Sa chomhthéacs sin, cuireann CnaR in iúl gur díol sásaimh dó Creat Faireacháin nuashonraithe (2023) don Gheilleagar Ciorclach, ina n-áirítear i measc táscairí nua: lorg tomhaltais, lorg amhábhar, spleáchas ar amhábhair, agus táirgiúlacht acmhainní;

3.

Cuireann CnaR i bhfáth nach ó thaobh an chomhshaoil de amháin atá geilleagar ciorclach go maith, ós rud é go sábháiltear amhábhair agus go dtáirgtear níos lú dramhaíola leis, ach go gcuirfidh sé le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais freisin tríd an spleáchas ar tháirgí agus acmhainní príomhúla agus an gá leo a laghdú, agus trínár gcríocha agus ár samhail fáis a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos iomaíche agus níos athléimní, gan aon duine ná aon áit a fhágáil ar lár.

4.

Cuireann CnaR in iúl gur geal leis an iarraidh sa Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach go mbeidh spriocanna agus beartais ann chun úsáid amhábhar agus laghdú tomhaltais AE i gcoitinne a bhaint amach, chomh maith leis na rialacha sonracha maidir le cur amú teicstílí agus bia sa leasú ar an Treoir Réime Dramhaíola (1) atá beartaithe ag an gCoimisiún. Cuireann sé i bhfios áfach, nach leor na hiarrachtaí atá déanta faoin bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach agus ag Ballstáit an Aontais chun athrú ó bhonn a dhéanamh ar an tomhaltas acmhainní amhábhair. Iarrann sé dá bhrí sin, ar an Aontas ról ceannaireachta a ghlacadh chun creat dlíthiúil don tomhaltas acmhainní amhábhair a fhorbairt, lena n-áirítear spriocanna, táscairí, agus ceanglais faireacháin i gcomhréir leis na teorainneacha pláinéadacha.

5.

Tá sé á thabhairt chun suntais ag CnaR, a bhuí leis an moladh i bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach 2020, gur fhorbair na Ballstáit beartais thiomnaithe maidir leis an ngeilleagar ciorclach cé gur léir gur forleithne na moltaí ná na spriocanna ceangailteacha ar an leibhéal náisiúnta. Iarrann CnaR go mbeadh oibleagáidí níos déine ar na Ballstáit straitéisí don Gheilleagar Ciorclach a ghlacadh lena n-áirítear spriocanna ceangailteacha ardaidhmeannacha agus straitéisí gaolmhara ar an leibhéal náisiúnta nach nglacann cur chuige an toise céanna do chách agus a thacaíonn leis na cathracha agus na réigiúin dlús a chur leis an aistriú i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de agus dea-bhail chuimsitheach.

6.

Tugann CnaR dá aire go bhfuil roinnt mhaith Ballstát de chuid an Aontais a aithníonn cheana féin a acmhainní a d’fhéadfadh an geilleagar ciorclach a bheith maidir le dícharbónú, rud a luaitear níos mó anois sna straitéisí agus cláir náisiúnta chomhfhreagracha. Mar sin féin, ní cosúil go bhfuil bealach comhsheasmhach sna pleananna don gheilleagar ciorclach, ná sna pleananna náisiúnta aeráide agus fuinnimh (NCEPanna) chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeart ciorclaíochta chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus dul in oiriúint dó.

7.

Cuireann CnaR i bhfáth (2) nach bhfuil mórán éilimh sa mhargadh go fóill ar tháirgí agus ar sheirbhísí ciorclacha, rud atá ina bhac mór ar uas-scálú na samhlacha gnó ciorclacha. Ar an mbonn sin iarrann sé go ndéanfaí uirlisí a leathadh amach chun patrúin tomhaltais inbhuanaithe a choinneáil ar bun. Cuireann sé i bhfáth gur ionstraim chumhachtach é an soláthar poiblí trínar féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha caighdeáin a leagan síos agus an margadh a spreagadh i dtreo táirgí agus seirbhísí níos inbhuanaithe. Mar sin féin, chuireann sé i bhfios go láidir gur minic a spreagtar col riosca ó thaobh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de mar gheall ar a chasta atá na rialacha.

8.

Tá sé á chur i bhfios ag CnaR nach luaitear an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach sa Dlí Aeráide Eorpach ach uair amháin sa bhrollach, áit a ndéantar tagairt do chreataí rialála maidir le teastas aistrithe dé-ocsaíde carbóin. D’fhéadfaí gur comhartha é sin nach bhfuil ach acmhainneacht theoranta ann rannchuidiú leis an Aontas dul i dtreo geilleagar ciorclach.

9.

Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil tuilleadh treorach ag teastáil agus nach mór comhchuibhiú breise a dhéanamh ar shamhlacha agus ar mhodhanna ríomha agus ar an tuairisciú ar an dul chun cinn chun an méid a leanas a dhéanamh: a) tomhaltas acmhainní agus laghdú acmhainní a ionchorprú agus cuidiú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an truailliú; b) na straitéisí aeráide náisiúnta, réigiúnacha agus bardasacha a dhéanamh níos comhsheasmhaí; c) gan aistriú ualaí, rud neamh-inmhianaithe, a dhéanamh ó thomhaltas amhábhar laghdaithe go dtí tionchair mhéadaithe chomhshaoil, eacnamaíocha nó shóisialta; d) measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeartas atá ann cheana agus na mbeartas nua, ní hamháin ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, ach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach freisin. Ina theannta sin, cuireann CnaR i dtábhacht an gá atá le straitéisí cuimsitheacha lena gcomhtháthaítear prionsabail an gheilleagair chiorclaigh ar fud earnálacha éagsúla, lena n-áirítear tithíocht, iompar agus soláthar, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.

10.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CnaR gur tháinig méadú os cionn aon cheathrú (26 %) ar thomhaltas teaghlaigh san Aontas idir 2000 agus 2019. Chun dul i ngleic leis an méid sin, ba cheart na beartais soláthair agus táirgthe atá ann cheana a chomhlánú le bearta uaillmhianacha atá dírithe ar an éileamh chun tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh. Tá sé á chur chun suntais ag CnaR gur beart nithiúil é an Togra maidir leis an gCeart chun Deisiúcháin arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa le déanaí chun athruithe ar phatrúin tomhaltais a spreagadh. Dá bhrí sin, iarrann CnaR go ndéanfaí tuilleadh staidéir ar chineálacha cur chuige a dhíríonn ar an leordhóthanacht mar straitéis chomhlántach d’athruithe éifeachtúlachta agus tomhaltais.

11.

Meabhraíonn CnaR go ndearna Cúnant Mhéaraí AE don Aeráid agus d’Fhuinneamh cur chuige ceannródaíoch ón mbun aníos a thabhairt isteach maidir le fuinneamh agus gníomhú ar son na haeráide, lena dtugtar tacaíocht don ghealltanas polaitiúil óna chomhaltaí agus níos faide i gcéin. Chuige sin, molann sé go leathnódh Cúnant na Méaraí a raon feidhme chuig bainistiú inbhuanaithe acmhainní amhábhair trí mheithleacha tiomnaithe a chur ar bun agus uirlisí a chur ar fáil dá chomhaltaí chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do chomhtháthú Pleananna Gníomhaíochta Fuinnimh Inbhuanaithe agus Aeráide (Secapanna) agus Pleananna Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach.

12.

Aithníonn CnaR a ábhartha atá rannchuidiú na hearnála uisce leis an ngeilleagar ciorclach, agus cuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce (3), ina leagtar amach íoscheanglais maidir le cáilíocht uisce, faireachán ar uisce, agus ceanglais maidir le bainistiú riosca chun athúsáid shábháilte an uisce a áirithiú. Iarrann CnaR go ndéanfaí bearta taiscéalaíocha chun an méid a leanas a dhéanamh: a) dúnadh na lúb cothaitheach a dhreasú, trí spriocanna a leagan síos d’ábhair aisghafa laistigh den Treoir Réime Dramhaíola, den Treoir um Shloda Séarachais (4) agus den Rialachán Leasacháin (5); b) a áirithiú go ndéanfaí bearta a rialú ag an túsphointe chun uisce óil agus fuíolluisce a chosaint ar shubstaintí guaiseacha; c) an éicidhearthóireacht a dhreasú chun an tomhaltas uisce i dteaghlaigh a laghdú trí fhaisnéis phoiblí a sholáthar go forleathan, trí thacaíocht airgeadais thiomnaithe agus trí éicilipéid a úsáid.

A chur ar a gcumas do chathracha agus réigiúin an t-aistriú ciorclach a chur chun feidhme

Bearnaí beartais a shárú agus an t-idirphlé il-leibhéil a fheabhsú

13.

Cuireann CnaR i dtreis gur ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a dhéantar an chuid is mó de bheartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun feidhme, rud a chuireann brú mór ar acmhainneachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, a chaithfidh gnólachtaí áitiúla, pobail áitiúla agus an tsochaí shibhialta a mhealladh agus a chumhachtú.

14.

Aithníonn CnaR gur gá straitéisí an bhithgheilleagair agus an gheilleagair chiorclaigh a thabhairt le chéile níos fearr ós rud é gur cuid ríthábhachtach den dul i ngleic leis na trí ghéarchéim dhomhanda iad sineirgí feabhsaithe na dtáirgí bithbhunaithe, úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha in-athnuaite agus réitigh dhúlrabhunaithe.

15.

Cuireann CnaR in iúl gur mór aige obair agus torthaí na n-ardán agus na líonraí amhail Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh, Tionscnamh na gCathracha Ciorclacha agus na Réigiún Ciorclach, arb iad cnámh droma an chomhair dhíláraithe iad i bhfoirm foghlaim piaraí, fothú acmhainneachta agus cúnamh teicniúil. Aithníonn sé go dteastaíonn idir-inoibritheacht agus comhar níos fearr eatarthu, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail agus modheolaíochtaí comhtháite a chur chun feidhme lena n-éascófar an rochtain ar a n-acmhainní do chathracha agus do réigiúin.

16.

Cuireann sé i bhfáth go mbíonn an iliomad dúshlán tábhachtach roimh chathracha agus réigiúin agus iad ag dul i dtreo an aistrithe chiorclaigh: dúshláin chomhshaoil (amhail truailliú aeir, uisce agus ithreach agus bainistiú dramhaíola), dúshláin shóisialta (eisiamh, neamhionannas agus díscaoileadh na creatlaí sóisialta) agus dúshláin eacnamaíocha (iomaíochas agus fostaíocht). Aithníonn CnaR go gcuirtear creat rialála cuimsitheach agus uaillmhianach ar fáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip, creat atá riachtanach chun Eoraip inbhuanaithe aeráidneodrach a bhaint amach, agus a bheidh i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil.

17.

Tugann CnaR dá aire go mbíonn fócas leathan beartais trí chomhtháthú idir beartais, ar beartais neamh-chomhtháite iad go minic, in easnamh fós sna rialtais áitiúla agus réigiúnacha. Is gá go rachadh comhtháthú cheapadh beartas an gheilleagair chiorclaigh níos faide ná ranna comhshaoil, agus go mbeadh réimsí i gceist lena n-áirítear ar a laghad pleanáil tithíochta agus talamhúsáide, aistriú cóir, speisialtóireacht chliste, soláthar, bia, iompar, beartais thionsclaíochta/ghnó agus turasóireacht. Tá CnaR den tuairim gur cheart tús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, i ngach réimse, trí úsáid agus tomhaltas acmhainní a laghdú.

18.

Iarrann CnaR go ndéanfar comhtháthú breise ar chláir oibre shocheacnamaíocha áitiúla agus réigiúnacha, amhail straitéisí um speisialtóireacht chliste a chomhtháthú le beartais an gheilleagair chiorclaigh. Cuireann sé in iúl gur geal leis tionscnaimh amhail na Gleannta Nuálaíochta Réigiúnacha (RIV), a chuidíonn chun comhtháthú na nuálaíochta a mhéadú trí aghaidh a thabhairt ar an deighilt nuálaíochta idir na réigiúin san Eoraip, deighilt leanúnach, agus iarrann sé go leathnófar raon feidhme RIVanna chuig an ngeilleagar ciorclach, lena n-áirítear trí fhoráil thiomnaithe mar chuid Fís Eorpach, tríd an Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-Réigiúnacha (13) agus trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus trí thacaíocht theicniúil.

19.

Tugann CnaR rabhaidh go bhfuil bac á chur ar an aistriú chuig geilleagar ciorclach toisc nach bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha á rannpháirtiú sna próisis chinnteoireachta náisiúnta ábhartha maidir le hathúsáid acmhainní amhábhair agus maidir le maolú ar an athrú aeráide agus dul in oiriúint don athrú sin. Sampla soiléir de is ea an éiginnteacht maidir le haicmiú sruthanna dramhaíola agus mar ar féidir ábhair a chur ar ais sa táirgeadh. Tá bacainní rialála eile a d’fhéadfaí a mhaolú trí rannpháirtíocht níos mó ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bpróisis chinnteoireachta a bhaineann le hábhair athláimhe, leithdháileadh talún, athúsáid uisce, athúsáid ábhar scartála, úsáid sloda, agus uisce athshlánaithe i gcomhréir le caighdeáin sláinte agus éiceolaíocha. De bhreis ar rannpháirt níos mó a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chinnteoireacht náisiúnta ábhartha, ba cheart sásraí soiléire a bhunú lena chur ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach bacainní rialála sainaitheanta a thuairisciú. Na sásraí sin chun bacainní a thuairisciú, tá siad de dhíth ar an leibhéal Eorpach freisin.

20.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CnaR a phráinní atá sé cur chuige na leordhóthanacha a ghlacadh i leith an éilimh mhéadaithigh ar mhiotail agus ar ábhair straitéiseacha eile a bhfuil gá leo mar gheall ar an aistriú glas. Tá béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt d’fhorbairt ardacmhainneachtaí próiseála agus athchúrsála le haghaidh na n-ábhar sin, lena n-áiritheofar go mbeidh ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an mbonneagar agus na nuálaíochtaí is gá a chothú chun ábhair straitéiseacha a bhainistiú. Ní hamháin go dtacaíonn an cur chuige sin le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh dramhaíl a laghdú agus athúsáid ábhar a chur chun cinn ach tugtar aghaidh leis freisin ar an ngéarghá atá le tomhaltas inbhuanaithe acmhainní agus slándáil i bhfianaise an éilimh mhéadaithigh dhomhanda ar na hionchuir chriticiúla sin.

21.

Cuireann CnaR in iúl gur geal leis an togra ón gCoimisiún le déanaí le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir Réime Dramhaíola, lena dtugtar isteach scéimeanna éigeantacha um Fhreagracht Leathnaithe Táirgeora (EPR) le haghaidh teicstílí. Aithníonn sé gur prionsabal tábhachtach beartais é EPR chun ciorclaíocht sreafaí ábhar a fheabhsú trí mhodhnuithe a chur i bhfeidhm ar thaobh réamhtheachtach agus iartheachtach an tslabhra luacha. Cuireann CnaR i bhfios, mar sin féin, gur cheart go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go gníomhach i ndearadh scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora chun aitheantas do shainiúlachtaí réigiúnacha a ráthú, agus chun solúbthacht a choinneáil le gur féidir freastal ar réitigh oibríochtúla a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs. Tá struchtúr coiteann ag teastáil le haghaidh táillí EPR agus ba cheart critéir éiceamhodhnaithe a áireamh ann chun cothroime iomaíochta a ráthú agus an éicidhearthóireacht agus samhlacha gnó ciorclacha a dhreasú. Ba cheart leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag micrifhiontair a chur san áireamh freisin agus samhlacha airgeadais agus oibríochtúla EPR á gceapadh.

22.

Aithníonn CnaR an chaoi ar chuidigh leathnú na scéimeanna um Fhreagracht Leathnaithe Táirgeora le borradh a chur faoi rátaí athchúrsála agus faoi thacaíocht airgeadais do sheirbhísí bainistithe dramhaíola cé gur beag fianaise atá ann go raibh tionchar ag EPRanna atá ann cheana ar dhearadh táirgí. Ba cheart táillí EPR a choigeartú le haghaidh gach catagóire táirgí agus marthanacht, indeisitheacht, acmhainneacht athúsáide agus láithreacht substaintí guaiseacha á gcur san áireamh. Ba cheart cur chuige saolré a ghlacadh ar bhonn critéir chomhchuibhithe chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is ceart ar bhealach inmharthana. Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR gur gá ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus do na gníomhaithe áitiúla eile, amhail oibreoirí an gheilleagair shóisialta, i ndearadh scéimeanna EPR, go háirithe le haghaidh sruthanna, amhail teicstílí agus dramhaíl ó threalamh leictreach agus leictreonach (DTLL), a bhraitheann ar líonra fairsing pointí bailithe a bheith ann.

23.

Cuireann CnaR i bhfáth a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le dífheidhmeacht anabaí, go háirithe iad siúd arb iad nuashonruithe bogearraí agus easpa indeisitheachta a lán táirgí is cúis leo, dúshláin a mbíonn tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol agus ar airgeadas teaghlaigh araon. Molann sé tuilleadh reachtaíochta a fhorbairt chun athúsáid agus athchúrsáil gléasanna agus comhpháirteanna digiteacha laistigh den Aontas a mhéadú agus chun an tomhaltas fuinnimh a bhaineann le próiseáil sonraí agus criptea-airgeadra a laghdú chun gur lú go mór lorg amhábhair an idirlín.

24.

Áitíonn CnaR a thábhachtaí atá sé ceart éifeachtach agus inacmhainne chun deisiúcháin a chur chun feidhme ar fud an Aontais, lena mbunofaí scór deisiúcháin aonfhoirmeach a chuirfeadh bonn eolais faoi rogha na dtomhaltóirí agus a chuirfeadh fad saoil chun cinn i dtaca le dearadh táirgí. Leagann CnaR béim ar an ról ríthábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le deisitheoirí agus tomhaltóirí a chumhachtú trí bhíthin cláir thiomnaithe tacaíochta agus ardaithe feasachta, agus ar an gcaoi sin geilleagair áitiúla a threisiú agus cleachtais tomhaltais inbhuanaithe a chothú ar leibhéal an phobail.

Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don aistriú chuig geilleagar ciorclach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach

25.

Tugann CnaR rabhaidh go mbeidh infheistíocht shuntasach ag teastáil chun aistriú ó gheilleagar líneach eastóscach go geilleagar ciorclach athghiniúnach, tráth a thuairiscíonn na cathracha agus na réigiúin go bhfuil acmhainní airgeadais neamhleora acu. Tugann sé dá aire, chun freastal ar riachtanais airgeadais an aistrithe ghlais, go ndearnadh an cistiú don aeráid agus don chomhshaol a phríomhshruthú ar fud chláir an Aontais: caitheadh 30 % de bhuiséad AE 2021-2027 agus 37 % de chiste téarnaimh an Aontais (Next Generation EU) ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an gComhaontú Glas. Tathantaíonn sé ar an gCoimisiún, ar na comhreachtóirí agus ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le leibhéil chaiteachais inchomparáide nó níos uaillmhianaí fós sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile, go háirithe faoin mbeartas comhtháthaithe, agus san ionstraim leantach Next Generation EU tar éis-2026. Iarrann CnaR ar an gCoimisiún a áirithiú go bhféadfaí, le leithdháiltí cistiúcháin laistigh de CAI, tús áite a thabhairt do thionscnaimh lena gcuirfear feabhas ar oideachas, athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha, agus infheistíochtaí i dtionscadail an gheilleagair chiorclaigh a chothú agus athléimneacht a fhorbairt san am céanna.

26.

Tugann sé dá aire gur léiríodh sa mheasúnú ar phríomhghníomhaíochtaí an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus ar na tograí agus na hionstraimí reachtacha gaolmhara gur díríodh cuid mhór den chaiteachas ar reachtaíocht dramhaíola AE a chur chun feidhme. Iarrann CnaR, dá bhrí sin, go gcuirfí bearta i bhfeidhm lena bhféadfaí rochtain níos cothroime ar chistiú a ráthú do thionscadail a thugann aghaidh ar réitigh chiorclacha níos sistéamaí, réitigh lenar féidir slabhraí táirgeachta iomlána a chuimsiú, agus a dhíríonn ar chéimeanna níos airde d’ord na réiteach dramhaíola. Chun na dreasachtaí airgeadais a ailíniú, beidh gá le hanailísí fairsinge agus comhoibriú i measc na ngeallsealbhóirí uile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, mar a cuireadh in iúl cheana i dtuairimí ó CnaR roimhe seo (6). Thairis sin, tá sé á thabhairt chun suntais ag CnaR gur gá tacaíocht spriocdhírithe agus sásraí cistiúcháin spriocdhírithe a chur ar fáil atá saincheaptha go sonrach do réigiúin de réir na leibhéal éagsúil forbartha chun a n-aistriú chuig geilleagar ciorclach a éascú.

27.

Tugann CnaR chun suntais go bhfuil cánacha arda saothair ina ndídhreasacht mhór maidir le samhlacha gnó ciorclacha a chur i bhfeidhm. Cuireann sé i bhfios go láidir nach mór plé a dhéanamh ar na dreasachtaí airgeadais a chur i gcomhréir le spriocanna geilleagair chiorclaigh chuimsithigh, mar shampla trí fhéachaint ar chánachas a aistriú ó cháin a ghearrtar ar shaothar go cáin a ghearrtar ar an truailliú agus ar úsáid acmhainní, deireadh de réir a chéile na bhfóirdheontas le haghaidh breoslaí iontaise a mholadh, agus tríd ‘an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ a chur chun feidhme mar a leagtar amach i gConarthaí Bunaidh an Aontais Eorpaigh agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

28.

Iarrann CnaR go mbeidh seirbhísí comhairleacha teicniúla agus airgeadais neartaithe ann a d’fhéadfadh glacadh teicneolaíochtaí, tionscadal agus samhlacha gnó an gheilleagair chiorclaigh a mhéadú. Cuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó na samplaí dearfacha de scéimeanna comhairleacha do chathracha agus réigiúin atá ann, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, Lárionad don Chathair Chiorclach agus Cúnamh Fuinnimh Áitiúil Eorpach. Tugann CnaR dá aire gur cheart tacaíocht theicniúil a chur in iúl chun fáiltiú níos fearr roimh údaráis áitiúla agus réigiúnacha níos lú, nach bhfuil chomh hacmhainneach céanna agus a d’fhéadfadh a bheith i mbaol a bhfágtha ar lár murach sin.

29.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur léir gur gá dlús a chur leis an idirphlé il-leibhéil san Aontas lena gcuirtear dearadh agus cur chun feidhme beartais atá cuimsitheach agus rannpháirteach chun cinn óir is é sin an chaoi is fearr chun leas a bhaint as an acmhainneacht chríochach. Ní mór do na Ballstáit ról éifeachtach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar phríomhghné den rialachas il-leibhéil feabhsaithe, agus inniúlachtaí dlíthiúla, riaracháin agus airgeadais a shannadh dóibh chun gur fearr a bheidh siad in ann uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach.

30.

Tugann CnaR dá aire go bhféadfadh dúshlán maoiniúcháin a bheith i gceist le tionscadail chiorclacha a bhíonn ar scála beag tríd is tríd agus fócas áitiúil acu, agus gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bearna chistiúcháin a líonadh do FBManna ciorclacha luathchéime agus do thionscadail chiorclacha luathchéime den sórt sin trí dheontais, iasachtaí nó scéimeanna ráthaíochta. Cuireann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) táirgí maoinithe éagsúla agus ráthaíochtaí éagsúla ar fáil chun freastal ar riachtanais mhaoinithe tionscadal ciorclach agus tá dea-theist orthu maidir le tionscadail chiorclacha a mhaoiniú. Tá CnaR á thabhairt chun suntais gur cheart na táirgí sin a leathnú agus iad a dhéanamh níos sorochtana, ós rud é go dtiocfaidh méadú freisin ar riachtanais mhaoinithe cuideachtaí óga a bhfuil samhlacha gnó ciorclacha nua agus nuálacha acu.

31.

Cóimheas Sócmhainní Glasa (CSGanna) agus ceanglais ailínithe tacsanomaíochta na n-institiúidí creidmheasa (fochuideachtaí nó cuideachtaí cleamhnaithe), mar atá sonraithe sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtaí Tacsanomaíochta san Aontas, i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar ciorclach glas trédhearcach, ba cheart gurbh éasca do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha teacht orthu i bpróisis soláthair phoiblí. Éilíonn CnaR dreasacht a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha critéar lárnach a dhéanamh de na CSGanna ó thaobh an tsoláthair phoiblí de, lena chinntiú gur i gcomhréir leis an tacsanomaíocht a bhíonn na tionscadail ina n-iomláine agus na gníomhaithe lena mbaineann.

32.

Iarrann CnaR go mbunófaí sruthanna cistiúcháin de chuid an Aontais a dhearfaí chun freastal ar riachtanais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach beag nó na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a bhfuil acmhainní agus saineolas teoranta acu, go mbeidh nósanna imeachta iarratais cuíchóirithe agus simplithe ag baint leo trínar féidir an chastacht riaracháin a laghdú agus tacaíocht theicniúil agus airgeadais shimplithe a thairiscint go tapa, ar bhonn samplaí a bhfuil gealladh fúthu amhail an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise agus Saoráid Cathrach an Aontais.

33.

Tugann CnaR dá aire go bhfágann an bhéim ar fhadhbanna eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a laghdú ar fud réigiúin na hEorpa go bhfuil CFRE an-ábhartha ó thaobh peirspictíocht chiorclach de, go háirithe i gcás réigiúin ‘bheagfhorbartha’ nó ‘trasdula’, nach mbíonn na hacmhainní teicniúla agus airgeadais acu go minic chun straitéisí uaillmhianacha don gheilleagar ciorclach a chur chun feidhme.

34.

Meabhraíonn CnaR go bhfuil an geilleagar ciorclach, cosc ar dhramhaíl agus bainistiú inbhuanaithe dramhaíola bunriachtanach chun géarú ar neamhionannais dhomhanda agus ar éagóracha comhshaoil a chosc, agus tá sé á chur in iúl aige gur cúis imní dó gur 32.1 milliún tona de dhramhaíl a onnmhairíodh ón Aontas Eorpach chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad in 2022. Is geal le CnaR an comhaontú polaitiúil sealadach ar ar tháinig na comhreachtóirí le déanaí chun an rialachán maidir le loingsithe dramhaíola a nuashonrú. Tathantaíonn sé go gcoinneofaí an toirmeasc ar na Ballstáit maidir le dramhaíl a onnmhairiú chuig tríú tíortha lena diúscairt agus maidir le dramhaíl ghuaiseach atá le haisghabháil a onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha ECFE iad.

Soláthar ciorclach poiblí a ghiaráil chun dlús a chur leis an aistriú

35.

Cuireann CnaR in iúl go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaíochtaí soláthair na ngnólachtaí agus na n-institiúidí rialtais araon maidir leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn agus dlús a chur leis, agus gur díol sásaimh dó na huaillmhianta tábhachtacha sainráite maidir le Soláthar Poiblí Glas éigeantach (SPG) a áirítear sa Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe agus sa Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ESPR) atá ar na bacáin.

36.

Cuireann sé i bhfáth a ábhartha atá critéir éigeantacha don soláthar ciorclach maidir le dálaí níos fearr a chruthú chun an soláthar ciorclach a úsáid mar chatalaíoch don gheilleagar ciorclach, agus á thabhairt chun suntais gur gníomhaíocht phráinneach agus chriticiúil é tiomantas d’íoschritéir éigeantacha earnáilsonracha a fhorbairt de réir Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach an Aontais chun an soláthar ciorclach a scálú, rud a chuirfidh ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na ngnólachtaí na hacmhainneachtaí riachtanacha a fhorbairt sách fada roimh ré.

37.

Leagann CnaR béim ar an bhfíoras gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, tríd an soláthar poiblí, éileamh a chruthú lena spreagfar an margadh chun tairiscintí nua a fhorbairt agus lena bheith réidh chun táirgí agus seirbhísí ciorclacha a sholáthar. Dá bhrí sin, ní mór don timpeallacht rialála agus beartais na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh chun dul níos faide ná íoschaighdeáin agus chun a chinntiú go mbeidh spás nuálaíochta ag na ceannródaithe i gcónaí. Meabhraíonn CnaR gur éirigh go maith leis na Comhaontuithe Glasa Áitiúla mar uirlis a bheidh le fiosrú agus le macasamhlú a thuilleadh chun tacú le gnólachtaí a bheith rannpháirteach i bpleananna soláthair chiorclaigh agus chun aistriú rannpháirteach na gcathracha agus na réigiún chuig an ngeilleagar ciorclach a éascú.

Aistriú cóir agus cuimsitheach chuig an ngeilleagar ciorclach

38.

Aithníonn CnaR gur luamhán lárnach é eolas institiúideach a fhorbairt chun dlús a chur le cur chun feidhme bheartais an gheilleagair chiorclaigh. Is minic a bhíonn foireann bhreise thiomnaithe de dhíth ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a mbeidh tacar scileanna níos leithne acu agus eolas níos fearr ar shlabhraí luacha amhábhair éagsúla, lena n-áirítear foirgníocht, teicstílí, bia, uisce agus plaistigh. Ina theannta sin, is mó a bheidh scileanna criticiúla ag teastáil ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, amhail geallsealbhóirí a éascú agus a thionól, cumarsáid éifeachtach agus comhoibriú. I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart do na rialtais náisiúnta agus d’institiúidí an Aontais cúnamh teicniúil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a mhéadú chun úsáid na gcistí aeráide agus acmhainní airgeadais ó gach foinse a éascú, chun an fothú acmhainneachta agus cláir oiliúna spriocdhírithe a threisiú.

39.

Cuireann sé in iúl gur geal leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Spás Riaracháin Eorpach (ComPAct) a fheabhsú, teachtaireacht ina moltar gníomhaíochtaí nithiúla chun cabhrú le riaracháin phoiblí freastal ar riachtanais daoine agus gnólachtaí ar fud na hEorpa. Iarrann sé ar an gCoimisiún dul níos faide trí chláir náisiúnta agus sásra comhordaithe ar leibhéal an Aontais a bhunú chun tairiscintí oiliúna a fhorbairt do státseirbhísigh áitiúla agus réigiúnacha, agus acmhainní ó chláir atá ann cheana amhail Interreg Europe agus Erasmus+ a chomhthiomsú.

40.

Cuireann CnaR i bhfáth nach mór do bheartais maidir leis an ngeilleagar ciorclach béim a leagan ar an ngá atá leis an aistriú a bheith cothrom agus cuimsitheach. Aithníonn sé gur gá an rud is aistriú cothrom cuimsitheach ann a shainmhíniú, lena n-áirítear mar a bheidh athsciliú agus uas-sciliú oibrithe á éileamh ag aistrithe áitiúla agus réigiúnacha, agus iarrann sé go n-áireofaí i gcur chun feidhme chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais ullmhacht lucht saothair an Aontais chun dul in oiriúint do shamhlacha gnó ciorclacha, trínar féidir fostaíocht chiorclach (e.g. san oideachas, sa dearadh agus sa teicneolaíocht dhigiteach) agus fostaíocht chiorclach indíreach (e.g. i seirbhísí faisnéise agus lóistíochta) a chruthú. Dá ndúnfaí an bhearna scileanna digiteacha, d’fhéadfaí feabhas a chur ar athléimneacht na gcóras eacnamaíoch réigiúnach agus d’fhéadfaí aistriú ó struchtúir táirgthe thraidisiúnta neamh-inbhuanaithe go struchtúir níos nuálaí.

41.

Cuireann CnaR i bhfios go láidir gur cheart infheistíocht san oideachas agus in athchóirithe sa Ghairmoideachas agus sa Ghairmoiliúint agus tacaíocht dóibh a bheith ina hardtosaíocht agus gur cheart iad a cheapadh chun saothrú straitéisí an gheilleagair chiorclaigh a ailíniú leis an soláthar scileanna agus leis an mbeartas forbartha eacnamaíoch i gcoitinne. Tá gá le tacaíocht airgeadais níos fearr agus le comhthiomsú acmhainní ó chláir atá ann cheana amhail Ciste Sóisialta na hEorpa agus Erasmus+ chun táscairí a fhorbairt lena dtomhaisfear cáilíocht na fostaíochta ciorclaí agus líon na bpost ciorclach agus lena gcothófar soláthar níos fearr deiseanna Gairmoideachais agus Gairmoiliúna (VET), agus chun cuideachtaí a spreagadh le dul i mbun comhpháirtíochtaí comhair phoiblí-príobháideacha, amhail ionaid barr feabhais gairme nó moil ghairme.

42.

Cuireann CnaR i dtreis go raibh ról ceannródaíoch ag eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta leis na blianta fada maidir le cleachtais an gheilleagair chiorclaigh a mhúnlú agus a leathnú trí ghníomhaíochtaí amhail athcúrsáil earraí leictreonacha agus athchúrsáil teicstílí, earraí tomhaltais in-athúsáidte, agus gníomhaíochtaí deisiúcháin agus athmhonaraíochta. Tarraingíonn CnaR aird ar an ról ríthábhachtach atá ag na cathracha agus na réigiúin maidir le rannchuidiú an gheilleagair shóisialta a ghiaráil trí bhearta beartais trasearnála a fhorbairt i gcomhar le buiséid chomhpháirteacha agus tacaíocht iomchuí, agus leas á bhaint as saineolas eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta chun straitéisí uas-scilithe agus athscilithe a fhorbairt agus chun tacú le dálaí oibre a fheabhsú, agus trí chuimsiú critéar inbhuanaithe sa soláthar poiblí a threisiú chun borradh a chur faoi éileamh an mhargaidh.

An Bhruiséil, 20 Meitheamh 2024.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)   IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.

(2)  Mar a luadh cheana sna Tuairimí ó CnaR: IO C 440, 18.12.2020, lch. 107 agus Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha (IO C 79, 2.3.2023, lch. 17).

(3)  Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).

(4)   IO L 181, 4.7.1986, lch. 6.

(5)  Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

(6)   IO C 440, 18.12.2020, lch. 107.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5365/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)